{"id":378,"date":"2016-01-27T08:44:15","date_gmt":"2016-01-27T08:44:15","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=378"},"modified":"2016-01-27T08:44:15","modified_gmt":"2016-01-27T08:44:15","slug":"31-eanair-2016-c-an-ceathru-domhnach-saorfreagra-don-chreideamh-leis-an-mbiobla","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=378","title":{"rendered":"31 Ean\u00e1ir 2016 (C) An Ceathr\u00fa Domhnach SaorFreagra don Chreideamh leis an mB\u00edobla"},"content":{"rendered":"<p style=\"line-height: 12pt;\"><span style=\"color: blue;\">31 Ean&aacute;ir 2016 (C) An Ceathr&uacute; Domhnach SaorFreagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla<\/span><\/p>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><strong><em>A.<\/em><\/strong><span style=\"color: blue;\">leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSCL&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<strong><em>An B&iacute;obla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: <\/em><\/strong><em>L&aacute; Domhanda don Bheatha Choisricthe<strong>L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;.<\/strong> <\/em><\/span><\/li>\n<\/ol>\n<p><em><span style=\"color: black;\">Reamhr&aacute; do na l&eacute;achta&iacute; <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">Meabhra&iacute;onn l&eacute;achta&iacute; an lae inniu d&uacute;inn gairm D&eacute; d&aacute; phobal tofa trid na haoiseanna s&iacute;os, gairm le bheith d&iacute;lis d&aacute; gcreideamh ann, fi&uacute; agus c&uacute;rsa&iacute; eascairdi&uacute;il leo. Th&aacute;inig na teachtaireachta&iacute; sin, ach go h&aacute;irithe, tr&iacute;d na f&aacute;ithe. Glaodh ar an bhf&aacute;idh Irimi&aacute; an teachtaireacht sin a thabhairt i sl&iacute; a oirfeadh do laoch. Mar a deir an l&eacute;acht &oacute;n Soisc&eacute;al linn, tugadh droim l&aacute;imhe do Mhac D&eacute; f&eacute;in, &Iacute;osa, i Nazarat, ag a phobal f&eacute;in agus ina bhaile d&uacute;chais f&eacute;in. Agus t&aacute; glaoch ann maireacht&aacute;il go ci&uacute;in, mar a rinne &Iacute;osa, le beatha faoi threoir an ghr&aacute;, ar a labhra&iacute;onn P&oacute;l sa dara l&eacute;acht.<\/span><em>An Ch&eacute;ad L&eacute;acht <\/em>(Irimi&aacute; 1:4-5, 17-19). <em>D&rsquo;ordaigh m&eacute; th&uacute; i d&rsquo;fh&aacute;idh do na cin&iacute;ocha. <\/em>Iad si&uacute;d a ghlacaimid leo mar fh&iacute;or-fh&aacute;ithe, bh&iacute; an m&eacute;id seo ag gabh&aacute;il leo go l&eacute;ir go rabhadar feasach gur &ldquo;sheasadar i gcomhairle an Tiarna&rdquo; (Irimi&aacute; 23: 18), feasach go rabhadar seolta amach ag Dia, gurbh urlabharaithe d&oacute; iad. Bhraith a dteachtaireacht ar na c&uacute;ins&iacute; staire in ar mhair siad. Ar uairibh ba theachtaireacht l&eacute;in, phionois, &iacute;, do phobal ceanairceach a thr&eacute;ig &eacute;ilimh an chonartha. Thug guth na bhf&aacute;ithe chun cuimhne don phobal nach raibh a gconradh le Dia imithe. Pas beag n&iacute;os d&eacute;ana&iacute; n&aacute; aimsir Irimi&aacute;, an tr&aacute;th ar ghlaoigh Dia