{"id":354,"date":"2015-11-11T17:13:53","date_gmt":"2015-11-11T17:13:53","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=354"},"modified":"2015-11-11T17:13:53","modified_gmt":"2015-11-11T17:13:53","slug":"15-samhain-2015-b-an-triu-domhnach-triochad-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=354","title":{"rendered":"15 Samhain 2015 (B) An Tr\u00ed\u00fa Domhnach Tr\u00edochad Saor"},"content":{"rendered":"<p><span style=\"color: blue;\">15 Samhain 2015 (B) An Tr&iacute;&uacute; Domhnach Tr&iacute;ochad Saor<\/span><\/p>\n<p style=\"line-height: 12pt;\"><span style=\"color: blue;\">Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla<\/span><\/p>\n<p style=\"line-height: 12pt;\"><span style=\"color: blue;\">leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC<\/span><\/p>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><span style=\"color: blue;\">L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/li>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><strong><em>B.<\/em><\/strong><strong><em><span style=\"color: blue;\">An B&iacute;obla in Agallamh le Ceisteanna an Lae<\/span><\/em><\/strong><span style=\"color: blue;\">: <\/span><em><span style=\"color: blue;\">Na Cr&iacute;ocha D&eacute;anacha<\/span><\/em><em><\/em><\/li>\n<\/ol>\n<p style=\"line-height: 12pt;\"><strong><em><span style=\"color: blue;\">A. L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;.<\/span><\/em><\/strong><em><\/em><\/p>\n<p><em><span style=\"color: black;\">C&eacute;ad L&eacute;acht <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">(Dain&eacute;il 12:1-3).<em> San amsir sin saor&oacute;far do mhuintir. <\/em>T&aacute; dh&aacute; mh&oacute;r-roinn i Leabhar Dhain&eacute;il. I gcaibidil 1-6 t&aacute; sc&eacute;alta, sc&eacute;alta c&uacute;irte faoi Dhain&eacute;il agus a thri&uacute;r comp&aacute;nach i gc&uacute;irt r&iacute;the na Baibeal&oacute;ine i rith na deora&iacute;ochta, ag taispe&aacute;int faoi mar ar chosain Dia iad in amanta an gh&aacute;tair. Sa dara roinn i gcaibidil 7-12 t&aacute; f&iacute;seanna a tugadh do Dhain&eacute;il faoi cad i bh&iacute; i nd&aacute;n do impireachtai domhanda sa r&eacute; le teacht. Tagann siad seo go l&eacute;ir chun buaice le g&eacute;arlean&uacute;int an R&iacute; Ghr&eacute;igigh Aint&iacute;ochas Eipifeanaes (&ldquo;dia d&eacute;anta follasach&rdquo;), a thruailli&uacute; ar Theampall na nGi&uacute;dach agus an iarrracht a rinne s&eacute; creideamh na nGi&uacute;dach a dh&iacute;oth&uacute; ar fad. Is &iacute; aidhm na tsaothair n&aacute; a gcreideamh si&uacute;d a bh&iacute; faoi gh&eacute;arlean&uacute;int a neart&uacute; agus an teachtaireacht a thabhairt d&oacute;ibh go rabhthas leis an g&eacute;arlean&uacute;inteoir le milleadh gan aon gh&aacute; le dul i mbun chomhrac airm chuige sin. Is f&eacute;idir d&aacute;ta cu&iacute;osach beacht a chur leis an Leabhar, idir 167 agus 164 roimh Chr&iacute;ost, agus is d&oacute;cha&iacute; sa bhlain 164, agus roimh bh&aacute;s Aint&iacute;ochas sa bhliain 163. Su&iacute;onn na f&iacute;seanna an Leabhar sa se&aacute;nra litr&iacute;ochta ar a dtugtar <\/span>apacailipteach, ina dh&eacute;antar r&eacute;amhinsint ar eachtra&iacute; diaga den r&eacute; le teacht, r&eacute;amhinsint&iacute; n&aacute;r f&iacute;ora&iacute;odh go minic. N&iacute; d&oacute;cha gur chuir sin as do scribhneor&iacute; na litr&iacute;ochta seo, de bhr&iacute;, is d&oacute;cha, gur bhraith f&iacute;or&uacute; na r&eacute;amhinsint&iacute; sin ar Dhia.