{"id":358,"date":"2015-11-25T09:03:18","date_gmt":"2015-11-25T09:03:18","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=358"},"modified":"2015-11-25T09:03:18","modified_gmt":"2015-11-25T09:03:18","slug":"29-samhain-2015-c-an-chead-domhnach-den-aidbhint","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=358","title":{"rendered":"29 Samhain 2015 (C) An Ch\u00e9ad Domhnach den Aidbhint"},"content":{"rendered":"<p><span style=\"color: blue;\">29 Samhain 2015 (C) An Ch&eacute;ad Domhnach den Aidbhint <\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: blue;\">Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla<\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: blue;\">leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC<\/span><\/p>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><span style=\"color: blue;\">L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/li>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><strong><em>B.<\/em><\/strong><strong><em><span style=\"color: blue;\">An B&iacute;obla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: <\/span><\/em><\/strong><em><span style=\"color: blue;\">Aidbhint: Glaoch do athnuachan chreidimh.<\/span><\/em><em><\/em><\/li>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><strong><em>A.<\/em><\/strong><strong><em><span style=\"color: blue;\">L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;.<\/span><\/em><\/strong><em><\/em><\/li>\n<\/ol>\n<p><em><span style=\"color: black;\">C&eacute;ad L&eacute;acht <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">(Irimi&aacute; 33:14-16). <em>Cuirfidh me d&rsquo;fhiacha ar Bheang&aacute;n f&iacute;r&eacute;anta f&aacute;s suas do Dh&aacute;iv&iacute;.<\/em> Aidbhint, focal &oacute;n dt&eacute;arma Laidne <em>adventus <\/em>a chialla&iacute;onn <\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">teacht, is tr&eacute;imhse fheithimh &iacute;, feitheamh le teacht &eacute;igin deimhin, b&iacute;odh sin pearsa n&oacute; &oacute;c&aacute;id faoi leith. Do Chr&iacute;ostaithe tugann s&eacute; chun cuimhne teacht Chr&iacute;ost c&eacute;aduair ag a bhreith ag an Nollaig, n&oacute; a ateacht, a th&eacute;arnamh, i gcumhacht faoi ghl&oacute;ir le breith agus luach saothair a thabhairt. Idir eatorthu is f&eacute;idir smaoineamh ar theacht Chr&iacute;ost de sh&iacute;or, teacht r&iacute;ocht D&eacute; ar a dh&eacute;anaimid urna&iacute; gach l&aacute;. Deirtear an m&eacute;id seo faoi Aidbhint na gCr&iacute;ostaithe. Ach n&iacute;or ch&oacute;ir d&uacute;inn dearmad a dh&eacute;anamh ar Aidbhint fhada na nGi&uacute;dach, pobal a bh&iacute; ag faire ar feadh na gcianta ar theacht, ar Aidbhint, mhac Dh&aacute;iv&iacute; a bh&iacute; geallta. Bh&iacute; th&iacute;os seal agus thuas seal ag an Meisiasachas, s&uacute;il le teacht an Mheisias Dh&aacute;iv&iacute;gh, i stair Iosrael, &oacute; laethanta Dh&aacute;iv&iacute; f&eacute;in thart ar an mbliain 1000 roimh Chr&iacute;ost ar aghaidh. Le linn r&eacute;imse na r&iacute;the, le clann Dh&aacute;iv&iacute; f&eacute;in i r&eacute;im, go treascairt Iar&uacute;sail&eacute;im agus cr&iacute;och r&iacute;theaghlach Dh&aacute;iv&iacute; sa bhliain 586 roimh Chr&iacute;ost, n&iacute; bhfuair ach beirt