{"id":372,"date":"2016-01-07T16:34:35","date_gmt":"2016-01-07T16:34:35","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=372"},"modified":"2016-01-07T16:34:35","modified_gmt":"2016-01-07T16:34:35","slug":"10-eanair-2016-c-feile-bhaiste-ar-dtiarna","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=372","title":{"rendered":"10 Ean\u00e1ir 2016 (C) F\u00e9ile Bhaiste \u00c1r dTiarna"},"content":{"rendered":"<p><span style=\"color: blue;\">10 Ean&aacute;ir 2016 (C) F&eacute;ile Bhaiste &Aacute;r dTiarna<\/span><\/p>\n<p style=\"line-height: 12pt;\"><span style=\"color: blue;\">Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla<\/span><\/p>\n<p style=\"line-height: 12pt;\"><span style=\"color: blue;\">leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC<\/span><\/p>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><span style=\"color: blue;\">L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/li>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><strong><em>B.<\/em><\/strong><strong><em><span style=\"color: blue;\">An B&iacute;obla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: <\/span><\/em><\/strong><\/li>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><strong><em>A.<\/em><\/strong><strong><em><span style=\"color: blue;\">L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;.<\/span><\/em><\/strong><em><\/em><\/li>\n<\/ol>\n<p><em><span style=\"color: black;\">C&eacute;ad L&eacute;acht <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">(&Iacute;se&aacute;ia 40:1-5, 9-11).<\/span><em><span style=\"color: black;\">R&eacute;itig&iacute; cos&aacute;n le haghaidh an Tiarna.<\/span><\/em><span style=\"color: black;\"> Roghna&iacute;odh an l&eacute;acht seo le dul le soisc&eacute;al an lae inniu. Labhra&iacute;onn an d&aacute; cheann faoi r&eacute; nua at&aacute; ar t&iacute; tos&uacute;. Sa ch&eacute;ad l&eacute;acht t&aacute; gl&oacute;r &oacute; neamh ag f&oacute;gairt: &ldquo;R&eacute;itig&iacute; cos&aacute;n san fh&aacute;sach le haghaidh an Tiarna. D&eacute;anaig&iacute; d&iacute;reach thar an d&iacute;treabh (thar an ghaineamhlach) bealach m&oacute;r d&aacute;r dTiarna&rdquo;. Tugtar na focail sin chun cuimhne agus baintear &uacute;s&aacute;id astu sa r&eacute;amhr&aacute; d&rsquo;fh&oacute;gairt na r&eacute; nua le Cr&iacute;ost ag Eoin Baiste.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Is f&eacute;idir linn anois an ch&eacute;ad l&eacute;acht seo a shu&iacute;omh ina h&aacute;it chu&iacute; i Ieabhar &Iacute;se&aacute;ia. Is t&uacute;s &iacute; don dara roinn mh&oacute;r den Leabhar seo, ar a dtugtar anois &ldquo;An Dara &Iacute;se&aacute;ia&rdquo;. Tuigtear an l&eacute;acht n&iacute;os fearr nuair a shu&iacute;tear i ina c&uacute;lra ceart staire. Tamall gearr tar &eacute;is an bhliain 586 roimh Ch&iacute;ost shrois an nuacht faoi threascairt an Teampaill agus Iar&uacute;sail&eacute;im na deoraithe sa Bhaibeal&oacute;in, a raibh an f&aacute;idh &Eacute;z&iacute;c&eacute;il