{"id":352,"date":"2015-11-05T13:01:34","date_gmt":"2015-11-05T13:01:34","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=352"},"modified":"2015-11-05T13:01:34","modified_gmt":"2015-11-05T13:01:34","slug":"8-samhain-2015-b-an-dara-domhnach-triochad-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=352","title":{"rendered":"8 Samhain 2015 (B) An Dara Domhnach Tr\u00edochad Saor"},"content":{"rendered":"<p><span style=\"color: blue;\">8 Samhain 2015 (B) An Dara Domhnach Tr&iacute;ochad Saor<\/span><\/p>\n<p style=\"line-height: 12pt;\"><span style=\"color: blue;\">Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla<\/span><\/p>\n<p style=\"line-height: 12pt;\"><span style=\"color: blue;\">leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC<\/span><\/p>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><span style=\"color: blue;\">L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/li>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><strong><em>B.<\/em><\/strong><strong><em><span style=\"color: blue;\">An B&iacute;obla in Agallamh le Ceisteanna an Lae<\/span><\/em><\/strong><span style=\"color: blue;\">: <em>&Eacute;ire &aacute;r linne ar t&oacute;ir f&eacute;intuisceana. An daonnachas n&oacute; Cr&iacute;osta&iacute;ocht a bheidh ann?<\/em><\/span><\/li>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><strong><em>A.<\/em><\/strong><strong><em><span style=\"color: blue;\">L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;.<\/span><\/em><\/strong><em><\/em><\/li>\n<\/ol>\n<p><em><span style=\"color: black;\">C&eacute;ad L&eacute;acht <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">(1 R&iacute;the 17:10-16). <em>Rinne an bhaintreach toirt&iacute;n beag as a cuid mine agus thug s&iacute; chuig &Eacute;ilias &eacute;.<\/em> Seo &eacute; ceann de sc&eacute;alta an Bh&iacute;obla maidir leis an bhf&aacute;idh &Eacute;ilias. Mhair &Eacute;ilias i r&iacute;ocht Thuaisceart Iosrael ina raibh Achab mar r&iacute;, a bh&iacute; posta leis an bhean phag&aacute;nach Iezebel. Cr&iacute;och de chuid an fh&iacute;r-Dh&eacute; I&aacute;v&eacute; a bh&iacute; i dt&iacute;r Iosrael. <\/span><span style=\"color: black;\">Ba &eacute; dia Iezebel n&aacute; B&aacute;l, dia a t&iacute;r dh&uacute;chais Siod&oacute;n. Bhi Iezebel c&iacute;ocrach cultas a d&eacute; f&eacute;in B&aacute;l a thabhairt isteach in Iosrael. Sheas an f&aacute;idh &Eacute;ilias go tr&eacute;an i gcoinne iarrachta&iacute; Achab agus Iezebel sin a dh&eacute;anamh. Leagann na sc&eacute;alta faoi &Eacute;ilias <em> <\/em>i Leabhair na R&iacute;the b&eacute;im l&aacute;idir ar sheasamh l&aacute;idir &Eacute;ilias in &eacute;adan Iezebel agus Achab agus faoi mar ar chosain Dia a fh&aacute;idh go m&iacute;or&uacute;ilteach nuair a theitheann s&eacute; &oacute;na ng&eacute;arlean&uacute;int si&uacute;d. Sa chuntas sa l&eacute;acht &aacute;irithe seo deirtear linn faoi mar ar ordaigh Dia do &Eacute;ilias dul go cr&iacute;och phag&aacute;nach Siod&oacute;in, t&iacute;r an d&eacute; B&aacute;l. San &aacute;it sin d&eacute;anfaidh Dia c&uacute;ram go m&iacute;or&uacute;ilteach d&aacute; leas. N&iacute;or ch&oacute;ir d&uacute;inn str&oacute; a chur orainn f&eacute;in na sonra&iacute; faoi ch&uacute;lra na heachtra seo a l&iacute;onadh isteach, mar shampla conas a raibh eolas ag an bhaintreach c&eacute;rb &eacute; &Eacute;ilias agus mar sin de. Chreid m&oacute;id&iacute;ni an d&eacute; B&aacute;l, iad