d&aacute; r&iacute;the moladh &oacute; stair&iacute; de chuid an Bh&iacute;obla. Ba ch&uacute;is d&iacute;om&aacute; an chuid ba mh&oacute; acu. Ba fh&iacute;or seo ach go h&aacute;irithe faoin r&iacute; deiridh den tsraith, <\/span><span style=\"font-size: 11pt;\">Zidici&aacute;. Istigh ina ainm si&uacute;d, mar chuid de bh&iacute; an t&eacute;arma Eabhraise <em>zedek,<\/em> &ldquo;f&iacute;r&eacute;antacht&rdquo; agus an chuid eile <em>yah<\/em>, Yah(veh), an Tiarna, f&iacute;r&eacute;antacht, plean shl&aacute;naithe an Tiarna. Ach maidir leis an r&iacute; Zidici&aacute; d&rsquo;fh&eacute;adfa&iacute; leagan eile de a bheith ann: <em>zidki<\/em><\/span>, &ldquo;<em>mo<\/em> fh&iacute;r&eacute;antacht&rdquo;, f&iacute;r&eacute;antacht an r&iacute; sin seachas sl&aacute;n&uacute; D&eacute;. Leis na br&iacute;onna sin ina a aigne, de r&eacute;ir dealraimh, rinne an f&aacute;idh Irimi&aacute; an tairngreacht seo, thart ar an bhlian 586 b&rsquo;fh&eacute;idir (Irimi&aacute; 23:5-6): &ldquo;F&eacute;ach, t&aacute; na laethanta ag teacht, an Tiarna a labhra&iacute;onn, agus ard&oacute;idh m&eacute; do Dh&aacute;iv&iacute; beang&aacute;n f&iacute;r&eacute;anta; rial&oacute;idh s&eacute; ina r&iacute; go cr&iacute;onna, agus d&eacute;anfaidh s&eacute; breithi&uacute;nas agus ceart sa talamh. &hellip; agus con&oacute;idh Iosrael faoi dh&oacute;chas. Agus is &eacute; seo an t-ainm a bh&eacute;arfar air: An Tiarna <em>&aacute;r <\/em>bhf&iacute;r&eacute;antacht&rdquo;<em>, <\/em>f&iacute;r&eacute;antacht an phobail, &ldquo;<em>&aacute;r<\/em> bhf&iacute;r&eacute;antacht&rdquo;. Is cuid d&rsquo;aguis&iacute;n do &ldquo;Leabhar an tS&oacute;l&aacute;is&rdquo; i Leabhar Irimi&aacute; (Irimi&aacute; caibidil 30-33) l&eacute;acht an lae inniu, ina dh&eacute;antar aithinsint ar fh&aacute;istine sin Irimi&aacute; faoi Bheang&aacute;n f&iacute;r&eacute;anta do Dh&aacute;iv&iacute;, is &eacute; sin craobh n&oacute; g&eacute;ag &uacute;r, nua, do theaghlach Dh&aacute;i<span style=\"font-size: 11pt;\">v&iacute;, do mhac agus oidhre Dh&aacute;iv&iacute; le teacht. T&aacute; an fh&aacute;istine seo n&iacute;os &oacute;ige n&aacute; ceann Irimi&aacute; f&eacute;in (thart ar an bhliain 520, b&rsquo;fh&eacute;idir, nuair a bh&iacute; athbhorradh &aacute;irithe an Meisiasachas), ach meabhra&iacute;tear inti briathra Irimi&aacute;, ach an bh&eacute;im an babhta seo ar an bpobal agus ar an gcathair naofa seachas ar an r&iacute; f&eacute;in. Con&oacute;idh Iar&uacute;sail&eacute;im i nd&oacute;chas, agus is uirthi, seachas ar an r&iacute;, a bh&eacute;arfar an t-ainm &ldquo;An Tiarna-&aacute;r-bhf&iacute;r&eacute;antacht&rdquo;.<\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"color: black;\">Salm le Freagra <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">(Salm 24[25]). <em>Chugatsa a th&oacute;gaim m&rsquo;anam, a Thiarna.