<\/p>\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Baineann l&eacute;acht an lae inniu le r&eacute;amhinsint amh&aacute;in d&aacute; leith&eacute;id maidir le deireadh ama agus deireadh an tsaoil, ina mbeidh aimsir bhuartha thar an gn&aacute;th, agus tr&aacute;th ina mbeidh ais&eacute;ir&iacute; na colainne ann do na f&iacute;r&eacute;in. Seo &iacute; an ch&eacute;ad uair ina bhfuil admhail chreidimh in aiseir&iacute; na colainne sa Bh&iacute;obla. (T&aacute; s&iacute; ar f&aacute;il pas beag n&iacute;os luaithe i dt&eacute;acs apacailipteach i Leabhar Hen&oacute;c.) B&iacute;odh go raibh aireacht&aacute;il gh&eacute;ar i luath-Iosrael go raibh Dia i l&aacute;thair lena phobal sa Teampall agus go raibh a ch&uacute;ram air, agus mar aon leis sin gurbh &eacute; mian de mhianta a phobail bheith aontaithe le Dia ina mbeatha abhus, s&iacute;os tr&iacute;d na haoiseanna n&iacute;orb ch&uacute;ram d&oacute;ibh aon aontacht a bheith acu le Dia tar &eacute;is a mb&aacute;is. Mheasadar, mar a mheas na cin&iacute;ocha Seim&iacute;teacha m&aacute;guaird, gur fhan rud &eacute;igin den duine aonair tar &eacute;is bh&aacute;is, ach amh&aacute;in mar sc&aacute;il de f&eacute;in i S&eacute;&oacute;l, ina raibh olc agus maith le ch&eacute;ile, gan c&uacute;iteamh n&oacute; pion&oacute;s; bh&iacute; sc&aacute;ileanna r&oacute;-lag d&aacute; leith&eacute;id. T&aacute; c&uacute;pla t&eacute;acs i leabhair an Bh&iacute;obla ina bhfuil, b&rsquo;fh&eacute;idir, tagairt do aontacht le Dia iar-bh&aacute;s, ach nach bhfuil sin soil&eacute;ir, ach cinn eile ina bhfuil amhras. C&uacute;pla c&eacute;ad bliain roimh Leabhar Dhain&eacute;il rinne &uacute;dar an leabhair Ecclesiastes (C&oacute;heilit) machnamh ar bh&aacute;s an duine agus b&aacute;s an ainmh&iacute;, agus is beag an difr&iacute;ocht a fheiceann s&eacute; idir eatorthu. Seo mar a scr&iacute;obhann s&eacute; (Coheilit 3:19-20): <span style=\"color: black;\">&ldquo;Arsa mise liom f&eacute;in ar&iacute;s: &lsquo;Maidir leis an gcine daonna, t&aacute; Dia tar &eacute;is iad thast&aacute;il go cinnte agus a thaispe&aacute;int nach bhfuil iontu uathu f&eacute;in ach ainmh&iacute;the&rsquo;. &Oacute;ir t&aacute; an chinni&uacute;int ch&eacute;anna ag an duine agus at&aacute; ag an ainmh&iacute;; mar a fhaigheann ceann acu b&aacute;s, sin mar a fhaigheann an ceann eile b&aacute;s chomh maith; &oacute;ir ta an t-aon spiorad amh&aacute;in iontu go l&eacute;ir agus n&iacute;l aon bhunt&aacute;iste ag an duine ar an ainmh&iacute;. Baois is ea gach uile n&iacute;. T&eacute;ann siad go l&eacute;ir go dt&iacute; an &aacute;it ch&eacute;anna; is den luaithreach iad uile agus iomp&oacute;idh siad uile ina luaithreach ar&iacute;s. C&eacute; ar eol d&oacute; an dt&eacute;ann spiorad an duine suas n&oacute; an dt&eacute;ann spiorad an ainmh&iacute; s&iacute;os sa talamh?