{"id":380,"date":"2016-02-06T19:50:05","date_gmt":"2016-02-06T19:50:05","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=380"},"modified":"2016-02-06T19:50:05","modified_gmt":"2016-02-06T19:50:05","slug":"7-feabhra-2016-c-an-cuigiu-domhnach-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=380","title":{"rendered":"7 Feabhra 2016 (C) An C\u00faigi\u00fa Domhnach Saor"},"content":{"rendered":"<p><span style=\"color: blue;\">7 Feabhra 2016 (C) An C&uacute;igi&uacute; Domhnach Saor<\/span><\/p>\n<p style=\"line-height: 12pt;\"><span style=\"color: blue;\">Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla<\/span><\/p>\n<p style=\"line-height: 12pt;\"><span style=\"color: blue;\">leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC<\/span><\/p>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><span style=\"color: blue;\">L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/li>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><strong><em>B.<\/em><\/strong><strong><em><span style=\"color: blue;\">An B&iacute;obla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: <\/span><\/em><\/strong><em><\/em><\/li>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><strong><em>A.<\/em><\/strong><strong><em><span style=\"color: blue;\">L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;.<\/span><\/em><\/strong><em><\/em><\/li>\n<\/ol>\n<p style=\"line-height: 12pt;\"><em><span style=\"color: black;\">R&eacute;amhr&aacute; do na l&eacute;achta&iacute;. <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">T&aacute; ceist sa ch&eacute;ad l&eacute;acht agus sa l&eacute;acht &oacute;n Soisc&eacute;al le gairm &oacute; Dhia do mhisean faoi leith, le eisp&eacute;aras faoi l&aacute;ithreacht D&eacute; agus naofacht D&eacute;. An fhreagrairt is dual do dhuine daonna ar bith a bhfuil tuiscint pheac&uacute;ileachta aige n&aacute; tuiscint n&iacute;os doimhne ar a pheac&uacute;ileacht f&eacute;in, ar a leanann dearbh&uacute; &oacute; Dhia go bhfuil maithi&uacute;nas faighte aige mar aon le cabhair &oacute; Dhia. Sa dara l&eacute;acht t&aacute; P&oacute;l ag leagan b&eacute;ime ar an dteagasc Cr&iacute;osta&iacute; faoi ais&eacute;ir&iacute; na colainne.<\/span><\/p>\n<p style=\"line-height: 12pt;\"><em>An Ch&eacute;ad L&eacute;acht <\/em> (&Iacute;se&aacute;ia 6:1-8). <em>Seo anseo mise, cuir mise.<\/em> Is &eacute; at&aacute; sa l&eacute;acht seo n&aacute; gairm &Iacute;se&aacute;ia d&aacute; mhisean mar fh&aacute;idh don Tiarna Dia. N&iacute; rud &eacute;igin teib&iacute; a bh&iacute; i bhfoilsi&uacute; D&eacute; tr&iacute; na f&aacute;ithe. Rinne na f&aacute;ithe a gcuid oibre sa saol tadhaill, r&eacute;adach, in &aacute;it agus in am faoi leith. Glaodh ar &Iacute;se&aacute;ia le bheith ina fh&aacute;idh &ldquo;an bhliain a bhfuair an r&iacute; Ozia b&aacute;s&rdquo;, is &eacute; sin sa bhliain 742 roimh Chr&iacute;ost. T&aacute; su&iacute;omh na gairme sa domhan seo, sa Teampall in Iar&uacute;sail&eacute;im ach bh&iacute; nasc aige le Dia na Gl&oacute;ire ar neamh. Bh&iacute; &Iacute;se&aacute;ia tar &eacute;is amharc ar an Tiarna Dia na Slua, bh&iacute; s&eacute; tar eis Dia a fheice&aacute;il, agus bh&iacute; a fhios aige go nd&uacute;irt an Tiarna f&eacute;in: &ldquo;N&iacute; f&eacute;idir do dhuine m&eacute; a fheice&aacute;il agus maireacht&aacute;il d&aacute; &eacute;is sin&rdquo; (Eaxodus 33:20). D&eacute;antar &Iacute;se&aacute;ia feasach d&aacute; pheac&uacute;ileacht daonna f&eacute;in agus gabhann eagla &eacute;, ach th&aacute;inig dearbh&uacute; &oacute; neamh chuige. Mar thoradh ar an gcuireadh bheith ina fh&aacute;idh do Dhia, ina theachtaire &oacute; Dhia do Iosrael, glacann &Iacute;se&aacute;ia go fonnmhar leis.