{"id":356,"date":"2015-11-18T09:28:51","date_gmt":"2015-11-18T09:28:51","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=356"},"modified":"2015-11-18T09:28:51","modified_gmt":"2015-11-18T09:28:51","slug":"22-samhain-2015-b-solluntas-chriost-ri-na-nuile","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=356","title":{"rendered":"22 Samhain 2015 (B) Soll\u00fantas Chr\u00edost R\u00ed na nUile"},"content":{"rendered":"<p><span style=\"color: blue;\">22 Samhain 2015 (B) Soll&uacute;ntas Chr&iacute;ost R&iacute; na nUile<\/span><\/p>\n<p style=\"line-height: 12pt;\"><span style=\"color: blue;\">Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla<\/span><\/p>\n<p style=\"line-height: 12pt;\"><span style=\"color: blue;\">leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC<\/span><\/p>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><span style=\"color: blue;\">L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/li>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><strong><em>B.<\/em><\/strong><strong><em><span style=\"color: blue;\">An B&iacute;obla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: <\/span><\/em><\/strong><em><span style=\"color: blue;\">R&iacute;ogacht Chr&iacute;ost. Bunchloch mhuin&iacute;ne. Gairm do aontacht.<\/span><\/em><\/li>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><strong><em>A.<\/em><\/strong><strong><em><span style=\"color: blue;\">L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;.<\/span><\/em><\/strong><em><\/em><\/li>\n<\/ol>\n<p><em><span style=\"color: black;\">C&eacute;ad L&eacute;acht <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">(Dain&eacute;il 7:13-14). <em>Tiarnas s&iacute;ora&iacute; a thiarnas<\/em>. Sa r&eacute;amhr&aacute; a thugamar don ch&eacute;ad l&eacute;acht an Domhnach seo caite d&uacute;radh c&uacute;pla focal maidir le Leabhar Dhain&eacute;il. Scr&iacute;obhadh &eacute; thart ar an mbliain 164 roimh Chr&iacute;ost, tr&aacute;th a raibh an r&iacute; pag&aacute;nach Aint&iacute;ochas <\/span><span style=\"color: black;\">Eipifeanaes ag iarraidh creideamh na nGi&uacute;dach agus adhradh Dhia Iosrael a dh&iacute;oth&uacute; go hioml&aacute;n. Is &iacute; teachtaireacht an leabhair seo n&aacute; nach n-&eacute;ireodh leis. Tiocfadh cr&iacute;och le r&iacute;ochta&iacute; uile an domhain, ach fanfaidh r&iacute;ocht D&eacute; go deo. Ionann teachtaireacht l&eacute;acht an lae inniu. Feiceann an f&iacute;s&iacute; Dain&eacute;il neach amhail le Mac an Duine ag teacht ar n&eacute;alta neimhe, &oacute; na flaithis, murab ionann agus r&iacute;the agus r&iacute;ochta&iacute; an domhain a th&aacute;ing an&iacute;os as an fharraige. Feidhm&iacute;onn an neach amhail Mac an Duine i sl&iacute; don pbobal Gi&uacute;dach faoi gh&eacute;arleanuint agus n&iacute;os m&oacute; f&oacute;s; beidh an bua acu, agus r&eacute;imeas leathan lena chois. N&iacute; fol&aacute;ir n&aacute; gur thug an fh&iacute;s seo uchtach thar an ghn&aacute;th d&oacute;ibh si&uacute;d a bh&iacute; ag fulaingt g&eacute;arlean&uacute;na. T&aacute; r&eacute;imeas D&eacute;, r&iacute;ocht D&eacute;, i l&aacute;thair i sl&iacute; &eacute;igin dhearfa i ngach aois. <\/span><span style=\"color: black;\">Sa Tiomna Nua oireann an fh&iacute;s seo go h&aacute;lainn do Chr&iacute;ost. Istigh san fh&iacute;s t&aacute; cur s&iacute;os f&oacute;irsteanach ar r&iacute;ocht D&eacute;, ar r&eacute;imeas Chriost.<\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"color: black;\">Salm le Freagra <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">(Salm 92[93]). <em>T&aacute; an Tiarna ina R&iacute;: t&aacute; s&eacute; gl&eacute;asta le maorgacht.