{"id":362,"date":"2015-12-09T10:49:31","date_gmt":"2015-12-09T10:49:31","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=362"},"modified":"2015-12-09T10:49:31","modified_gmt":"2015-12-09T10:49:31","slug":"13-nollaig-2015-c-an-triu-domhnach-den-aidbhint","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=362","title":{"rendered":"13 Nollaig 2015 (C) An Tr\u00ed\u00fa Domhnach den Aidbhint"},"content":{"rendered":"<p><span style=\"color: blue;\">13 Nollaig 2015 (C) An Tr&iacute;&uacute; Domhnach den Aidbhint <\/span><\/p>\n<p style=\"line-height: 12pt;\"><span style=\"color: blue;\">Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla<\/span><\/p>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><span style=\"color: blue;\">L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/li>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><strong><em>B.<\/em><\/strong><strong><em><span style=\"color: blue;\">An B&iacute;obla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: <\/span><\/em><\/strong><em><span style=\"color: blue;\">Bheith l&uacute;c&aacute;ireach i gc&oacute;nai. T&aacute; an Tiarna i gc&oacute;ngar.<\/span><\/em><em><\/em><\/li>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><strong><em>A.<\/em><\/strong><strong><em><span style=\"color: blue;\">L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;.<\/span><\/em><\/strong><em><\/em><\/li>\n<\/ol>\n<p><em><span style=\"color: black;\">C&eacute;ad L&eacute;acht <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">(S&oacute;fania 3:14-18). <em>T&oacute;gfaidh an Tiarna g&aacute;rtha &aacute;thais ar do shon faoi mar a dh&eacute;antar ar l&aacute; an tsolll&uacute;ntais. <\/em>D&eacute;anfar an l&eacute;acht seo a mheas n&iacute;os fearr m&aacute; l&eacute;itear &iacute; i gcoinne a c&uacute;lra bunaidh i Leabhar S&oacute;fania. T&aacute; baili&uacute;ch&aacute;n oracal i Leabhar S&oacute;fania, agus t&aacute; an ch&eacute;ad cheann d&iacute;obh ag f&oacute;gairt l&eacute;irscriosta ar I&uacute;da de bharr an sincr&eacute;iteachais reiligi&uacute;nda at&aacute; ann, adhradh d&eacute;ithe br&eacute;ige mar aon le cultas D&eacute; Iosrael. Ina dhiaidh sin leathna&iacute;onn breithi&uacute;nas D&eacute; go n&aacute;isi&uacute;in eile at&aacute; ciontach chomh maith, le filleadh ansin le treoraithe an phobail in Iar&uacute;sail&eacute;im agus I&uacute;da a dhaoradh &ndash; na breithiuna, na f&aacute;ithe agus na sagairt, na sagairt toisc go dtruaill&iacute;onn siad nithe naofa agu go s&aacute;ra&iacute;onn siad an dl&iacute; &ndash; gan breith n&oacute; teagasc c&oacute;ir a thabhairt is d&oacute;cha. Ach glanfaidh an Tiarna Iar&uacute;sail&eacute;im, ag t&oacute;gaint as a l&aacute;r a cuid bladhmair&iacute; uaibhreacha agus ag f&aacute;gaint pobal bocht uir&iacute;seal istigh ann, fu&iacute;lleach Iosrael a lorg&oacute;dh d&iacute;dean in ainm an Tiarna.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Is cuid de bheatha an chreidmhigh an peaca, an bhagairt &oacute; Dhia agus pion&oacute;s uaidh, ach n&iacute; th&oacute;gann sin &oacute; phlean D&eacute; don chine daonna aagus d&aacute; phobal tofa. Plean agus beart D&eacute; d&aacute; phobal, t&aacute; siad sin curtha in i&uacute;l sa salm a chuireann cr&iacute;och le Leabhar S&oacute;fania agus gur &eacute;irim l&eacute;acht an lae inniu &eacute;. T&aacute; briathra d&oacute;chais agus s&oacute;l&aacute;is d&iacute;rithe ar Iar&uacute;sail&eacute;im, ar a dtugtar anseo In&iacute;on Sh&iacute;&oacute;n i st&iacute;l an Bh&iacute;obla. Glactar leis go mbeidh an pobal nua seo bocht uir&iacute;seal, ag lorg d&iacute;din sa Tiarna. N&iacute;or ch&oacute;ir go nd&eacute;anfadh peaca&iacute; n&oacute; faill&iacute;ocha sa r&eacute; a ghabh thart, ba