&rdquo;. Mheasfadh duine &oacute; r&aacute;iteas deiridh an t&eacute;acs sin go raibh amhras &eacute;igin ar an &uacute;dar faoina raibh r&aacute;ite aige, agus b&rsquo;fh&eacute;idir go raibh difr&iacute;ocht idir dheiridh an duine agus an ainmh&iacute;, agus faoi cad a bh&iacute; i nd&aacute;n d&aacute; spioraid faoi seach. Ach n&iacute;or imigh as radharc an cheist faoi aontacht an chreidmhigh le Dia iar-bh&aacute;s, n&oacute; an cheist ar chr&iacute;ochnaigh an aontacht sin leis an mb&aacute;s. D&rsquo;&eacute;irigh s&eacute; n&iacute;os g&eacute;ire le b&aacute;s uaf&aacute;sach an ilomad mairt&iacute;reach i gh&eacute;arlean&uacute;int Aint&iacute;ochas sna blianta 167-164 roimh Chr&iacute;ost. As sin d&rsquo;&eacute;irigh mar bhuaic i Leabhar Dain&eacute;il (i l&eacute;acht an lae inniu) admh&aacute;il chreidimh in ais&eacute;ir&iacute; na colainne, agus beatha shona iarbh&aacute;is le D&iacute;a d&aacute; shearbh&oacute;nta&iacute; d&iacute;lse. Braithstint n&oacute; m&iacute;an chr&aacute;ifeach, b&rsquo;fh&eacute;idir, a bh&iacute; in ais&eacute;ir&iacute; na colainne d&rsquo;&uacute;dar Leabhar Hen&oacute;c. D&rsquo;&uacute;dar Leabhar Dhain&eacute;il agus do chreideamh na nGi&uacute;dach, foilsi&uacute; &oacute; Dhia a bh&iacute; ann agus glacadh leis mar bhun-phointe do chreideamh na nGi&uacute;dach, go m&oacute;r m&oacute;r i measc na bhFairis&iacute;neach, m&iacute;r chreidimh a sh&eacute;an na Sad&uacute;caigh. Ghlac &Iacute;osa leis in &eacute;adan na Sad&uacute;cach (Marcas 12:18-27; Matha 22:23-33; L&uacute;c&aacute;s 20:27-40), agus d&rsquo;&eacute;irigh s&eacute; n&iacute;os l&aacute;rna&iacute; f&oacute;s le hais&eacute;ir&iacute; &Iacute;osa, &ldquo;c&eacute;adtoradh na muintire at&aacute; ina gcodladh&rdquo; (1 Corantaigh 15:20).<\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"color: black;\">Salm le Freagra <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">(Salm 15[16]). <em>Caomhnaigh m&eacute;, a Thiarna, is ortsa a thriallaim.<\/em> <\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"color: black;\">Dara L&eacute;acht <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">(Eabhraigh 10:11-14, 18). <em>Le haon &iacute;obairt amh&aacute;in t&aacute; sl&aacute;n&uacute; ioml&aacute;n s&iacute;ora&iacute; faighte aige do na daoine a naomha&iacute;tear. <\/em>Leanann an l&eacute;acht seo t&eacute;ama na litreach f&eacute;in: Cr&iacute;ost an f&iacute;or-shagart ina shu&iacute; ar dheasl&aacute;mh D&eacute;. Bh&iacute; na sagairt Ghi&uacute;dacha ina seasamh i rith na n-&iacute;obairt&iacute; laethi&uacute;la a ofr&aacute;ileadar ar son na bpeacai. D&uacute;radh le h&Iacute;osa, mar a raibh r&eacute;amhchomhartha de, i Salm 109 (110): &ldquo;B&iacute; i do shu&iacute; ar mo dheis go gcuirfidh m&eacute; do naimhde mar st&oacute;l faoi do chosa&rdquo;. Mar shagart t&aacute; s&eacute; ina shu&iacute; ar dheasl&aacute;mh D&eacute; ag feitheamh le comhl&iacute;onadh na f&aacute;istine sin. T&aacute; maithi&uacute;nas na bpeaca&iacute; bainte amach aige le haon &iacute;obairt amh&aacute;in a bh&aacute;is agus a ais&eacute;irithe. I dt&eacute;acs an Bh&iacute;obla san &aacute;it seo