{"id":376,"date":"2016-01-21T15:24:49","date_gmt":"2016-01-21T15:24:49","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=376"},"modified":"2016-01-21T15:24:49","modified_gmt":"2016-01-21T15:24:49","slug":"24-eanair-2016-c-an-triu-domhnach-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=376","title":{"rendered":"24 Ean\u00e1ir 2016 (C) An Tr\u00ed\u00fa Domhnach Saor"},"content":{"rendered":"<p><span style=\"color: blue;\">24 Ean&aacute;ir 2016 (C) An Tr&iacute;&uacute; Domhnach Saor<\/span><\/p>\n<p style=\"line-height: 12pt;\"><span style=\"color: blue;\">Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla<\/span><\/p>\n<p style=\"line-height: 12pt;\"><span style=\"color: blue;\">leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC<\/span><\/p>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><span style=\"color: blue;\">L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/li>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><strong><em>B.<\/em><\/strong><strong><em><span style=\"color: blue;\">An B&iacute;obla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: <\/span><\/em><\/strong><em><span style=\"color: blue;\">Soisc&eacute;ala&iacute;ocht Nua agus an B&iacute;obla ina L&aacute;r<\/span><\/em>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><strong><em>A.<\/em><\/strong><strong><em><span style=\"color: blue;\">L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;.<\/span><\/em><\/strong><em><\/em><\/li>\n<\/ol>\n<\/li>\n<\/ol>\n<p style=\"line-height: 12pt;\"><em><span style=\"color: black;\">R&eacute;amhr&aacute; do na l&eacute;achta&iacute;. <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">Baineann an ch&eacute;ad l&eacute;acht agus an l&eacute;acht &oacute;n Soisc&eacute;al inniu le t&uacute;s &uacute;r do r&eacute; nua, agus an B&iacute;obla i lar baill na r&eacute; sin. T&aacute; cur s&iacute;os sa ch&eacute;ad l&eacute;acht ar Iosrael tamall &eacute;igin tar eis filleadh &oacute; dheora&iacute;ocht na Baibeal&oacute;ine d&oacute;, agus gairm ann don phobal bheith san airdeall i gcoinne asamhl&uacute; ag na cult&uacute;ir phag&aacute;nacha n&oacute; Ghi&uacute;dacha fhuarc&uacute;iseacha maguaird. Sa l&eacute;acht &oacute;n Soisc&eacute;al cuireann &Iacute;osa t&uacute;s lena mhinistreacht phoibl&iacute; le f&oacute;gairt go bhfuil gealltanais na Scriopt&uacute;r &aacute; gcomh&iacute;onadh aige. Glaoch &eacute; seo d&uacute;inn go bhfuil gairm ann i gcona&iacute; do shoisc&eacute;ala&iacute;ocht &uacute;r, agus aird a thabhairt ar bhriathar D&eacute; a fhanann de sh&iacute;or.<\/span><\/p>\n<p><em>An Ch&eacute;ad L&eacute;acht <\/em> (Nehimia 8:2-6, 8-10). <em>L&eacute;igh Eazr&aacute; giota&iacute; as Leabhar an Dl&iacute; agus thuig an pobal &aacute; raibh &aacute; l&eacute;amh d&oacute;ibh. <\/em>Tabharfaidh eolas ar ch&uacute;lra staire na l&eacute;achta seo cabhair d&uacute;inn br&iacute; l&eacute;amh Leabhar an Dl&iacute; ar a bhfuil cuir s&iacute;os sa l&eacute;acht seo a thuiscint n&iacute;os fearr. Ba mh&oacute;r an tubaiste do chlann Iosrael treascairt Iar&uacute;sail&eacute;im agus b&aacute;n&uacute; st&aacute;t I&uacute;da sa bliain 586 roimh Chr&iacute;ost. De r&eacute;ir a ch&eacute;ile thuig na deoraithe sa Bhaibeal&oacute;in a uaf&aacute;sa&iacute; agus a bh&iacute; a gcuid peaca&iacute; san am a bh&iacute; thart; rinneadar aithr&iacute; agus