ar an bhf&aacute;idh Ezic&eacute;al, d&uacute;irt an Tiarna leis: &ldquo;Is sotalach ceannd&aacute;na an pobal sin fosta; seolaim chucu th&uacute; agus d&eacute;arfaidh t&uacute; leo: &lsquo;Mar seo a labhra&iacute;onn an Tiarna Dia. &Eacute;istidis n&oacute; n&aacute; &eacute;istidis, tabharfar le fios don dream ceannairceach seo go raibh f&aacute;idh ina measc&rsquo;&rdquo; (Ezic&eacute;al 2:4-5). Labhra&iacute;onn l&eacute;acht an lae inniu faoi ghairm Irimi&aacute; bheith ina fh&aacute;idh, &ldquo;i laethanta I&oacute;isi&aacute;&rdquo; r&iacute; (le bheith go beacht, an tr&iacute;&uacute; bliain d&eacute;ag, 627 roimh Chr&iacute;ost, den r&iacute; sin), agus d&uacute;radh leis bheith r&eacute;idh do shaol an-chrua mar fh&aacute;idh, mar fhear labhartha do Dhia. Agus is mar sin a tharla. I sl&iacute;te iomad&uacute;la, ina bheatha agus ina theagasc, r&eacute;itigh Irimi&aacute; an tsl&iacute; le beatha, fulaingt agus teagasc Chriost a thuiscint.<em>Salm le Freagra <\/em>(Salm 70[71]). <em>Fogr&oacute;idh mo bh&eacute;al d&rsquo;fh&iacute;r&eacute;antacht.An Dara L&eacute;acht <\/em>(1 Coraintigh 12:31-13:213). <em>T&aacute; na tr&iacute; n&iacute; seo buan, creideamh, d&oacute;chas agus gr&aacute;; ach is &eacute; an gr&aacute; an n&iacute; is m&oacute; orthu. <\/em>D&eacute;antar tagairt don sliocht seo go minic mar an iomann ar an ghr&aacute;. Ach b&iacute;odh nach iomann &eacute; i mbr&iacute; bheacht an fhocail sin, is l&eacute;ir an n&aacute;d&uacute;r fileata agus reitrici&uacute;il at&aacute; ann. Maidir leis an st&iacute;l agus an aontacht at&aacute; ann, t&aacute; difr&iacute;ocht mh&oacute;r idir &eacute; agus na t&eacute;acsanna a ghabh roimhe n&oacute; a thagann ina dhiaidh, ach is soil&eacute;ir go bhfuil s&eacute; nasctha leo sin araon. B&rsquo;fh&eacute;idir gur t&eacute;ama &eacute; ar a rinne P&oacute;l machnamh ar feadh i bhfad go dt&iacute; gur rinneadh de sort t&eacute;acs ceapad&oacute;ireachta fileata d&oacute;. Athra&iacute;onn br&iacute; bheacht an fhocail &ldquo;gr&aacute;&rdquo; sa Tiomna Nua &oacute; scr&iacute;bhinn amh&aacute;in go scr&iacute;bhinn eile. T&aacute; a l&aacute;n tagairt&iacute; ann do ghr&aacute; D&eacute; d&uacute;inn agus faoin&aacute;r ngr&aacute; do Dhia. Is &iacute; is br&iacute; leis an dt&eacute;arma gr&aacute; i l&eacute;acht an ale inniu n&aacute; gr&aacute; d&aacute; cheile, d&aacute;r mbr&aacute;ithre agus si&uacute;racha. Bh&iacute; eolas maith ag P&oacute;l ar ghr&aacute; D&eacute; d&uacute;inn, agus ar ghr&aacute; Chr&iacute;ost d&uacute;inn, a fuair b&aacute;<strong>s<\/strong> d&uacute;inn nuair a bh&iacute;omar in&aacute;r bpeacaigh. Do Ph&oacute;l sa t&eacute;acs seo, is &eacute; Cr&iacute;ost foinse agus eiseaml&aacute;ir ghr&aacute; na gCr&iacute;ostaithe d&aacute; ch&eacute;ile, Cr&iacute;ost n&aacute;r loirg a aoibhneas f&eacute;in, ach mar at&aacute; scr&iacute;ofa &ldquo;Is ormsa a thit aithis na ndaoine a bh&iacute; do d&rsquo;aithisi&uacute;&rdquo; (R&oacute;mh&aacute;naigh 15:3). Ag cur s&iacute;os d&oacute; ar an ghr&aacute; san iomann seo, tugann P&oacute;l chun cuimhne na lochtanna a bh&iacute; i gCr&iacute;ostaithe Choraint maidir le bronntanais charsasmatacha amhail f&aacute;istine, tuiscint an chreidimh, labhairt i dteangacha agus mar sin de.