{"id":374,"date":"2016-01-15T10:37:03","date_gmt":"2016-01-15T10:37:03","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=374"},"modified":"2016-01-15T10:37:03","modified_gmt":"2016-01-15T10:37:03","slug":"17-eanair-2016-c-an-dara-domhnach-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=374","title":{"rendered":"17 Ean\u00e1ir 2016 (C) An Dara Domhnach Saor"},"content":{"rendered":"<p><span style=\"color: blue;\">17 Ean&aacute;ir 2016 (C) An Dara Domhnach Saor<\/span><\/p>\n<p style=\"line-height: 12pt;\"><span style=\"color: blue;\">Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla<\/span><\/p>\n<p style=\"line-height: 12pt;\"><span style=\"color: blue;\">leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC<\/span><\/p>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><span style=\"color: blue;\">L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/li>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><strong><em>B.<\/em><\/strong><strong><em><span style=\"color: blue;\">An B&iacute;obla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: <\/span><\/em><\/strong><\/li>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><strong><em>A.<\/em><\/strong><strong><em><span style=\"color: blue;\">L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;.<\/span><\/em><\/strong><em><\/em><\/li>\n<\/ol>\n<p style=\"line-height: 12pt;\"><em><span style=\"color: black;\"> R&eacute;amhr&aacute; do na l&eacute;achta&iacute;. <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">T&aacute;imid anois ag tos&uacute; le l&eacute;achta&iacute; do Dhomhnacha&iacute; Saora na bliana, tar &eacute;is tr&eacute;imhs&iacute; speisialta na hAidbhinte agus na Nollag. I rith na bliana seo t&oacute;gfar l&eacute;achta&iacute; an tSoisc&eacute;il &oacute; L&uacute;c&aacute;s (seachas an l&aacute; inniu, a bhfuil c&uacute;is faoi leith d&oacute; ann mar a fheicimid). T&aacute; an Dara L&eacute;acht t&oacute;gtha as Litreacha Naomh P&oacute;l: lean&uacute;uint de 1 Corantaigh do Dhomhnacha&iacute; 2-8; ansin Galataigh Domhnacha&iacute; 9-14; Colosaigh Domhnacha&iacute; 15 go 22; Fil&eacute;m&oacute;n Domhnach 23; 1 agus 2 Tiom&oacute;id Domhnacha&iacute; 24 go 30; ansin 2 Teasal&oacute;naigh Domhnacha&iacute; 31 go 33.<\/span><\/p>\n<p style=\"line-height: 12pt;\"><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Is f&eacute;idir t&eacute;ama &aacute;irithe a bhraithstint i l&eacute;achta&iacute; an lae inniu. Leiri&uacute; an ch&eacute;ad cheann ar ghr&aacute; D&eacute; d&aacute; phobal ion&uacute;in Iosrael, gur siombal d&oacute; S&iacute;&oacute;n (cathair Iar&uacute;sail&eacute;im), agus gur cos&uacute;il an gaol eatorthu agus p&oacute;sadh idir Dhia agus a bhr&iacute;deach S&iacute;&oacute;n. Baineann l&eacute;acht an tSoisc&eacute;il freisin le p&oacute;sadh, an bhainis i gCana na Gail&iacute;le, ina rinne &Iacute;osa f&iacute;on den uisce, siombal den r&eacute; nua a bh&iacute; s&eacute; le tabhairt isteach. F&iacute;sesanna den r&eacute; le teacht iad sin. Baineann an dara l&eacute;acht, as Dara Litir Ph&oacute;il chuig na Corantaigh, leis an