{"id":369,"date":"2015-12-21T09:51:50","date_gmt":"2015-12-21T09:51:50","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=369"},"modified":"2015-12-21T09:51:50","modified_gmt":"2015-12-21T09:51:50","slug":"27-nollaig-2015-c-feile-an-teaghlaigh-naofa","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=369","title":{"rendered":"27 Nollaig 2015 (C) F\u00e9ile an Teaghlaigh Naofa"},"content":{"rendered":"<p><span style=\"color: blue;\">27 Nollaig 2015 (C) F&eacute;ile an Teaghlaigh Naofa<\/span><\/p>\n<p style=\"line-height: 12pt;\"><span style=\"color: blue;\">Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla<\/span><\/p>\n<p style=\"line-height: 12pt;\"><span style=\"color: blue;\">leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC<\/span><\/p>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><span style=\"color: blue;\">L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/li>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><strong><em>B.<\/em><\/strong><strong><em><span style=\"color: blue;\">An B&iacute;obla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: <\/span><\/em><\/strong><em><span style=\"color: blue;\">&ldquo;B&iacute;odh meas ag an uile dhuine agaibh ar an bp&oacute;sadh agus n&aacute; truaill&iacute;tear &eacute;&rdquo;.<\/span><\/em><em><\/em><\/li>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><strong><em>A.<\/em><\/strong><strong><em><span style=\"color: blue;\">L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;.<\/span><\/em><\/strong><em><\/em><\/li>\n<\/ol>\n<p><em><span style=\"color: black;\">C&eacute;ad L&eacute;acht <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">(1 Sam&uacute;&eacute;l 1:20-22, 24-28). <em>Tugtar Sam&uacute;&eacute;l suas don Tiarna lena shaol uile.<\/em> Seo &iacute; F&eacute;ile an teaghlaigh Naofa, &Iacute;osa, Muire agus I&oacute;saef, agus mar ch&eacute;ad l&eacute;acht t&aacute; eachtra againn &oacute; theaglach &oacute; luathstair Iosrael, in aimsir na mBreithi&uacute;na roimh laethanta Dh&aacute;iv&iacute;. Is faoi Hanna &iacute;, bean ch&eacute;ile Elc&aacute;n&aacute;. Bh&iacute; Hanna aimrid agus ba chuis n&aacute;ire moire di nach raibh ar a cumas leanbh a ghini&uacute;int. Thug s&iacute; cuairt ar an Tiarna ag an taibearnacal mar a raibh &Aacute;irc an Chonartha i S&iacute;l&oacute;, agus El&iacute; an sagart ag feidhmi&uacute; ann. Bh&iacute; Hanna an-bhuartha agus thug s&iacute; m&oacute;id mar seo, &aacute; r&aacute;: &ldquo;A Thiarna na Slua! M&aacute; thugann t&uacute; aird ar bhuaireamh do bhan&oacute;glaigh &hellip;agus leanbh mic a thabhairt do do bhan&oacute;glach tabharfaidh mise &eacute; don Tiarna lena shaol uile&rdquo;. D&rsquo;&eacute;ist an Tiarna lena hurna&iacute; agus ghabh s&iacute; gin agus rug s&eacute; mac agus thug s&iacute; Sam&uacute;&eacute;l mar ainm air, i gcuimhne ar fhreagra an Tiarna (<em>seam&aacute;<\/em> an Eabhrais ar &ldquo;d&rsquo;&eacute;ist&rdquo;, &ldquo;chuala&rdquo;). An bhliain d&aacute;r gcionn ghabh Elc&aacute;n&aacute;, fear c&eacute;ile