si&uacute;d a a chreid ann, gur dia na torth&uacute;lachta a bh&iacute; ann. Faoi mar ar thug &Eacute;ilias tromach ar Iosrael, an t&iacute;r ar mhaith le Iezebel a dia f&eacute;in bheith i r&eacute;im, anois bh&iacute; tromach chomh maith i Siod&oacute;n, t&iacute;r B&aacute;l f&eacute;in. L&aacute;rphointe an sc&eacute;il seo n&aacute; go bhfuil comhr&aacute; ag &Eacute;ilias le baintreach phag&aacute;nach, a gh&eacute;illeann d&aacute; iarratas roinnt bia agus d&iacute; a shol&aacute;thair d&oacute;, agus &eacute; ag tabhairt gealltanais di go mbeidh deireadh leis an tromach ag luath. Teachtaireacht a eascra&iacute;onn &oacute;n sliocht n&aacute; go bhfuil r&eacute;imeas ag Dia Iosrael ar chr&iacute;ocha a measadh a bheith mar sheal&uacute;s ag an dia pag&aacute;nach B&aacute;l. Roghna&iacute;tear an sliocht &aacute;irithe seo le dul leis an l&eacute;acht i Soisc&eacute;al an lae inniu ina dh&eacute;antar tagairt do bhaintreach.<\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"color: black;\">Salm le Freagra <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">(Salm 145[146]). <em>Tabhair moladh don Tiarna, a anam liom.<\/em><\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"color: black;\">Dara L&eacute;acht <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">(Eabhraigh 9:24-28). <em>Ofr&aacute;ladh Cr&iacute;ost an t-aon uair amh&aacute;in agus an uair dheireanach nuair a th&oacute;g s&eacute; peaca&iacute; na ndaoine go l&eacute;ir air f&eacute;in. <\/em>Leanann an sliocht seo ar aghaidh &oacute;n gcur i l&aacute;thair a rinne an t-&uacute;dar ar Chr&iacute;ost mar an f&iacute;or-Ardsagart. Mar ch&uacute;lra d&aacute; ndeireann s&eacute;, baineann an t-&uacute;dar feidhm as an eolas a bheadh ag a l&eacute;itheoir&iacute; maidir le liot&uacute;irge Theampall na nGi&uacute;dach agus ar chuntas an tSeantiomna ar a raibh sin bunaithe. Creideadh go raibh Teampall Iar&uacute;sail&eacute;im bunaithe ar shamhail, ar chuspa, den Taibearnacal, den bhoth, a bh&iacute; ag na Gi&uacute;daigh ag f&aacute;na&iacute;ocht d&oacute;ibh san fh&aacute;sach. Agus an taibearnacal sin san fh&aacute;sach measadh go raibh s&eacute; d&eacute;anta de r&eacute;ir chuspa neamha&iacute; a thaispe&aacute;nadh do Mhaois ar Shliabh Sinai. Deirtear linn go nd&uacute;irt Dia le Maois (Exodus 26:30): &ldquo;T&oacute;gfaidh t&uacute; an taibreanacal de r&eacute;ir an phatr&uacute;in a taispe&aacute;nadh duit ar an sliabh&rdquo;. Ba &eacute; an f&iacute;or-taibearneacal, mar sin, an ceann neamha&iacute;. An ceann inar chuaigh an t-ardsagart Gi&uacute;dach isteach ann uair amh&aacute;in sa bhliain, agus gach bliain, le &iacute;obairt a ofr&aacute;il le fuil ainmh&iacute;the, n&iacute; raibh ann ach c&oacute;ip den fh&iacute;or-taibearnacal seo. Cr&iacute;ost, an f<\/span><span style=\"font-size: 13pt; color: black;\">&iacute;or-ardsagart, tr&iacute;na bh&aacute;s agus a chuid fola f&eacute;in, ghabh s&eacute; isteach sa sanct&oacute;ir neamha&iacute;, le bheith ansin ar dheisl&aacute;imh a Athar ag d&eacute;anamh idirghu&iacute; ar son an chine dhaonna. Leagann an t&eacute;acs b&eacute;im ar seo gur de &ldquo;uair amh&aacute;in agus an uair dheireannnach&rdquo; n&aacute;d&uacute;r shaothar Cr&iacute;ost. De r&eacute;ir dealraimh l&eacute;ir&iacute;onn an t-&uacute;dar &eacute; seo le tagairt a dh&eacute;anamh do bh&aacute;s an duine aonair. N&iacute; tharla&iacute;onn seo ach an aon uair