cuirtear isteach f&aacute;istine Irimia faoin gConradh Nua (f&aacute;gtha ar l&aacute;r sa leicsean&aacute;ir), ar a bhful mar chr&iacute;och leis: &ldquo;N&iacute;<\/span> chuimhneoidh m&eacute; ar a bpeaca&iacute; n&aacute; ar a gcionta feasta&rdquo;, ar a leanann briathra deiridh l&eacute;acht an lae inniu: &ldquo;Nuair a bh&iacute;onn peaca&iacute; maite, n&iacute; g&aacute; ofr&aacute;il a dh&eacute;anamh mar &eacute;iric iontu n&iacute;os m&oacute;&rdquo;. T&aacute; seo le tuiscint i gcomhth&eacute;acs ioml&aacute;n theachtaireacht na litreach: Is leor aon-&iacute;obairt Chr&iacute;ost, a ofr&aacute;ileadh an t-aon uair amh&aacute;in agus an uair dheireanach, is leor sin do mhaithi&uacute;nas na bpeaca&iacute;. N&iacute;l s&eacute; le tuiscint &oacute;n dt&eacute;acs nach ann don pheaca a thuilleadh i measc daoine n&oacute; creidmheach . D&aacute;ir&iacute;re leagann an litir seo b&eacute;&iacute;m ar an bpeaca a sheachaint, go h&aacute;irithe peaca an d&iacute;chreidimh.<\/p>\n<p><em><span style=\"color: black;\">An Soisc&eacute;al<\/span><\/em><span style=\"color: black;\"> (Marcas 13:24-32). <em>Baileoidh s&eacute; na tofaigh &oacute; na ceithre ghaoth.<\/em> Tuigfear an l&eacute;acht seo n&iacute;os fearr m&aacute; su&iacute;tear &iacute; taobh istigh de aitheasc fada &Iacute;osa, gur cuid de &iacute;. Bh&iacute; &Iacute;osa agus na deisceabail sa Teampall, agus ag dul amach as an Teampall d&oacute; d&uacute;irt duine d&aacute; dheisceabail leis: &ldquo;F&eacute;ach, a Mh&aacute;istir, cad iad mar chlocha agus cad iad mar fhoirgnimh iad seo!&rdquo; D&rsquo;fhreagair &Iacute;osa nach bhf&aacute;gfa&iacute; cloch i mbun cloiche nach leagf&aacute;i anuas de na foirgnimh mh&oacute;ra sin. Ina dhiaidh sin, ina shu&iacute; d&rsquo;&Iacute;osa ar Chnoc na nOl&oacute;g ar aghaidh an Teampaill (su&iacute;omh oiri&uacute;nach do fhoilsi&uacute; faoi chr&iacute;och ama) iarrann ceathrar de dheisceabail thosaigh &Iacute;osa air insint doibh cathain a thithfeadh an m&eacute;id sin amach (treascairt an Teampaill) agus c&eacute;n comhartha a bheadh ann &ldquo;ar na nithe sin uile a bheith ag teacht chun cinn&rdquo;. Freagra&iacute;onn &Iacute;osa faoi na comhartha&iacute; a bheadh ann roimh threascairt an Teampaill (agus na cathrach) agus t&eacute;ann ar aghaidh chun labhairt ar an mbreithi&uacute;nas deiridh, leis f&eacute;in, mar Mhac an Duine, mar bhreitheamh. Comhl&iacute;onadh a bhriathra faoi threascairt an Teampaill (a labhair &Iacute;osa sa bhliain 30 n&oacute; 33) ag arm na R&oacute;imhe sa bhliain 70, i saol na gl&uacute;ine lena raibh s&eacute; ag caint. I dtraidisi&uacute;n smaointeoireachta agus litr&iacute;ochta an se&aacute;nra apacailipteach labhra&iacute;onn &Iacute;osa faoi na comharthai a bheidh ann roimh dheireadh an tsaoil, amhail is go raibh sin in achmaireacht. Ach, sa traidisi&uacute;n c&eacute;anna, t&aacute; a fhios ag &Iacute;osa, agus meabhra&iacute;onn s&eacute;, go mbreathann comhl&iacute;onadh den mh&eacute;id a deir s&eacute; ar Dhia an tAthair, agus is d&oacute; sin amh&aacute;in, agus n&iacute; d&rsquo;aoinne eile, n&oacute; do na haingil, is eol an t-am agus tr&aacute;th beacht, &ldquo;an la agus an uair&rdquo;.