gcomhl&iacute;onadh at&aacute; tagaithe i gcr&iacute;ch le teacht Spiorad Chriost ar an Eaglais agus na t&iacute;olactha &eacute;ags&uacute;la a bhronnann s&eacute;, agus an fhianaise at&aacute; le tabhairt do Chr&iacute;ost os comhair an domhain ag pobal D&eacute; tr&iacute;d na t&iacute;olactha sin. <\/span><\/p>\n<p><em>An Ch&eacute;ad L&eacute;acht <\/em>(Ise&aacute;ia 62:1-5). <em>Is c&uacute;is ghairdis an bhr&iacute;dach don fhear c&eacute;ile. <\/em>Is t&eacute;arma fileata &eacute; S&iacute;&oacute;n do Iar&uacute;sail&eacute;im, ainm geana a l&eacute;ir&iacute;onn d&aacute;ir&iacute;reacht ghr&aacute; D&eacute; d&aacute; phobal ion&uacute;in. B&rsquo;ionann treascairt na cathrach ag na Baibeal&oacute;inigh agus gr&uacute;pa&iacute; eile agus n&aacute;iri&uacute; an phobail uile. T&aacute; cur s&iacute;os sa l&eacute;acht seo ar mhalairt chinni&uacute;na maidir leis sin. De bharr a chuid peaca&iacute; d&uacute;irt an f&aacute;idh H&oacute;is&eacute; go nd&eacute;arfadh Dia le hIosrael &ldquo;Neamh-Mhuirneach&rdquo; ar Iosrael, agus &ldquo;N&iacute; sibhse mo phobal&rdquo; (H&oacute;is&eacute; 1:6.9), ach tar &eacute;is phion&oacute;is agus aithr&iacute; glaofar uirthui ag Dia: &ldquo;Mo pbobal&rdquo; agus &ldquo;Muirneach&rdquo; (H&oacute;is&eacute; 2:1), agus go rabhthas le clann Iosrael agus clann I&uacute;da a bhailiu le ch&eacute;ile. Mar an gc&eacute;anna le l&eacute;acht an lae inniu, d&eacute;antar r&eacute;amhinsint inti do thodhcha&iacute; ghl&oacute;rmhar do Sh&iacute;&oacute;n, an chathair naofa, agus do phobal D&eacute;. Beidh S&iacute;&oacute;n mar l&oacute;chrann do na n&aacute;isi&uacute;in tr&iacute;na hionracas, a f&iacute;r&eacute;antacht. Beidh ainm nua aici &oacute; Dhia: ag S&iacute;&oacute;n an chathair f&eacute;in &ldquo;M&rsquo;aoibhneas &iacute;&rdquo; agus ag d&uacute;iche Sh&iacute;&oacute;n &ldquo;An C&eacute;ile&rdquo;, c&eacute;ile D&eacute;. Cuirtear an gaol idir Dhia agus a phobal ion&uacute;in i l&aacute;thair mar lan&uacute;in nuaph&oacute;sta: fear nuaph&oacute;sta agus br&iacute;deach.<\/p>\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Is f&iacute;s an l&eacute;acht seo agus gealltanas a thug uchtach agus misneach ina tr&aacute;th f&eacute;in agus n&iacute;os d&eacute;ana&iacute; in am g&aacute;tair agus triobl&oacute;ide. Ach maidir le f&iacute;oradh f&iacute;se agus ghealltanas D&eacute;, is cuid iad de fhoilsi&uacute; r&uacute;ndiamhair D&eacute; agus n&iacute; m&oacute;r creideamh agus freagra an chreidmhigh a chur san &aacute;ireamh anseo. Is f&eacute;idir &eacute;irim na l&eacute;achta seo a chur i leith na hEaglaise, an S&iacute;&oacute;n Nua, Br&iacute;deach an Uain, a ghlaotar uirthi fianaise a thabhairt do Chr&iacute;ost mar Sholas do na n&aacute;isi&uacute;in uile trina d&iacute;lse agus a hionracas.<\/p>\n<p><em>Salm le Freagra <\/em>(Salm 95[96]). <em>F&oacute;graig&iacute; &eacute;achta&iacute; an Tiarna do na n&aacute;isi&uacute;in uile.