<\/p>\n<p><em>Salm le Freagra <\/em>(Salm 137[138]). <em>I bhfianaise na n-aingeal m&oacute;raim th&uacute;, a Thiarna<\/em>.<\/p>\n<p><em>An Dara L&eacute;acht <\/em>(1 Coraintigh<em> <\/em>15:1-15). <em>Sin &eacute; an Dea-Sc&eacute;al a fh&oacute;gra&iacute;mid uile agus sin &eacute; an creideamh at&aacute; glactha agaibhse.<\/em> Bh&iacute;, agus t&aacute;, ais&eacute;ir&iacute; Chr&iacute;ost l&aacute;rnach don chreideamh agus don d&oacute;chas Cr&iacute;osta&iacute;. Bhain fadhbanna, mar sin f&eacute;in, leis an dteagasc maidir le ais&eacute;ir&iacute; na colainne, go h&aacute;irithe don mheon Gr&eacute;igeach, ar chuid de meon na gCorantach a raibh P&oacute;l ag scr&iacute;obh chucu. Mar phointe teagaisc taobh istigh den Ghi&uacute;dachas f&eacute;in n&iacute;or th&aacute;inig an creideamh seo chun tosaigh agus n&iacute;or glacadh leis ach ag gr&uacute;pa amh&aacute;in de na Gi&uacute;daigh (Faris&iacute;ningh den chuid is m&oacute;), agus sin tamall cu&iacute;osach gearr roimh aimsir an Tiomna Nua, &oacute;n bhliain 165 roimh Chriost n&oacute; mar sin i leith. Bh&iacute; deighilt idir Ghi&uacute;daigh maidir leis i laethanta Chr&iacute;ost, an teagasc s&eacute;anta ag na Sad&uacute;is&iacute;nigh, agus de r&eacute;ir dealraimh creideamh sa bheatha sh&iacute;ora&iacute; gan ais&eacute;iri i measc na nEis&eacute;anach. Le teacht ais&eacute;ir&iacute; corpartha Chr&iacute;ost n&iacute; raibh aon &aacute;it do amhras faoin gceist ag Cr&iacute;ostaithe. Ach lean ceisteanna &oacute;n gcreideamh &aacute;irithe sin, go m&oacute;r m&oacute;r i measc creidmheach leis an meon Gr&eacute;igeach, a eascair as n&aacute;d&uacute;r &aacute;bhartha an choirp dhaonna. B&rsquo;fheasach do Ph&oacute;l an ceisti&uacute;ch&aacute;n a bh&iacute; acu agus tugann s&eacute; freagra air i gcaibideal fada 15 den litir seo a l&eacute;ifear idir an Domhnach seo agus Domhnach 18 den tr&iacute;u bliain seo den ch&uacute;rsa thr&iacute; bliain.<\/p>\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Ta P&oacute;l r&eacute;idh le pl&eacute; a dh&eacute;anamh les na Corantaigh maidir le fadhbanna a eascra&iacute;onn &oacute;n gcreideamh in ais&eacute;ir&iacute; na colainne, ach leagann s&eacute; b&eacute;im ar seo go bhfuil firinn&iacute; l&aacute;rnacha ann nach fol&aacute;ir glacadh leo. Ni m&oacute;r na firinn&iacute; bun&uacute;sacha sin a chur in i&uacute;l go soil&eacute;ir. Dar le P&oacute;l, t&aacute; sin d&eacute;anta aige ina sheanm&oacute;ireacht don Eaglais sin. Ansin gluaiseann s&eacute; ar aghaidh go dt&iacute; an dteagasc bun&uacute;sach maidir leis an ais&eacute;ir&iacute; agus tugann s&eacute; teagasc a bhfuil an dealramh air gur cr&eacute; an-&aacute;rsa den Eaglais &iacute; ar bh&aacute;s, ais&eacute;ir&iacute; corpartha agus <span style=\"color: black;\">taispe&aacute;nta&iacute;<em> <\/em>iar-ais&eacute;irithe an Tiarna. Deir P&oacute;l gur thug s&eacute; d&oacute;ibh an teagasc a bh&iacute; faighte aige f&eacute;in. Is d&oacute;cha go bhfuair P&oacute;l an bloc teagaisc seo &oacute;n dtion&oacute;l Cr&iacute;osta&iacute; in Iar&uacute;sail&eacute;im, go gairid tar &eacute;is