{"id":360,"date":"2015-12-04T22:32:30","date_gmt":"2015-12-04T22:32:30","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=360"},"modified":"2015-12-04T22:32:30","modified_gmt":"2015-12-04T22:32:30","slug":"6-nollaig-2015-c-an-dara-domhnach-den-aidbhint","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=360","title":{"rendered":"6 Nollaig 2015 (C) An Dara Domhnach den Aidbhint"},"content":{"rendered":"<p><span style=\"color: blue;\">6 Nollaig 2015 (C) An Dara Domhnach den Aidbhint <\/span><\/p>\n<p style=\"line-height: 12pt;\"><span style=\"color: blue;\">Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla<\/span><\/p>\n<p style=\"line-height: 12pt;\"><span style=\"color: blue;\">leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC<\/span><\/p>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><span style=\"color: blue;\">L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/li>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><strong><em>B.<\/em><\/strong><strong><em><span style=\"color: blue;\">Machnamh agus An B&iacute;obla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: <\/span><\/em><\/strong><em><span style=\"color: blue;\">Insint na Soisc&eacute;al agus an Stair<\/span><\/em><\/li>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><strong><em>A.<\/em><\/strong><strong><em><span style=\"color: blue;\">L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;.<\/span><\/em><\/strong><em><\/em><\/li>\n<\/ol>\n<p><em><span style=\"color: black;\">C&eacute;ad L&eacute;acht <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">(Bar&uacute;ch 5:1-9). <em>Taispe&aacute;nfaidh Dia do niamhracht do gach n&aacute;isi&uacute;n. <\/em>Ag teacht ar dheireadh na deora&iacute;ochta sa Bhaibeal&oacute;in sa s&eacute;&uacute; haois roimh Chr&iacute;ost agus ina dhiaidh sin, thug na f&aacute;ithe agus na fil&iacute; a thug d&uacute;inn caibidil 40-66 de Leabhar &Iacute;se&aacute;ia spreagadh agus uchtach do phobal Iosrael, ag meabhr&uacute; d&oacute;ibh go raibh todhcha&iacute; ghl&oacute;rmhar rompu amach agus go raibh Dia a Sl&aacute;naitheoir le &eacute;acht a dh&eacute;anamh d&oacute;ibh. Mar a ghealladh, th&aacute;inig cr&iacute;och le deora&iacute;ocht na Baibeal&oacute;ine, agus sna c&eacute;adta a lean sin bh&iacute; m&oacute;r&aacute;n de phobal Iosrael scaipthe ar fud dhomhan na Gr&eacute;ige agus na R&oacute;imhe, i bhfad i gc&eacute;in &oacute; Iar&uacute;sail&eacute;im, &oacute; Mh&aacute;thair S&iacute;&oacute;n. Th&aacute;inig guthanna f&aacute;idhi&uacute;la chucu sin chomh maith, ar uairibh go l&aacute;idir faoi thionchar an Dara agus an Tr&iacute;&uacute; h&Iacute;se&aacute;ia (&Iacute;se&aacute;ia 40-66). T&aacute; ceann d&iacute;obh sin i l&eacute;acht seo an lae inniu, a cumadh, b&rsquo;fh&eacute;idir, sa dara haois roimh Chr&iacute;ost. Sa l&eacute;acht seo t&aacute; f&aacute;idh ag labhairt le Iar&uacute;sail&eacute;im, faoi &iacute;omh&aacute; mn&aacute;, M&aacute;thair S&iacute;&oacute;n, &aacute; spreagadh dearmad a dh&eacute;anamh ar dhear&oacute;il na deora&iacute;ochta agus aghaidh a thabhairt ar an dtodhcha&iacute; ghl&oacute;rmhar a bh&iacute; i nd&aacute;n di ag Dia. Cuirfidh Dia cl&oacute;ca fh&iacute;r&eacute;antacht D&eacute; uirthi agus cor&oacute;in ghl&oacute;ir D&eacute; sh&iacute;ora&iacute; ar a ceann. Is mian le Dia a niamhracht a thaispe&aacute;int do gach n&aacute;isi&uacute;n faoin sp&eacute;ir. T&aacute; Dia le hainm a bhronnadh uirthi go deo, agus is &eacute; seo &eacute;: &ldquo;S&iacute;och&aacute;in na f&iacute;r&eacute;antachta agus gl&oacute;ir na d&iacute;lseachta&rdquo;. Tugtar f&iacute;s iontach d&oacute;ibh faoi deireadh a bheith leis an deora&iacute;ocht, agus na deoraithe, cim&iacute; agus eile, ag filleadh go caithr&eacute;imeach ar Iar&uacute;sail&eacute;im. Is mian le Dia Iosrael iad a threor&uacute; faoi l&uacute;ch&aacute;ir, le solas a ghl&oacute;ire agus a thr&oacute;caire agus a fh&iacute;r&eacute;antacht &aacute; dtionlacan.