<\/em><\/p>\n<p><em>An Dara Leacht <\/em>(1 Corantaigh 12:4-11). <em>Is &eacute; an Spiorad ceanann c&eacute;anna a bh&iacute;onn ag d&aacute;il ar ch&aacute;ch de r&eacute;ir mar is &aacute;il leis fein. <\/em>T&aacute; cur s&iacute;os sa l&eacute;acht seo ar na t&iacute;olactha diaga a roinneadh go fial ar chomhluadar Cr&iacute;osta&iacute; eaglais Choraint, iad go l&eacute;ir curtha i l&aacute;thair a bheith ag teacht &oacute;n Spiorad c&eacute;anna, &oacute;n Tiarna c&eacute;anna (&Iacute;osa) agus on Dia c&eacute;anna (an tAthair) &ndash; iad go leir mar th&iacute;olactha &oacute;n aon Dia c&eacute;anna, Dia a dh&eacute;anfar a shainmh&iacute;ni&uacute; n&iacute;os d&eacute;ana&iacute; leis na briathra c&eacute;anna (Athair, Mac agus Spiorad Naomh|) mar an Trion&oacute;id Naomh.<\/p>\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Sa luatheaglais bh&iacute; <span style=\"color: black;\">eisp&eacute;iris eactaiseacha ann ar uairibh, in eaglais&iacute; &aacute;irithe nios m&oacute; n&aacute; i gcinn eile. Sa l&eacute;acht seo tugann P&oacute;l comhairle thr&eacute;adadach, ag cur b&eacute;im ar seo nach &eacute; eisp&eacute;aras an duine aonair at&aacute; t&aacute;bhachtach ach cad as, n&oacute; c&eacute; uaidh, a thagann s&eacute; agus an fheidhm at&aacute; aige an comhluadar Cr&iacute;osta&iacute; a th&oacute;g&aacute;il sa chreideamh agus sa charthanacht. Bh&iacute; an cath&uacute; ann ceann de na t&iacute;olactha a mheas n&iacute;os airde n&aacute; ceann eile, agus da bharr sin an seasamh a bheadh aige sa phobal. Bh&iacute; an-mheas ar bhronntanas feicealach na dteangacha i gCoraint. Sa t&eacute;acs seo cuireann P&oacute;l san &aacute;it dheiridh &eacute;. Sna v&eacute;arsa&iacute; d&iacute;reach roimh an l&eacute;acht seo meabhra&iacute;onn P&oacute;l do na Corantaigh a iompa&iacute;odh &oacute;n phag&aacute;nachas go raibh cleachtadh acu, n&oacute; eolas orthu faoi, fhle&aacute;nna drabhl&aacute;sacha ag ionaid chultais phag&aacute;nacha, cinn inar rinneadh ar uairibh, bfh&eacute;idir, &Iacute;osa a dhiamhasl&uacute;. Is &eacute; seo ar mhian leis a dh&eacute;anamh soileir n&aacute; nach ag an eisp&eacute;aras creidimh f&eacute;in at&aacute; an fi&uacute;ntas, ach an fhoinse as a dtagann s&eacute; (an Spiorad), an fheidhm at&aacute; aige leis an gcreideamh i gCr&iacute;ost agus an Eaglais a neart&uacute;. Bh&iacute; &eacute;ags&uacute;lacht ann maidir leis na t&iacute;olactha seo. Tugann P&oacute;l sa l&eacute;acht seo liosta d&iacute;obh sin a bheadh taith&iacute; ag an Corantaigh orthu. I litreacha eile d&aacute; chuid (R&oacute;mh&aacute;naigh 15:19; 2 Corantaigh 12:12; Galataigh 3:5), agus sa l&eacute;acht seo, luann s&eacute; m&iacute;or&uacute;ilt&iacute;, ach n&iacute; shonra&iacute;onn s&eacute; cad go beacht at&aacute; i gceist le m&iacute;or&uacute;ilt sna c&aacute;sanna sin. Ionann an bua &ldquo;labhairt go heagna&iacute;&rdquo;, b&rsquo;fh&eacute;idir, agus an bua seanm&oacute;ireacht n&oacute; teagasc a dh&eacute;anamh faoi na f&iacute;rinn&iacute; Cr&iacute;osta&iacute; is doimhne; ionann &ldquo;labhairt go feasach &oacute;n Spiorad&rdquo;, b&rsquo;fh&eacute;idir, agus seanm&oacute;ireacht n&oacute; teagasc a dh&eacute;anamh ar bhunfh&iacute;rinn&iacute; an chreidimh. Ina dhiaidh sin luann an bunt&eacute;acs f&aacute;idhead&oacute;ireacht, gur br&iacute; leis is d&oacute;cha seanm&oacute;ireacht faoi lu&iacute; an Spiorad, mar a aistr&iacute;otar sa l&eacute;acht seo &eacute; (&ldquo;bua na seanm&oacute;ireachta&rdquo;).