gn&iacute;omhach ina measc, ag f&oacute;gairt d&iacute;bheirg D&eacute; de bharr pheaca&iacute; Iosrael. Tar &eacute;is threascairt na cathrach agus an Teampaill d&rsquo;athraigh teachtaireacht an fhaidh sin go soisc&eacute;al na tr&oacute;caire agus an d&oacute;chais don todhcha&iacute;. Dar le Leabhar &Eacute;zic&eacute;il bh&iacute;odh na deoraithe ag teacht chuig an f&aacute;idh le teachtaireacht &oacute; Dhia a fh&aacute;il uaidh, teachtaireacht ar thugadar cluas bhodhar di. D&rsquo;fh&eacute;acadar ar an bhf&aacute;idh mar amhr&aacute;na&iacute; d&aacute;nta gr&aacute;, n&oacute; cantaire bail&eacute;ad fi&uacute;, gan baint ar a raibh iontu le c&uacute;rsa&iacute; an tsaoil n&oacute; an todhcha&iacute;. Na f&aacute;istin&iacute; a bh&iacute; aige anois faoi ais&eacute;ir&iacute; n&aacute;isi&uacute;nta agus thodhcha&iacute; ghl&oacute;rmhar, b&rsquo;ionann d&oacute;ibh iad bheith chomh folamh le bail&eacute;ad. Bh&iacute; an tImpire <\/span>Nab&uacute;cadnazar a scrios a dt&iacute;r dh&uacute;chais f&oacute;s i r&eacute;im. D&rsquo;athraigh c&uacute;rsa&iacute; sa bhliain 560 nuair a th&aacute;inig deireadh le r&eacute;im Nab&uacute;cadnazar. Sa bhliain 556 th&aacute;inig Nabonidus, r&iacute; deiridh na Baibeal&oacute;ine, i gcumhacht agus n&iacute;orbh fhada gur thr&eacute;ig s&eacute; an Bheabal&oacute;in ar fad. Faoi 559 bh&iacute; buanna C&iacute;oras, r&iacute; na Peirse, ag treisi&uacute;, agus ba l&eacute;ir n&aacute;rbh fhada go mbeadh suim aige an Bheabal&oacute;in a ghabh&aacute;il. Is thart ar an am sin a glaodh ar an bhf&aacute;idh anaithnid, ar a dtugtar anois &ldquo;An Dara <span style=\"color: black;\">&Iacute;se&aacute;ia&rdquo;<\/span> dul i mbun a theachtaireachta nua. Cloiseann s&eacute; glaoch &oacute; neamh &aacute; r&aacute; leis an s&oacute;l&aacute;s a fh&oacute;gairt do Iar&uacute;sail&eacute;im. T&aacute; athr&uacute; tagaithe ar fhearg Dh&eacute; go gr&aacute; agus d&oacute;chas. F&oacute;gra&iacute;tear go bhfuil deireadh leis an deora&iacute;ocht. Tagann guth eile &oacute; neamh ag f&oacute;gairt nach fol&aacute;ir cos&aacute;n a r&eacute;iteach don Tiarna san fh&aacute;sach (idir an Bheabal&oacute;in agus Iar&uacute;sail&eacute;im) le go mbeadh sl&iacute; r&eacute;idh ann don Tiarna ag filleadh go caithr&eacute;imeach ar Iar&uacute;sail&eacute;im. Ansin labhra&iacute;tear go d&iacute;reach le S&iacute;&oacute;n, sin le Iar&uacute;sail&eacute;im, &aacute; r&aacute; lei bheith ina callaire an Dea-Sc&eacute;il go bailte (scriosta) I&uacute;da go bhfuil Dia a Sl&aacute;naitheoir ag teacht chucu, leis an dea-sc&eacute;al: &ldquo;Seo &eacute; bhur nDia&rdquo;. (Is fearr an t&eacute;acs a thuiscint mar seo n&aacute; mar: &ldquo;A challaire an dea-sc&eacute;il chuig S&iacute;&oacute;n&rdquo;.) T&aacute; Dia Iosrael ag teacht thar an fh&aacute;sach go Iar&uacute;sail&eacute;im le cumhacht, mar a bheadh aoire ag aoireacht a thr&eacute;ada, &aacute; n-iompar ar chl&aacute;r a uchta.