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; F&iacute;s agus spreagadh at&aacute; sa t&eacute;acs, a thug uchtach ina tr&aacute;th f&eacute;in, f&iacute;s a bhfuil br&iacute; lei i gc&oacute;na&iacute;, agus gur f&eacute;idir a thuiscint faoin Eaglais, an Mh&aacute;thair Eaglais. Ach is maith le Dia cabhair a fh&aacute;il, agus le f&iacute;ric a dh&eacute;anamh den fh&iacute;s n&iacute; m&oacute;r cabhr&uacute; le toil D&eacute; le foighid agus urna&iacute;.<\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"color: black;\">Salm le Freagra <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">(Salm 125[126]). <em>Rinne an Tiarna &eacute;achta&iacute; d&uacute;inn: t&aacute;imid go l&uacute;ch&aacute;ireach.<\/em><\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; <\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"color: black;\">Dara L&eacute;acht <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">(Filipigh 1:4-6, 8-11). <em>B&iacute;g&iacute; glan gan locht i gcomhair L&aacute; Chr&iacute;ost. <\/em>Is feasach P&oacute;l go maith gur r&uacute;ndiamhair &eacute; an creideamh Cr&iacute;osta&iacute;, bronntanas ghr&aacute;sta D&eacute; a thuigtear agus a chotha&iacute;tear tr&iacute;d an urna&iacute;. T&aacute; an urna&iacute; riachtanach do bheatha Chr&iacute;osta&iacute; an duine aonair agus an phobail Chr&iacute;osta&iacute;. Is misineach an pobal a chreideann d&aacute;ir&iacute;re, ag leathadh an chreidimh amach uaidh f&eacute;in. I l&eacute;acht an lae inniu deireann P&oacute;l leis an eaglais &oacute;g i Filipe, i dtuaisceart na Gr&eacute;ige, go raibh s&eacute; ag gu&iacute; orthu go l&uacute;ch&aacute;ireach toisc an ph&aacute;irt a bh&iacute; acu i leathadh an tSoisc&eacute;il &ndash; taobh amuigh d&aacute; gcathair f&eacute;in fi&uacute;. Sa l&eacute;acht seo t&aacute; urna&iacute; &aacute;lainn ag P&oacute;l a thugann le fios d&uacute;inn faoi mar ba ch&oacute;ir creideamh Chriost a mhaireacht&aacute;il. Gu&iacute;onn s&eacute; go rachadh a ngr&aacute; (gr&aacute; D&eacute; agus gr&aacute; an chomharsa gan dabht) i m&eacute;ad agus i m&eacute;ad le barr eolais agus tuisceana faoi cad is toil le Dia, agus d&aacute; bharr sin go mbeadh meas acu, n&iacute; ar an rud maith amh&aacute;in ach ar ar na nithe is fearr, is fi&uacute;nta&iacute;. Glaotar ar chreidmhigh bheith foirfe faoi mar at&aacute; Dia, a nAthair, foirfe, agus as sin tagann an t&oacute;ir ar na nithe is fi&uacute;nta&iacute; &oacute; choinsias at&aacute; glanta &oacute; thuiscint dhomhain ar cad is toil le Dia. Gu&iacute;onn P&oacute;l go mbeadh a chreidmhigh glan gan locht agus l&aacute;n den ionracas a thagann tr&iacute; &Iacute;osa Cr&iacute;ost, agus sin i gc&oacute;ir L&aacute; Chr&iacute;ost. T&eacute;arnamh Chr&iacute;ost a bh&iacute; in aigne ag P&oacute;l, is d&oacute;cha, le L&aacute; Chr&iacute;ost. Ach oireann an l&eacute;acht go h&aacute;lainn do thr&eacute;imhse na hAidbhinte ina ghlaotar orainn bheith ag dul i bhfeabhas sa bheatha Chr&iacute;osta&iacute;, feasach gur ullmh&uacute;ch&aacute;n n&iacute; hamh&aacute;in do theacht Chr&iacute;ost ina bhreith sa Bheithil, ach chomh maith c&eacute;anna do L&aacute; an Tiarna, a theacht athuair.<\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"color: black;\">An Soisc&eacute;al<\/span><\/em><span style=\"color: black;\"> (L&uacute;c&aacute;s 3:1-6). <em>Feicfidh an uile cholainn sl&aacute;n&uacute; D&eacute;.<\/em> I gcuid de chuntas na na&iacute;onachta i gcaibidil 1-2 de Shoisc&eacute;al L&uacute;c&aacute;is bh&iacute; L&uacute;c&aacute;s ag cur s&iacute;os ar &aacute;bhair nach raibh d&aacute;ir&iacute;re tri-thoimhseach, amhail chomhr&aacute; an aingil Gaibri&eacute;il le Muire agus slua na n-aingeal ag f&oacute;gairt bhreith Chr&iacute;ost do na haoir&iacute;. Sna cuntais sin d&rsquo;fh&eacute;adfadh s&eacute; se&aacute;nra a oirfeadh don &aacute;bhar a roghn&uacute;. Bh&iacute; a mhalairt de sc&eacute;al ann nuair a th&aacute;inig s&eacute; le beatha phoibl&iacute; &Iacute;osa a r&iacute;omhadh, agus leis sin t&uacute;s na gluaiseachta Cr&iacute;osta&iacute; a thosaigh le seanm&oacute;ireacht agus misean Eoin Baiste. Cuireann na Ceithre Soisc&eacute;il go l&eacute;ir t&uacute;s le beatha phoibl&iacute; Chr&iacute;ost leis sin. Tuigeann