<\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; T&aacute; buanna an Spioraid d&aacute; leith&eacute;id sin san Eaglais tr&iacute;d na haoiseana s&iacute;os, agus athr&uacute; orthu faoi mar a oireann don tr&aacute;th. Ach fanann an fh&iacute;rinne l&aacute;rnach mar an gc&eacute;anna i gc&oacute;na&iacute;, is &eacute; sin le r&aacute; aontacht agus umhla&iacute;ocht in &eacute;ags&uacute;lacht.<\/span><\/p>\n<p><em>&nbsp;<\/em><\/p>\n<p><em>Soisc&eacute;al <\/em>(Eoin 2:1-12). <em>Rinne &Iacute;&oacute;sa an ch&eacute;ad cheann d&aacute; mh&iacute;or&uacute;ilt&iacute; i gCana na Gail&iacute;le.<\/em> B&iacute;odh gurbh &iacute; bliain Shoisc&eacute;al L&uacute;c&aacute;is an bhliain seo, blain C, an tr&iacute;&uacute; bliain den ch&uacute;rsa, t&oacute;gtar l&eacute;acht an lae inniu &oacute; Shoisc&eacute;al Eoin. Go traidisi&uacute;nta l&eacute;adh an sliocht seo gach bliain ar an Domhnach tar &eacute;is F&eacute;ile Bhaisteadh Chr&iacute;ost (an Domhnach seo caite). Sa traidisi&uacute;n liot&uacute;irgeach t&oacute;gadh an tri cheili&uacute;radh, an Eipif&aacute;ine (6 Ean&aacute;ir), an Baisteadh agus an Domhnach seo mar tr&iacute; gn&eacute;ithe de fhoiulsi&uacute; r&uacute;ndiamhair &Iacute;osa &ndash; ag na saoithe (Eipif&aacute;ine), ag a Athair (ag a bhaisteadh) agus uaidh f&eacute;in ag bainis Cana (inniu). An mhior&uacute;iIt an tsl&iacute; ina a chuireann an Soisceala&iacute; Eoin beatha phoibl&iacute; Chriost in&aacute;r l&aacute;thair, faoi mar ar rinne Matha (sa Ghail&iacute;l) agus L&uacute;c&aacute;s (i Nazarat) &eacute; ina sl&iacute;te f&eacute;in. Ba ch&oacute;ir dh&aacute; eochairfhocal de chuid Shoisc&eacute;al Eoin, a mbaintear &uacute;s&aacute;id orthu sa l&eacute;acht seo, a thabhairt faoi deara, is iad sin &ldquo;comhartha&rdquo; agus &ldquo;uair &Iacute;osa&rdquo;. I Soisc&eacute;al Eoin tugtar comhartha&iacute; ar mh&iacute;or&uacute;ilt&iacute; toisc go nd&iacute;r&iacute;onn siad &aacute;r n-aire ar fh&iacute;rinne &eacute;igin n&iacute;os doimhne. Ionann &ldquo;uair &Iacute;osa&rdquo; i Soisc&eacute;al Eoin agus uair a ghl&oacute;irithe, a bhais ar an gcrois, agus a dheascabh&aacute;la go deasl&aacute;mh an Athar. T&aacute; an l&eacute;acht seo l&aacute;n de shiomb&oacute;lachas. Maidir le briathra tosaigh na l&eacute;achta sa leicsean&aacute;ir &ldquo;Sin am sin&rdquo;, is &eacute; at&aacute; sa Bh&iacute;obla f&eacute;in n&aacute; &ldquo;Sa tr&iacute;&uacute; l&aacute;&rdquo; bh&iacute; p&oacute;sadh i gCana sa Ghail&iacute;l. N&iacute;ltear ar aon tuirim faoi ch&uacute;is an data bheacht sin. An &eacute; an tr&iacute;&uacute; l&aacute; tar &eacute;is na heachtra&iacute; eile a luadh roimhe sin, n&oacute; an raibh f&aacute;th &eacute;igin eile leis a uimhir? Tarla&iacute;onn s&eacute; gur thug traidisi&uacute;n na nGi&uacute;dach faoi deara go bhfuil br&iacute; dhearfach