{"id":364,"date":"2015-12-16T09:30:20","date_gmt":"2015-12-16T09:30:20","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=364"},"modified":"2015-12-16T09:30:20","modified_gmt":"2015-12-16T09:30:20","slug":"20-nollaig-2015-c-an-ceathru-domhnach-den-aidbhint","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=364","title":{"rendered":"20 Nollaig 2015 (C) An Ceathr\u00fa Domhnach den Aidbhint"},"content":{"rendered":"<p><span style=\"font-size: 10pt; color: blue;\">20 Nollaig 2015 (C) An Ceathr&uacute; Domhnach den Aidbhint <\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 10pt; color: blue;\">Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla<\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 10pt; color: blue;\">leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC<\/span><\/p>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><span style=\"font-size: 10pt; color: blue;\">L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/li>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><strong><em>B.<\/em><\/strong><strong><em><span style=\"font-size: 10pt; color: blue;\">An B&iacute;obla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: <\/span><\/em><\/strong><em><span style=\"font-size: 10pt; color: blue;\">Cr&iacute;ost i bhf&aacute;istine. An T&eacute; At&aacute; le Teacht<\/span><\/em><em><\/em><\/li>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><strong><em>A.<\/em><\/strong><strong><em><span style=\"font-size: 10pt; color: blue;\">L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;.<\/span><\/em><\/strong><em><\/em><\/li>\n<\/ol>\n<p><em><span style=\"font-size: 10pt; color: black;\">C&eacute;ad L&eacute;acht <\/span><\/em><span style=\"font-size: 10pt; color: black;\">(M&iacute;oc&aacute; 5:1-4). <em>Is asatsa a thiocfaidh chugam an t&eacute; a bheidh ina cheann urra ar Iosrael. <\/em>Ba chomhaimsearach leis an bhf&aacute;idh &Iacute;se&aacute;ia &eacute; an f&aacute;idh M&iacute;oc&aacute;, a mhair &oacute;n l&aacute;r go deireadh an ocht&uacute; c&eacute;ad roimh Chr&iacute;ost. Murab ionann agus &Iacute;se&aacute;ia, a th&aacute;inig &oacute; uasal aicme Iar&uacute;sail&eacute;im, th&aacute;inig M&iacute;oc&aacute; &oacute;n bhaile beag tuaithe M&oacute;raisteach ag spoir sl&eacute;ibhe I&uacute;da thiar theas &oacute; Iar&uacute;sail&eacute;im. Bh&iacute; an bheirt fh&aacute;idh seo ar aonfhocal ag c&aacute;ineadh peac&uacute;ileacht I&uacute;da agus Iar&uacute;sail&eacute;im, agus ag f&oacute;gairt dh&iacute;oltas D&eacute; a bheadh le teacht go cinnte. Ach bh&iacute; de dhifr&iacute;ocht seo eatorthu mar seo: b&iacute;odh nach bhf&eacute;adfadh &Iacute;se&aacute;ia glacadh le treascairt na cathrach naofa ag a naimhde pag&aacute;nacha, gur fh&oacute;gar M&iacute;oc&aacute; go poibli go nd&eacute;anfa&iacute; gort treafa de Sh&iacute;&oacute;n agus fothrach de Iar&uacute;sail&eacute;im (M&iacute;oc&aacute; 3:11). Ba fheasach M&iacute;oc&aacute; go maith go raibh todhcha&iacute; ag