L&uacute;c&aacute;s go bhfuil t&aacute;bhacht thar an ghn&aacute;th ag baint leis an &oacute;c&aacute;id sin agus su&iacute;onn s&eacute; &iacute; taobh istigh d&aacute; ch&uacute;lra domhanda uil&iacute; (R&oacute;mh&aacute;nach) agus Gi&uacute;dach. Bh&iacute; an t-impire Tiberias C&eacute;asar (comharba ar Aug<\/span><span style=\"color: black;\">ustus) i r&eacute;im ar impireacht na R&oacute;imhe (ar chuid di an Phailist&iacute;n) idir 14 agus 37 AD. Bheadh a ch&uacute;igi&uacute; bliain d&eacute;ag ann idir L&uacute;nasa 28 AD agus Lunasa 29 AD, n&oacute; in &aacute;ireamh eile idir 1 Deireadh F&oacute;mhair 27 agus 30 M&eacute;an F&oacute;mhair 28 AD. Bh&iacute; Point Piol&aacute;it ina ghobharn&oacute;ir ar I&uacute;d&aacute;ia &oacute; 26 go 36 AD. Bh&iacute; H&eacute;ar&oacute;d (Antipas) ina r&iacute; c&uacute;ige (teatrarc) ar an Ghail&iacute;l &oacute; 6 go 37 AD. Bh&iacute; a leasdhearth&aacute;ir Pilib ina r&iacute; c&uacute;ige (teatrarc) ar chr&iacute;ocha &oacute; thuaidh agus thoir &oacute;n Ghail&iacute;l, cr&iacute;ocha ar thug &Iacute;osa cuairt orthu ar uairibh. Cr&iacute;och &eacute; Aibil&eacute;in&eacute; i gceantar na Damaisce nach luaitear i sc&eacute;ala na Soisc&eacute;al. Bh&iacute; Annas ina ardsagart &oacute; 6 go 15 AD, agus C&aacute;iafas &oacute; 18 go 36 AD. Choime&aacute;d an d&aacute; theach Annas-C&aacute;iafas an ardsagartacht eatorthu i dtr&eacute;imhse uile r&eacute;imeas d&iacute;reach na R&oacute;imhe ar I&uacute;d&aacute;ia &oacute; 6 AD go treascairt an Teampaill agus cr&iacute;och le ministreacht na sagartachta sa bhlian 70 AD. Cuirtear Eoin Baiste (Eoin mac Zach&aacute;rias) i l&aacute;thair mar fh&aacute;idh, le gairm &oacute; bhriathar D&eacute;. Bhain a chuid seanm&oacute;ireachta le glaoch chun aithr&iacute;. L&uacute;c&aacute;s amh&aacute;in i measc na soisc&eacute;alaithe a luann na point&iacute; eitici&uacute;la i seanm&oacute;ireacht Eoin Baiste. Cuirtear s&iacute;os go mion ar sheanm&oacute;ireacht Eoin agus a bh&aacute;s ag l&aacute;mha H&eacute;ar&oacute;d Antipas ag an stara&iacute; iomr&aacute;iteach Ios&eacute;fus. N&iacute; fol&aacute;ir n&aacute; go ndeacha seanm&oacute;ireacht Eoin i bhfeidhm go m&oacute;r ar lucht a chomhaimsire.<\/span><\/p>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><em>B.<\/em><strong><em><span style=\"color: blue;\">Machnamh agus An B&iacute;obla in Agallamh le Ceisteanna an Lae.<\/span><\/em><\/strong><em><span style=\"color: blue;\"> &Oacute; fh&iacute;s go f&iacute;ric. Cuntas na Soisc&eacute;al agus an Stair<\/span><\/em><em><span style=\"color: blue;\">.<\/span><\/em><\/li>\n<\/ol>\n<p><em><span style=\"color: black;\">Machnamh. Barrashamhail agus r&eacute;altacht. <\/span><\/em>Tugann l&eacute;achta&iacute; an lae inniu deis agus cuireadh d&uacute;inn machnamh a dh&eacute;anamh ar an &aacute;it do fh&iacute;s, id&eacute;alacht, barrashamhail agus don r&eacute;altacht i mbeatha an duine aonair agus i saol an phobail. Baineann an ch&eacute;ad leacht inniu go m&oacute;r le f&iacute;s D&eacute;, do Iar&uacute;sail&eacute;im, M&aacute;thair S&iacute;&oacute;n, agus a misean don domhan. Is samhail &iacute; Iar&uacute;sail&eacute;im de phobal Iosrael. Ba fhada i gc&eacute;in an r&eacute;altacht, c&uacute;rsa&iacute; mar a bh&iacute;odar, &oacute;n bhf&iacute;s sin. N&iacute; raibh aon fhilleadh gl&oacute;rmhar, sofheicthe ann. N&iacute;or &iacute;sl&iacute;odh gach cnoc agus ardshliabh n&aacute; n&iacute;or lionadh isteach na gleannta. N&iacute; m&oacute;r a bhfuil san fh&iacute;s seo a l&eacute;amh in &eacute;ineacht le stair Iosrael. Ach an fh&iacute;s seo faoi Mh&aacute;thair S&iacute;&oacute;n, is f&iacute;or &iacute; faoin Eaglais, agus faoi cad is &aacute;il le Dia faoi naofacht na hEaglaise. Mar is l&eacute;ir &oacute;n dara l&eacute;acht inniu, bh&iacute; f&iacute;s ag P&oacute;l de bheatha Chr&iacute;osta&iacute; agus ghabh s&eacute; bu&iacute;ochas le Dia go raibh an fh&iacute;s sin comhl&iacute;onta i gceann amh&aacute;in d&aacute; eaglais&iacute; &oacute;ga cheana f&eacute;in agus ghu&iacute; s&eacute; chun D&eacute; go leanfadh c&uacute;rsai mar