le &uacute;s&aacute;id an natha &ldquo;tr&iacute;, n&oacute; tr&iacute;&uacute;, la&rdquo; sa Bh&iacute;obla, gur ceann d&iacute;obh H&oacute;is&eacute; 6:2, inar chonacthas tagairt do ais&eacute;ir&iacute; na colainne. R&eacute;amhthaispe&aacute;int a bh&iacute; i m&iacute;or&uacute;ilt Chana de Uair &Iacute;osa. Athr&uacute; an uisce (a &uacute;s&aacute;ideadh i gc&oacute;ir &iacute;onghlanadh deasghn&aacute;thach na nGi&uacute;dach) go f&iacute;on, siomb&oacute;l a bh&iacute; ann, b&rsquo;fheidir, den chlaochl&uacute; a dh&eacute;anfadh &Iacute;osa den Ghi&uacute;dachas lena bh&aacute;s, a ais&eacute;ir&iacute;, agus a dheascabh&aacute;il, a Uair. Cuireann &Iacute;osa forr&aacute;n ar a mh&aacute;thair mar &ldquo;A bhean&rdquo;, mar a dh&eacute;anfaidh s&eacute; agus i ag bun na croise (Eoin19:26), nuair a bh&iacute; an Uair tagaithe. Teideal le br&iacute; faoi leith a bh&iacute; anois ann.<\/p>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><strong><em>C.<\/em><\/strong><strong><em><span style=\"color: blue;\">An B&iacute;obla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: <\/span><\/em><\/strong><em><span style=\"color: blue;\">Ag nascadh f&iacute;se le f&iacute;or&uacute; na f&iacute;se, le r&eacute;altacht.<\/span><\/em><\/li>\n<\/ol>\n<p><span style=\"color: black;\">N&iacute; h&eacute;asca an rud f&iacute;s a nascadh leis an r&eacute;altacht, le c&uacute;rsai an tsaoil faoi mar at&aacute; siad, b&iacute;odh seo i gc&uacute;rsai creidimh, poilit&iacute;ochta n&oacute; eile. Cotha&iacute;onn f&iacute;s agus tugann s&iacute; uchtach d&uacute;inn. Tugann s&iacute; treoir agus misneach do dhuine agus do phobal saothr&uacute; ar son uaillmh&eacute;ine pearsanta agus na struct&uacute;r shoisialta a chreidtear ar choir a bheith ann. F&aacute;ithe Iosrael, go h&aacute;irithe tar &eacute;is tubaiste na Baibeal&oacute;ine bh&iacute;odar saibhir sa bhf&iacute;s agus sa d&oacute;chas a bh&iacute; acu do thodhcha&iacute; a phobail, pearsantaithe mar S&iacute;&oacute;n ion&uacute;in. T&aacute; sampla maith de sin againn i gc&eacute;ad l&eacute;acht an lae inniu. Ach m&uacute;ineann insint an Bh&iacute;obla d&uacute;inn chomh maith n&aacute;r r&eacute;itigh stair Iosrael leis an bhf&iacute;s. B&rsquo;fhada &oacute;na ch&eacute;ile iad. Tugann f&iacute;s fh&aacute;idh plean D&eacute;. Braitheann s&eacute; ar an bhfreagra daonna conas a fheidhm&iacute;onn an fh&iacute;s sin i gc&uacute;rsa&iacute; an tsaoil.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Is f&iacute;or an rud c&eacute;anna maidir leis an Eaglais. Tugann l&eacute;acht an tSoisc&eacute;il faoi bhainis i gCana f&iacute;s chomh maith ar shaothar Chr&iacute;ost le crot nua ar chur ar shean-chleachta&iacute; creidimh. Thosaigh sin leis an ch&eacute;ad chomhartha ag Cana agus th&aacute;inig ioml&aacute;n&uacute; air ag Uair a ghl&oacute;irithe ag an c&eacute;asadh sa chrois agus ina dheascabh&aacute;il. Ba shiombal an athr&uacute; uisce go f&iacute;on ag Cana ar an chlaochl&uacute; ag &Iacute;osa ar dheasghn&aacute;tha agus f&eacute;ilte na nGi&uacute;dach. Ach n&iacute;or mh&oacute;r an