Hanna, agus a chlann suas go &iacute;obairt bhliant&uacute;il (n&iacute; luaitear a ainm) i S&iacute;l&oacute; ach d&rsquo;fhan Hanna ag baile gur baineadh Sam&uacute;&eacute;l dern ch&iacute;och. Ansin chuaigh Hanna agus na hiobairti ba dhual so S&iacute;l&oacute; agus tugadh an leanbh don sagart El&iacute;, agus mheabhraigh Hanna d&oacute; an urna&iacute; a chuir s&iacute; suas chun D&eacute; tr&iacute; bhliain roimhe sin agus thug s&iacute; suas an leanbh Sam&uacute;&eacute;l do Dhia lena shaol.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Roghna&iacute;tear an l&eacute;acht seo le dul leis an leacht &oacute;n soisc&eacute;al in Aifreann an lae inniu, ina bhfuil eachtra faoi thuismitheoir&iacute; (Muire agus I&oacute;saef) i dTeampall Iar&uacute;sail&eacute;im.<\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"color: black;\">Salm le Freagra <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">(Salm 83[84]). <em>Is meaner d&aacute; nd&eacute;anann c&oacute;na&iacute; i do theach, a Thiarna,<\/em><\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"color: black;\">Dara L&eacute;acht <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">(1 Eoin 3:1-2, 21-24). <em>Glaotar clann D&eacute; orainn, agus is amhlaidh sinn. <\/em><\/span>Sa l&eacute;acht seo t&aacute; t&eacute;ama&iacute; at&aacute; ar f&aacute;il go minic sa Ch&eacute;ad Litir seo le Naomh Eoin agus i Shoisc&eacute;al Eoin chomh maith. Ceann d&iacute;obh seo n&aacute; &ldquo;an saol&rdquo;, agus is &eacute; is br&iacute; leis an t&eacute;arma seo sa litr&iacute;ocht seo n&aacute; iad sin nach toil leo glacadh le teachtaireacht &Iacute;osa n&oacute; at&aacute; ina naimhde di. An comhluadar Cr&iacute;osta&iacute;, mar a chuireann an litir seo agus an traidisiun lena bhaineann s&eacute; s&iacute;os air, ionann &eacute; agus bu&iacute;on creidmheach at&aacute; daingean agus deimhnithe ina gcreideamh i gCriost, deimhnithe ag an Spiorad Naomh at&aacute; ag lonn&uacute; iontu.<\/p>\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; D&eacute;anann an teagasc Criosta&iacute; at&aacute; faighte acu agus an deimhneacht l&aacute;idir cinnte iad nach amhlaidh amh&aacute;in go nglaotar clann D&eacute; d&iacute;obh ach gur clann D&eacute; d&aacute;ir&iacute;re iad, creideamh agus deimhneacht nach f&eacute;idir a bheith ag daoine taobh amuigh, p&eacute; acu tugtar &ldquo;an saol&rdquo; n&oacute; ainm ar bith eile orthu. Tugann bronntanas an chreidimh eolas agus aithne ar Dhia d&uacute;inn cheana f&eacute;in sa saol seo. Tr&iacute;d an gcreideamh is f&eacute;idir &Iacute;osa a &ldquo;fheice&aacute;il&rdquo; cheana f&eacute;in mar an Tiarna ais&eacute;irithe, agus Mac D&eacute;. Ach t&aacute; s&uacute;il ar aghaidh cheana f&eacute;in ag creidmhigh ar an l&aacute; sin thar an saol tadhaill seo ina fheicfidh siad Dia d&iacute;reach mar at&aacute; s&eacute;.