chuma c&eacute; chomh trom n&oacute; chomh n&aacute;ireach iad, lagmhisneach a thabhairt. Is &iacute; teachtaireacht D&eacute; n&aacute; gur choir gluaiseacht ar aghaidh &oacute; r&eacute; agus peaca&iacute; den am at&aacute; thart. T&aacute; peaca&iacute; maite. L&aacute;rth&eacute;ama den salm agus den l&eacute;acht seo n&aacute; l&uacute;ch&aacute;ir agus gartha &aacute;thais. T&aacute; an Tiarna i measc a phobail, an Tiarna le cumhacht aige r&eacute; nua a chruth&uacute;, le l&uacute;ch&aacute;ir agus uchtach a thabhairt. N&iacute; hamh&aacute;in gur ch&oacute;ir d&aacute; phobal rim&eacute;ad a bheith air, ach f&oacute;s a mheabhr&uacute; go bhfuil an Tiarna f&eacute;in, a nDia, ina measc agus go nd&eacute;anfaidh s&eacute; gairdeas go spleodrach mar gheall ar a phobal, ag t&oacute;gaint gartha &aacute;thais ar a shon, faoi mar a dh&eacute;antar ar l&aacute; an tsoll&uacute;ntais. Ba ch&oacute;ir gur ch&uacute;is &aacute;thais &eacute; a fhios tr&iacute; chreideamh a bheith againn go bhfuil Dia i l&aacute;thair ag tabhairt maithi&uacute;nais ar pheaca&iacute; de r&eacute; at&aacute; thart agus ag tabhairt cumhachta don r&eacute; nua.<\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"color: black;\">Salm le Freagra <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">(&Iacute;se&aacute;ia 12). <em>G&aacute;irig&iacute; le h&aacute;thas agus le l&uacute;ch&aacute;ir, &oacute;ir is m&oacute;r &eacute; i do l&aacute;r Neach Naofa Iosrael.<\/em>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; <\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"color: black;\">Dara L&eacute;acht <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">(Filipigh 4:4-7). <em>N&iacute; fada uainn an Tiarna. <\/em>Scr&iacute;obh P&oacute;l an litir seo chuig na Filipigh le linn do bheith i bprios&uacute;n, in Efesus b&rsquo;fh&eacute;idir, agus i mbaol b&aacute;is. D&aacute;ir&iacute;re. is f&eacute;idir anam Ph&oacute;il a bhrath sa litir seo ag spr&eacute; uaidh &aacute;thas agus l&uacute;ch&aacute;ir i gCr&iacute;ost. Ina thuairim ba bhronntanas &oacute;n Spiorad Naomh an l&uacute;ch&aacute;ir sin, mar a scr&iacute;obh s&eacute; chuig na Teasal&oacute;naigh, eaglais i gcomhsaranacht Filipe mar ar bhunaigh s&eacute; eaglais tamall gearr tar &eacute;is d&oacute; an ceann a bhun&uacute; i bFilipe. Mheabhraigh s&eacute; le h&aacute;thas do na Teasal&oacute;naigh faoin &aacute;bhar seo: &ldquo;d&rsquo;ainneoin gach anacra ghlac sibh leis an mbriathar uainn i l&uacute;ch&aacute;ir an Spioraid Naoimh, sa tsl&iacute; go bhfuil sibh mar shampla do na chreidmhigh sa Mhacad&oacute;in agus in Ach&aacute;ia&rdquo; (1 Teasal&oacute;naigh 1:6). Eascra&iacute;onn an l&uacute;ch&aacute;ir seo &oacute; bhronntanas an chreidimh, agus &oacute;n r&eacute; nua at&aacute; tagaithe leis. D&eacute;anann s&iacute; aithris ar Chr&iacute;ost f&eacute;in, a rinne gairdeas sa Spiorad, agus a ghabh bu&iacute;ochas leis an Athair, Tiarna neimhe agus tal&uacute;n gur cheil s&eacute; r&uacute;ndiamhra na r&iacute;ochta ar lucht eagna agus &eacute;irime agus gur fhoilsigh s&eacute; do na&iacute;on&aacute;in iad (L&uacute;c&aacute;s 10:21). Ba ch&oacute;ir go mbeadh &aacute;thas agus l&uacute;ch&aacute;ir Chr&iacute;osta&iacute; ag spr&eacute; amach &oacute; chreidmhigh, go mbeadh a n-&shy;<em>epieikeia<\/em><\/span> (focal Gr&eacute;igise saibhir i mbr&iacute;onna), a gcneastacht, a gcaoimhe, a bhfoighne, le feice&aacute;il ag c&aacute;ch. Is &eacute; is bun leis an dearcadh dearfach seo go l&eacute;ir n&aacute; nach &ldquo;fada uainn an Tiarna&rdquo;; t&aacute; an Tiarna i gc&oacute;ngar; n&iacute; h&eacute; go bhfuil a ateacht i gc&oacute;ngar, ach go bhfuil s&eacute; i l&aacute;thair i gcumhacht, ag tabhairt leis s&iacute;och&aacute;in agus &aacute;thas at&aacute; os cionn &aacute;r dtuisceana, l&aacute;ithreacht diaga a dh&eacute;antar beo tr&iacute;d an urna&iacute;.