<\/p>\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Is iontach seo go l&eacute;ir mar fh&iacute;s don todhcha&iacute;, i bhfad r&oacute;-mh&oacute;r le go nd&eacute;anfa&iacute; &iacute; a fh&iacute;oradh go l&aacute;ithreach bonn an tr&aacute;th sin, agus go raibh s&iacute; mar sin mar inspior&aacute;id do ghl&uacute;ine eile tr&iacute;d na haoiseann s&iacute;os. Ghlac C&iacute;oras seilbh ar an mBaibeal&oacute;in sa bhliain 539 agus thug s&eacute; cead do na Gi&uacute;daigh filleadh abhaile agus an Teampall a ath&oacute;g&aacute;il, ach cathair Iar&uacute;sail&eacute;im f&eacute;in agus a m&uacute;rtha as an &aacute;ireamh. N&iacute;or fhill an iomad abhaile, ach rinneadh an Teampall a athog&aacute;il sa bhliain 515 agus lean pobal beag Iar&uacute;sail&eacute;im agus I&uacute;da ar aghaidh (le neamhsple&aacute;chas ar feadh seal sna blianta 164 go 63 roimh Chr&iacute;ost) faoi impireachta&iacute; na Peirse, na Gr&eacute;ige agus na R&oacute;imhe. Bheadh na Gi&uacute;daigh ag tn&uacute;th le f&iacute;oradh fh&iacute;s <span style=\"color: black;\">&Iacute;se&aacute;ia. Maidir le leagan an t&eacute;acs Eabhraise &ldquo;T&aacute; gl&oacute;r ag f&oacute;gairt: R&eacute;itig&iacute; cos&aacute;n san fh&aacute;sach&rdquo;, cuireann an leagan Gr&eacute;igise (an Seacht&oacute;d) an t-aistri&uacute;ch&aacute;n seo air: &ldquo;Guth ag glaoch san fh&aacute;sach: R&eacute;itig&iacute; cos&aacute;n&rdquo;, agus is mar seo a bhaineann Eoin Baiste &uacute;said as.<\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"color: black;\">Salm le Freagra <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">(Salm 103[104]). <em>A Thiarna, a Dhia liom, is r&oacute;mh&oacute;r th&uacute; go deimhin.<\/em><\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"color: black;\">An Dara L&eacute;acht<\/span><\/em><span style=\"color: black;\"> (T&iacute;teas 2:11-14; 3:4-7). <em>T&aacute; gr&aacute;sta D&eacute; foilsithe don uile dhuine.<\/em>Is ceann de na Litreacha ar a dtugtar Tr&eacute;adlitreacha (1-2 Tiom&oacute;id, T&iacute;teas)<em> <\/em>an Litir chuig T&iacute;teas. B&iacute;odh go bhfuil siad faoi ainm Ph&oacute;il is &eacute; is d&oacute;ich&iacute; n&aacute; gur forbairt ar theagasc Ph&oacute;il at&aacute; iontu d&iacute;rithe ar ch&uacute;ins&iacute; n&iacute;os d&eacute;ana&iacute; seachas teacht d&iacute;reach &oacute;n aspal f&eacute;in. T&aacute; an dealramh iontu go mbaineann siad le comhluadar Cr&iacute;osta&iacute; n&iacute;os forbartha, n&iacute;os eagrraithe, thar mar a bh&iacute; in aimsir Ph&oacute;il, le heaspaig agus d&eacute;ag&aacute;naigh i gceannas, &iacute;omh&aacute; den Eaglais mar a bh&iacute; s&iacute; n&iacute;os d&eacute;ana&iacute; sa ch&eacute;ad aois. Bh&iacute; feini&uacute;lacht bainte amach ag na Criosta&iacute;the sa domhan Gr&eacute;ag-R&oacute;mh&aacute;nach agus sna litreacha seo moltar d&oacute;ibh maireacht&aacute;il i m&oacute;dh go mbeadh meas orthu sa domhan sin, ach le bheith d&iacute;lis i gc&oacute;na&iacute; d&aacute; n-oidhreacht Chr&iacute;osta&iacute; le Cr&iacute;ost i l&aacute;r baill ann.