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-indent: 68.05pt;\"><span style=\"color: black;\">An teachtaireacht do chreidmhigh le t&oacute;gaint as seo go l&eacute;ir n&aacute; bheith r&eacute;idh de sh&iacute;or do bhreithi&uacute;nas D&eacute;, agus s&oacute;l&aacute;s a th&oacute;gaint &oacute; bhriathra Chr&iacute;ost go bhfuil Mac an Duine le teacht chun a chuid fein, na tofaigh, a bhaili&uacute; chuige f&eacute;in &oacute;na cheithre harda<\/span><\/p>\n<p><strong><em><span style=\"color: blue;\">B.&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; An B&iacute;obla in Agallamh le ceisteanna an lae. <\/span><\/em><\/strong><em><span style=\"color: blue;\">Na Cr&iacute;ocha D&eacute;anacha<\/span><\/em><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">Bheadh s&eacute; inmhianaithe f&iacute;rinn&iacute; l&aacute;rnacha an chreidimh a chur os comhair phobail an Aifrinn ar an Domhnach le nasc le l&eacute;achta&iacute; an Aifrinn n&iacute; leis na t&eacute;acsanna liot&uacute;irgeacha. <\/span><span style=\"color: black;\">N&iacute; minic a bh&iacute;onn sin &eacute;asca le d&eacute;anamh; d&aacute;ir&iacute;re is annamh &eacute;. Mar sin f&eacute;in t&aacute; &oacute;c&aacute;id&iacute; &aacute;irithe inar f&eacute;idir, n&oacute; ar ch&oacute;ir, sin a dh&eacute;anamh, mar shampla r&uacute;ndiamhair an Ioncollaithe (&Iacute;osa mar Dhia agus mar dhuine) tr&aacute;th Nollag; agus an Trion&oacute;id Naofa. An Domhnach &aacute;irithe seo t&aacute; deis &aacute;lainn againn labhairt ar na Cr&iacute;ocha D&eacute;anacha.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Limist&eacute;ir tal&uacute;n is bunbhr&iacute; leis an t&eacute;arma &ldquo;cr&iacute;och, cr&iacute;ocha&rdquo; sa Ghailge, ach i measc br&iacute;onna eile t&aacute; &ldquo;deireadh, comhl&iacute;onadh&rdquo;, mar shampla &ldquo;cur i gcrich&rdquo;. Sa chiall seo t&aacute; Na Cr&iacute;ocha D&eacute;anacha, agus i dteagasc na hEaglais is ceithre cinn iad sin: b&aacute;s, breithi&uacute;nas, ifreann agus neamh. Ag machnamh ar na Cr&iacute;ocha n&iacute; m&oacute;r duinn dul thar na ceithre cinn sin go Cr&eacute; na nAspal: &ldquo;Creidim in ais&eacute;ir&iacute; na colainne agus sa bheatha sh&iacute;ora&iacute;&rdquo;, n&oacute; &ldquo;T&aacute;im ag s&uacute;il le hais&eacute;ir&iacute; na marbh agus beatha an tsaoil at&aacute; le teacht&rdquo;. Tugann seo deis d&uacute;inn machnamh ar an fh&iacute;rinne le cabhair an <em>Caiticiosma na hEaglaise Caitlic&iacute; <\/em>(2001), uimhreacha 988-1050, a thugann tagairt&iacute; do na ranna cu&iacute; de chuid na Comhairle Vatac&aacute;in II.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Mar at&aacute; daoine ag &eacute;ir&iacute; n&iacute;os aosta, agus an b&aacute;s ag teannadh leo, n&iacute; rud neamh-ghn&aacute;ch &eacute; go gcuireann siad an cheist an bhfuil aon bheatha iarbh&aacute;is ann. Braitheann an freagra roinnt mhaith ar chreideamh an duine aonair. N&iacute; shroistear deimhne ar an gceist tr&iacute;d an r&eacute;as&uacute;n n&oacute; maoithneachas amh&aacute;in. Tugann creideamh san Eaglais, agus <em>n <\/em>ais&eacute;ir&iacute; Chr&iacute;ost