{"id":367,"date":"2015-12-21T09:49:49","date_gmt":"2015-12-21T09:49:49","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=367"},"modified":"2015-12-21T09:49:49","modified_gmt":"2015-12-21T09:49:49","slug":"25-nollaig-2015-c-solluntas-bhreith-ar-dtiarna","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=367","title":{"rendered":"25 Nollaig 2015 (C) Soll\u00fantas Bhreith \u00c1r dTiarna"},"content":{"rendered":"<p><span style=\"color: black;\">25 Nollaig 2015 (C) Soll&uacute;ntas Bhreith &Aacute;r dTiarna <\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: blue;\">Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla<\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: blue;\">leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC<\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: blue;\">A. L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/p>\n<p><strong><em><span style=\"color: navy;\">B. An B&iacute;obla in agallamh le cei<\/span><\/em><\/strong><strong><em><span style=\"color: blue;\">steanna an lae: <\/span><\/em><\/strong><em><span style=\"color: blue;\">&Iacute;osa Cr&iacute;ost Duine agus Dia. <\/span><\/em><\/p>\n<p><span style=\"color: navy;\">A. <\/span><span style=\"color: blue;\">L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/p>\n<p><strong><span style=\"color: blue;\">Aifreann na hO&iacute;che<\/span><\/strong><\/p>\n<p><strong><em><span style=\"color: black;\">An Ch&eacute;ad L&eacute;acht<\/span><\/em><\/strong><span style=\"color: black;\">(&Iacute;se&aacute;ia 9:1-7). <em>Tugadh mac d&uacute;inn.<\/em> An f&aacute;idh a chum an l&eacute;acht seo bh&iacute; s&eacute; ag f&eacute;achaint siar agus ar aghaidh &ndash; siar ar an slad a rinneadh ar an Ghail&iacute;l, ag f&oacute;rsa&iacute; na hAsa&iacute;re is d&oacute;cha sa bhliain 732 roimh Chr&iacute;ost. Dorchadas a bh&iacute; ann nuair a cuireadh d&eacute;ithe br&eacute;ige in ionad Dhia Iosrael. Ansin f&eacute;achann s&eacute; ar aghaidh nuair a bheidh an bua ar an dorchadas sin. T&aacute; cur s&iacute;os ar an rim&eacute;ad a bheidh ann an l&aacute; sin, bua mar a bh&iacute; ag Iosrael ar a naimhde ar na Midian&iacute;tigh, creachad&oacute;ir&iacute;, in aimsir na mBreithi&uacute;na. Ach r&eacute; s&iacute;och&aacute;na a bheidh ann sa todhcha&iacute; seo, agus an ch&uacute;is a bheidh lei n&aacute; saol&uacute; n&oacute; breith linbh, breith isteach sa saol seo agus breith r&iacute;oga ag glacadh seilbh ar a chor&oacute;in. Mac Dh&aacute;iv&iacute; a bheidh ann, ag cur t&uacute;s le r&eacute; an chirt agus na f&iacute;r&eacute;antachta. D&eacute;anann d&iacute;ograis D&eacute; d&aacute; ghealltanais deimhin de go dtiocfaidh an l&aacute; seo. F&iacute;oradh an fh&iacute;s sin le breith Chr&iacute;ost, ach ar nd&oacute;igh is le cabhair uainne a thiocfaidh an r&eacute; nua sioch&aacute;na ann.<\/span><\/p>\n<p><strong><span style=\"color: black;\">Salm le Freagra <\/span><\/strong><span style=\"color: black;\">(Salm 95[96]). <em>Rugadh sl&aacute;naitheoir d&uacute;inn inniu<\/em>: <em>is &eacute; Cr&iacute;ost an Tiarna &eacute;. <\/em><\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"color: black;\">An Dara L&eacute;acht<\/span><\/em><span style=\"color: black;\"> (T&iacute;tas 2:11-14). <em>T&aacute; gr&aacute;sta D&eacute; foilsithe don uile dhuine. <\/em>Aidhm bhreith Chr&iacute;ost agus a theacht in&aacute;r measc, agus an freagra is dual d&oacute; uainne, &eacute;irim na l&eacute;achta seo. T&aacute; muidne creidmhigh ag maireacht&aacute;il i dtr&aacute;th idir eatorthu, idir theacht Chr&iacute;ost sa cholainn agus a ateacht ag deireadh na staire. Is &iacute; is br&iacute; leis go mbeadh an pobal Cr&iacute;osta&iacute; c&iacute;ocrach chun dea-oibreacha.