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-indent: 60.65pt;\"><span style=\"color: black;\">T&aacute; dh&aacute; shliocht difri&uacute;la i l&eacute;acht an lae inniu, ach iad araon ag tagairt do fhoilsi&uacute; ghr&aacute; D&eacute; tr&iacute; &Iacute;osa Cr&iacute;ost. Bheadh mar theideal ar an gc&eacute;ad cheann: <em>T&aacute; gr&aacute;sta D&eacute; foilsithe don uile dhuine. <\/em>Baineann leacht an lae inniu, agus na Tr&eacute;adlitreacha, feidhm as friotal cuimsitheach: fuair Cr&iacute;ost b&aacute;s ar son gach aoinne, ar son an uile dhuine.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-indent: 60.65pt;\"><span style=\"color: black;\">Aidhm bhreith Chr&iacute;ost agus a theacht in&aacute;r measc lena bheatha, agus an freagra is dual d&oacute; uainne, &eacute;irim na l&eacute;achta seo. T&aacute; muidne creidmhigh ag maireacht&aacute;il i dtr&aacute;th idir eatorthu, idir theacht Chr&iacute;ost sa cholainn agus a ateacht ag deireadh na staire. Is &iacute; is br&iacute; leis gur c&oacute;ir go mbeadh an pobal Cr&iacute;osta&iacute; c&iacute;ocrach chun dea-oibreacha. <\/span><\/p>\n<p style=\"text-indent: 60.65pt;\"><span style=\"color: black;\">Tosa&iacute;onnn an dara sliocht (T&iacute;teas 3:4-7) le tagairt do fhoilsi&uacute;, nochtadh, chine&aacute;ltas agus ghr&aacute; (filantropa&iacute;ocht) D&eacute; don chine daonna uile, ag leagaint b&eacute;ime ar seo nach de bharr aon dea-oibreachta f&iacute;r&eacute;antachta a bheith d&eacute;anta acu a tharla sin, acht as ucht a thr&oacute;caire. Shaor s&eacute; sinn tr&iacute; ghlanadh uisce na hathghini&uacute;na ag an baisteadh, nuair a dh&aacute;il s&eacute; an Spiorad Naomh orainn go fial tr&iacute; &Iacute;osa Cr&iacute;ost &aacute;r Sl&aacute;naitheoir. Ba &iacute; an aidhm a bh&iacute; leis seo n&aacute; go mbeimis in&aacute;r n-oidhr&iacute; aige agus s&uacute;il againn leis an mbeatha sh&iacute;ora&iacute;. Oireann an l&eacute;acht seo go h&aacute;lainn do Fh&eacute;ile seo Bhaisteadh Chr&iacute;ost agus bronntanas an Spioraid Naoimh a thugann neart do chreidmhigh an bheatha Chr&iacute;osta&iacute; a mhaireacht&aacute;il.<\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"color: black;\">An Soisc&eacute;al<\/span><\/em><span style=\"color: black;\"> (L&uacute;c&aacute;s 3:15-16, 21-22). <em>Nuair a bh&iacute; &Iacute;osa f&eacute;in baiste agus ag gu&iacute; oscla&iacute;odh na flaithis. <\/em>Tosa&iacute;onn gach ceann de na ceithre Soisc&eacute;il ar bheatha phoibli &Iacute;osa le cuntas ar sheanm&oacute;ireacht Eoin Baiste agus bhaisteadh &Iacute;osa. T&aacute; b&eacute;im ar dh&aacute; phointe i l&eacute;acht an lae inniu &oacute; Shoisc&eacute;al L&uacute;c&aacute;is: fionra&iacute; ar an bpobal faoi theacht an Meisias agus &aacute;it na hurna&iacute; i ministreacht &Iacute;osa. T&aacute; a fhios againn &oacute; fhianaise an stara&iacute; Ghi&uacute;daigh