<\/em><\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"color: black;\">Dara L&eacute;acht <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">(Apacailipsis 1:5-8). <em>Rialt&oacute;ir r&iacute;the an domhain, rinne s&eacute; sagairt agus r&iacute;the d&aacute; Dhia d&iacute;nn. <\/em>Is faoi r&iacute;ogact Chr&iacute;ost an l&eacute;acht seo. Is rialt&oacute;ir r&iacute;the an domhain &eacute; Cr&iacute;ost. Ach n&iacute; d&oacute; f&eacute;in amh&aacute;in a riagacht, a st&aacute;das r&iacute;oga. T&aacute; gr&aacute; aige d&aacute; mhuintir a bhfuair s&eacute; b&aacute;s ar a son agus rinne s&eacute; d&iacute;obh r&iacute;ocht, r&iacute;the agus sagairt chomh maith. Is &eacute; at&aacute; againn anseo n&aacute; cur i l&aacute;thair faoi leith den bheatha Chr&iacute;osta&iacute; at&aacute; le fail in &aacute;iteanna eile den Tiomna Nua. Is r&iacute;the agus sagairt na creidmhigh, faoi mar a gealladh d&rsquo;Iosrael san exodus, ag teacht amach d&oacute;ibh &oacute;n &Eacute;igipt (Exodus 19:5-6): &ldquo;M&aacute; gh&eacute;illeann sibh do mo ghl&oacute;r agus clo&iacute; le mo chonradh, beidh sibhse thar na cin&iacute;ocha go l&eacute;ir, i mo sheilbhse ar leithrigh, &oacute;ir is liomsa an domhan ar fad. Beidh sibh agamsa in bhur r&iacute;ocht sagart, in bhur n&aacute;isi&uacute;n coisricthe&rdquo;. N&iacute; dh&eacute;anann an t&eacute;acs tagairt do r&iacute;the n&oacute; do shagairt fheidhmeannacha i gciall an lae inniu de na briathra sin. T&aacute; Cr&iacute;ostaithe coisricthe agus rinneadh r&iacute;ocht agus sagairt d&iacute;obh le seirbh&iacute;s a thabhairt do Dhia an tAthair, agus sin tr&iacute; bheatha de r&eacute;ir an tSoisc&eacute;il agus faoi inspior&aacute;id an Spioraid Naoimh. Is mar sin a thagann ann do r&iacute;ocht D&eacute; sa saol tadhaill seo.<\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"color: black;\">An Soisc&eacute;al<\/span><\/em><span style=\"color: black;\"> (Eoin 18:33-37). <em>De r&eacute;ir mar a deir t&uacute;, is r&iacute; m&eacute;. <\/em><\/span><span style=\"color: black;\">Le linn a ministreacht phoibl&iacute; d&rsquo;fh&oacute;gair &Iacute;osa r&iacute;ocht D&eacute;, f&oacute;s le teacht acht i l&aacute;thair cheana f&eacute;in ina <\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">chuid seann&oacute;ireachta agus leigheasanna. Anois roimh b&aacute;s d&oacute; athra&iacute;onn an radharc do &Iacute;osa &eacute; f&eacute;in mar r&iacute;. Cuireadh coir poiliti&uacute;il ina leith ag na Gi&uacute;daigh, gur chuir s&eacute; &eacute; f&eacute;in i lathair mar r&iacute;. Casann an comhr&aacute; idir &Iacute;osa agus P&iacute;ol&aacute;it thart faoi seo. Admha&iacute;onn &Iacute;osa gur r&iacute; &eacute; f&eacute;in d&aacute;irire, ach nach in aon tuiscint saolta den fhocal &eacute; sin. N&iacute; den saol seo a r&iacute;ocht. Mar r&iacute; is &eacute; a mhisean fianaise a thabhairt don fh&iacute;rinne.Is m&oacute; de r&iacute;-aoire &eacute;, agus &eacute;isteann a chuid f&eacute;in lena ghuth, mar a dh&eacute;anfadh caoirigh le guth an aoire, Tugann seo sainmhini&uacute; ar ar cad is br&iacute; le r&iacute;ocht Chr&iacute;ost: fianaise a thabhairt don fh&iacute;rinne agus teachtaireacht &oacute;n t&eacute; ar bhunaigh a bh&aacute;s faoi n&aacute;ire an Eaglais mar fhianaise bhuan do phlean shl&aacute;naithe D&eacute;.<\/span><\/p>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><strong><em>B.<\/em><\/strong><strong><em><span style=\"color: blue;\">An B&iacute;obla in Agallamh le ceisteanna an lae.<\/span><\/em><\/strong><em><span style=\"color: blue;\"> R&iacute;ogacht Chr&iacute;ost. Bunchloch mhuin&iacute;ne. Gairm do aontacht.