pobal D&eacute; tar &eacute;is p&iacute;on&oacute;is, agus fi&uacute; deoraiochta. Bheidis riamh ina phobal tofa D&eacute;, le gr&aacute; aige d&oacute;ibh. Bh&iacute; an-mheas ag an bpobal ar oracail Mh&iacute;oc&aacute; agus in aoiseanna tar &eacute;is Mh&iacute;oc&aacute; f&eacute;in rinneadh iad a leathn&uacute; agus cuireadh leo chun d&oacute;chas sa todhcha&iacute; a choth&uacute;. Ar uairibh, maidir le t&eacute;acs faoi leith den Leabhar n&iacute;l s&eacute; soil&eacute;ir an &oacute; Mh&iacute;oc&aacute; f&eacute;in &eacute; n&oacute; forbairt de r&aacute;iteas leis. Ceann de na fh&aacute;istin&iacute; sa Leabhar n&aacute; go mbeadh san am le teacht l&aacute;rionad domhanda ag Iar&uacute;sail&eacute;im ag f&oacute;gairt teachtaireacht na s&iacute;och&aacute;na don domhan uile (M&iacute;oc&aacute; 4:1-4). Beadh an Tiarna ina r&iacute; ar Chnoc S&iacute;&oacute;n. Feiceann Leabhar M&iacute;oc&aacute; chomh maith todhcha&iacute; ghl&oacute;rmhar do theaghlach Dh&aacute;iv&iacute; (l&eacute;acht an lae inniu), le ceannaire, Meisias, nach dtagann &oacute; ardchathair Iar&uacute;sail&eacute;im, ach cos&uacute;il le D&aacute;iv&iacute; f&eacute;in, &oacute; bhaile na Beithile, gur beag &eacute; i measc clanna I&uacute;da. T&eacute;ann sinsearacht an cheannaire, an Mheisias, as Beithil na cianta cairbreacha siar, go D&aacute;iv&iacute; f&eacute;in, c&uacute;ig ch&eacute;ad bliain n&oacute; mar sin sul ar tugadh an fh&aacute;istine seo faoi. Tr&iacute; mheafar cuirtear Iosrael i l&aacute;thair mar bhean thorrach, ag s&uacute;il leis an sl&aacute;n&uacute; agus breith an Mheisias. Is &iacute; m&aacute;thair Iosrael at&aacute; le breith a thabhairt don r&iacute;, mac Dh&aacute;iv&iacute;, a bheidh ina &uacute;dar s&iacute;och&aacute;na go cr&iacute;ocha na cruinne.<\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"font-size: 10pt; color: black;\">Salm le Freagra <\/span><\/em><span style=\"font-size: 10pt; color: black;\">(Salm 79[80]). <em>Cuir ar ais sinn, a Dhia. Taispe&aacute;in d&uacute;inn d&rsquo;aghaidh ghrianmhar agus sl&aacute;naigh sinn, a Thiarna.<\/em><\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"font-size: 10pt; color: black;\">Dara L&eacute;acht <\/span><\/em><span style=\"font-size: 10pt; color: black;\">(Eabhraigh 10:5-10). <em>F&eacute;ach, t&aacute;im ag teacht chun do thoil a dh&eacute;anamh. <\/em>T&aacute; briathra tosaigh an tsleachta seo, a chuirtear ar bheola Chr&iacute;ost ag teacht isteach sa saol d&oacute;, t&oacute;gtha as Salm 40 (Salm 39 in uimhri&uacute; na dt&eacute;acsanna Gr&eacute;igise agus Laidine). Tosa&iacute;onn an Salm le gabh&aacute;il bu&iacute;ochais toisc an salmaire a bheith sabh&aacute;ilte &oacute; thriobl&oacute;id, agus leanann urna&iacute; i gc&oacute;ir cabhrach ar sin. Tar &eacute;is d&oacute; bu&iacute;ochas a ghabh&aacute;il leir&iacute;onn an salmaire mian a chro&iacute; toil D&eacute; a dh&eacute;anamh, rud a thaitn&iacute;onn n&iacute;os m&oacute; le