Iosefus, comhaimsearach le L&uacute;c&aacute;s, go ndeacha seanm&oacute;ireacht Eoin Baiste i bhfeidhm go m&oacute;r ar an bpobal. Is sothuigthe go measfadh daoine &aacute;irithe gurbh &eacute; an Mesiais &eacute;, rud a sh&eacute;anann Eoin. Labhra&iacute;onn Eoin faoi dhuine eile n&iacute;os treise n&aacute; &eacute; a bh&iacute; chun baisteadh leis an Spiorad Naomh agus le tine. N&iacute; shonra&iacute;onn Eoin cad a bh&iacute; i gceist aige leis an Spiorad Naomh. D&eacute;anfar sin soil&eacute;ir ag baisteadh &Iacute;osa. D&eacute;anann &Iacute;osa &eacute; f&eacute;in amhail ball ar bith den &ldquo;phobal uile&rdquo; a bh&iacute; ag lorg baiste Eoin ag teacht chun baisteadh d&oacute;. Rud suntasach at&aacute; ag Luc&aacute;s, nach bhfuil ag na soisc&eacute;alaithe eile, n&aacute; urna&iacute; &Iacute;osa tar &eacute;is a bhaiste. T&uacute;s do noim&eacute;ad nua ina mhisean a bh&iacute; ann agus meabhra&iacute;onn L&uacute;c&aacute;s d&uacute;inn go nd&eacute;anfadh &Iacute;osa dul i leataobh do urna&iacute; ina leith&eacute;id de ch&aacute;sanna. Roimh an D&aacute;r&eacute;ag a roghn&uacute; chuaigh &Iacute;osa amach faoin sliabh chun gui, agus thug an o&iacute;che go l&eacute;ir ag gu&iacute; D&eacute; (L&uacute;c&aacute;s 6:12). Luann an tr&iacute; Shoisceal Sinoptacha urna&iacute; &Iacute;osa i Geits&eacute;amain&iacute;. Bh&iacute; &Iacute;osa bainteach le fhoilsi&uacute; r&uacute;ndiamhair D&eacute;, r&uacute;ndiamhair nach dtuigtear ach tr&iacute; chreideamh agus le hurna&iacute;. Tar &eacute;is a bhaiste, is le linn d&oacute; bheith ag gu&iacute; a oscla&iacute;odh na flaithis agus ar thuirling an Spiorad ar &Iacute;osa agus ar th&aacute;inig gl&oacute;r an Athar &oacute; na flaithis ag r&aacute; le h&Iacute;osa gurbh &eacute; Mac Muirneach an Athar &eacute;. B&rsquo;ionann na flaithis ar oscailt agus a r&aacute; go raibh an talamh, an domhan, nasctha, in agallamh, le neamh. N&iacute; neach &eacute;igin neamhphearsanta Dia. Bh&iacute; ceangal idir neamh agus talamh tr&iacute; fhoilsi&uacute;. D&eacute;antar an bhr&iacute; at&aacute; le teacht an Spioraid Naoimh ar &Iacute;osa n&iacute;os soil&eacute;ire i mbriathra Pheadair do theach an phag&aacute;naigh<\/span><span style=\"color: black;\">Coirn&eacute;ilias<\/span><span style=\"color: black;\"> (Gn&iacute;omthartha 10:38): &ldquo;Choisric Dia &Iacute;osa leis an Spiorad Naomh agus le chumhacht, agus chuaigh s&eacute; timpeall na t&iacute;re ag d&eacute;anamh maitheasa agus ag leigheas gach duine a bh&iacute; faoi smacht an diabhail, mar go raibh Dia leis&rdquo;<\/span><\/p>\n<p style=\"line-height: 12pt;\"><em><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">Malairt C&eacute;ad L&eacute;achta <\/span><\/em><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">(<\/span><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">&Iacute;se&aacute;ia 42:1-4, 6-7). <em>Seo &eacute; mo shearbh&oacute;nta a bhfuil p&aacute;irt mo chl&eacute;ibhe