amhain, agus leis an mb&aacute;s t&eacute;ann duine isteach i r&eacute;imse eile den bheith ann. Ag deireadh na l&eacute;achta t&aacute; tagairt don bhreithi&uacute;nas tar &eacute;is bh&aacute;is, agus do chr&iacute;och ama. I sl&iacute; amh&aacute;in th&aacute;inig deireadh ama le b&aacute;s Chr&iacute;ost agus a ais&eacute;ir&iacute;. Th&aacute;inig Cr&iacute;ost c&eacute;aduair le b&aacute;s a fh&aacute;il do mhaithi&uacute;nas na bpeaca&iacute;. <\/span><span style=\"font-size: 13pt; color: black;\">Beidh aidhm eile ag a ateacht: a sl&aacute;n&uacute; si&uacute;d at&aacute; ag feitheamh go c&iacute;ocrach lena theacht,<\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"color: black;\">An Soisc&eacute;al<\/span><\/em><span style=\"color: black;\"> (Marcas 12:38-44). <em>Is m&oacute; a chaith an bhaintreach bhocht seo isteach n&aacute; mar a chaith aon duine eile. <\/em>C&aacute;ineadh g&eacute;ar ar na scr&iacute;obhaithe Gi&uacute;dacha &oacute; Chr&iacute;ost at&aacute; anseo. Dl&iacute;od&oacute;ir&iacute; ab ea na scr&iacute;obhaithe sin, n&iacute; c&oacute;ipe&aacute;lithe n&aacute; peannair&iacute;, agus bh&iacute;odar faoi on&oacute;ir agus faoi mheas m&oacute;r sa tsocha&iacute; Ghi&uacute;dach chomh maith. De ghn&aacute;th ba dhl&iacute;od&oacute;ir&iacute; agus diagair&iacute; iad san am c&eacute;anna. Bh&iacute; r&oacute;l t&aacute;bhachtach acu sa tsocha&iacute; Ghi&uacute;dach ag leibh&eacute;il &eacute;ags&uacute;la, san ardchomhairle ina measc. Mar shaineolaithe i Dl&iacute; Mhaois bheadh c&iacute;ocras acu don Dl&iacute; sin, agus b&iacute;odh n&aacute;rb gh&aacute; gur baill den na Fairis&iacute;nigh iad, bheidis f&aacute;bharach do l&eacute;argas an ghr&uacute;pa sin. I Soisc&eacute;al Mharcais, amhail sna Soisc&eacute;il eile, seachas an scr&iacute;obha&iacute; adeir &Iacute;osa leis n&aacute;rbh fhada &oacute; r&iacute;ocht D&eacute; &eacute;, feictear orthu i sl&iacute; dhi&uacute;ltach. Le linn ministreacht dheiridh &Iacute;osa in Iar&uacute;sail&eacute;im t&aacute; siad nasctha leis na hardsagairt agus an sean&oacute;ir&iacute; mar naimhde i gcoinne &Iacute;osa. T&aacute; c&aacute;ineadh na scr&iacute;obhaithe ag &Iacute;osa tugtha le mionchuntas n&iacute;os ioml&aacute;ine ag L&uacute;cas (20:45-47) agus Matha (23:1-78, mar aon leis na Fairis&iacute;nigh). C&aacute;ineann &Iacute;osa a ngair&eacute;ad, ina gculaith &eacute;adaigh, ina gc&iacute;ocras go dtabharfa&iacute; aird orthu i log an mhargaidh, sna sionag&oacute;ig&iacute;, ag na fle&aacute;nna. Cuirtear m&iacute;mhac&aacute;ntacht ina leith maidir le c&uacute;rsa&iacute; maoine agus east&aacute;it, &ldquo;ag &iacute;de t&iacute;the na mbaintreach&rdquo;, b&rsquo;fh&eacute;idir tr&iacute; bheith ag &eacute;ileamh costais&iacute; r&oacute;-ard faoi chomhairle dl&iacute;. C&aacute;intear chomh maith iad faoi bheith tugtha do urnaithe fada, rud ar labhair &Iacute;osa faoi ina a chuid seanm&oacute;ireachta sa Ghail&iacute;l.