chuireadar crot nua ar na traidisi&uacute;in a bh&iacute; acu &oacute; Mhaois, le aghaidh a thabhairt ar th&uacute;s na r&eacute; nua a bh&iacute; geallta ag na f&aacute;ithe. Iad sin a bh&iacute; f&aacute;gtha gan d&iacute;birt i I&uacute;da, a raibh faoi thionchar pag&aacute;nachta cheana, bheidis anois imithe n&iacute;os m&oacute; ar strae gan ceannaireacht chreidimh. Nuair a tugadh cead d&oacute;ibh filleadh abhaile, is dealraitheach gur chas na deoraithe in amanna &eacute;ags&uacute;la, ach i gc&oacute;na&iacute; le fonn t&uacute;s nua a dh&eacute;anamh. An treora&iacute; a bh&iacute; acu n&aacute; an Dl&iacute;, an <span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">Peintiteoch a bheag n&oacute; a m&oacute;r mar at&aacute; s&eacute; anois. An leasaitheoir creidimh, Eazr&aacute;, ar a bhfuil tr&aacute;cht i l&eacute;acht an lae inniu, th&aacute;inig s&eacute;, is d&oacute;ich&iacute;, sa bhliain 398 roimh Chr&iacute;ost. Leasaitheoir ab ea &eacute; a bh&iacute; socair ina aigne comhluadar creidimh Ghi&uacute;daigh a eagr&uacute; de r&eacute;ir Dl&iacute; Mhaois. Bheadh deimhni&uacute; soll&uacute;nta, poibl&iacute;, tiomn&uacute; i bhfor&oacute;gra, ann don chl&aacute;r leasaithe nua le l&eacute;itheoireacht Dhl&iacute; Mhaois don phobal agus mini&uacute; ar an Dl&iacute; seo i dtreo go dtuigfeadh an pobal an m&eacute;id a bh&iacute; l&eacute;ite. Is &eacute; sin &eacute;irim leacht an lae inniu. Bheadh Dl&iacute; Mhaois, l&eacute;ite agus m&iacute;nithe, l&aacute;rnnach do chreideamh na nGiudach &oacute;n l&aacute; sin i leith. N&iacute;or fhacthas ar an Dl&iacute; mar ualach a leagadh orthu gan a dtoil. Ba thr&aacute;th l&uacute;ch&aacute;ire an ceili&uacute;radh.<\/span><\/p>\n<p><em>Salm le Freagra <\/em>(Salm 19[19]). <em>Na focail at&aacute; r&aacute;ite agat linn, a Thiarna, is spiorad agus beatha iad.<\/em><\/p>\n<p><em>An Dara Leacht <\/em>(1 Coraintigh 12:12-30). <em>Is sibhse Corp Chr&iacute;ost agus is ball d&aacute; chuid gach duine ar leith agaibh. <\/em>Bh&iacute; &eacute;ags&uacute;lacht mh&oacute;r sa chomhluadar Cr&iacute;osta&iacute; ar scr&iacute;obh P&oacute;l chucu, le buanna n&aacute;d&uacute;rtha &eacute;agsula agus st&aacute;das soisialta &eacute;ags&uacute;la, &oacute;n scl&aacute;bha&iacute; go baill den uasal aicme, daoine l&eacute;annta agus a mhalairt. Ba ch&uacute;ram do Ph&oacute;l leas spiorad&aacute;lta an chomhluadair, agus an baol a bh&iacute; ann go bhfeicf&iacute; ar bhaill &aacute;irithe bheith den &iacute;sealaicme agus neamhriachtanach ag daoine gustalacha. Is pobal cothroma&iacute;och de n&aacute;d&uacute;r an Chr&iacute;osta&iacute;ocht de bharr baisteadh an uile dhuine &iacute; gCr&iacute;ost agus na buanna, na t&iacute;olactha&iacute;, do gach aoinne san Eaglais a thagann &oacute;n Spiorad c&eacute;anna. Lena shoil&eacute;iri&uacute; gur ar sc&aacute;th a ch&eacute;ile a mhaireann na daoine, baineann P&oacute;l feidhm as &iacute;omh&aacute; den Eaglais mar chorp, Corp Chr&iacute;ost, &iacute;omh&aacute; den st&aacute;t a bh&iacute; &aacute; h&uacute;s&aacute;id ag scribhneoir&iacute; na R&oacute;imhe agus na Gr&eacute;ige chomh maith, an st&aacute;t mar chorp polaiteach mar a deirtear i dteangacha &aacute;irithe. I l&eacute;acht seo an lae inniu, i dtosach b&aacute;ire leagann P&oacute;l b&eacute;im ar chomhcheangal &eacute;ags&uacute;lacht agus aontacht san