<\/p>\n<p><em><span style=\"color: black;\">An Soisc&eacute;al<\/span><\/em><span style=\"color: black;\"> (L&uacute;c&aacute;s 3:10-18). <em>Cad ata le d&eacute;anamh againn? <\/em>T&aacute;imid i dtr&eacute;imhse na hAidbhinte, ag feitheamh le teacht Chriost, agus i ngach bliain sa Dara agus sa Tr&iacute;&uacute; Domhnach cuireann an Soisc&eacute;al os &aacute;r gcomhair Eoin Baiste, an R&eacute;amhtheachtaire, a ch&eacute;ad thug chun solais go raibh &Iacute;osa tagaithe, Chraobhscaoil Eoin Baiste aithr&iacute;. I Soisc&eacute;al an lae inniu d&eacute;anann s&eacute; soil&eacute;ir d&oacute;ibh si&uacute;d a thagann chuige cad a bh&iacute; le d&eacute;anamh acu le go mbeadh an n-aithr&iacute; d&aacute;ir&iacute;re.<\/span><\/p>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><strong><em>B.<\/em><\/strong><strong><em><span style=\"color: blue;\">An B&iacute;obla in Agallamh le ceisteanna an lae.<\/span><\/em><\/strong><em><span style=\"color: blue;\"> Bheith l&uacute;c&aacute;ireach i gc&oacute;nai. T&aacute; an Tiarna i gc&oacute;ngar.<\/span><\/em><em><\/em><\/li>\n<\/ol>\n<p><span style=\"color: black;\">Go traidisi&uacute;nta i liot&uacute;irge na hAidbhinte tugadh Domhnach <em>Gaudete&cedil; <\/em>Domhnach na L&uacute;ch&aacute;ire, ar an tr&iacute;&uacute; Domhnach den Aidbhint agus bh&iacute; t&eacute;acs an lae inniu &oacute;n litir chuid na Filipigh mar loinneog don Iontr&oacute;id ann. Baineann liot&uacute;irge Aifreann an lae seo go hioml&aacute;n leis an &aacute;thas agus an l&uacute;ch&aacute;ir ar ch&oacute;ir a bheith l&aacute;rnach don bheatha Chr&iacute;osta&iacute;, Ba ch&oacute;ir go mbeadh le feice&aacute;il sa bheatha Chr&iacute;osta&iacute; na su&aacute;ilc&iacute; a luann P&oacute;l in a litir chuig na Filipigh, cneastacht, caoimhe, foighne, tuiscint d&aacute; ch&eacute;ile, bunaithe ar an gcreideamh go bhfuil Dia, Cr&iacute;ost, an Spiorad Naomh, i l&aacute;thair, a Spiorad Naomh a thugann an deimhne go bhfuil an bua ag Criost ar laig&iacute; an tsaoil agus go bhfuil s&eacute; i l&aacute;thair leis an bua sin a dhaingni&uacute;. Is finn&eacute; an bheatha Chr&iacute;osta&iacute; d&oacute; sin go l&eacute;ir. Is solas an domhain iad lucht lean&uacute;na Chr&iacute;ost. Is l&oacute;chrann agus lampa iad do l&aacute;ithreacht D&eacute; sa domhan, faoi mar is finn&eacute; Lampa an tSanct&oacute;ra do l&aacute;ithreacht Chr&iacute;ost san Eocairist. Is finn&eacute; an beatha Chr&iacute;osta&iacute; faoi &aacute;thas agus l&uacute;ch&aacute;ir go bhfuil an Tiarna Dia i gc&oacute;ngar agus go bhfuil sl&aacute;n&uacute; tagaithe i gCr&iacute;ost faoi mar is toil le Dia sin.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Maidir le agallamh le ceisteanna an lae san &aacute;bhar seo, n&iacute; dochar a mheabhr&uacute; go bhfuil roinnt mhaith de shaol &aacute;r linne a dhi&uacute;lta&iacute;onn glacadh le creideamh i l&aacute;ithreacht D&eacute; n&oacute; le sl&aacute;n&uacute; &oacute; Dhia. T&aacute;thar ann a th&eacute;ann thar di&uacute;lti&uacute; amh&aacute;in le sl&aacute;n&uacute; a lorg gan Dia n&oacute; gan aon reiligi&uacute;n eagraithe, go m&oacute;r m&oacute;r an Eaglais Chaitliceach. Is finn&eacute; do l&aacute;ithreacht Chr&iacute;ost agus D&eacute; Lampa an tSanct&oacute;ra, agus cuireann an lampa sin as do saoithe &aacute;irithe. Is t&eacute;ama geal le scr&iacute;bhneoir&iacute; &aacute;irithe sl&aacute;n&uacute; gan Dia, mar shampla an dramad&oacute;ir Tom Murphy ina dhr&aacute;ma <em>The Sanctuary Lamp.