<\/p>\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; L&aacute;rphointe i Soisc&eacute;al Eoin agus i gC&eacute;ad Litir seo Eoin n&aacute; gur gr&aacute; &eacute; Dia, gr&aacute; D&eacute; d&uacute;inn. Leagann briathra tosaigh l&eacute;acht an lae inniu b&eacute;im ar sin: an gr&aacute; at&aacute; ag an Athair d&uacute;inn, go nglaofa&iacute; clann D&eacute; orainn, agus is amhlaidh sinn. Tar &eacute;is na briathra tosaigh, tagann t&eacute;acs nach bhfuil soil&eacute;ir ar fad d&uacute;inn, ach a bhain de r&eacute;ir dealraimh le ceist &eacute;igin a ba ch&uacute;ram d&oacute;ibh si&uacute;d ar d&iacute;r&iacute;odh an litir seo chugaibh c&eacute;aduair. T&eacute;arma l&aacute;rnach don roinn seo n&aacute; an focal &ldquo;coinsias&rdquo; (n&oacute; &ldquo;cro&iacute;&rdquo; mar at&aacute; sa bhunleagan). Sa Bh&iacute;obla n&iacute; l&aacute;rionad moth&uacute;ch&aacute;in an cro&iacute;, ach ionad smaointe, f&eacute;inaithne, agus f&eacute;ineolais.Tugann an Spiorad Naomh tuiscint do na creidmhigh gur clann D&eacute; iad agus labhra&iacute;onn an mh&iacute;r seo faoin ghr&aacute; i ngn&iacute;omh agus i bhf&iacute;rinne a bheith ag d&eacute;anamh an aithne seo n&iacute;os doimhne. I gc&aacute;s go bhfuil amhras ann faoin &aacute;bhar sin, tagann Dia i gcabhair ar na creidmhigh, agus tugann s&eacute; misneach d&oacute;ibh seasamh ina l&aacute;thair agus glaoch air, leis an gcinnteacht go n-&eacute;isteofar leo. Ansin filleann an t&eacute;acs ar chomhl&iacute;onadh aitheanta D&eacute; agus maireacht&aacute;il faoi mar is toil le Dia. De ghn&aacute;th nuair a luaitear &ldquo;aitheanta&rdquo;, na Deich nAitheanta a thagann chun cuimhne d&uacute;inn. Ach sa t&eacute;acs seo dh&aacute; aithne at&aacute; i gceist: creideamh in &Iacute;osa Cr&iacute;ost mar Mhac D&eacute; agus an aithne gr&aacute; a thabhairt d&aacute; ch&eacute;ile. T&aacute; an t&eacute;acs go l&eacute;ir ag caint faoi bheatha aontaithe le Dia, le bheith deimhin de go maireann Dia ionainn (i ngach duine aonair, agus mar phobal Cr&iacute;osta&iacute;), beatha dhiaga a dh&eacute;anann an Spiorad Naomh sinn deimhin de, an Spiorad sin gur bronntanas m&oacute;r &oacute; Dhia d&uacute;inn &eacute;. An sliocht seo, is t&eacute;acs gur &aacute;bhar machnaimh &eacute; ar an urna&iacute; agus ar ghr&aacute; D&eacute;.<\/p>\n<p><em><span style=\"color: black;\">Malairt Ch&eacute;ad L&eacute;achta<\/span><\/em><span style=\"color: black;\"> (S&iacute;rach 3:2-6, 12-14). <em><span style=\"text-transform: uppercase;\">A<\/span>n t&eacute; ar a bhfuil eagla an Tiarna, tugann s&eacute; on&oacute;ir d&aacute; thuismitheoir&iacute;. <\/em>Deir an cheathr&uacute; aithne (Ecsodus 20:12): &ldquo;Tabhair do d&rsquo;athair agus do do mh&aacute;thair on&oacute;ir i dtreo go mba fada iad do laethanta an talamh&rdquo;. Bh&iacute; an p&oacute;sadh faoi ard-on&oacute;ir in Iosrael. Tugann Ben Sira (gur fearr aithne air mar Ecclesiasticus, &ldquo;an t-eaglaiseach&rdquo;) a mhachnamh d&uacute;inn ar an aithne mh&oacute;r seo. Bh&iacute; scoil eagna&iacute;ochta ag Ben Sira in Iar&uacute;sail&eacute;im (thart ar 180 roimh Chr&iacute;ost) do dhalta&iacute; &oacute;ga ar sp&eacute;is leo, agus achmhain mhaoine