sin. T&aacute; teachtaireacht domhain aige sin d&uacute;inn go l&eacute;ir inniu, ag meabhr&uacute; d&uacute;inn cad &iacute; mar ghairm Chr&iacute;osta&iacute; at&aacute; againn, agus a riachtana&iacute; is at&aacute; s&eacute; urna&iacute; le bu&iacute;ochas a chur suas chun D&eacute; go mbeadh beatha gach duine aonair againn, agus beatha na hEaglaise go l&eacute;ir, inniu ag teacht de r&eacute;ir na f&iacute;se sin. Meabhra&iacute;onn an l&eacute;acht &oacute;n Soisceal d&uacute;inn go bhfuil an teachtaireacht Chriosta&iacute; bunaithe go daingean sa r&eacute;altacht, sa stair. Leagann L&uacute;c&aacute;s b&eacute;im air seo, rud a thugann deis agus cuireadh d&uacute;inn roinnt ceisteanna a bhaineann leis, a ch&iacute;oradh san &ldquo;Agallamh&rdquo; a leanann anseo.<\/p>\n<p><em><span style=\"color: black;\">Agallamh. <\/span><\/em><em><span style=\"color: black;\">Insint na Soisc&eacute;al agus an Stair. <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">Is tr&aacute;th cr&aacute;ifeachta &iacute; an Nollaig: breith &Iacute;osa sa Bheithil, ar &oacute;c&aacute;id daon&aacute;irimh faoi Quirinius (Cuir&iacute;on), gobharn&oacute;ir ar an tS&iacute;r (Soisc&eacute;al L&uacute;c&aacute;is), an m&aacute;ins&eacute;ar, cuallacht de shlua na bhflaitheas ag moladh D&eacute;, saoithe, draoithe, Mag&iacute; &oacute;n Oirthear, agus mar sin de; teicheadh don E&iacute;gipt, insint&iacute; L&uacute;c&aacute;is i sc&eacute;al na&iacute;onacht &Iacute;osa ar dheacair a r&eacute;iteach le insint Mhatha. Tr&aacute;th &eacute; aimsir na Nollag chomh maith ina arda&iacute;tear ceisteanna sna me&aacute;in agus ina a l&eacute;ir&iacute;tear cl&aacute;racha le pl&eacute; maidir le stairi&uacute;lacht, n&oacute; a mhalairt, de na heachtra&iacute; a chuirtear in&aacute;r l&aacute;thair sna na&iacute;onsc&eacute;alta i Matha caibidil 1-2 agus i L&uacute;cas caibidil 1-2, insint&iacute; nach bhfuil le f&aacute;il i Soisc&eacute;al Mharcais. T&aacute; codarsnacht ann idir na hinsint&iacute; sin maidir le h&Iacute;osa sna caibidil sin agus an cur i l&aacute;thair diagachta faoi &Iacute;osa mar an Bhriathar ar rinneadh feoil de i r&eacute;amhr&aacute; Shoisc&eacute;al Eoin a l&eacute;itear L&aacute; Nollag. Tugann sin go l&eacute;ir deis agus cuireadh d&uacute;inn an aird is cu&iacute; a thabhairt ar an deabh&oacute;id agus ar an tuiscint chritici&uacute;il ar mh&uacute;nl&uacute; thraidisi&uacute;n na Soisc&eacute;al agus ar an fhorbairt a th&aacute;inig sa luatheaglais ar ghaol &Iacute;osa le Dia an tAthair, Dia a Athair. T&aacute; seo ag teacht leis an moladh a thug &uacute;dar Ch&eacute;ad Litir Naomh Peadar d&aacute; phobal, agus d&uacute;inn go l&eacute;ir: &ldquo;B&iacute;g&iacute; r&eacute;idh i gc&oacute;na&iacute; le cosaint a dh&eacute;anamh in aghaidh aon duine a iarrann oraibh bonn a thabhairt leis an d&oacute;chas at&aacute; ionaibh; ach d&eacute;anaig&iacute; amhlaidh le cneastacht agus le hurraim&rdquo; (1 Peadar 3:15). Is f&eacute;idir linn achoimre a dh&eacute;anamh ar na cheisteanna sin anseo i gc&uacute;ig ranna, mar seo: <\/span>1. M&uacute;nl&uacute; thraidisi&uacute;n na Soisc&eacute;al; 2. Na&iacute;onsc&eacute;alta Mhatha agus L&uacute;c&aacute;is; 3. Stairi&uacute;lacht thraidisi&uacute;n l&aacute;rnach na Soisc&eacute;al; 4. &Iacute;osa na staire; agus 5. Cr&iacute;ost an chreidimh.<\/p>\n<p>i. <em>M&uacute;nl&uacute; thraidisi&uacute;n na Soisc&eacute;al. <\/em>Tosa&iacute;onn cuntas gach ceann de na ceithre soisc&eacute;il faoi mhinistreacht phoibl&iacute; &Iacute;osa le cur s&iacute;os ar sheanm&oacute;ireacht Eoin Baiste agus ar bhaisteadh &Iacute;osa. D&rsquo;fh&oacute;gair &Iacute;osa teacht r&iacute;ocht D&eacute;, rinne s&eacute; seanm&oacute;ireacht, m&iacute;or&uacute;ilti, bh&iacute; s&eacute; c&aacute;irdi&uacute;il leo si&uacute;d ar an imeall, bhailigh s&eacute; deisceabail m&oacute;r timpeall air f&eacute;in, agus uathu sin roghnaigh s&eacute; baill &aacute;irithe (ar a dtugtar de ghn&aacute;th aspail) ar thug s&eacute; d&oacute;ibh a mhisean agus a chuid cumhachta&iacute; f&eacute;in; c&eacute;asedh ar an gcrois &eacute; in