claochl&uacute; seo, rundiamhair seo D&eacute; den r&eacute; nua, a mhaireacht&aacute;il i ngach chomhluadar Cr&iacute;osta&iacute;, gur cuid d&iacute;obh i gc&oacute;na&iacute; na laiga&iacute; gus an suarachas is dual don duine daonna. Ta sampla agann i luatheaglais Choraint. Bh&iacute; ar Ph&oacute;l rabhadh a thabhairt do lucht lean&uacute;na Chriost faoin mbaol a bh&iacute; ann mura dh&iacute;r&iacute;otar &aacute;r n-aire ar fh&iacute;rinn&iacute; l&aacute;ir na Cr&iacute;osta&iacute;ochta.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Is fadhb de sh&iacute;or san eaglais f&iacute;s a nascadh leis an r&eacute;altacht, le c&uacute;rsa&iacute; an tsaoil at&aacute; de ghn&aacute;th ag athr&uacute;. Mar shampla reatha de shin is f&eacute;idir linn Dara Comhairle na Vatac&aacute;ine a th&oacute;gaint. Thug an Chomhairle sin foirmlio&uacute; nua ar an dteachtaireacht Chr&iacute;osta&iacute;, a bh&iacute; mar aidhm aige teachtaireacht asn tSoisc&eacute;il a dh&iacute;ri&uacute; ar mhuintir &aacute;r linne f&eacute;in. Ar uairibh inniu cloistear c&aacute;ineadh g&eacute;ar ar an eaglais toisc n&aacute;r chuir s&iacute; i gcr&iacute;ch teagasc, f&iacute;s, na Comhairle sin. De ghn&aacute;th i gcomhth&eacute;acs mar seo is &eacute; sa thuigtear leis an bhfocal &ldquo;Eaglais&rdquo; n&aacute; an neach ar a dtugtar go minic an Eaglais Insiti&uacute;dach. Maidir leis seo is f&eacute;idir dh&aacute; phointe a dh&eacute;anamh. Ar an gc&eacute;ad dul s&iacute;os is &eacute; an Eaglais ann n&aacute; pobal ioml&aacute;n D&eacute;, agus mar sin ni m&oacute;r an cheist a chur: ar chuir siad sin tesagasc agus f&iacute;s na hEaglaise i bhfeidhm. Agus sa dara h&aacute;it, nuair a ghlaotar orainn filleadh asr &ldquo;spiorad&rdquo; na Comhairle n&iacute; m&oacute;r a thabhairt chun cuimhne na hathraithe at&aacute; tagaithe ar an bhf&oacute;d &oacute; chlabhs&uacute;r na Comhairle sa bhliain 1965, athraithe i m&oacute;r&aacute;n gn&eacute;ithe den Eaglais agus den socha&iacute; &ndash; sa socha&iacute;, <\/span><span style=\"color: black;\">d&iacute;-eaglaiseachas, andiachas agus frithchl&eacute;ireachas; san Eaglais scannail ghn&eacute;is i measc na cleire, patuaire maidir le cleachtadh creidimh agus a l&aacute;n ruda&iacute; eile nach iad. Ar nd&oacute;igh n&iacute; m&oacute;r f&iacute;s a choime&aacute;d beo, ach n&iacute; fol&aacute;ir f&iacute;or&uacute; na f&iacute;se a nascadh le r&eacute;altacht, le c&uacute;rsai an tsaoil agus staire.<\/span><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>17 Ean&aacute;ir 2016 (C) An Dara Domhnach Saor Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute; B.An &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-374","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/374","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=374"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/374\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=374"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=374"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=374"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}