<em>Soisc&eacute;al <\/em>(L&uacute;cas 4:21-30). <em>N&iacute; chuig Gi&uacute;daigh amh&aacute;in a cuireadh &Iacute;osa ach oiread le h&Eacute;ilias. <\/em>Ag Nazarat, a bhaile d&uacute;chais, chuir &Iacute;osa &eacute; f&eacute;in i l&aacute;thair mar an t&eacute; a seoladh amach le comhl&iacute;onadh fh&aacute;istine an dea-sc&eacute;il a fh&oacute;gairt do na bochta. Glacadh go fonnmhar leis an m&eacute;id a d&uacute;irt s&eacute;. Ach th&aacute;inig athr&uacute; tobann ar an lucht &eacute;isteachta, rud a thugann le fios nach m&oacute;r comhoibri&uacute; daonna le glacadh le comhl&iacute;onadh na bhf&aacute;istin&iacute;. Rinneadh dearmad go luath ar mhisean diaga &Iacute;osa agus cuireadh b&eacute;im ar a shliocht daonna, gaolmhar le I&oacute;saef. Is intuigthe &oacute;n bhfreagra a thug &Iacute;osa orthu gur bhain a mhisean sl&aacute;naithe le cr&iacute;ocha thar a theaghlach f&eacute;in, a bhaile d&uacute;chais f&eacute;in n&oacute; a th&iacute;r f&eacute;in. Dearcadh ar &Eacute;ilias agus ar Eilisea mar th&uacute;s chomharbacht na f&aacute;idhad&oacute;ireacha in Iosrael, agus i Nazarat mheabhraigh &Iacute;osa ina fhreagra gur rinneadar sin m&iacute;or&uacute;ilt&iacute; tr&oacute;caire do phag&aacute;naigh taobh amuigh d&rsquo;Iosrael seachas do mhuintir a dt&iacute;re f&eacute;in, &Eacute;ilias do bhaintreach i Siod&oacute;in (1 R&iacute;the 17:8-16) agus Eilisea do phag&aacute;nach S&iacute;reach (2 R&iacute;the 5:8-14).<strong><em><span style=\"color: blue;\">An B&iacute;obla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: <\/span><\/em><\/strong><em><span style=\"color: blue;\">L&aacute; Domhanda don Bheatha Choisricthe<\/span><\/em><span style=\"color: black;\">An Domhnach &aacute;irithe seo i mbliana, 31 Ean&aacute;ir, is fi&uacute; tabhairt chun cuimhne go mbeidh ceili&uacute;radh Thoirbhirt an Linbh &Iacute;osa sa Teampall againn an 2 Feabhra agus L&aacute; Fh&eacute;ile Br&iacute;de ar an 1 Feabhra. Sa bhliain 1997 thiomnaigh an P&aacute;pa Eoin P&oacute;l II 2 Feabhra, Toirbhirt &Iacute;osa sa Teampall, mar L&aacute; Domhanda don Bheatha Choisricthe, agus is mar sin i gc&oacute;na&iacute; &eacute;. Tugann l&eacute;achta&iacute; an lae inniu, agus na ceili&uacute;rtha&iacute; eile a luadh, deis d&uacute;inn machnamh a dh&eacute;anamh ar &aacute;it na beatha rialta, an bheatha choisricthe, mn&aacute; rialta agus fir, san Eaglais agus a th&aacute;bhachta&iacute; is at&aacute; s&eacute; gu&iacute; go mbeadh athnuachan sa bheatha sin agus gairmeacha ann di. D&uacute;irt an P&aacute;pa go raibh tr&iacute; aidhm aige leis an tiomn&uacute; sin a dh&eacute;anamh: i dt&uacute;s b&aacute;ire moladh a thabhairt do Dhia ar son bhronntanais mh&oacute;ir na beatha coisricthe san Eaglais, a thugann saibhreaas agus l&uacute;ch&aacute;ir