Dia na iobairt&iacute; de r&eacute;ir Dl&iacute; a chine. Mar chuid den t&eacute;acs faoi &iacute;obairt agus ofr&aacute;il a deirtear nach toil le Dia iad, sa t&eacute;acs Eabhraise baineann<em> <\/em>an salmaire feidhm as r&aacute;iteas diamhair: &ldquo;Thochail t&uacute; cluasa dom (a Thiarna)&rdquo;, i leagan Ghaeilge B&iacute;obla Naofa agus Bedell: &ldquo;d&rsquo;oscail t&uacute; mo chluasa&rdquo;. Cuireann an leagan Gr&eacute;igise de na Sailm, a bhaineann an Litir chuig na hEabhraigh &uacute;s&aacute;id as i l&eacute;acht an lae inniu, an t-aistri&uacute;ch&aacute;n seo air: &ldquo;d&rsquo;ullmhuigh t&uacute; corp dom&rdquo;. N&iacute;l s&eacute; soil&eacute;ir cad ba bhr&iacute; don salmaire i Salm 40:8 le &ldquo;rolla an leabhair&rdquo; ina raibh an t-ord&uacute; faoi thoil D&eacute; scr&iacute;ofa. D&rsquo;&uacute;dar na litreach chuig na hEabhraigh b&rsquo;ionann &ldquo;rolla an leabhair&rdquo;, n&oacute; &ldquo;an Leabhar&rdquo;, is d&oacute;cha, agus an Seantiomna go l&eacute;ir t&oacute;gtha mar fh&aacute;istine, mar thairngreacht, faoi Chr&iacute;ost agus a chuid oibre. Toil D&eacute; a dh&eacute;anamh agus an &iacute;obairt a bhain leis sa deireadh thiar, ba shin bun agus barr bheatha Chr&iacute;ost. C&eacute;ad bhriathra Chr&iacute;ost ag teacht isteach sa saol seo, a chom&oacute;raimid um Nollaig, ba iad: &ldquo;T&aacute;im ag teacht, a Dhia, chun do thoil a dh&eacute;anamh&rdquo;.<\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"font-size: 10pt; color: black;\">An Soisc&eacute;al<\/span><\/em><span style=\"font-size: 10pt; color: black;\"> (L&uacute;c&aacute;s 1:39-45). <em>Conas a tharla seo domsa, m&aacute;thair mo Thiarna a theacht chugam? <\/em>Seo an cuntas faoi chuairt Mhuire go hEiliosaibeit sna cnoic, sa cheantar sl&eacute;ibhteach i I&uacute;d&aacute;ia. Braitheann an fad idir Nazarat agus Iar&uacute;sail&eacute;im ar an treo a th&oacute;gtar, p&eacute; acu a th&eacute;itear direach tr&iacute;d san tSam&aacute;ir, n&oacute; ar bhealach n&iacute;os faide soir. T&aacute; an bealach d&iacute;reach thart ar 120 cillim&eacute;adar, n&oacute; 75 m&iacute;le, aistear a th&oacute;gfadh thart ar ceithre l&aacute;. N&iacute; bheadh teach Eiliosaibeit r&oacute;-fhada &oacute; Iar&uacute;sail&eacute;im, b&iacute;odh nach eol d&uacute;inn go beacht c&aacute; raibh s&eacute;. (N&iacute;l s&eacute; deimhin go raibh s&eacute; in Ain Karim, an l&aacute;thair oilithreachta chuige do Chaitlicigh inniu.) Ach n&iacute;orb sp&eacute;is do L&uacute;c&aacute;s n&oacute; do chuid mh&oacute;r againn inniu na ceisteanna sin. Is fianaise an t-aistear seo ar dhaonnacht Mhuire &ndash; le comghairdeachas a dh&eacute;anamh le Eiliosaibeit agus le cabhr&uacute; lei, ag fanacht lei b&rsquo;fh&eacute;idir gur rugadh a mac (Eoin). Cuireann L&uacute;c&aacute;s point&iacute; eile os &aacute;r gcomhair chomh maith. Ceann d&iacute;obh n&aacute; an r&eacute;amhtheachtaire Eoin i mbroinn a mh&aacute;thar ag beann&uacute; don