agus a leanann as, an freagra: ionann creideamh i gCr&iacute;ost sa chiall shaibhir den fhocal agus aontacht na gcreidmheach go l&eacute;ir le Cr&iacute;ost tar &eacute;is bh&aacute;is. Sa chiall Chr&iacute;osta&iacute; den fhocal n&iacute; deireadh, n&iacute; cr&iacute;och, an b&aacute;s. Mar a deirtear i bpreaf&aacute;id na marbh: N&iacute;l sa bh&aacute;s ach malairt bheatha<\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Is f&eacute;idir leis an dteagasc faoi ais&eacute;ir&iacute; na colainne machnamh ceartaitheach a thabhairt maidir le mianta &aacute;irithe &aacute;r linne ar mhaith leo freagra&iacute; l&aacute;ithreach bonn a fh&aacute;il ar phoint&iacute; &aacute;irithe creidimh. T&aacute; &eacute;abhl&oacute;id &aacute;irithe ann i gcursa&iacute; creidimh. Th&aacute;inig creideamh in ais&eacute;ir&iacute; na colainne ann go han-d&eacute;anach is stair Iosrael, i bhfad tar &eacute;is Abrah&aacute;m, tar &eacute;is &Iacute;se&aacute;ia (700 r. Chr&iacute;ost), Irimia (600 r. Ch.) agus daoine eile. Scagadh an teagasc a thuilleadh i stair na hEaglaise i gl&uacute;ine n&iacute;os d&eacute;ana&iacute; faoi mar a bh&iacute; g&aacute; le sin nuair a th&aacute;inig fadhbanna nua chun tosaigh. Bh&iacute; meon Gr&eacute;agach ann arbh fhearr leis labhairt faoi bheatha sh&iacute;ora&iacute; seachas ais&eacute;ir&iacute; na colainne, ach chuir an traidisi&uacute;n Cr&iacute;osta&iacute; ina choinne sin.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; B&iacute;onn pl&eacute; ann inniu maidir le mireanna &aacute;irithe den traidisi&uacute;n Caitliceach a bhaineann leis na Cr&iacute;ocha D&eacute;anacha, an Phurgad&oacute;ir san &aacute;ireamh. Ina leith&eacute;id de phl&eacute; n&iacute; m&oacute;r an fh&iacute;rinne l&aacute;rnach a dheighilt amach &oacute; na sl&iacute;te inar rinneadh tr&aacute;cht uirthi tr&iacute;d na haoiseanna inar ligeadh srian go minic leis an tsamhla&iacute;ocht Chr&iacute;osta&iacute;. Maidir leis an Phurgad&oacute;ir, mar shampla, is &iacute; an fh&iacute;rinne l&aacute;rnach ann n&aacute; fi&uacute;ntas urnaithe na mbeo do anamacha na marbh. Agus maidir le hIfreann, is &eacute; an creideamh l&aacute;rnach ann go bhfuil Dia le pion&oacute;s a ghearradh ar an mhuintir a dh&eacute;anann olc agus a bhfaigheann b&aacute;s gan aithr&iacute;. Agus mar an gc&eacute;anna maidir leis an iliomad ceisteanna eile den s&oacute;rt seo, ar fi&uacute; tagairt a dh&eacute;anamh do <em>Caiticiosma na hEaglaise Caitlic&iacute;<\/em> ina dtaobh.<\/span><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>15 Samhain 2015 (B) An Tr&iacute;&uacute; Domhnach Tr&iacute;ochad Saor Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute; &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-354","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/354","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=354"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/354\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=354"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=354"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=354"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}