<\/em><\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; <\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"color: black;\">Dara L&eacute;acht <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">(1 Teasal&oacute;naigh 3:12-4:2). <em>Go ndaingn&iacute; an Tiarna bhur gcro&iacute;the sa naofacht ar theacht do Chr&iacute;ost. <\/em>T&aacute; an l&eacute;acht ghairid seo t&oacute;gtha as an scr&iacute;bhinn is sinne den litriocht Chr&iacute;osta&iacute; at&aacute; ar mairthean go f&oacute;ill, an litir seo chuig na Teasal&oacute;naigh a scr&iacute;obh P&oacute;l sa bhliain A.D. 51, fiche &eacute;igin bliain tar &eacute;is bh&aacute;is agus ais&eacute;ir&iacute; Chr&iacute;ost. Bh&iacute; a fhios ag P&oacute;l go maith gur &oacute; ghn&iacute;omh&uacute; agus &oacute; ghr&aacute;sta D&eacute; a thagann t&uacute;s agus f&aacute;s na beatha Cr&iacute;osta&iacute;. Is d&aacute; bharr sin go bhfuil an m&eacute;id a scr&iacute;obhann s&eacute; chuig na Teasal&oacute;naigh curtha i bhfoirm urna&iacute; chun D&eacute; go leanfadh agus go mbeadh borradh ar a shoisc&eacute;ala&iacute;ocht tosaigh chucu, borradh i mbeatha Chr&iacute;osta&iacute; i ngr&aacute; d&aacute; ch&eacute;ile agus don chine daonna go l&eacute;ir. Agus mar aon leis sin, rud go m&oacute;r i spiorad seo na hAidbhinte, gu&iacute;onn P&oacute;l go mbeadh siad daingean sa naofacht agus iad gan ch&aacute;im ag feitheamh le teacht an Tiarna. An teacht a bh&iacute; ina aigne ag P&oacute;l n&aacute; t&eacute;arnamh an Tiarna &Iacute;osa ag deireadh an tsaoil, ach oireann a deir se go seoigh don Aidbhint agus don Nollaig &ndash; tr&aacute;th ina thugann an Eaglais cuireadh chun faoistine do na creidmhigh. Ag deireadh na l&eacute;achta d&eacute;anann P&oacute;l achain&iacute; orthu l&eacute;an&uacute;int den dea-obair, agus cur fi&uacute; lena n-iarrachta&iacute; Dia a sh&aacute;samh, agus gan dearmad a dh&eacute;anamh ar na treoracha, an teagasc Cr&iacute;osta&iacute;, a thug s&eacute; d&oacute;ibh. Mar sin san Eaglais f&oacute;s agus co&iacute;che mar ullmh&uacute; don Nollaig san Aidbhint, n&oacute; in aon tr&aacute;th eile. N&iacute; m&oacute;r an deabh&oacute;id a nascadh leis an dteagasc, treoracha agus teagasc a bhfuil &uacute;dar&aacute;s &oacute;n dTiarna &Iacute;osa taobh thiar diobh.<\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"color: black;\">An Soisc&eacute;al<\/span><\/em><span style=\"color: black;\"> (L&uacute;c&aacute;s 21:25-28, 34-36). <em>T&aacute; bhur bhfuascailt in achmaireacht<\/em>. Na l&eacute;achta&iacute; &oacute;na Soisc&eacute;il do gach ceann den na tr&iacute; bliana den tsraith lot&uacute;irgeach (Matha, Marcas agus L&uacute;c&aacute;s) i&nbsp;&nbsp; gc&oacute;ir an ch&eacute;ad Domhnach den Aidbhint, tugann siad fol&aacute;ireamh &oacute; Chr&iacute;ost d&aacute; lucht lean&uacute;na bheith san airdeall agus ullamh d&aacute; theacht, d&aacute; th&eacute;arnamh, le breithi&uacute;nas a thabhairt. Is cuid gach ceann de na l&eacute;achta&iacute; seo de aitheasc fada Chr&iacute;ost, mar fhreagra ar cheist &oacute;na dheisceabail, faoi threascairt Iar&uacute;sail&eacute;im agus an chr&iacute;och ar gach rud ina dhiaidh sin. I l&eacute;acht an lae inniu t&aacute; cuntas ar roinnt de na comharthai a deir &Iacute;osa a bheidh ann roimh an deireadh, L&aacute; an Tiarna. Do chreidmhigh ba ch&oacute;ir gur &oacute;c&aacute;id l&uacute;ch&aacute;ire a bheadh in dTeacht Mhac an Duine le breithi&uacute;nas a thabhairt, l&uacute;ch&aacute;ir go raibh a bhfuascailt in achmaireacht. Cuirtear cr&iacute;och leis an l&eacute;acht le rabhadh &oacute; &Iacute;osa faoin ullmh&uacute;ch&aacute;n is g&aacute; do thr&eacute;imhse faire agus feithimh, don Aidbhint, tr&aacute;th urna&iacute; agus staonadh &oacute; ragairne.