ann. <\/em>Seo &eacute; an ch&eacute;ad cheann de cheithre amhr&aacute;in &ldquo;Ghiolla an Tiarna&rdquo;. (Is iad na cinn eile n&aacute; 49:1-6; 50:4-9, n&oacute; 4-11; 52:13-53:12.) Labhra&iacute;onn an t&eacute;acs seo faoi mar ar roghnaigh Dia go speisialta an f&aacute;idh searbh&oacute;nta (giolla), giolla ar ion&uacute;in le Dia. Faoi mar a oireann do cheannaire b&iacute;obalta, t&aacute; cumhacht Spiorad D&eacute; faighte aige. Labhra&iacute;onn an t&eacute;acs faoi n&aacute;d&uacute;r an ghiolla. T&aacute; s&eacute; s&eacute;imh, ach d&iacute;lis don misean at&aacute; faighte aige go dt&iacute; go mbeidh toradh air. Taca&iacute;onn Dia leis leis an misean at&aacute; aige a thabhairt chun cr&iacute;che. Cheap Dia &eacute; mar chonradh an phobail, conradh phobal Iosrael lena mhisean a mheabhr&uacute; d&oacute;ibh. Ach beidh s&eacute; mar sholas do na cin&iacute;oca taobh amuigh de Iosrael chomh maith. D&eacute;anfaidh s&eacute; na cim&iacute; a scaoileadh, na deoraithe sa Bhaibeal&oacute;in at&aacute; amhail is a bheith sa dorchadas. Ceist a eascra&iacute;onn go h&eacute;asca as seo n&aacute; c&eacute;rb &eacute; an searbh&oacute;nta, an giolla, in aigne an fh&aacute;idh a chum an t&eacute;acs &aacute;lainn seo a ch&eacute;aduair. T&aacute; &eacute;agsulacht tuairm&iacute; ann maidir leis seo: Iosrael na staire, Iosrael id&eacute;alach, duine eigin den Seantiomna ann roimh n&oacute; i ndiaidh aimsir fh&aacute;idh\/&uacute;dar an t&eacute;acs seo, n&oacute; fi&uacute; an f&aacute;idh\/&uacute;dar an t&eacute;acs &eacute; f&eacute;in. F&aacute;gtar an giolla, an searbh&oacute;nta, gan ainm, le haithne a chur air &oacute;n phearsantacht faoi leith at&aacute; aige, &oacute;na mhisean, &oacute; faoi mar a roghnaigh Dia go speisialta &eacute;, &oacute;n ghaol faoi leith at&aacute; aige le Dia. D&rsquo;fh&eacute;adfadh an giolla, a phearsa agus an misean at&aacute; aige seasamh mar eiseaml&aacute;ir do Iosrael, pobal tofa D&eacute; le misean domhanda, n&oacute; seasamh do dhuine tofa aonair a bhfuil an misean sin aige. Ar aon chuma comhl&iacute;onfar an fh&aacute;istine, an duan, seo faoi mar ba thoil le Dia sin a dh&eacute;anamh, agus rinneadh sin tr&iacute; Mhac D&eacute;, &Iacute;osa Cr&iacute;ost, mar is l&eacute;ir &oacute; Bhaisteadh &Iacute;osa nuair a ungadh &eacute; leis an Spiorad, agus nuair a th&aacute;inig an guth &oacute;na flaithis le t&eacute;acs &Iacute;se&aacute;ia (ach ag labhairt ar &ldquo;Mhac&rdquo; seachas &ldquo;ghiolla&rdquo;) ag f&oacute;gairt go raibh f&aacute;istine &Iacute;se&aacute;ia comhl&iacute;onta in &Iacute;osa.<\/span><em><\/em><\/p>\n<p style=\"line-height: 12pt;\"><em><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">Malairt Salm le Freagra <\/span><\/em><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">(Salm 28[29]). <em>Beann&oacute;idh an Tiarna a phobal le s&iacute;och&aacute;in.