acu, an roinn seo de sha&iacute;ocht Iosrael a ch&iacute;oradh. Cuid d&iacute;lis de eagna&iacute;ocht seo n&aacute; taith&iacute; ar shaol an duine aonair, ar an chomhluadar daonna agus an saol m&oacute;r. T&aacute; machnamh seo Ben Sira ar an gceathr&uacute; aithne l&aacute;n de dhaonacht, de thaise agus de thr&oacute;caire. &Aacute;bhar sonais agus aoibhnis meas mhuintir theaghlaigh ar a ch&eacute;ile. T&aacute; luach saothair &oacute; Dhia ag baint leis chomh maith agus d&eacute;anann s&eacute; leorghn&iacute;omh ar na peaca&iacute;. Ach n&iacute; c&uacute;is &aacute;thais i gc&oacute;na&iacute; d&iacute;lse seo don cheathr&uacute; aithne, le hom&oacute;s don athair agus don m&aacute;thair. Ionann &eacute; agus glacadh len&aacute;r muintir agus &aacute;r ngaolta faoi mar at&aacute; siad lena laig&iacute; agus n&oacute;sanna aisteacha agus eile. N&iacute; m&oacute;r tuiscint, trua agus taise as bheith d&oacute;ibh i mbreoiteacht agus ina seanaois, agus glaotar ar baill &oacute;ga sl&aacute;inti&uacute;la teaghlaigh tuiscint a bheith acu ar na fadhbanna a thagann le seanaois. Cur s&iacute;os iontach i leabhar den Seantiomna an l&eacute;acht seo ar faoi mar is c&oacute;ir aire a thabhairt do ch&uacute;rsai an teaghlaigh.<\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"color: black;\">Salm le Freagra<\/span><\/em><span style=\"color: black;\"> (Salm 127[128]). <em>Is aoibhinn do ch&aacute;ch lerb eagal an Tiarna agus a shi&uacute;lann ina shl&iacute;te.<\/em><\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"color: black;\">Malairt Dara L&eacute;achta<\/span><\/em><span style=\"color: black;\"> (Colosaigh 3:12-21). <em>Saol an teaghlaigh sa Tiarna &Iacute;osa. <\/em>Lean&uacute;int an aghaidh an l&eacute;acht seo ar an gcur s&iacute;os &iacute;ontach at&aacute; ag P&oacute;l (Colosaigh 3:1-11) ar an mbeatha Chr&iacute;osta&iacute;, an bheatha i gCr&iacute;ost, faoi mar is mian le Dia &iacute; a bheith. Foinse agus eiseaml&aacute;ir d&oacute; an Cr&iacute;ost ais&eacute;irithe. Cuid den n&aacute;d&uacute;r daonna laig&iacute; agus loiceadh, mar ab eol do phobal Cr&iacute;osta&iacute; Cholosae sul ar tionta&iacute;odh go Cr&iacute;ost iad. Leis an baiseadh agus le ceangal le Cr&iacute;ost a ghabh leis bh&iacute; seo go l&eacute;ir taobh thiar d&iacute;obh. Leis an baisteadh chuir lucht lean&uacute;na Chr&iacute;ost n&aacute;d&uacute;r &uacute;r ortu f&eacute;in, agus t&aacute; sin de sh&iacute;or &aacute; athnuachtan, le h&eacute;ir&iacute; n&iacute;os cos&uacute;la le Cr&iacute;ost, n&iacute;os m&oacute; in iomh&aacute; D&eacute;. Leagann P&oacute;l b&eacute;im ar seo i l&eacute;acht an lae inniu. Pobal tofa, muirnach, D&eacute; an comhluadar Cr&iacute;osta&iacute;. Ta gr&aacute; ag Dia d&oacute;ibh. Ba ch&oacute;ir beatha nua mar chulaith &eacute;adaigh a bheith ag an bpobal; seo le r&aacute;, l&aacute;chas, trua cro&iacute;, uir&iacute;sle, ceansacht agus foighne, agus bheith r&eacute;idh maithi&uacute;nas a tahbairt nuair a thiteann aighneas amach. S&uacute;&aacute;ilc&iacute; t&aacute;bhachtacha