don phobal Cr&iacute;osta&iacute; le iomad&uacute;lacht a cuid carasma&iacute;; ansin is aidhm don l&aacute; &aacute;irithe seo eolas faoin bheatha coisricthe, a chur chun cinn agus meas uirthi a choth&uacute; i measc phobal uile D&eacute;, agus san tr&iacute;&uacute; &aacute;it glaoch ar bhaill den bheatha choisricthe f&eacute;in machnamh a dh&eacute;anamh ar an ngairm on&oacute;rach at&aacute; acu, agus teacht tr&iacute; lonradh creidimh ar mheas n&iacute;os fearr ar an &aacute;ille dhiaga a thugann an Spiorad tr&iacute;d an tsl&iacute; bheatha at&aacute; acu, le go n-&eacute;ireoidis n&iacute;os feasach ar an misean at&aacute; ac&uacute; san Eaglais agus sa domhan, misean nach f&eacute;idir a chomhshamhail a shol&aacute;thair.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Sna seascaid&iacute; agus n&iacute;os d&eacute;ana&iacute; bh&iacute; an bheatha rialta, an bheatha choisricthe, faoi bhl&aacute;th in &Eacute;irinn agus sa tsean-domhan, ach ansin chuaigh na gairmeacha chuici i l&eacute;ig go tobann agus th&aacute;inig deireadh ar fad le l&iacute;on &aacute;irithe de hoird rialta. Scannail ba ch&uacute;is amh&aacute;in de sin i dt&iacute;ortha &aacute;irithe, &Eacute;ire san &aacute;ireamh, agus <\/span><span style=\"color: black;\">d&iacute;-eaglaiseachas c&uacute;is eile, gan cur san &aacute;ireamh nach raibh g&aacute; a thuilleadh le roinnt de na seirbh&iacute;s&iacute; a sol&aacute;thair siad amhail oideachas agus leigheas. Ach mar sin f&eacute;in, t&aacute; baint shuntasach leis an lag&uacute; i gcinnteacht agus cleachtadh creidimh leis an teirce gairmeacha at&aacute; againn inniu.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; T&aacute; tionchar nach beag ag an aor&aacute;id, an t-atmaisf&eacute;ar, m&oacute;r timpeall orainn ar an sl&iacute; ina dh&eacute;anaimid machnamh, an tsl&iacute; ina spreagtar sinn, agus is f&iacute;or sin ach go h&aacute;irithe faoin aon &oacute;g. B&iacute;onn roinnt mhaith dinn faoi phiarbhr&uacute;, br&uacute; &oacute;na bpiarghr&uacute;pa. Ar nd&oacute;igh tugann daoine aonair agus gr&uacute;pa&iacute; an d&uacute;shl&aacute;n don atmaisf&eacute;ar, don bhr&uacute;. Bheadh s&eacute; go maith do chreidmhigh in &Eacute;irinn an lae inniu atmaisf&eacute;ar creidimh a athbhun&uacute; le machnamh a dh&eacute;anamh ar an &aacute;it l&aacute;rnach a bh&iacute; ag an bheatha rialta, idir fhir agus mhn&aacute;, i saol creidimh agus cult&uacute;ir na tire seo. Ghabh Naomh Padraig bu&iacute;ochas le Dia go raibh an bheatha coiscricthe ann cheana lena linn f&eacute;in in &Eacute;irinn, agus &ldquo;go raibh clann mhac na n&Eacute;reannnach (Scot) agus clann in&iacute;on na r&iacute;the le feice&aacute;il ina manaigh agus ina n-ogha le Cr&iacute;ost (<em>Faoistin <\/em>41). Lean air sin an r&eacute; &oacute;rga, le Naomh Br&iacute;d, Naomh &Iacute;da agus eile a thug d&uacute;inn an l&eacute;ann, an eala&iacute;on, an &oacute;rn&aacute;ideacht agus m&oacute;r&aacute;n eile, agus an t-oideachas agus cursa&iacute; sl&aacute;inte in amanna an