<\/span><\/em><\/li>\n<\/ol>\n<p><span style=\"color: black;\">Tosa&iacute;onn salm faoi r&iacute;ocht D&eacute; mar seo: &ldquo;Is &eacute; an Tiarna is r&iacute;; gaird&iacute;odh an talamh&rdquo; (Salm 97[96]). Is bonn muin&iacute;ne &eacute; an creideamh in r&iacute;ogacht D&eacute; agus Chriost. Noctann Dia &eacute; f&eacute;in go m&oacute;r m&oacute;r leis an aidhm seo, le l&uacute;ch&aacute;ir agus muinin a choth&uacute;. Leagann an B&iacute;obla b&eacute;im ar seo go bhfuil r&eacute;imeas ag Dia ar chinni&uacute;int an duine aonair agus an chine dhaonna. <\/span><span style=\"color: black;\">N&iacute; f&eacute;idir le deacht&oacute;ireach ar bith dhaonna a phlean diaga a mhilleadh n&oacute; a chur as riocht. Cuirtear b&eacute;im ar chreideamh sa r&iacute;ogacht seo go minic i dtr&aacute;tha g&eacute;arch&eacute;ime. T&aacute; seo soileir i bhf&iacute;s Mhac ac Duine i Leabhar Dhain&eacute;il. Ba ch&uacute;is mhuin&iacute;ne an fh&iacute;s d&oacute;ibh si&uacute;d a bh&iacute; ag fulaingt go g&eacute;ar de bharr a gcreidimh i nDia Iosrael. Tugadh an fh&eacute;ile seo isteach sa liotuirge c&eacute;aduair ag an P&aacute;pa Pius XI sa bhliain 1925 mar fhreagra ar n&aacute;isi&uacute;nachas agus an d&iacute;-eaglaiseachas a bh&iacute; ansin ag treisi&uacute;. Thug s&eacute; muin&iacute;n i dtr&aacute;tha ollsmachtaicais. Don fh&iacute;si Eoin taispe&aacute;nann Cr&iacute;ost &eacute; f&eacute;in mar an fhinn&eacute; d&iacute;lis, an ch&eacute;adghin &oacute; mhairb, rialt&oacute;ir ar r&iacute;the an domhain, gur d&oacute; is d&aacute;n do gach gl&uacute;in chromadh ar deireadh thiar. T&aacute; s&eacute; leis an Eaglais i ngach aois, ag tabhairt fianaise do fhirinne an Athar, agus, mar is g&aacute;, ag glaoch chun aithr&iacute;. I radharc an bhreithi&uacute;nais i Soisc&eacute;al Eoin is f&eacute;idir P&iacute;ol&aacute;it a th&oacute;gaint mar chumhacht phoiliti&uacute;il neamhchreidmheach de r&eacute;ir cine&aacute;il de aois ar bith. N&iacute; den saol seo r&iacute;ocht &Iacute;osa.Tuigtear a n&aacute;d&uacute;r ceart tr&iacute; bhronntanas an chreidimh. Is &eacute; an finn&eacute; d&iacute;lis Cr&iacute;ost R&iacute;. Glaotar ar bhaill uile d&aacute; r&iacute;ocht, is &eacute; sin an Eaglais, a bheith ina bhfinn&eacute;ithe d&aacute; fh&iacute;rinne sa domhan. I mbriathra Chr&iacute;ost f&eacute;in d&aacute; fh&iacute;s&iacute; Eoin, is l&iacute;ne de r&iacute;the (r&iacute;ocht) agus de shagairt iad d&aacute; Dhia agus d&aacute; Athair. I mbriatha &Iacute;osa do Ph&iacute;ol&aacute;it is chuige sin a th&aacute;inig s&eacute; ar an saol, chun fianaise a thabhairt ar an bhf&iacute;rinne; agus iad sin a bhaineann lena r&iacute;ocht d&aacute;ir&iacute;re, agus at&aacute; ar thaobh na f&iacute;rinne, &eacute;isteann siad lena ghl&oacute;r. T&aacute; teachtaireacht shimpl&iacute; ag f&eacute;ile an lae seo d&uacute;inn go l&eacute;ir: B&iacute;odh muin&iacute;n gan teorainn againn as Dia, i gCr&iacute;ost &aacute;r R&iacute;, at&aacute; i gc&oacute;na&iacute; lena Eaglais le &iacute; a neart&uacute; sa bhf&iacute;or-chreideamh. Ach &eacute;istimis chomh maith le gl&oacute;r Chr&iacute;ost an finn&eacute; d&iacute;lis agus le gl&oacute;r a Eaglaise a cuireadh ar bun le fianaise a thabhairt do r&iacute;ocht Chr&iacute;ost in&aacute;r l&aacute; seo f&eacute;in.<\/span><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>22 Samhain 2015 (B) Soll&uacute;ntas Chr&iacute;ost R&iacute; na nUile Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute; &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-356","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/356","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=356"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/356\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=356"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=356"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=356"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}