iad sin at&aacute; curtha orthu mar chulaith, agus ba ch&oacute;ir iad bheith snaidhmthe le ch&eacute;ile le gr&aacute;, an gr&aacute; a choime&aacute;dann iad go l&eacute;ir le ch&eacute;ile mar chrios. Sa mh&eacute;id seo d&rsquo;fh&eacute;adfadh P&oacute;l bheith ag smaoineasmh ar an m&eacute;id a scr&iacute;obh s&eacute; chuig na Coirintigh faoin &aacute;bhar (1 Coirintigh 13:4-7): &ldquo;B&iacute;onn<\/span> gr&aacute; foighneach agus b&iacute;onn s&eacute; l&aacute;ch &#8230; B&iacute;onn s&eacute; l&aacute;n d&rsquo;fhadfhulgaint, l&aacute;n de chreideamh, l&aacute;n de dh&oacute;chas agus l&aacute;n d&rsquo;fhoighne&rdquo;. Ansin leagann P&oacute;l b&eacute;im ar c&eacute; chomh t&aacute;bhachtach is at&aacute; s&eacute; go mbeadh creidmhigh ar an eolas faoi shaibhreas a n-oidhreachta Cr&iacute;osta&iacute;, agus a ngr&aacute; di agus a meas uirthi a chur in i&uacute;l d&aacute; ch&eacute;ile. T&aacute; sin pas beag teib&iacute;, ach i gcoinne an ch&uacute;lra sin tr&aacute;chtann P&oacute;l go hachomair ar na prionsabail ar ch&oacute;ir d&oacute;ibh bheith mar threoir ar bheatha shoisialta na gCr&iacute;osta&iacute;the san r&eacute; &aacute;irithe sin. Tosa&iacute;onn seo leis an teaghlach, inar ch&oacute;ir meas, gr&aacute; agus cine&aacute;ltas bheith mar phrionsabail sti&uacute;rtha. Le tuismitheoiri deireann s&eacute; gan a leana&iacute; a chr&aacute;, le heagla go gcuirf&iacute; drochmhisneach orthu,<\/p>\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; &Aacute;bhar machnaimh &eacute; seo go l&eacute;ir do fh&eacute;ile seo an Teaghlaigh Naofa, eiseaml&aacute;ir do gach teaghlach Cr&iacute;osta&iacute;. Nuair a chuir P&oacute;l barrshamhail, id&eacute;al, na beatha Cr&iacute;osta&iacute; os comhair eaglais Cholosae, n&iacute; hionann sin is a r&aacute; go raibh an eaglais sin ag maireacht&aacute;il go hioml&aacute;n de r&eacute;ir na barrshamhla sin. D&rsquo;fh&eacute;adfadh a mhalairt a bheith f&iacute;or, agus go raibh P&oacute;l ag tabhairt na heiseaml&aacute;ire chun cuimhne de bhr&iacute; go raibh teannas, scoilteanna agus naimhdeas &aacute;irithe taobh istigh den eaglais sin.<\/p>\n<p><em><span style=\"color: black;\">An Soisc&eacute;al<\/span><\/em><span style=\"color: black;\"> (L&uacute;c&aacute;s 2:41-52). <em>Faigheann a thuismitheoir&iacute; &Iacute;osa ina shu&iacute; i measc na m&aacute;istr&iacute;. <\/em>Seo &iacute; an mh&iacute;r dheiridh de na&iacute;onsc&eacute;alta Shoisc&eacute;al L&uacute;c&aacute;is, agus cr&iacute;ochna&iacute;onn siad mar ar thosaigh siad (le Zachairias) i dTeampall Iar&uacute;sail&eacute;im. Sa mh&iacute;r seo, amhail sna cinn eile, leagann L&uacute;c&aacute;s b&eacute;im ar a thugtha is a bh&iacute; Muire agus I&oacute;saef do dh&iacute;lseacht do Dhl&iacute; Mhaois, do chleachtadh chreideamh a gcine. Len&aacute;r linn f&eacute;in, agus go traidisi&uacute;nta, ar shroisint tr&iacute; bhliain d&eacute;ag tagann buachaill in aois (<em>bar mitzah<\/em>, &ldquo;mac na haithne&rdquo;) dl&iacute; Mhaois