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-indent: 68.05pt;\"><span style=\"color: black;\">Sa dara cuid den l&eacute;acht seo t&aacute; compar&aacute;id idir shint&uacute;s deabh&oacute;ideach ci&uacute;in na baintra&iacute; boichte agus sinti&uacute;isi toirt&eacute;iseacha an lucht shaibhir. Labhra&iacute;onn an teacs faoi &ldquo;chiste&rdquo; sa Teampall. Seans gurb &eacute; an ciste&aacute;n l&aacute;rionad sa Teampall le bronntanais a fh&aacute;il. De r&eacute;ir tr&aacute;chtais dhl&iacute;thi&uacute;il Gi&uacute;daigh i sanct&oacute;ir an Teampaill bh&iacute; tr&iacute; ch&oacute;fra d&eacute;ag i bhfoirm trumpa, agus f&oacute;gra ar gach ceann acu do bhronntanas d&rsquo;aidhm faoi leith (bronntanais d&rsquo;ofr&aacute;ileacha &eacute;an agus mar sin de). D&rsquo;fh&eacute;adfa&iacute; bonn airgid trom an lucht shaibhir a chloiste&aacute;il go h&eacute;asca ag dul s&iacute;os d&oacute; tr&iacute;d an ch&oacute;fra i bhfoirm trumpa. Chuir an bhaintreach dh&aacute; bhonn airgid isteach (dh&aacute; chian&oacute;g; is &eacute; sin feoirling), is &eacute; sin boinn den mh&eacute;id is l&uacute; in airgead reatha na haimsure sin, a meastar a bheith ionann agus an seascad&uacute; cuid de denarius, an p&aacute; ba l&uacute; do shaothar l&aacute; oibre gn&aacute;th duine. Tugann &Iacute;osa faoi deara d&iacute;nit agus &aacute;illeacht an ghn&iacute;mh uasail, ba chuma c&eacute; chomh l&uacute; agus a bh&iacute; s&eacute; i dtuairim an tsaoil. Is ioma&iacute; sin dea-thogra a thug cian&oacute;g na baintr&iacute; cabhair d&oacute; tr&iacute;d na haoiseanna s&iacute;os.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; <\/span><\/p>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><strong><em>B.<\/em><\/strong><strong><em><span style=\"color: blue;\">An B&iacute;obla in Agallamh le ceisteanna an lae: <\/span><\/em><\/strong><em><span style=\"color: blue;\">&Eacute;ire &aacute;r linne ar t&oacute;ir f&eacute;intuisceana. An daonnachas n&oacute; Cr&iacute;osta&iacute;ocht a bheidh ann?<\/span><\/em><\/li>\n<\/ol>\n<p><span style=\"color: black;\">I soisc&eacute;al an lae inniu tugann &Iacute;osa fol&aacute;ireamh<em> <\/em>d&aacute; lucht lean&uacute;na bheith san airdeall faoi dhaoine<em> <\/em>m&oacute;r<em> <\/em>le r&aacute;, le tionchar ar an bpobal, gur baol iad do theacht ann do r&iacute;ocht D&eacute;. N&iacute; m&oacute;r do phobal D&eacute; bheith san airdeall <em> <\/em>i ngach aois faoi bhaol d&aacute; leith&eacute;id.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; N&iacute; f&eacute;idir gan tabhairt faoi deara sna m&iacute;onna deiridh seo, n&oacute; le blianta anuas, go bhfuil guthanna ag glaoch ar phobal na h&Eacute;ireann, go h&aacute;irithe ar an aos &oacute;g, machnamh a dh&eacute;anamh ar an &aacute;bhar agus a chur in i&uacute;l cad &iacute; an fh&iacute;s at&aacute; acu do &Eacute;irinn sa r&eacute; seo romhainn. Tagann an ghairm seo &oacute; ranna de na me&aacute;in phoibl&iacute;, &oacute; phoiliteoir&iacute; &aacute;irithe, &oacute; phearsana poibl&iacute;, roinnt d&iacute;obh le st&aacute;das nach beag. T&aacute; glaonna ann do eitic n&aacute;isi&uacute;nta, phoibl&iacute;. Ar uairibh t&aacute; na glaonna sin de n&aacute;d&uacute;r neodrach, agus is maith ann iad. Ach ar uairibh eile is glaonna iad faoi &Eacute;ire a bheadh saolta, fi&uacute; daonnachtach, agus eitic den cl&oacute; c&eacute;anna, gan &aacute;it ag creideamh n&aacute; tionchar uaidh ann.