Sl&aacute;naitheoir &Iacute;osa, eisean i mbroinn a mh&aacute;thar chomh maith. Ansin t&aacute; Eiliosaibeith ag f&oacute;gairt d&iacute;nit Mhuire go hard mar mhathair an tSl&aacute;naitheora, in mbriathra Eiliosaibeit mar &ldquo;mh&aacute;thair mo Thiarna&rdquo;, agus f&oacute;s Muire mar eiseaml&aacute;ir fhoirfe an chreidmhigh Chr&iacute;osta&iacute;, &ldquo;Is m&eacute;anar di seo a chreid&rdquo;, murab ionann agus a fear c&eacute;ile Zach&aacute;rias a raibh amhras air.<\/span><\/p>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><strong><em>B.<\/em><\/strong><strong><em><span style=\"font-size: 10pt; color: blue;\">An B&iacute;obla in Agallamh le ceisteanna an lae.<\/span><\/em><\/strong><em><span style=\"font-size: 10pt; color: blue;\"> Cr&iacute;ost i bhf&aacute;istine. An T&eacute; At&aacute; le Teacht.<\/span><\/em><em><\/em><\/li>\n<\/ol>\n<p>&nbsp;<\/p>\n<p><span style=\"font-size: 10pt; color: black;\">T&aacute; a fhios againn go labhra&iacute;onn an Tiomna Nua faoi Chr&iacute;ost mar chomhl&iacute;onadh, mar fh&iacute;oradh, na dtairngreachta&iacute;, agus tugann an Tiomna Nua f&iacute;&uacute; d&uacute;inn t&eacute;acsanna de na scriopt&uacute;ir a chomhl&iacute;onadh i mbeatha, i mb&aacute;s agus in ais&eacute;ir&iacute; Chr&iacute;ost agus sna t&iacute;olachtha&iacute; a bhronn s&eacute; ar an Eaglais. Deir L&uacute;c&aacute;s linn gur labhair &Iacute;osa mar seo tar &eacute;is ais&eacute;ir&iacute; d&oacute; le beirt d&aacute; dheisceabail ar an mb&oacute;thtar d&oacute;ibh go hEm&aacute;us: <strong>&ldquo;&lsquo;<\/strong>A dhaoine gan tuiscint at&aacute; d&uacute;r &oacute; chro&iacute; chun a bhfuil r&aacute;ite ag na f&aacute;ithe sa chreidi&uacute;int! N&aacute;rbh fhol&aacute;ir go bhfulaingeoidh an Criost na nithe &uacute;d chun go dtiocfadh s&eacute; isteach ina ghl&oacute;ir?&rsquo; Agus ag tos&uacute; d&oacute; &oacute; Mhaois agus &oacute; na f&aacute;ithe uile, mh&iacute;ningh s&eacute; d&oacute;ibh na nithe a bh&iacute; sna scriopt&uacute;ir mar gheall air f&eacute;in&rdquo; (L&uacute;c&aacute;s 24:25-27). Ba dheas le duine a fh&aacute;il amach cad iad go beacht na t&eacute;acsanna sin de na Scriopt&uacute;ir a mh&iacute;nigh s&eacute; d&oacute;ibh a bheith ag tagairt d&oacute; f&eacute;in. Ionann an focal &ldquo;Cr&iacute;ost&rdquo; agus an Ghreigis ar &ldquo;Meisias&rdquo;, gur br&iacute; leo araon n&aacute; &ldquo;Ungthach&rdquo;. Agus is &eacute; an tUngthach <em>par excellence <\/em>is stair Iosrael n&aacute; Mac Dh&aacute;iv&iacute; a bh&iacute; geallta d&rsquo;Iosrael. Ach is soil&eacute;ir &oacute; bhriathra sin &Iacute;osa i L&uacute;cas gur leithne go m&oacute;r n&aacute; na t&eacute;acsanna faoi Mhac Dh&aacute;iv&iacute; an r&eacute;amhinsint fa&oacute;in &ldquo;gCr&iacute;ost&rdquo; at&aacute; i gceist sna scriopt&uacute;ir, t&eacute;acsanna faoi Ghiolla an Tiarna agus roinnt mhaith eile. <\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"font-size: 10pt; color: black;\">Feitheamh