agus a bhaineann leis a chleachtadh, oilithreachta&iacute; agus eile san &aacute;ireamh. Sa ch&eacute;ad aois, de r&eacute;ir dealraimh, glacadh gurbh ag aois a d&oacute; dh&eacute;ag a thosaigh sin, agus mar sin th&oacute;g Muire agus I&oacute;saef an buachaill &Iacute;osa leo do oilithreacht na C&aacute;sca. Bheadh siad ag gluaiseacht i mbu&iacute;onta, complachta&iacute;. &Eacute;irim an chuntais seo n&aacute; a leiri&uacute; go nochtann &Iacute;osa &eacute; f&eacute;in mar Mhac D&eacute;, mac a Athar, seachas ball de theaghlach Mhuire agus I&oacute;saef &iacute; Nasarat amha&iacute;n. I gceann de chl&oacute;sanna an Teampaill glacann &Iacute;osa p&aacute;irt i diosp&oacute;ireachta&iacute; agus cuireann iontas ar mh&aacute;istr&iacute; an l&eacute;inn ansin lena cheisteanna agus a fhreagra&iacute;. N&iacute; thugar aon sonra&iacute; f&uacute;thu sin d&uacute;inn. Is d&oacute;cha gur nocht s&eacute; &uacute;dar&aacute;s lena d&uacute;irt s&eacute;. Biodh go bhfuil tagairt ag L&uacute;c&aacute;s do ghiniuint mhaighdean&uacute;il &Iacute;osa, labhra&iacute;onn s&eacute; anseo, agus in &aacute;iteanna eile, faoi thuismitheoir&iacute; &Iacute;osa agus faoi I&oacute;saef mar a athair, gn&aacute;thfhriotal teaghlaigh is d&oacute;cha, is &iacute; Muire seachas I&oacute;saef a chuireann an cheist ar &Iacute;osa faoin imn&iacute; a chuir s&eacute; orthu. Is &eacute; freagra &Iacute;osa uirthi buaicphointe an chuntais ar fad: &ldquo;Cad chuige a mbeadh sibh do mo lorg? Nach raibh a fhios agaibh gur i ngn&oacute;tha (n&oacute;: i dteach) m&rsquo;Athar n&aacute;rbh fhol&aacute;ir dom bheith?&rdquo; Is f&eacute;idir ceachtar den d&aacute; aistri&uacute;ch&aacute;n &ldquo;i ngn&oacute;tha&rdquo; n&oacute; &ldquo;i dteach&rdquo; (m&rsquo;Athar) a chur ar an mbunleagan Gr&eacute;igise, ach is ionann ciall d&oacute;ibh: an misean a thug m&rsquo;Athair dom, n&oacute; i dteach m&rsquo;Athar, an Teampall, agus gach ar sheasann sin d&oacute;, Dia i l&aacute;thair ar domhan, an Teampall mar theach urnaithedon uile chine ar domhan. N&iacute; <em>fol&aacute;ir<\/em> d&rsquo;&Iacute;osa bheith bainteach leis sin; t&aacute; riachtanas leagtha air, faoi mar a dh&eacute;arfaidh &Iacute;osa n&iacute;os d&eacute;ana&iacute; leis na sluaite a bhi ag iarraidh &eacute; a choime&aacute;d l&aacute;mh le Cafarn&aacute;um: &ldquo;N&iacute; <em>fol&aacute;ir<\/em> dom dea-sc&eacute;al r&iacute;ocht D&eacute; a fh&oacute;gairt do na cathracha eile, &oacute;ir is chuige sin a cuireadh amach m&eacute;&rdquo; (L&uacute;c&aacute;s 4:43). An r&aacute;iteas sin faoi ghn&oacute;tha (n&oacute; Teach) a Athar, ba iad sin na c&eacute;ad bhriathra a labhair &Iacute;osa de r&eacute;ir na Soisc&eacute;al. Chuir &Iacute;osa &eacute; fein i l&aacute;thair leo mar Mhac D&eacute;. N&iacute;or thuig Muire agus I&oacute;saef an focal a labhair &Iacute;osa leo &ndash; n&iacute; nach ionadh d&uacute;inn. Bh&iacute; dh&aacute; heaghlach, i sl&iacute;, i gceist anois: teaghlach neimhe, &Iacute;osa agus a Athair, agus teaghlach Nazarat mar ar