<\/span><\/p>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><strong><em>B.<\/em><\/strong><strong><em><span style=\"color: blue;\">An B&iacute;obla in Agallamh le ceisteanna an lae.<\/span><\/em><\/strong><em><span style=\"color: blue;\"> Aidbhint: Glaoch do athnuachan chreidimh.<\/span><\/em><\/li>\n<\/ol>\n<p><span style=\"color: black;\">An bhliain seo caite sa mhir seo &ldquo;Machnamh agus an B&iacute;obla in Agallamh le Ceisteanna an lae&rdquo; is &eacute; an teideal a bh&iacute; ar an mh&iacute;r n&aacute;: &ldquo;Ag maireacht&aacute;il le foighid agus buanseasmhacht le Dia beo&rdquo;. Is tr&aacute;th feithimh &iacute; an Aidbhint, ag tabhairt cuireadh d&uacute;inn machnamh a dh&eacute;anamh ar an dt&eacute;ama seo. Mairimid in aois ina bhfuil tuiscint mhaith againn cad is am ann, agus na m&iacute;lte milli&uacute;n de bhlianta at&aacute; ann &oacute;n bpl&eacute;asc mh&oacute;r, &oacute; thosaigh an bheatha &oacute; na ch&eacute;ad daoine daonna, agus &oacute; thosaigh an speiceas lena mbainimid ar talamh. Ag coime&aacute;d leis an dt&eacute;ama c&eacute;anna: i rith a staire bh&iacute; feitheamh fada ag pobal Iosrael le teacht an tsl&aacute;naithe a bh&iacute; geallta d&oacute;ibh. Bh&iacute; f&iacute;seanna acu de r&eacute; n&iacute;os fearr n&aacute; an ceann ina mhair siad. Mhair siad tr&iacute; pheannaid&iacute; agus anr&oacute;. Mar an gc&eacute;anna leis an Eaglais. Nuair a thagann an focal seo Aidbhint chun cuimhne d&uacute;inn, tr&aacute;th machnaimh &eacute; ar &ldquo;theacht&rdquo; rud &eacute;igin, ag feitheamh le teacht, le teacht r&iacute;ocht D&eacute; a raibh Iosrael ag feitheamh leis, agus fi&uacute; tar &eacute;is comhl&iacute;onadh le Cr&iacute;ost, at&aacute; f&oacute;s ag teacht, agus le teacht.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Tr&aacute;th ullmh&uacute;ch&aacute;in a bh&iacute; san Aidbhint do theacht, do bhreith, Chr&iacute;ost um Nollaig. An focal Gaeilge sin &ldquo;Nollaig&rdquo; is &oacute; th&eacute;arma Laidine ar bhr&iacute; leis &ldquo;ceili&uacute;radh breithe&rdquo; a thagann s&eacute;. In dtr&aacute;th an chreidimh bheo, ba naofa an d&aacute; cheili&uacute;radh, Aidbhint agus Nollaig. Agus mar at&aacute; c&uacute;rsa&iacute; anois is m&oacute; a bhaineann siad araon le tr&aacute;cht&aacute;il agus caidreamh daonna n&aacute; le r&uacute;ndiamhra an chreidimh. Mar sin is tr&aacute;th&uacute;il an t-am &iacute; le machnamh a dh&eacute;anamh ar bhua an chreidimh, agus f&eacute;achaint uirthi mar ghairm do athnuachan chreidimh. Tugann an Eaglais a leith&eacute;id de ghairm gach r&eacute; seal. Rinne an P&aacute;pa Benedict XVI &iacute; i 2011 ag com&oacute;radh iubhaile orga th&uacute;s Chomhairle na Vatac&aacute;ine, tr&aacute;th inar ghairm s&eacute; bliain chreidimh faoi leith le tabhairt ar an Eaglais machnamh a dh&eacute;anamh a phr&aacute;inn&iacute; agus a bh&iacute; c&uacute;rsa&iacute; maidir le creideamh i nDia ar na saolta deireannacha seo. D&rsquo;fhoilsigh s&eacute; Litir Aspalda &aacute;lainn ar an &aacute;bhar, le f&aacute;il ar an idirl&iacute;on, ar fi&uacute; &iacute; a l&eacute;amh i gc&oacute;na&iacute;.