gh&aacute;tair go dt&iacute; &aacute;r laethanta f&eacute;in. Na gn&eacute;ithe iomad&uacute;la den bheatha rialta, is fianaise iad do thiomn&uacute; agus do thoirbhirt do Dhia. Mheabhraigh an P&aacute;pa Eoin P&oacute;l II d&uacute;inn gur roghna&iacute;odh F&eacute;ile Thoirbhirt an Tiarna sa Teampall do L&aacute; Domhanda na Beatha Coisricthe toisc gur samhail solabhartha &iacute; Toirbhirt &Iacute;osa sa Teampall den ofr&aacute;il a dh&eacute;anann iad s&iacute;&uacute;dtr&iacute;d na comhairl&iacute; soisc&eacute;alacha, samhail de na gn&eacute;ithe ba shaini&uacute;la de &Iacute;osa &ndash; an T&eacute; a bh&iacute; geanmna&iacute;, bocht agus umhal.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Is cabhair d&uacute;inn l&eacute;achta&iacute; an lae inniu le machnamh a dh&eacute;anamh ar r&oacute;l na beatha rialta san Eaglais, is &eacute; sin le r&aacute;, an bheatha rialta feasach d&aacute; gairm f&aacute;idhi&uacute;il. N&iacute; <\/span>haon rud &eacute;asca &eacute; gairm an fh&aacute;idh, mar is l&eacute;ir &oacute; bhriathra D&eacute; do Irimi&aacute; (an ch&eacute;ad l&eacute;acht) agus mar a tharla d&rsquo;&Iacute;osa ina bhaile d&uacute;chais Nazarat (an Soisc&eacute;al). Is f&aacute;idhi&uacute;il &iacute; f&iacute;or-bheatha Chr&iacute;osta&iacute;, ag tabhairt fianaise do fh&eacute;in-fhoilsi&uacute; D&eacute; tr&iacute;na Mhac &Iacute;osa. Ba ch&oacute;ir an &ldquo;th&iacute;os seal agus thuas seal&rdquo;, laig&iacute; agus teipeanna sealadacha, a mheas ina gcomhth&eacute;acsanna, agus n&iacute; mar dheireadh aistir. Ainneoin aon buairimh agus d&iacute;om&aacute; as eachtra&iacute; a tharla, n&iacute;or ch&oacute;ir ligean d&oacute;ibh bua f&aacute;idhi&uacute;il na beatha rialta san Eaglais b&aacute;s a fh&aacute;il n&oacute; &eacute; a mhuchadh. I mbeatha, i saol, na heaglaise is &eacute; at&aacute; againn n&aacute; r&uacute;ndiamhair dhiaga a thuigtear tr&iacute; chreideamh agus a choime&aacute;dtar beo tr&iacute; urna&iacute;. Ba ch&oacute;ir d&uacute;inn gu&iacute;, mar sin, go mbeadh athnuachan sna ghn&eacute;ithe &eacute;ags&uacute;la den bheatha rialta san Eaglais, agus gu&iacute; chomh maith go mbeidis si&uacute;d a ghlaotar orthu d&iacute;lis d&aacute; r&oacute;l agus d&aacute; ngairm.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>31 Ean&aacute;ir 2016 (C) An Ceathr&uacute; Domhnach SaorFreagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla A.leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSCL&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;An B&iacute;obla in Agallamh &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-378","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/378","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=378"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/378\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=378"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=378"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=378"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}