Iosrael le Mac Dh&aacute;iv&iacute;, an Meisias, an T&eacute; At&aacute; le Teacht<\/span><\/em><span style=\"font-size: 10pt; color: black;\">. Ba chuid t&aacute;bhachtach de thraidisi&uacute;n Iosrael D&aacute;iv&iacute; r&iacute;, agus a r&iacute;theaghlach; agus nuair n&aacute;rbh ann don r&iacute;theaghlach a thuilleadh lean as feitheamh le teacht Mac Dh&aacute;iv&iacute;, an tUngthach, an Meisias. Thosaigh an traidisi&uacute;n le gealltanas D&eacute; do Dh&aacute;iv&iacute; thart ar an mbliain 1000 roimh Chr&iacute;ost, go mbeadh a shliocht agus a r&iacute;theaghlach buan. Thug an gealltanas sin seasmhacht do r&iacute;theaghlach I&uacute;da fad ab ann d&oacute;. Ceili&uacute;radh st&aacute;das theach Dh&aacute;iv&iacute; sa liot&uacute;irge agus i sailm. Nuair a bh&iacute; s&eacute; i mbaol, chosain an f&aacute;idh &Iacute;se&aacute;ia &eacute;, agus gheall go mbeadh chomharbacht aige. Ach c&uacute;is d&iacute;om&aacute; ab ea an chuid is m&oacute; d&aacute; r&iacute;the. N&iacute; raibh ar chumas stara&iacute; amh&aacute;in den Bh&iacute;obla ach beirt d&iacute;obh a mholadh idir Dh&aacute;iv&iacute; f&eacute;in ag dul faoi don r&iacute;theaghlach. Le treascairt I&uacute;da agus deora&iacute;ocht na Baibeal&oacute;ine sa bhliain 586 bh&iacute; cr&iacute;och le ritheaghlach Dh&aacute;iv&iacute;, ach d&rsquo;fhan gealltanas D&eacute; chuige go f&oacute;ill. Ba &eacute; r&iacute; deiridh I&uacute;da n&aacute; Zedec&iacute;&aacute;, ar bhr&iacute; leis an ainm &ldquo;(Is &eacute;) An Tiarna mo fh&iacute;r&eacute;antacht&rdquo;, agus le linn a r&eacute;imis thairngir an f&aacute;idh Irimia (Irimi&aacute; 23:5-6) go raibh an Tiarna le Beang&aacute;n, g&eacute;ag, f&iacute;r&eacute;anta, a ard&uacute; do Dh&aacute;iv&iacute; agus gurbh &eacute; an t-ainm a bh&eacute;arfa&iacute; air na &ldquo;An Tiarna (I&aacute;v&eacute;) &aacute;r bhf&iacute;r&eacute;antacht&rdquo;. Bh&iacute; tairngreachta&iacute; den chl&oacute; c&eacute;anna ag a chomhaimsearach, an f&aacute;idh Eizic&eacute;il. Nuair a fhill na Gi&uacute;daigh ar a dt&iacute;r dh&uacute;chais tar &eacute;is na deora&iacute;ochta ceapadh <\/span><span style=\"font-size: 10pt;\">Zarab&aacute;ibil de shliocht Dh&aacute;iv&iacute; mar ghobharn&oacute;ir ar I&uacute;da agus bh&iacute;othas ag s&uacute;il go raibh athbheo ar theaglach Dhaiv&iacute;, agus, b&rsquo;fh&eacute;idir &oacute;n am sin, d&eacute;antar athinsint in Irimi&aacute; 33:15-16 (mar l&eacute;acht do Ch&eacute;ad Domhnach den Aidbhint i mbliana) ar fh&aacute;istine Irimi&aacute; 23:5-6 faoin mBeang&aacute;n le hard&uacute; do Dh&aacute;iv&iacute;. Ach im&iacute;onn Zarab&aacute;ibil de thoirt den st&aacute;itse, toisc amhras impireacht na Peirse faoi is d&oacute;cha. <\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 10pt;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Ina dhiaidh sin n&iacute; cloistear a thuilleadh faoi theacht Mhac Dh&aacute;iv&iacute; i bhfoins&iacute; staire an