&nbsp;&nbsp; <\/span><span style=\"color: black;\">Cuireann s&eacute; b&eacute;im ar roinnt phoint&iacute; ar fi&uacute; aird a thabhairt orthu. Seo cuid acu (paragraf 2): &ldquo;Tarla&iacute;onn s&eacute; go minic gur ch&uacute;ram n&iacute;os m&oacute; do Chr&iacute;ostaithe cad a leanann go soisialta, cult&uacute;rtha agus &oacute; thaobh poilit&iacute;ochta as a gcuid saothair n&aacute; aon rud eile, ag meas i gc&oacute;na&iacute; gur bun&uacute;s don saol poibl&iacute; an creideamh. Ach n&iacute; feidir glacadh leis a thuilleadh gur mar sin at&aacute;, ach a mhalairt ar fad &#8212; go s&eacute;antar go poibl&iacute; &eacute;. B&iacute;odh go bhf&eacute;adfa&iacute; glacadh leis san aimsir at&aacute; thart go raibh c&uacute;lra, matrix, aonadach, aonghn&eacute;ach ag an saol soisialta, a glacadh leis go h&eacute;asca toisc gur creideamh a bh&iacute; ann agus leis na luachanna a spreag an creideamh sin, n&iacute; d&oacute;cha gur amhlaidh an c&aacute;s inniu i r&eacute;ims&iacute; leathna den tsocha&iacute;, toisc g&eacute;arch&eacute;im chreidimh a bheith ann at&aacute; tar &eacute;is dul i bhfeidhm go domhain ar a l&aacute;n daoine&rdquo;. T&aacute; na briathra sin d&iacute;rithe ar an Eaglais Chaitliceach ar fud an domhain ach is f&iacute;or iad i sl&iacute; faoi leith d&rsquo;&Eacute;irinn an lae inniu. Filleann an P&aacute;pa n&iacute;os d&eacute;ana&iacute; sa Litir ar an dt&eacute;ama c&eacute;anna. N&iacute; m&oacute;r machnamh ar an gcreideamh a gh&eacute;ar&uacute;, a deir s&eacute;, le cabhair a thabhairt do chreidmhigh i gCr&iacute;ost teacht ar dhilseacht l&aacute;idir comhfhiosach don Soisc&eacute;al, go m&oacute;r m&oacute;r sa tr&aacute;th seo ina bhfuil an cine daonna ag dul tr&iacute; agus ag moth&uacute; athr&uacute; comh domhain sin. Inniu, thar aon aois eile sa stair, t&aacute; an creideamh anois faoi bhr&uacute; &oacute; shraith ceisteanna ag eascairt &oacute; mheon athraithe, meon a chuireann teorainn, go h&aacute;irithe inniu, le r&eacute;imse chinnteacht an r&eacute;as&uacute;in don mh&eacute;id ar f&eacute;idir teacht air &oacute; fhionnachtana eola&iacute;ochta agus teicneola&iacute;ochta. Ach mar sin f&eacute;in n&iacute; raibh eagla ar an Eaglais riamh a l&eacute;iri&uacute; nach f&eacute;idir leis an gcreideamh agus eola&iacute;ocht at&aacute; f&iacute;or teacht salach ar a ch&eacute;ile, de bhr&iacute; go bhfuil siad araon d&iacute;rithe ar theacht ar an bhf&iacute;rinne, b&iacute;odh gur tr&iacute; bheala&iacute; &eacute;ags&uacute;la sin (paragraif 8 agus 12).<\/span><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>29 Samhain 2015 (C) An Ch&eacute;ad Domhnach den Aidbhint Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute; &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-358","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/358","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=358"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/358\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=358"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=358"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=358"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}