oileadh &Iacute;osa. Le r&uacute;ndiamhair a bhainte le Dia foilsithe, filleann &Iacute;osa ar a dhaonnacht ar talamh, go teaghlach Nazarat le bheith, mar is dual don &oacute;g&aacute;nanch daonna, umhal, faoi smacht, a thuismitheoir&iacute;. T&aacute; Muire, mar chreidmheach eiseaml&aacute;ireach, i l&aacute;thair r&uacute;ndiamhaire nach dtuigeann s&iacute; go hioml&aacute;n, agus thaiscigh s&iacute; go d&iacute;lis na nithe sin ina cr&oacute;i. Agus leanann &Iacute;osa leis ag f&aacute;s agus ag dul ar aghaidh in eagna agus i ngr&aacute;sta i l&aacute;thair D&eacute; agus daoine.<\/span><\/p>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><strong><em>B.<\/em><\/strong><strong><em><span style=\"color: blue;\">An B&iacute;obla in Agallamh le ceisteanna an lae.<\/span><\/em><\/strong><em><span style=\"color: blue;\"> &ldquo;B&iacute;odh meas ag an uile dhuine agaibh ar an bp&oacute;sadh agus n&aacute; truaill&iacute;tear &eacute;&rdquo;.<\/span><\/em><em><\/em><\/li>\n<\/ol>\n<p><span style=\"color: black;\">N&iacute; g&aacute; a mheabhr&uacute; d&rsquo;aoinne go bhfuil an teaghlach agus an posadh faoi bhr&uacute; m&oacute;r inniu, le reifreann ar an bp&oacute;sadh comhghn&eacute;is, posadh idir beirt fhear n&oacute; beirt bhan, <\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">agus sin in ainm comhionnanais, comhionnanas leis an bposadh traidisiunta idir fhear agus bhean. Agus ansin t&aacute; teaghlaigh de shaghasanna &eacute;ags&uacute;la ann, mar shampla teaghlach aontuismitheora. Is cuid &eacute; seo de ghluaiseacht domhain san Iarthar a fh&eacute;achann ar an bp&oacute;sadh traidisi&uacute;nta mar chuid de r&eacute; at&aacute; thart agus at&aacute; ag obair le foirm nua den bheatha phoibl&iacute; a thabhairt isteach a bheadh beag beann ar an m&uacute;nla traidisi&uacute;nta. Tugann sin go l&eacute;ir cuireadh d&uacute;inn machnamh a dh&eacute;anamh ar bhriathra na Litreach chuig na hEabhraigh d&uacute;inn: <\/span><span style=\"color: black;\">&ldquo;B&iacute;odh meas ag an uile dhuine agaibh ar an bp&oacute;sadh agus n&aacute; truaill&iacute;tear &eacute;&rdquo;.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; D&rsquo;fh&eacute;adfadh an t&eacute;acs seo a chur ag machnamh sinn ar thabhacht an ph&oacute;sta Chr&iacute;osta&iacute; don tsocha&iacute;, do na p&aacute;ist&iacute; agus do mh&oacute;r&aacute;n ruda&iacute; eile. Ch&iacute;or Comhairle na Vatac&aacute;ine an cheist go han-mhaith ina <em>Bunreacht Past&uacute;ireach ar an Eaglais i Saol an Lae Inniu <\/em>(7 Nollaig 1965)<em>, <\/em>go h&aacute;irithe sa mh&iacute;r &ldquo;D&iacute;nit an Ph&oacute;sta agus an Teaghlaigh. P&oacute;sadh agus an Teaghlach i Saol an Lae inniu&rdquo; (paragraif 47-52). Na briathra seo mar shampla (paragraph 52): &ldquo;Is s&oacute;rt scoile &eacute; an teaghlach do dhaonnacht n&iacute;os doimhne. Ach le go mbeadh an bl&aacute;th&uacute; is cu&iacute; ar a bheatha agus an misean at&aacute; aige, t&aacute; g&aacute; ag an teaghlach le teacht le ch&eacute;ile s&eacute;imh de