<\/em><\/span><\/p>\n<p style=\"line-height: 12pt;\"><em><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">Malairt Dara L&eacute;achta <\/span><\/em><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">(Gn&iacute;omhartha na nAspal 10:34-38). <em>Rinne Dia &eacute; a ungadh leis an Spiorad Naomh.<\/em> An su&iacute;omh don sliocht seo i nGn&iacute;omhartha na nAspal n&aacute; an &oacute;c&aacute;id ina d&uacute;irt an Spiorad Naomh le Peadar dul go teach Coirn&eacute;ilias, taoiseach c&eacute;ad pag&aacute;nach, agus an dea-sc&eacute;al a fh&oacute;gairt d&oacute;. Go dt&iacute; sin ba de bhunadh Gi&uacute;dach ar fad baill na hEaglaise. De bharr ad&uacute;irt an Spiorad Naomh leis, thuig Peadar gur do gach aoinne Gi&uacute;dach agus pag&aacute;nach an Dea-Sc&eacute;al agus leagann s&eacute; b&eacute;im ar seo ina aitheasc don taoiseach c&eacute;ad Coirn&eacute;ilias agus a theaghlach. Tugann Peadar achoimre de theachtaireacht an tSoisc&eacute;il, ag cur t&uacute;s leis, mar ba ghn&aacute;thach i luath-sheanm&oacute;ireacht na hEaglaise, le saothar agus Baisteadh Eoin Baiste. B&iacute;odh nach nd&eacute;anann s&eacute; baisteadh &Iacute;osa a lua go dearfa, t&aacute; sin iontuigthe &oacute;na deir s&eacute; faoi ungadh Chr&iacute;ost leis an Spiorad Naofa agus le cumhacht. Is sa chumhacht sin a lean s&eacute; ar aghaidh lena mhisean sl&aacute;naithe.<\/span><\/p>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><strong><em>B.<\/em><\/strong><strong><em><span style=\"color: blue;\">Machnamh agus Agallamh le Ceisteanna an Lae. <\/span><\/em><\/strong><em><span style=\"color: blue;\">An Baisteadh agus an Spiorad&aacute;ltacht Chr&iacute;osta&iacute;. Baisteadh agus creideamh sna flaithis oscailte.<\/span><\/em><\/li>\n<\/ol>\n<p style=\"line-height: 12pt;\"><em><span style=\"color: black;\">Macnamh. An Baisteadh agus an Spiorad&aacute;ltacht Chr&iacute;osta&iacute;.<\/span><\/em><span style=\"color: black;\"> Ceili&uacute;radh seo bhaisteadh &Iacute;osa, n&iacute; eachtra i mbeatha &Iacute;osa amh&aacute;in at&aacute; ann n&oacute; t&uacute;s lena bheatha phoibl&iacute;. Leagann t&eacute;acsanna uile an Tiomna Nua b&eacute;im ar seo gur ungadh &Iacute;osa leis an Spiorad Naomh ag a bhaisteadh. Le cumhacht an Spioraid sin chuaigh s&eacute; thart ag d&eacute;anamh na maithe agus ag cur as do chumhacht an pheaca agus Sh&aacute;tain. &Oacute; th&uacute;s a staire d&rsquo;fh&eacute;ach an Eaglais ar an mbaisteadh Cr&iacute;osta&iacute; mar cheangal dl&uacute;th le h&Iacute;osa agus lena bhaisteadh, nuair a tugadh an Spiorad Naomh mar bhronntanas do na creidmhigh. D&eacute;anann an Spiorad Naomh deimhin sinn gur clann D&eacute; sinn, clann mhac agus clann in&iacute;onacha. Ionann an Spiorad a bheith againn agus ungadh spiorad&aacute;lta a thugann muin&iacute;n d&uacute;inn sa chreideamh i gCr&iacute;ost agus san eaglais. Feidhm&iacute;onn an Spiorad go ci&uacute;in san anam ag cabhr&uacute; le creidmhigh an bheatha Chr&iacute;osta&iacute; a mhaireacht&aacute;il de r&eacute;ir spiorad an tsoisc&eacute;il. Inniu d&eacute;antar