<\/span><\/p>\n<p><em>An Soisc&eacute;al<\/em> (L&uacute;c&aacute;s 2:1-14). <em>Rugadh sl&aacute;naitheoir daoibh inniu. <\/em>Maidir leis an l&eacute;acht seo n&iacute; c&aacute;s d&uacute;inn anseo dul isteach sa chreatlach staire ina a chuireann L&uacute;c&aacute;s ar adeir s&eacute; faoi bhreith Chr&iacute;ost. Is &eacute; &eacute;irim d&aacute; ndeir s&eacute; n&aacute; an teachtaireacht at&aacute; ann d&uacute;inn agus don saol i bhreith &Iacute;osa. Rugadh go bocht simpl&iacute; &eacute; agus l&eacute;irigh neamh (Dia) gur toscaireacht &aacute;thais agus s&iacute;ochana a bh&iacute; ann don saol m&oacute;r. N&iacute; do na m&oacute;ruaisle a foils&iacute;odh a bhreith ach do aoir&iacute; simpl&iacute;.<\/p>\n<p><strong>Aifreann an lae<\/strong><\/p>\n<p><em>An Chead L&eacute;acht<\/em> (&Iacute;se&aacute;ia 52:7-10).<em> Feicfidh cr&iacute;ocha uile na tal&uacute;n beart tarrth&aacute;l&aacute; &aacute;r <span style=\"color: black;\">nD&eacute;. <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">Is f&eacute;idir leis an liotuirge t&eacute;acs &oacute;n Bh&iacute;obla a scaradh amach &oacute;n chulra staire inar ch&eacute;ad cumadh &eacute;. T&aacute; s&eacute;, mar a d&eacute;arf&aacute;, neamhsple&aacute;ch &oacute;n gcomhth&eacute;aacs agus &oacute;n gc&uacute;lra sin. Roghna&iacute;odh t&eacute;acs an lae inniu toisc go bhfuil f&aacute;idh ag f&oacute;gairt go bhfuil Dia ag teacht le fuascailt, gur nocht an Tiarna a l&aacute;mh naofa agus go bhfuil cr&iacute;ocha uile na tal&uacute;n le beart tarrth&aacute;la ar nD&eacute; a fheice&aacute;il. Oireann a leith&eacute;id de th&eacute;acs do theachtaireacht na Nollag, agus bheadh s&eacute; ag teacht le bunbhr&iacute; an t&eacute;acs i Leabhar &Iacute;se&aacute;ia. Is fi&uacute;, mar sin f&eacute;in, bunbhr&iacute; an teacs seo i Leabhar &Iacute;se&aacute;ia a ini&uacute;chadh.<\/span><\/p>\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; T&oacute;gtar an t&eacute;acs seo &oacute;n saothar ar a dtugtar de ghn&aacute;th anois &ldquo;An Dara &Iacute;se&aacute;ia&rdquo;, n&oacute; Leabhar an tS&oacute;l&aacute;is (&Iacute;se&aacute;ia caibidil 40-55), saothar &oacute;na dt&oacute;gtar roinnt mhaith de l&eacute;achtai an Domhnaigh don Aidbhint. Cumadh f&aacute;istin&iacute; fileata an leabhair seo thart ar dheireadh na deora&iacute;ochta sa Bhaibeal&oacute;in. Sa t&eacute;acs seo samhla&iacute;otar Iar&uacute;sail&eacute;im mar fhothrach, gan m&oacute;r&aacute;n d&oacute;chais do thodhchai ar bith aici. Ansin don phobal lagbhr&iacute;och tagann guth an fh&aacute;idh ag f&oacute;gairt gur &aacute;lainn ar na sl&eacute;ibhte na cosa at&aacute; ag f&oacute;gairt an dea-sc&eacute;ala go bhfuil s&iacute;och&aacute;in, fuascailt agus sonas i nd&aacute;n di, ag f&oacute;gairt &ldquo;Ta do Dhia i r&eacute;im&rdquo;, nath cainte at&aacute; le f&aacute;il go minic sna sailm ar an nglaotar &ldquo;Sailm R&iacute;ocht D&eacute;&rdquo;, a fh&oacute;gra&iacute;onn r&iacute;ocht D&eacute; (Sailm 47, 93, 96-99), nath a bhfuil an t-aistri&uacute;ch&aacute;n Airimise &ldquo;T&aacute; r&iacute;ocht do Dhe