Iar&uacute;sail&eacute;im agus thaispe&aacute;in s&eacute; &eacute; f&eacute;in d&aacute; lucht lean&uacute;na tar &eacute;is ais&eacute;ir&iacute; d&oacute;. N&iacute;l aon fhianaise againn gur scr&iacute;obh &Iacute;osa f&eacute;in tada, n&oacute; gur thug s&eacute; ord&uacute; d&aacute; lucht lean&uacute;na cuntas a thabhairt ar a shaothar agus ar an misean a bh&iacute; aige. Tar &eacute;is deascabh&aacute;il &Iacute;osa thuig an luatheaglais in Iar&uacute;sail&eacute;im go raibh orthu lena d&uacute;irt agus a rinne &Iacute;osa le linn a shaol poibl&iacute; go dt&iacute; a dheascabh&aacute;il a fh&oacute;gairt, agus sin &oacute;n uair a bh&iacute; Eoin ag baisteadh ar aghaidh. T&aacute; seo soil&eacute;ir &oacute;n m&eacute;id a d&uacute;irt Peadar faoi dhuine a thoghadh le &aacute;it I&uacute;das a ghlacadh (Gn&iacute;omhartha 1:21-22): &ldquo;N&iacute; fol&aacute;ir, d&aacute; bhr&iacute; sin, do dhuine acu si&uacute;d a bh&iacute; ar aon bhu&iacute;on linne fad a bh&iacute; an Tiarna &Iacute;osa ag si&uacute;l in&aacute;r measc, &oacute;n uair a bh&iacute; Eoin ag baisteadh go dt&iacute; an l&aacute; &uacute;d ar t&oacute;gadh suas uainn &eacute;, n&iacute; fol&aacute;ir do dhuine acu si&uacute;d a bheith ina fhinn&eacute; linn ar a ais&eacute;ir&iacute;&rdquo;. I luathsheanm&oacute;ireacht seo na hEaglaise n&iacute; bheadh aon ph&aacute;irt i gcuntas faoi bhreith &Iacute;osa, a na&iacute;onacht n&oacute; a shaol roimh bhaisteadh Eoin. Maidir le h&Iacute;osa bheadh a r&aacute;itis agus a ghn&iacute;omhartha coime&aacute;dta i gcuimhne agus seachadta ag an luatheaglais, ach athinste i sl&iacute; a chuirfeadh in oiri&uacute;int iad do ch&uacute;ins&iacute; nua. I rith na tr&eacute;imhse seo chomh maith bheadh forbairt ann ar thuiscint ghaol &Iacute;osa leis an Athair agus bheadh a r&oacute;l mar shl&aacute;naitheoir agus idirghabh&aacute;lai curtha isteach mar chuid de mh&uacute;nl&uacute; thraidisi&uacute;n na Soisc&eacute;al. Bh&iacute; an m&uacute;nl&uacute; sin de sh&iacute;or ag dul ar aghaidh, gurbh &eacute; an Ceathr&uacute; Soisc&eacute;al (Eoin) an staid dheirneach den fhorbairt seo, is d&oacute;cha. Is &eacute; soisc&eacute;al Mharcais an ch&eacute;ad cheann de na soisc&eacute;il a scr&iacute;obhadh, agus is d&oacute;cha go leanann seisean creatlach na luathsheanm&oacute;ireachta, ag tos&uacute; le baisteadh Eoin, agus in &eacute;agmais na&iacute;onsc&eacute;alta. Mar fhear eagair tugann Marcas creat d&aacute; shaothar, ar uairibh (mar shampla laethanta deiridh &Iacute;osa) creat de r&eacute;ir ama, agus do chodanna eile de creat ama agus t&iacute;reola&iacute;ochta, gur m&oacute; &oacute; phlean an eagarth&oacute;ra seachas &oacute; thaobh beachtais &eacute; b&rsquo;fh&eacute;idir.<\/p>\n<p>ii. <em>Na&iacute;onsc&eacute;alta Mhatha agus L&uacute;c&aacute;is. <\/em>T&aacute; na na&iacute;onsc&eacute;alta at&aacute; againn i soisc&eacute;il Mhatha agus L&uacute;c&aacute;is neamhsple&aacute;ch &oacute; chuntas l&aacute;rnach na soisc&eacute;al sin. N&iacute;orb chuid de sheanm&oacute;ireacht na luatheaglaise iad. N&iacute; h&eacute;asca a dheimhni&uacute; an traidisi&uacute;n beacht at&aacute; taobh thiar d&iacute;obh, n&oacute; an amhlaidh gur saorcheapad&oacute;ireacht diagachta aileag&oacute;ireach, f&aacute;thchiallach, n&oacute; a leith&eacute;id at&aacute; iontu. D&rsquo;fh&eacute;adfadh s&eacute; bheith go raibh traidisi&uacute;in faoi bhreith Chr&iacute;ost agus a na&iacute;onacht &aacute; seachadadh i measc a mhuintire (br&aacute;ithre agus a si&uacute;racha &Iacute;osa mar shampla). N&iacute; m&oacute;r&aacute;n at&aacute; i bpairt idir chuntais Mhatha agus L&uacute;c&aacute;is, seachas breith &Iacute;osa sa Bheithil agus gini&uacute;int mhaighdean&uacute;il (gan athair daonna)&ndash;&eacute; sin soil&eacute;ir i Matha (Matha 1:18-24), thar a bheith d&oacute;ch&uacute;il i L&uacute;c&aacute;s (L&uacute;c&aacute;s 1:26-38, go h&aacute;irithe 1:35). Is sp&eacute;is faoi leith ag Matha comhl&iacute;onadh na dtairngreachta&iacute; i ngini&uacute;int &Iacute;osa, ina bhreith agus a na&iacute;onacht, agus admh&aacute;il a st&aacute;das mar r&iacute; na nGi&uacute;dach ag a bhreith ag saoithe pag&aacute;nacha (Mag&iacute;).