<\/em> I m&iacute;r faoin dramad&oacute;ir agus an dr&aacute;ma sin sa su&iacute;omh idirl&iacute;n <em>Wikipedia<\/em> deirtear go bhfuil s&eacute; ag ini&uacute;chadh sa dr&aacute;ma seo an cath i gcoinne nihileachais agus faigheann s&eacute; modh sl&aacute;naithe agus d&oacute;chais i gcumas an chine dhaonna tr&oacute;caire agus gr&aacute; a thaispe&aacute;int agus spiorad&aacute;ltacht indibhidi&uacute;il a aimsi&uacute;. D&eacute;antar den Lampa &iacute;omh&aacute; de sholas anam an duine aonair gan baint le dogma n&aacute; reiligi&uacute;n.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Labhair an P&aacute;pa Benedict XVI faoin &aacute;bhar at&aacute; i gceist againn in aitheasc d&aacute; chuid faoin Domhnach seo d&rsquo;oilithrigh sa R&oacute;imh sa bhliain 2007. D&uacute;irt s&eacute;: &ldquo;Leir&iacute;onn r&uacute;ndiamhair na Beithile Dia-linn d&uacute;inn, Dia gar d&uacute;inn agus n&iacute; hamh&aacute;in sa chiall sp&aacute;is agus ama; t&aacute; s&eacute; c&oacute;ngarach d&uacute;inn toisc gur &ldquo;ph&oacute;s&rdquo; s&eacute;, mar a dh&eacute;arf&aacute;, &aacute;r ndaonnacht. Th&oacute;g s&eacute; air f&eacute;in &aacute;r staid dhaonna; ba mhian leis bheith cos&uacute;il linn i ngach rud seachas an peaca le go mbeimidne cos&uacute;il leis sin. Is mar sin a eascra&iacute;onn an l&uacute;ch&aacute;ir Chriosta&iacute; &oacute;n deimhne seo: t&aacute; Dia c&oacute;ngarach, t&aacute; s&eacute; linne, san &aacute;thas agus sa bhr&oacute;n, i dtinneas agus i sl&aacute;inte, mar chara agus mar ch&eacute;ile d&iacute;lis. Agus maireann an l&uacute;ch&aacute;ir seo fi&uacute; i dtriobloidi agus i bhfulaingt. Ni mhaireann s&iacute; sa dromchla amh&aacute;in; lonnaionn si i ndoimhne an duine a chuireann a iontaobh i nDia agus a chuireann muinin ann, Cuireann daoine &aacute;irithe an cheist: An f&eacute;idir a leith&eacute;id de l&uacute;ch&aacute;ir a bheith againn inniu?&rdquo; Freagra na ceiste n&aacute; gur f&eacute;idir. Mar chrioch ar a aitheasc deir an P&aacute;pa: &ldquo;Ionann bheith sona le Dia agus bheith gr&aacute;mhar mar Dhia, bheith cabharthach mar &eacute;, ag tabhairt seirbh&iacute;se do dhaoine eile mar &eacute;. Is ea; tagann gr&aacute; isteach ina gcroithe si&uacute;d a th&eacute;ann i gcabhair orthu si&uacute;d at&aacute; uir&iacute;seal agus bocht. Lonna&iacute;onn Dia iontu si&uacute;d a thugann gr&aacute; mar sin agus b&iacute;onn l&uacute;ch&aacute;ir ar a n-anamacha. Ach, in a ionad sin, m&aacute; dh&eacute;anann daoine &iacute;ol den sonas cailleann siad a sl&iacute; agus t&eacute;ann s&eacute; rite orthu an l&uacute;ch&aacute;ir ar a labhra&iacute;onn &Iacute;osa a aimsi&uacute;. Ar mh&iacute;-&aacute;mhara&iacute; an tsaoil is &eacute; seo a chuirtear i l&aacute;thair ag cultuir a chuireann sonas an duine aonair in &aacute;it D&eacute;, meoin aigne a fhaigheann a sprioc i lorg pl&eacute;isi&uacute;ir ar ais n&oacute; ar &eacute;igin, ag scaipeadh &uacute;s&aacute;id droganna mar mhodh &eacute;alaithe, ag lorg tearman i bparthas br&eacute;ige, a l&eacute;ir&iacute;tear n&iacute;os d&eacute;ana&iacute; a bheith go hioml&aacute;n mealltach&rdquo;.<\/span><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>13 Nollaig 2015 (C) An Tr&iacute;&uacute; Domhnach den Aidbhint Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute; B.An B&iacute;obla in Agallamh le Ceisteanna an &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-362","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/362","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=362"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/362\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=362"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=362"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=362"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}