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Is soil&eacute;ir go bhfuil machnamh &aacute; dh&eacute;anamh ag pobal na h&Eacute;ireann faoi cad &eacute; an sort tire at&aacute; uathu, agus cad &iacute; an fh&iacute;s faoi sin a bheidh i r&eacute;im. San r&eacute; sa ghabh tharainn th&aacute;inig an fh&iacute;s sin &oacute; phobal Caitliceach a bh&iacute; den chuid is m&oacute; de ag cleachtadh a gcreidimh. T&aacute; an c&aacute;s athraithe anois go bun&uacute;sach. B&iacute;odh gur ch&aacute;raigh 84% de phobal na Poblachta seo sa daon&aacute;ireamh is d&eacute;ana&iacute; (2011) mar Chaitlicigh R&oacute;mh&aacute;nacha, t&aacute; s&eacute; beagnach cinnte go bhfuil l&iacute;on nach beag d&iacute;obh gur beag a n-eolas ar an bhf&iacute;s Chr&iacute;osta&iacute; mar a chuirtear sin in&aacute;r l&aacute;thair sa Tiomna Nua, f&iacute;s ar rinneadh r&eacute;altacht di, a rinneadh beo &iacute;, i gcleachtadh an chreidimh agus taith&iacute; na sacramaint&iacute;.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; T&aacute;imid tagaithe anois go pointe ina ghlaotar orainn machnamh a dh&eacute;anamh faoi conas freagra a thabhairt ar an staid ina bhfuimid agus conas gluaiseacht ar aghaidh uaidh sin. Is fi&uacute; machnamh a dh&eacute;anamh ar an m&eacute;id a scr&iacute;obh &uacute;dar Ch&eacute;ad Litreach Pheadar do Chr&iacute;ostaithe a bh&iacute; faoi bhr&uacute; i l&aacute;r na ch&eacute;ad aoise seo: &ldquo;B&iacute;g&iacute; r&eacute;idh i gc&oacute;na&iacute; le cosaint a dh&eacute;anamh in aghaidh aon duine a iarrann oraibh bonn a thabhairt leis an d&oacute;chas at&aacute; ionaibh; ach d&eacute;anaig&iacute; amhlaidh le cneastacht agus le hurraim&rdquo; (1 Peadar 3:15-16). &Eacute;il&iacute;onn seo go mbeadh eolas cu&iacute;osach maith ag creidmhigh ar fh&iacute;rinn&iacute; a gcreidimh. Ba ch&oacute;ir gur ch&uacute;ram seo go l&eacute;ir do easpaig, par&oacute;ist&iacute;, comhairl&iacute; par&oacute;ist&iacute;, gr&uacute;pa&iacute; tuata, agus eagrais eile a bhfuil baint acu leis na c&uacute;rsa&iacute; faoi chaibideal, le hiad a mheas go grinn agus iarracht a dh&eacute;anamh faoi eolas ar fh&iacute;rinn&iacute; an chreidimh agus na mor&aacute;ltachta Cr&iacute;osta&iacute; a leathn&uacute; amach mar is g&aacute;.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; N&iacute; h&eacute;asca an obair &iacute; seo. T&aacute; an glaoch politi&uacute;il, saolta agus fi&uacute; daonnachtach at&aacute; i gceist againn i gc&oacute;ir f&iacute;s nua d&rsquo;&Eacute;irinn d&iacute;rithe ar an aos &oacute;g. N&iacute; rud &eacute;asca &eacute; tabhairt ar ghl&uacute;in &oacute;g na h&Eacute;ireann bheith d&iacute;ocasach faoi Chr&iacute;ost and an fh&iacute;s seo Chr&iacute;osta&iacute; faoina mbeatha f&eacute;in agus faoin saol. Ach is fi&uacute; machnamh a dh&eacute;anamh air agus gu&iacute; go dabharfaidh siad aird ar an mbaol at&aacute; ann d&aacute; gcreideamh. Is f&eacute;idir linn go l&eacute;ir urna&iacute; a chur suas chun D&eacute; go n-ard&oacute;idh s&eacute; fir agus mn&aacute; le &aacute;baltacht i gc&uacute;rsa&iacute; liteartha agus i gcumas scr&iacute;bhneoireachta, l&aacute;n den fh&iacute;s seo, leis an teachtaireacht chui a chur os comhair phobal an lae inniu i bhfriotal a oireann.<\/span><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>8 Samhain 2015 (B) An Dara Domhnach Tr&iacute;ochad Saor Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute; &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-352","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/352","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=352"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/352\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=352"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=352"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=352"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}