<\/p>\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; An teachtaireacht l&aacute;rnach at&aacute; ag L&uacute;c&aacute;s (sna sleachta a l&eacute;itear O&iacute;che agus L&aacute; Nollag) n&aacute; an bhr&iacute; at&aacute; ann do lucht lean&uacute;na Chr&iacute;ost i mbreith Chr&iacute;ost: na flaithis ar oscailt (na haingil; faoi mar a bh&iacute; i mbaisteadh &Iacute;osa agus ag an Claochl&uacute;), sc&eacute;ala na n-aoir&iacute; faoin dteachtaireacht &oacute; neamh faoi r&uacute;ndiamhair &Iacute;osa, agus Muire &aacute; taisceadh ina cro&iacute; agus ag machnamh ar na nithe sin, Muire m&aacute;thair &Iacute;osa mar eiseaml&aacute;ir an chreidmhigh do L&uacute;c&aacute;s, ag machnamh ar r&uacute;ndiamhair &Iacute;osa mar is dual do gach Cr&iacute;osta&iacute;. N&iacute; d&oacute;cha go bhfuil an creatlach ina shu&iacute;onn L&uacute;c&aacute;s breith Chr&iacute;ost, in &eacute;ineacht le daon&aacute;ireamh Quirinius (Cuir&iacute;on), stair&iacute;uil. N&iacute;os d&eacute;ana&iacute; a tharla sin, sa bhliain 6 AD, nuair a rinneadh proibhinse R&oacute;mh&aacute;nach de I&uacute;d&aacute;ia. Ach n&iacute; cumad&oacute;ireacht &oacute; thaobh L&uacute;c&aacute;is na na&iacute;onsc&eacute;alta sin. Is r&iacute;-chos&uacute;il go bhfuair s&eacute; iad, n&oacute; an t-abhar iontu, &oacute;n chomhluadar Cr&iacute;osta&iacute; in Iar&uacute;sail&eacute;im.<\/p>\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Ba choir na na&iacute;onsc&eacute;alta a mheas faoi mar ar ch&eacute;adcheapadh iad &ndash; n&iacute; go bun&uacute;sach mar stair ach mar &aacute;bhar machnaimh ar r&uacute;ndiamhair Chr&iacute;ost, p&eacute; acu ina na&iacute;on&aacute;n d&oacute; n&oacute; ina shaol poibl&iacute;.<\/p>\n<p>iii. <em>Stairi&uacute;lacht thraidisi&uacute;n l&aacute;rnach na Soisc&eacute;al.<\/em> Rinneadh traidisi&uacute;n na soisc&eacute;al a mh&uacute;nl&uacute; ag creidmhigh i gCr&iacute;ost tar &eacute;is thr&eacute;imhse an ais&eacute;irithe agus na deascabh&aacute;la. D&oacute;ibh si&uacute;d, bh&iacute; &Iacute;osa, anois ar dheasl&aacute;mh an Athar ar neamh, i l&aacute;thair leo agus tr&iacute;d an Spiorad Naomh ag threor&uacute; na hEaglaise. An m&eacute;id a raibh cuimhne orthu faoi &Iacute;osa, faoina a bhriathra, a theagasc, a mh&iacute;or&uacute;ilt&iacute;, rinneadh iad a sheacadadh ag creidmhigh, do chreidmhigh. Is f&eacute;idir l&eacute;argas ar seo a fh&aacute;il s cheist &Iacute;osa ar a dheisceabail &ldquo;C&eacute; h&eacute; a deir sibhse m&eacute;?&rdquo; i Marcas 8:29 ar thug Peadar an freagra (de r&eacute;ir Marcais): &ldquo;Is t&uacute; an Cr&iacute;ost&rdquo;, agus d&rsquo;ordaigh &Iacute;osa d&oacute;ibh go g&eacute;ar gan labhairt mar gheall air le haon duine. I soisc&eacute;al Mhatha (16:13) t&aacute; admh&aacute;il chreidimh Pheadair agus freagra &Iacute;osa n&iacute;os saibhre n&aacute; sin. Ansin is &iacute; ceist &Iacute;osa n&aacute;: &ldquo;C&eacute; h&eacute; a deir daoine Mac an Duine?&rdquo;, ar thugann Peadar freagra de r&eacute;ir Mhatha: &ldquo;Is t&uacute; an Cr&iacute;ost, mac D&eacute; bheo&rdquo;, ar a thugann &Iacute;osa mar fhreagra: &ldquo;Is m&eacute;aner duit, a Sh&iacute;om&oacute;in Bar I&oacute;na. &Oacute;ir n&iacute; fuil n&aacute; feoil a d&rsquo;fhoilsigh duit &eacute; ach m&rsquo;Athair at&aacute; ar neamh. Agus deirimse leatsa gur t&uacute; Peadar agus is ar an gcarraig seo a th&oacute;gfaidh m&eacute; m&rsquo;eaglais, agus n&iacute; bhuafaidh geata&iacute; ifrinn uirthi. Agus tabharfaidh m&eacute; duit eochracha r&iacute;ocht na bhflaitheas; rud ar bith a cheangla&iacute;onn t&uacute; ar talamh beidh s&eacute; ceangailte ar neamh, agus rud ar bith a scaoileann t&uacute; ar talamh beidh s&eacute; scaoilte ar neamh&rdquo;. Chuir &Iacute;osa mar acht ar na deisceabail ansin gan a r&aacute; le duine ar bith gurbh &eacute; f&eacute;in an Cr&iacute;ost, an Meisias. Dealra&iacute;onn s&eacute; go mbaineann foirmli&uacute; seo Mhatha le forbairt Chr&iacute;osta&iacute; n&iacute;os d&eacute;ana&iacute; ar phearsa Chr&iacute;ost agus ar fhoilsi&uacute; r&uacute;ndiamhair an tsl&aacute;naithe tr&iacute;d.