Eaglais&ndash; m&oacute;r&aacute;n g&eacute;ag san aon chorp amh&aacute;in. Ag baint feidhm as sin le tagairt don Eaglais, leagann s&eacute; b&eacute;im ar aontacht: gach aoinne baiste san aon Spiorad amh&aacute;in, idir Ghi&uacute;daigh agus Gr&eacute;igigh (neamh &ndash;Ghi&uacute;daigh), scl&aacute;bhaithe chomh maith le saor&aacute;naigh, agus tugadh an t-aon Spiorad amh&aacute;in do gach aoinne le h-&oacute;l. Leanann s&eacute; ar aghaidh leis an &iacute;omh&aacute; seo a fhorbairt, ag tabhairt le fios go ci&uacute;in d&aacute; l&eacute;itheoir&iacute; nach bhfuil aon &aacute;it san Eaglais do gotha&iacute; de mh&oacute;r is fi&uacute; &oacute;n uasal aicme den chomhluadar ina leith si&uacute;d go bhf&eacute;adfa&iacute; f&eacute;achaint orthu mar chosmhuintir &ndash; d&iacute;reach mar nach f&eacute;idir le ball amh&aacute;in den chorp daonna beag is fi&uacute; a dh&eacute;anamh de bhall eile. Cuireann s&eacute; cr&iacute;och leis an machnamh seo ag meabhr&uacute; gurbh iad baill uile an chomhluadair Chr&iacute;osta&iacute; Corp Chr&iacute;ost, ach go bhfuil r&oacute;l faoi leith le himirt ag gach ball de. Ansin tugann s&eacute; liosta de na buanna a thug Dia don Eaglais, leagtha amach in ord a dt&aacute;bhachta: i dt&uacute;s b&aacute;ire aspail, sa dara h&aacute;it f&aacute;ithe (baill den Eaglais, is d&oacute;cha, a raibh tuiscint n&iacute;os doimhine acu ar r&uacute;ndiamhair an tsl&aacute;naithe), sa tr&iacute;u h&aacute;it m&uacute;inteoir&iacute; (i mbun teagaisc Chr&iacute;osta&iacute; a mh&uacute;ineadh agus <em> <\/em>mbun oili&uacute;na) agus, d&rsquo;aon ghn&oacute;, san &aacute;it dheiridh labhairt i dteangacha, bua a raibh meas thar an ghn&aacute;th ag na Corantaigh air. Cr&iacute;ochna&iacute;onn P&oacute;l mar ar thosaigh s&eacute;, ag leagan b&eacute;ime ar &eacute;ags&uacute;lacht agus aontacht sa chomhluadar Cr&iacute;osta&iacute;..<\/p>\n<p><em>Soisc&eacute;al <\/em>(L&uacute;cas 1:1-4; 4:14-21). <em>Inniu at&aacute; an scr&iacute;bhinn seo comhl&iacute;onta. <\/em>Fear litr&iacute;ochta agus scribhneoir cruthanta ab ea L&uacute;c&aacute;s, an Tr&iacute;&uacute; Soisc&eacute;ala&iacute;. Bh&iacute; s&eacute; gn&iacute;omhach is d&oacute;ich&iacute; sna 90&iacute; den aois seo againne agus thug s&eacute; d&uacute;inn dh&aacute; scr&iacute;bhinn, an Tr&iacute;&uacute; Soisc&eacute;al agus Gn&iacute;omhartha na nAspal. Sa ch&eacute;ad scr&iacute;binnn d&iacute;obh seo r&iacute;omhann s&eacute; an ch&eacute;ad ch&eacute;im den ghluaiseacht Chr&iacute;osta&iacute;, chomh fada le deascabh&aacute;il &Iacute;osa. Sa dara scr&iacute;bhinn ins&iacute;onn s&eacute; lean&uacute;int na gluaiseachta sin &oacute;n deascabh&aacute;il agus &oacute; chathair naofa Iar&uacute;sail&eacute;im, agus tr&iacute; mhinistreacht Ph&oacute;il go dt&iacute; an R&oacute;imh f&eacute;in, pr&iacute;omhchathair impireacht na R&oacute;imhe. T&aacute; r&eacute;amhr&aacute; ag gach ceann den d&aacute; scribhinn, iad tiomanta do &ldquo;Teofal r&oacute;-uasal&rdquo;, duine nach eol d&uacute;inn as foins&iacute; eile, ach de r&eacute;ir dealraimh a bh&iacute; ina Chr&iacute;osta&iacute; oilte agus den uasal aicme. Sa r&eacute;amhr&aacute; don Soisc&eacute;al tugann L&uacute;c&aacute;s le fios go scr&iacute;obhann s&eacute; de bharr gur thug s&eacute; faoi deara go raibh cuntais foilsithe ag a l&aacute;n faoi th&uacute;s r&eacute; na