foilsithe&rdquo; air, leagan a bh&iacute; ann, b&rsquo;fh&eacute;idir in aimsir Chr&iacute;ost f&eacute;in. Roimh l&eacute;irscrios an Teampaill (sa bhliain 586 roimh Chr&iacute;ost) measadh gur thr&eacute;ig gl&oacute;ir <span style=\"color: black;\">D&eacute; an Teampall (feic &Eacute;zic&eacute;il 8-11). Anois feiceann na fir faire ar bhall&oacute;ga scriosta Iar&uacute;sail&eacute;im a mhalairt: gl&oacute;ir D&eacute;, an Tiarna f&eacute;in, ag filleadh ar an gCathair Naofa. Deirtear leo an dea-sc&eacute;ala sin a scairteadh amach le h&aacute;thas. Feictear ar ghn&iacute;omh m&oacute;r sl&aacute;naithe D&eacute; do Iar&uacute;sail&eacute;im mar shl&aacute;n&uacute; D&eacute; go cr&iacute;ocha uile na tal&uacute;n.<\/span><\/p>\n<p><strong><em>Salm le Freagra <\/em>(<\/strong>97[98]). <em>Chonaic cr&iacute;ocha uile na cruinne sl&aacute;n&uacute; &aacute;r nD&eacute;.&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; <\/em><\/p>\n<p><strong><em><span style=\"color: black;\">An Dara L&eacute;acht<\/span><\/em><\/strong><em><\/em><span style=\"color: black;\">(Eabhraigh 1:1-6). <em>Labhair Dia linn tr&iacute;na Mhac. <\/em>T&aacute; an l&eacute;acht seo roghnaithe le dul leis an soisc&eacute;al, ina bhfuil tagairt do n&aacute;d&uacute;r diaga Chr&iacute;ost. N&iacute; fios go beacht cathain a cumadh an litir seo chuig na hEabhraigh, p&eacute; acu roimh threascairt <\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">an Teampaill sa bhliain 70 n&oacute; ina dhiaidh. Labhra&iacute;onn an ch&eacute;ad mh&iacute;r, a l&eacute;itear inniu, ar staid dhiaga Chr&iacute;ost agus ar a r&oacute;l i stair an tsl&aacute;naithe. Is &eacute; foilsi&uacute; deiridh D&eacute; &eacute; , &ldquo;sna laethanta deireannaca seo&rdquo;. Is &eacute; scail ghl&oacute;ire D&eacute; &eacute; agus cl&oacute; a shubstainte. Baintear &uacute;s&aacute;id as na briathra c&eacute;anna i gCr&eacute; Nic&eacute;: &ldquo;Dia &oacute; Dhia, solas &oacute; sholas, comhshubstainti&uacute;il leis an Athair, is trid (Cr&iacute;ost) a rinneadh an uile n&iacute;&rdquo;. T&eacute;ann an t&eacute;acs ar aghaidh lena mheabhr&uacute;, go hachomair, gur th&aacute;inig s&eacute; in&aacute;r measc le b&aacute;s a fh&aacute;il ar son &aacute;r bpeaca&iacute;, agus ansin dul inairde le gradam a fh&aacute;il &ndash; ar dheasl&aacute;mh D&eacute;.<\/span><\/p>\n<p><strong><em><span style=\"color: black;\">An Soisc&eacute;al <\/span><\/em><\/strong><span style=\"color: black;\">(Leagan Gearr; Eoin 1:1-5; 9-14). <em>Rinneadh feoil den Bhriathar agus ch&oacute;naigh s&eacute; in&aacute;r measc.<\/em> Scr&iacute;bhinn d&eacute;anach de chuid an Tiomna Nua &eacute; an Ceathr&uacute; Soisc&eacute;al, Soisc&eacute;al Eoin, curtha le ch&eacute;ile thart ar an mbliain 100 b&rsquo;fh&eacute;idir. Toradh &eacute; ar dhianmhachnamh ar an r&uacute;ndiamhair maidir le gaol &Iacute;osa leis an Athair. Ceist a bh&iacute; ann an raibh &Iacute;osa Cr&iacute;ost ann roimh an Ioncholl&uacute;, agus m&aacute; bh&iacute; conas sin. An leiri&uacute; at&aacute; i mbrollach shoisc&eacute;al Eoin, a l&eacute;itear inniu, n&aacute; go raibh s&eacute; ann mar an Briathar. Bh&iacute; an Briathar ann &oacute; th&uacute;s agus ba Dhia an Briathar. Admh&aacute;il shoil&eacute;ir at&aacute; anseo ar dhiagacht &Iacute;osa Criost. Ansin san Ioncholl&uacute; &ldquo;rinneadh feoil den Bhriathar&rdquo;, Ghlac an Briathar colainn dhaonna, chun solas a thabhairt ar an saol agus clann D&eacute; a dh&eacute;anamh de gach aoinne a chreideann ann.