<\/p>\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Cuirtear &Iacute;osa i<em> <\/em>l&aacute;thair sna soisc&eacute;il mar chro&iacute;l&aacute;r an chreidimh Chr&iacute;osta&iacute;. Ach is mian le staraithe, p&eacute; acu creidmhigh n&oacute; neamh-chreidmhigh iad, a dheimhni&uacute; cad &eacute; an t-eolas is f&eacute;idir a bheith againn ar cad go d&iacute;reach a d&uacute;irt agus a rinne &Iacute;osa, ag baint &uacute;s&aacute;ide as na soisc&eacute;il agus t&eacute;acsanna eile mar fhoins&iacute; staire, seachas foins&iacute; creidimh. Ar an dtogra seo tugtar &ldquo;Ar T&oacute;ir &Iacute;osa na Staire&rdquo;, brainse taighde at&aacute; go m&oacute;r faoi r&eacute;im le breis agus c&eacute;ad bliain anuas, agus f&oacute;s len&aacute;r linn f&eacute;in.<\/p>\n<p>iv. <em>&Iacute;osa na Staire<\/em>. Is &iacute; is br&iacute; le &ldquo;h&Iacute;osa na Staire&rdquo;, mar a d&uacute;ramar, n&aacute; pearsa, gn&iacute;omhartha agus briathra &Iacute;osa mar is eol d&uacute;inn iad &oacute; na t&eacute;acsanna a bhaineann le h&aacute;bhar (go m&oacute;r m&oacute;r na soisc&eacute;il, go h&aacute;irithe na tr&iacute; cinn tosaigh &ndash; na Sionoptaigh), t&eacute;acsanna ar f&eacute;idir le scol&aacute;ir&iacute; glacadh leo mar fhoins&iacute; staire, is cuma an le creideamh n&oacute; in easpa chreidimh na daoine sin: Caitlicigh chr&aacute;ifeacha, Protast&uacute;naigh liobar&aacute;lacha, Gi&uacute;daigh, agn&oacute;isithe, ainchreidmhigh agus eile. T&aacute; an taighde sin d&eacute;anta agus seo an m&eacute;id ar f&eacute;idir aont&uacute; leis &oacute; na t&eacute;acsanna sin mar fhoins&iacute; staire faoi &Iacute;osa: gurbh ann d&oacute;, mhair s&eacute;, rinne s&eacute; seanm&oacute;ireacht sa Ghailil, agus in Iar&uacute;sail&eacute;im chomh maith; bhailigh s&eacute; bu&iacute;on deisceabal thart timpeall air, agus ina measc si&uacute;d bh&iacute; gr&uacute;pa faoi leith (d&aacute;r&eacute;ag b&rsquo;fh&eacute;idir); in aistear deiridh aige go hIar&uacute;sail&eacute;im d&rsquo;&eacute;irigh idir &eacute; agus na h&uacute;dar&aacute;is chreidimh ansin, mar gheall ar theagasc d&aacute; chuid ar an Teampall de r&eacute;ir dealraimh; dhaor na h&uacute;dar&aacute;is chreidimh sin &eacute;; thug an gobharn&oacute;ir R&oacute;mh&aacute;nach breith an bh&aacute;is air agus c&eacute;asadh ar an gcrois &eacute;.<\/p>\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Ach &ldquo;&Iacute;osa na Staire&rdquo; seo ar a dh&eacute;antar an m&eacute;id sin taighde inniu, is teib&iacute;ocht agus constr&aacute;id, t&oacute;g&aacute;n, &eacute;. Ba mh&oacute;r go m&oacute;r an &ldquo;f&iacute;or-&Iacute;osa&rdquo;, an phearsa f&eacute;in, n&aacute; ar f&eacute;idir cur le ch&eacute;ile faoi ag an chritic stairi&uacute;il. Pearsa carasmatach a bh&iacute; ann a tharraing chuige f&eacute;in bu&iacute;on de dheisceabail thiomanta, a leanfadh lena shaothar agus a mhisean tar &eacute;is d&oacute; bheith c&eacute;asta, agus an deimhne acu go raibh s&eacute; ais&eacute;irithe &oacute; na mairbh, gur fhoilsigh s&eacute; &eacute; f&eacute;in do fhinn&eacute;ithe tofa, go raibh s&eacute; ina shu&iacute; ar dheasl&aacute;mh an Athar agus go raibh an Spiorad Naomh seolta aige ar a lucht lean&uacute;na.<\/p>\n<p>v. <em>Cr&iacute;ost an Chreidimh.<\/em> De r&eacute;ir Shoisc&eacute;al Eoin (16:12-13) duirt &Iacute;osa lena dheisceabail: &ldquo;T&aacute; m&oacute;r&aacute;n eile le r&aacute; agam libh, ach n&iacute; fh&eacute;adann sibh iad a fhulaingt anois; ach nuair a thiocfaidh s&eacute; si&uacute;d, Spiorad na F&iacute;rinne, d&eacute;anfaidh s&eacute; eolas daoibh chun an uile fh&iacute;rinne. &Oacute;ir n&iacute; as f&eacute;in a labhr&oacute;idh; labhr&oacute;idh s&eacute; na nithe a chuala s&eacute;, agus inseoidh s&eacute; daoibh na nithe at&aacute; le teacht&rdquo;. Ag Caesairia<em> <\/em>Philib chuir &Iacute;osa an cheist s&eacute; ar a dheisceabail: &ldquo;C&eacute; h&eacute; a deir na daoine mise?&rdquo; agus &ldquo;C&eacute; h&eacute; a deir sibhse m&eacute;?