Cr&iacute;osta&iacute;ochta, agus n&iacute; fol&aacute;ir n&aacute; gur mheas s&eacute; go rabhadar easnamhach. Deir s&eacute; gur mian leis cuntas in eagar, i ndiaidh a ch&eacute;ile, a thabhairt ar sc&eacute;al bheatha &Iacute;osa. N&iacute; hionann sin agus a r&aacute; go bhfuil s&eacute; chun ord ama a lean&uacute;int, ach leagan amach a shol&aacute;thair a thabhadfadh na heachtra&iacute; mar aon leis an mbr&iacute; a bhain leo. Sampla maith de sin l&eacute;acht an lae inniu. Mar aon leis na soisc&eacute;alaiithe eile tosa&iacute;onn L&uacute;c&aacute;s le baisteadh &Iacute;osa ag Eoin. Ina dhiaidh sin d&eacute;anann s&eacute; tagairt ghearr do shaothar &Iacute;osa sa Ghail&iacute;l, le teacht ansin go Nazarat (n&oacute; Nazar&aacute; mar a thugann L&uacute;c&aacute;s air). I su&iacute;omh liot&uacute;irgeach sa sionag&oacute;g ansin oscla&iacute;onn &Iacute;osa leabhar &Iacute;se&aacute;ia agus t&eacute;ann s&eacute; go h&Iacute;se&aacute;ia 61:1-2 (feic chomh maith &Iacute;se&aacute;ia 58:6) leis an fh&aacute;istine &aacute;lainn faoi phearsa at&aacute; seolta amach ag Spiorad an Tiarna le bliain ghr&aacute;sta an Tiarna a fh&oacute;gairt. Bheadh m&oacute;ran Gi&uacute;dach ag tn&uacute;th le teacht an lae sin. D&uacute;irt &Iacute;osa lena lucht &eacute;isteachta go raibh briathra scr&iacute;bhinn sin Leabhar &Iacute;se&aacute;ia comhl&iacute;onta i gclos a gcluas. Cl&aacute;r d&aacute; mhinistreacht f&eacute;in a bh&iacute; ann.<\/p>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><strong><em>C.<\/em><\/strong><strong><em><span style=\"color: blue;\">An B&iacute;obla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: <\/span><\/em><\/strong><em><span style=\"color: blue;\">Soisc&eacute;ala&iacute;ocht Nua agus an B&iacute;obla ina L&aacute;r<\/span><\/em><\/li>\n<\/ol>\n<p><span style=\"color: black;\">Ar uairibh tugtar le fios do ghr&uacute;pa&iacute; creidimh nach m&oacute;r d&oacute;ibh meastach&aacute;n, stoc&aacute;ireamh, a dh&eacute;anamh ar an staid ina bhfuil siad m&aacute; t&aacute; siad le fan&uacute;int d&iacute;lis do chreideamh agus chleachtadh a n-oidhreachta. San &Eacute;igipt d&oacute;ibh bh&iacute; dearmad d&eacute;anta ag na G&iacute;udaigh ar chreideamh a sinsir Ahah&aacute;m, Ios&aacute;c agus Iac&oacute;b, n&oacute; an creideamh sin tr&eacute;igthe acu. Mheabhraigh Maois d&oacute;ibh na gealltanais a bh&iacute; d&eacute;anta ag Dia d&oacute;ibh sin, agus rinneadh conradh nua le hIosrael. Ins&iacute;onn an ch&eacute;ad l&eacute;acht inniu d&uacute;inn faoi mar a bh&iacute; ar na Gi&uacute;daigh athghr&uacute;p&aacute;l&uacute; tr&aacute;th &aacute;irithe tar &eacute;is filleadh d&oacute;ibh &oacute;n deora&iacute;ocht le nach mbeidis asamlaithe, s&uacute;ite isteach, ag an gcult&uacute;r pag&aacute;nach m&aacute;guaird n&oacute; ag an gcleachtadh creidimh fuarch&uacute;iseach a bh&iacute; ag m&oacute;r&aacute;n d&aacute; mhuintir Ghi&uacute;dach f&eacute;in. Sa luatheaglais, mar a l&eacute;ir&iacute;onnn Apacailipsis (Taispe&aacute;int 2:1) Eoin d&uacute;inn &eacute;, cuireann &Iacute;osa ais&eacute;irithe &eacute; f&eacute;in i l&aacute;thair mar an t&eacute; a shi&uacute;lann i measc na seacht gcoinnleoir&iacute; &oacute;ir (na heaglais&iacute; aonair &aacute;iti&uacute;la) agus a orda&iacute;onn do Eoin scr&iacute;obh chucu lena neart agus laig&iacute; a nochtadh d&oacute;ibh agus iad a chur