<\/span><\/p>\n<p><strong><em><span style=\"color: black;\">B. An B&iacute;obla in agallamh le ceisteanna an lae: <\/span><\/em><\/strong><em><span style=\"color: black;\">&Iacute;osa Cr&iacute;ost Duine agus Dia. <\/span><\/em><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">Bh&iacute; s&eacute; de cheart ag gach sagart, agus t&aacute; f&oacute;s, tr&iacute; Aifreann a cheili&uacute;radh L&aacute; Nollag: Aifreann na hO&iacute;che, ag Breacadh Lae, agus Aifreann an Lae. De ghn&aacute;th n&iacute; cheili&uacute;rtar anois ach an ch&eacute;ad<em> <\/em>agus an tr&iacute;&uacute; ceann d&iacute;obh sin. Is fi&uacute; suntas a thabhairt don d&aacute; Aifreann sin le ch&eacute;ile, mar t&aacute; teachtaireacht l&aacute;idir acu d&uacute;inn inniu faoi r&uacute;ndiamhair phearsa &Iacute;osa Cr&iacute;ost, mac Mhuire agus Mac D&eacute;. Chuir &Iacute;osa an cheist ar a dheisceabail: &ldquo;C&eacute; h&eacute; a deir na daoine Mac an Duine? C&eacute; a deir sibse m&eacute;?&rdquo; Cad &iacute; an tuairim at&aacute; acu, agaibhse, d&iacute;om? Lean an cheist sin ar aghaidh san eaglais tar &eacute;is ais&eacute;iri Chr&iacute;ost, agus a dheascabh&aacute;il go deasl&aacute;mh an Athar. Cad &eacute; an gaol a bh&iacute; ag &Iacute;osa leis an Athair agus leis an Spiorad Naomh? <\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Ceist eile n&aacute; fianaise na bhf&aacute;ithe, an tSeantiomna, faoi &Iacute;osa. Meabhra&iacute;onn an ch&eacute;ad l&eacute;acht d&rsquo;Aifreann an Lae d&uacute;inn gur<\/span><span style=\"font-size: 8pt; color: black;\"><a href=\"#_msocom_1\" name=\"_msoanchor_1\">[MM1]<\/a><\/span><span style=\"font-size: 8pt;\"><a href=\"#_msocom_2\" name=\"_msoanchor_2\">[BO2]<\/a><\/span><span style=\"color: black;\">bh fhada an t-ullmh&uacute;ch&aacute;n a bh&iacute; ann do theacht Chr&iacute;ost, rud a chabhra&iacute;onn linn a thuiscint go raibh g&aacute; le tr&eacute;imhse fhada san eaglais le teacht ar l&eacute;iri&uacute; n&iacute;os sol&eacute;ire ar ghaol &Iacute;osa leis an Athair agus an Spiorad Naomh, agus gaol idir thr&iacute; phearsa na Trion&oacute;ide lena ch&eacute;ile.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-indent: 51.3pt;\"><span style=\"color: black;\">In Aifreann na hO&iacute;che inniu t&aacute; an bh&eacute;im ar dhaonnacht Chriost; rugadh &oacute; Mhuire &Oacute;gh. Leagtar b&eacute;im ar dhiagacht Chr&iacute;ost sna l&eacute;achta&iacute; in Aifreann an lae, go m&oacute;r m&oacute;r sa dara l&eacute;acht agus sa Soisceal, gan dearmad a dh&eacute;anamh ar a dhaonnacht: Ghlac Mac D&eacute; colainn daonna; rinneadh feoil den Bhriathar.<\/span><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>25 Nollaig 2015 (C) Soll&uacute;ntas Bhreith &Aacute;r dTiarna Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC A. L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute; &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-367","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/367","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=367"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/367\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=367"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=367"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=367"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}