&rdquo; Ba &eacute; luathchreideamh an hEaglaise n&aacute; gur ardaigh an tAthair Cr&iacute;ost ag a ais&eacute;ir&iacute; agus a dheascabh&aacute;il agus gur bhronn s&eacute; air ainm at&aacute; os cionn gach ainm, is &eacute; sin le r&aacute; &ldquo;an Tiarna&rdquo;, teideal a bhfuil admh&aacute;il chreidimh istigh ann: &Iacute;osa ardaithe, ina shu&iacute; ag deasl&aacute;mh an Athar agus ag seoladh an Spioraid ar an Eaglais. Chuaigh machnamh ar an ghaol idir &Iacute;osa le Dia an tAthair, agus sin taobh istigh de aondiachas docht Gi&uacute;dach, ar aghaidh san luath-Eaglais. Faoi dheireadh na ch&eacute;ad aoise bh&iacute; &Iacute;osa &aacute; adhradh mar Dhia, mar a l&eacute;ir&iacute;tear go soil&eacute;ir a Soisc&eacute;al Eoin, mar shampla Eoin 10:30: &ldquo;Is aon mise agus an tAthair&rdquo;. I dt&uacute;s agus i gcr&iacute;och Shoisc&eacute;al Eoin t&aacute; admh&aacute;il creidimh in ndiagacht &Iacute;osa: &ldquo;Ba Dhia an Briathar&rdquo; (Eoin 1:1). D&eacute;anann Tom&aacute;s an admh&aacute;il ch&eacute;anna do Chr&iacute;ost ag a dheireadh: &ldquo;Mo Thiarna agus mo Dhia&rdquo; (Eoin 20:28). T&eacute;ann Eoin n&iacute;os faide le admh&aacute;il creidimh i bheith-ann s&iacute;ora&iacute; Chr&iacute;ost mar an Briathar: &ldquo;Bh&iacute; an Briathar ann i dt&uacute;s b&aacute;ire agus bh&iacute; an Briathar in &eacute;ineach le Dia agus ba Dhia an Briathar&rdquo; (Eoin 1:1). Cuireann an Litir chuig na hEabhraigh (a l&eacute;itear ag Aifreann L&aacute; Nollag) b&eacute;im ar ghaol dl&uacute;th Chr&iacute;ost le Dia. Is &eacute; &ldquo;sc&aacute;il a ghl&oacute;ire agus cl&oacute; a shubstainte&rdquo; &eacute; (Eabhraigh 1:3). D&eacute;anann an litir ch&eacute;anna (1:8-9), fi&uacute;, tagairt do Chr&iacute;ost mar &ldquo;Dhia&rdquo;. Ach ceisteanna a bh&iacute; f&oacute;s le freagairt n&aacute; n&aacute;d&uacute;r ghaol seo &Iacute;osa le Dia: an raibh s&eacute; ointeila&iacute;och, meitifisici&uacute;il, n&oacute; meafarach amh&aacute;in. Lean g&eacute;arch&eacute;im ar na ceisteanna a arda&iacute;odh faoin &aacute;bhar seo i bhfoirm eiriceachta, Airiasachas (ainmnithe &oacute;na &uacute;dar Arius thart ar 250-336) a sh&eacute;an diagacht cheart Chr&iacute;ost, ag ma&iacute;omh nach raibh Mac D&eacute; s&iacute;ora&iacute; ach go raibh s&eacute; cruthaithe ag an Athair as neamhn&iacute; mar &uacute;irlis do chruth&uacute; an domhain, agus mar sin n&aacute;rb Dia &eacute; &oacute; n&aacute;d&uacute;r, ach an d&iacute;nit a bh&iacute; aige mar Mhac D&eacute; gur tugadh d&oacute; &iacute; ag an Athair mar gheall ar a fh&iacute;r&eacute;antacht a bh&iacute; r&eacute;amhfheicthe. Lean an teagasc seo ag leathn&uacute; agus ag suaitheadh na hEaglaise (go h&aacute;irithe san Oirthear). Le s&iacute;och&aacute;in a thabhairt isteach shainmh&iacute;nigh an Ch&eacute;ad Chomhairle Eac&uacute;im&eacute;ineach ag Nicea (325 AD) teagasc na hEaglaise sa Chr&eacute; at&aacute; f&oacute;s &aacute; h&uacute;s&aacute;id: &ldquo;Creidim in nDia &hellip; agus in &Iacute;osa Cr&iacute;ost &hellip; Dia &oacute; Dhia &hellip;f&iacute;orDhia &oacute; fh&iacute;orDhia; an t&aacute; a gineadh agus nach ndearnadh, agus at&aacute; comhshubstainti&uacute;il (d&rsquo;aon substaint) leis an Athair; is tr&iacute;d a rinneadh an uile n&iacute;&rdquo;. Ag briseadh le traidisi&uacute;n, bhain an Eaglais feidhm as t&eacute;arma feals&uacute;nachta (&ldquo;comhshubstainti&uacute;il&rdquo;) lena teagasc a dh&eacute;anamh soil&eacute;ir. N&iacute; raibh t&eacute;arma a oirfeadh sa Bh&iacute;obla le f&aacute;il.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>6 Nollaig 2015 (C) An Dara Domhnach den Aidbhint Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute; &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-360","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/360","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=360"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/360\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=360"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=360"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=360"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}