roinnt mhaith cainte faoin spiorad&aacute;ltacht, ar uairibh ag tabhairt le tuiscint gur airde an spiorad&aacute;ltach n&aacute; an reiligi&uacute;n, gur meas&uacute;la n&aacute; an creideamh &iacute;. Agus c&uacute;rsa&iacute; mar at&aacute; n&iacute; dochar ar bith a mheabhr&uacute; go mbaintear feidhm as br&iacute;onna &eacute;ags&uacute;la leis an t&eacute;arma &ldquo;spiorad&aacute;ltacht&rdquo;. D&rsquo;fh&eacute;adfadh daonnachtaithe, ar bheag&aacute;n n&oacute; ar dada creidimh i nDia n&oacute; sa domhan eile, &uacute;s&aacute;id a bhaint as. Ionann spiorad&aacute;ltacht d&oacute;ibh si&uacute;d agus tr&eacute;ith n&oacute; feidhmi&uacute; an spioraid dhaonna, beag beann ar aon chredeamh i nDia. Do chreidmhigh ionann spiorad&aacute;ltacht agus beatha an ghrasta, faoi sti&uacute;ir an Spioraid Naoimh. Sa chiall seo den t&eacute;arma t&aacute; spiorad&aacute;ltacht ag gach creidmheach, bocht n&oacute; saibhir, &oacute;g agus aosta, l&eacute;annta n&oacute; a mhalairt, d&iacute;reach mar at&aacute; an Spiorad Naomh acu, mar bhronntanas D&eacute; sa bhaisteadh.<\/span><\/p>\n<p style=\"line-height: 12pt;\"><em><span style=\"color: black;\">Agallamh. Creideamh sna flaithis oscailte. <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">T&aacute; tagairt do na flaithis oscailte ag baisteadh &Iacute;osa i ngach ceann de na soisc&eacute;il. Ionann flaithis oscailte agus creideamh i ndomhan eile seachas an saol tadhaill seo, domhan eile nach bhfuil d&uacute;nta, ach ina bhfuil Dia i gcaidreamh leis an domhan seo, i dteagmh&aacute;il d&iacute;reach, phearsanta. Admh&aacute;il chreidimh sa domhan eile seo gach baisteadh, agus n&iacute;l ciall lena gabhann leis (dorta uisce) gan an creideamh sin. Ar nd&oacute;igh n&iacute; chreideann aindiachaithe n&oacute; daonnachtaithe sa saol eile seo, n&oacute; teagmh&aacute;il idir saol eile m&aacute;s ann d&oacute;, agus an saol seo. An ch&eacute;im dheiridh acu si&uacute;d n&aacute; gan na p&aacute;ist&iacute; a bhaisteadh.<\/span><\/p>\n<p style=\"line-height: 12pt;\"><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Cotha&iacute;tear creideamh sna flaithis oscailte le creideamh beo agus teagmh&aacute;il leis na sacraimint&iacute;. Seo ceann de na teachtaireachta&iacute; at&aacute; ag f&eacute;ile seo Bhaiste &Aacute;r dTiarna d&uacute;inn.<\/span><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>10 Ean&aacute;ir 2016 (C) F&eacute;ile Bhaiste &Aacute;r dTiarna Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute; B.An &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-372","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/372","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=372"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/372\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=372"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=372"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=372"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}