aign&iacute; agus beartas comhoibrithe na gc&eacute;il&iacute;, fir ch&eacute;ile agus mn&aacute; c&eacute;ile, mar aon le comhoibri&uacute; saothrach na dtuismitheoir&iacute; in oiliuint na bp&aacute;ist&iacute;. &hellip; Is mar sin a fheidhm&iacute;onn an teaghlach, ina thagann gl&uacute;ine &eacute;ags&uacute;la le ch&eacute;ile agus a chabhra&iacute;onn le ch<\/span><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">&eacute;ile le f&aacute;s n&iacute;os eagna&iacute; de sh&iacute;or agus le cearta pearsanta agus riachtanais eile den bheata shoisialta a thabhairt le ch&eacute;ile, feidhm&iacute;onn s&eacute; mar bhunchloch don tsocha&iacute;. D&aacute; bhr&iacute; sin ba choir d&oacute;ibh sin uile a bhfuil tionchar acu ar an bpobal agus ar ghr&uacute;pa&iacute; soisialta saothr&uacute; go h&eacute;ifeachtach ar son leas an ph&oacute;sta agus an teaghlaigh&rdquo;.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Is m&oacute;r at&aacute; c&uacute;rsa&iacute; athraithe sa socha&iacute; &oacute; fhoils&iacute;odh na briathra sin sa bhliain 1965. Inniu n&iacute; fol&aacute;ir don teaghlach Cr&iacute;ostai aird a thabhairt ar an saol mar at&aacute; s&eacute; agus iarrachta&iacute; cu&iacute; a dh&eacute;anamh leis an creideamh a dhaingni&uacute; sa mh&eacute;id agus is f&eacute;idir, ag bheith feasach ar na tionchair &eacute;ags&uacute;la at&aacute; ag feidhmi&uacute;. N&iacute; thagann an baol is m&oacute; &oacute; na m&oacute;r-athraithe sa tsocha&iacute; f&eacute;in, ach &oacute; athr&uacute; meoin agus anama na clainne. M&aacute;s t&aacute;bhachtach an teaghlach do sheachadadh an chreidimh, n&iacute; leor scoileanna creidimh, scoileanna Caitliceacha fi&uacute;, a bheith ann. T&aacute; br&uacute; ann gan creideamh Caitliceach a mh&uacute;ineadh sna ranganna. Tuigfidh tuismitheor&iacute; c&eacute; chomh deacair is at&aacute; s&eacute; creideamh agus cr&aacute;ifeacht a mh&uacute;ineadh sa bhaile, ach bheadh s&eacute; inmholta aire a thabhairt d&oacute; sin. Agus mar aon leis sin t&aacute; na fadhbanna ann maidir le homaighn&eacute;asacht agus eile. T&aacute; aird na heaglaise tarraingthe ar na ceisteanna sin anois, agus n&iacute; m&oacute;r discr&eacute;id mh&oacute;r don teaghlach maidir leo. Bh&iacute; teaghlach Naofa Nazarat idir dh&aacute; shaol maidir leis an og&aacute;nach &Iacute;osa. Bheadh tuiscint acu do fhadhbanna teaghlaigh an lae inniu.<\/span><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>27 Nollaig 2015 (C) F&eacute;ile an Teaghlaigh Naofa Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute; B.An &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-369","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/369","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=369"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/369\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=369"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=369"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=369"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}