Bh&iacute;obla, b&iacute;odh go raibh na gealltanais ann i gc&oacute;nai sna scriopt&uacute;ir. Bh&iacute; c&uacute;raim&iacute; eile seachas ateacht theaghlach Dh&aacute;iv&iacute; le cur as do phobal I&uacute;da. A bhu&iacute; do fhoins&iacute; &uacute;ra as Qumran t&aacute; solas nua caite ar fheitheamh na nGi&uacute;dach ar an T&eacute; a bh&iacute; le Teacht, agus sin i dt&eacute;acsanna a cumadh &oacute; l&aacute;r na dara haoise roimh Chr&iacute;ost i leith, a cumadh c&eacute;aduair ag an gr&uacute;pa cr&aacute;ifeach Gi&uacute;dach na hEis&eacute;anaigh b&rsquo;fh&eacute;idir. Sna t&eacute;acsanna d&eacute;anacha Gi&uacute;dacha seo baintear &uacute;said as an t&eacute;arma foirme&aacute;lta Meisias agus t&aacute; &eacute;ags&uacute;lacht suntasach ann faoin bpearsa n&oacute; pearsana a rabhthas ag feitheamh leis, n&oacute; leo, le Meisias amh&aacute;in n&oacute; le beirt d&iacute;obh &ndash; Meisias &Aacute;r&oacute;n (sagart&uacute;il) agus Meisias Iosrael (r&iacute;oga), Meisias Dh&aacute;iv&iacute; agus Meisias I&oacute;saef (n&oacute; Efraim), forbairt a leanann ar aghaidh taobh amuigh de Qumran agus i scr&iacute;bhinn&iacute; raib&iacute;neacha n&iacute;os d&eacute;ana&iacute;. Bh&iacute;othas ag feitheamh chomh maith le ateacht an fh&aacute;idh &Eacute;ilis, mar Ardsagart. Bh&iacute;othas ag s&uacute;il thar aon rud eile le pearsa daonna r&iacute;oga a thabharfadh fuascailt a bheadh san am c&eacute;anna poilitici&uacute;il, eacnama&iacute;och, agus spiorad&aacute;lta don phobal Gi&uacute;dach, agus tr&iacute;othu sin s&iacute;och&aacute;in, rath, agus f&iacute;r&eacute;antacht don chine daonna go l&eacute;ir.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 10pt;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Nuair a th&aacute;inig &Iacute;osa, &oacute; theaghlach Dhaiv&iacute;, an T&eacute; a bh&iacute; le Teacht, ba mh&oacute; n&aacute; Solamh, ba mh&oacute; n&aacute; D&aacute;iv&iacute; n&oacute; na f&aacute;istin&iacute; faoi Mhac Dh&aacute;iv&iacute; &eacute;, agus chomhl&iacute;on s&eacute;, n&iacute; hamh&aacute;in a d&uacute;radh faoin mBeang&aacute;n le hard&uacute; do Dh&aacute;ivi ach gach a bh&iacute; scr&iacute;ofa f&aacute;oi sna Scr&iacute;opt&uacute;ir go l&eacute;&iacute;r; eisean a raibh n&iacute; hamh&aacute;in Iosrael ach an cine daonna ag s&uacute;il leis.<\/span><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>20 Nollaig 2015 (C) An Ceathr&uacute; Domhnach den Aidbhint Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute; &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-364","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/364","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=364"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/364\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=364"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=364"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=364"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}