san airdeall faoi earr&aacute;id&iacute; agus fhuarc<\/span>h&uacute;iseacht agus ag glaoch orthu do athnuachaint, chun an d&iacute;ograis a bh&iacute; acu ar dt&uacute;s. In &Eacute;irinn, chomh maith, bh&iacute; tr&eacute;imhs&iacute; fuarch&uacute;iseachta chreidimh agus athnuachana ann, mar shampla san dara haois d&eacute;ag nuair a cuireadh na deois&iacute; ar bun, agus tar &eacute;is an ghorta nuair a bh&iacute; athghr&uacute;p&aacute;il chreidimh l&aacute;idir ann, le misi&uacute;in phar&oacute;iste, a bhfuil com&oacute;radh d&eacute;anta orthu ar uairibh le croiseanna an mhisi&uacute;in.<\/p>\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Le teacht anois go h&Eacute;irinn an lae inniu, t&iacute;r at&aacute; ag na crosbh&oacute;ithre maidir le c&uacute;rsa&iacute; creidimh. Le sc&oacute;r bliain anuas t&aacute; l&iacute;on na ndaoine ag freastal ar Aifreann an Domhnaigh ag dul i laghad. T&aacute; eolas faoin gcreideamh ag an gl&uacute;in &oacute;g, agus ag roinnt nach bhfuil comh h&oacute;g sin, lag go leor go minic. Agus mar aon leis sin t&aacute; maireacht&aacute;il orainn anois i ndomhan agus i<em> <\/em>dt&iacute;r ina bhfuil <span style=\"color: black;\">d&iacute;-eaglaiseachas agus aindiachas eagraithe agus neamhbhalbh. Mar aon leis sin in &Eacute;irinn nochtadh go raibh m&iacute;-us&aacute;id institi&uacute;dach ann, agus n&iacute;os measa f&oacute;s scannail maidir le m&iacute;-&uacute;s&aacute;id gn&eacute;is ag cl&eacute;irigh, agus iarrachta&iacute; ar uairibh ag &uacute;darais na hEaglaise iad sin a cheilt. C&eacute; go mbaineann siad sin den chuid is m&oacute; de le r&eacute; at&aacute; thart, baintear feidhm astu f&oacute;s le fogha a thabhairt faoin Eaglais. Mar sin f&eacute;in is f&eacute;idir a r&aacute; go bhfuil meas ag Caitlicigh de ghn&aacute;th ar a gcreideamh agus gr&aacute; acu don Eaglais. Ach is tr&aacute;th &eacute; seo le meast&oacute;ireacht, stoc&aacute;ireamh, a dh&eacute;anamh ar ch&uacute;rsa&iacute;, agus tr&aacute;th le athshoisc&eacute;ala&iacute;ocht, le aghaidh a thabhairt ar an saol at&aacute; againn agus romhainn agus an B&iacute;obla, mar bhriathar D&eacute;, i lar baill ann. Is gairm an staid seo do shoisc&eacute;ala&iacute;ocht do na creidmhigh uile, gach duine d&iacute;obh mar a oireann d&oacute;ibh f&eacute;in &ndash; easpaig, sagairt, d&eacute;ag&aacute;naigh, agus gach aoinne g&aacute;fa le ceannasa&iacute;ocht i gc&uacute;rsa&iacute; creidimh, ach do creidmhigh uile ar f&eacute;idir leo spreagadh a th&oacute;gaint &oacute; mhachnamh ar na l&eacute;achta&iacute; liotuirgeacha agus na himpleachta&iacute; a leanann astu do chleachtadh na beatha Criosta&iacute; sa tsocha&iacute; iolr&iacute;och ina<em> <\/em>mhairimid<em>.<\/em><\/span><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>24 Ean&aacute;ir 2016 (C) An Tr&iacute;&uacute; Domhnach Saor Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute; B.An &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-376","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/376","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=376"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/376\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=376"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=376"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=376"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}