iomp&uacute; d&oacute;, n&oacute; n&iacute;os d&eacute;aana&iacute; in Ant&iacute;oc. (Tugann P&oacute;l cr&eacute; &aacute;rsa eile, ar an Eocairist, sa litir ch&eacute;anna, 1 Corantaigh 10:23-26.) Tugann P&oacute;l liosta de thaispe&aacute;nta&iacute; tosaigh Chr&iacute;ost ais&eacute;irithe do fhinn&eacute;ithe tofa, ag tos&uacute; le Peadar (C&eacute;afas), liosta ina luatar S&eacute;amus, br&aacute;thair an Tiarna, ceannaire an chomhluadair Chr&iacute;osta&iacute; in Iar&uacute;sail&eacute;im, n&aacute;rb dhuine den D&aacute;r&eacute;ag &eacute; f&eacute;in. Dearcann P&oacute;l ar thaispe&aacute;int Chr&iacute;ost ais&eacute;irithe d&oacute; f&eacute;in a bheith ar an leibh&eacute;al c&eacute;anna leis an dtaispe&aacute;int don D&aacute;r&eacute;ag, ceann a rinne aspal de ar chomhch&eacute;im leo si&uacute;d. Cuireann P&oacute;l cr&iacute;och leis an sliocht seo ag cur b&eacute;im an athuair ar aontacht an chreidimh a fh&oacute;gra&iacute;onn na haspail &eacute;ags&uacute;la: &ldquo;Ach is cuma idir mise agus iadsan, <\/span>sin &eacute; an Dea-Sc&eacute;al a fh&oacute;gra&iacute;mid uile agus sin &eacute; an creideamh at&aacute; glactha agaibhse&rdquo;.<\/p>\n<p><em>Soisc&eacute;al <\/em>(L&uacute;c&aacute;s 5:1-12). <em>D&rsquo;fh&aacute;gadar gach n&iacute; agus leanadar &eacute;. <\/em>Sa l&eacute;acht &aacute;lainn seo tugann L&uacute;c&aacute;s chun suntais r&oacute;l faoi leith Pheadair sa luatheaglais. Roghnaigh L&uacute;c&aacute;s an eachtra seo le gairm &Iacute;osa ar a ch&eacute;ad lucht lean&uacute;na a r&iacute;omhadh. D&eacute;antar &iacute; a shu&iacute;omh i gcomhth&eacute;acs ina raibh &Iacute;osa feasach ar an misean a bh&iacute; aige dea-sc&eacute;al an tsl&aacute;naithe a fh&oacute;gairt. Sa t&eacute;acs d&iacute;reach roimh an gceann seo, nuair a bh&iacute; na sluaite ag iarraidh &Iacute;osa a choinne&aacute;il leo f&eacute;in le heagla go n-imeodh s&eacute; uathu, d&uacute;irt &Iacute;osa leo: &ldquo;N&iacute; fol&aacute;ir dom an dea-sc&eacute;al a fh&oacute;gairt do na cathracha eile, &oacute;ir is chuige sin a cuireadh amach m&eacute;&rdquo; (L&uacute;c&aacute;s 4:43). T&aacute; &Iacute;osa anois le t&uacute;s a chur leis an misean seo i sl&iacute; nua, ag roghn&uacute; gr&uacute;pa l&aacute;rnach don mhisean sin, le t&uacute;s &aacute;ite ag S&iacute;om&oacute;n (a bhfuil Peadar mar ainm eile air (n&oacute;, faoina leagan Airimise C&eacute;afas). Tos&oacute;idh an saothar i sli shiomb&oacute;lach, le gabh&aacute;il ollmh&oacute;r &eacute;isc. Is &eacute; &Iacute;osa f&eacute;in a roghna&iacute;onn an b&aacute;d a bhainfear &uacute;s&aacute;id as don mh&iacute;or&uacute;ilt, b&aacute;d Sh&iacute;om&oacute;in. Nuair a thugann &Iacute;osa cuireadh dul amach ag iascaireacht, tugann S&iacute;om&oacute;n freagra me&aacute;ite &ndash; &oacute;n dtaobh daonna de: thugadar an o&iacute;che go leir ag saothr&uacute; ach n&iacute;or thugadar aon ni. N&iacute; hionann smaointe &Iacute;osa, nach mbaineann le &aacute;ireamh daonna. Cheapadar clais mh&oacute;r &eacute;isc agus bh&iacute; orthu glaoch ar a gcomr&aacute;daithe S&eacute;amus agus Eoin clann Zeibid&eacute; sa bh&aacute;d eile teacht i gcabhair orthu. I l&aacute;thair l&eacute;iri&uacute; seo chumhacht D&eacute; thit uamhan ar Sh&iacute;om&oacute;n Peadar. Amhail an fh&aacute;idh &Iacute;se&aacute;ia ag a ghairm si&uacute;d (i gc&eacute;ad l&eacute;acht an lae inniu) d&eacute;anann s&eacute; admh&aacute;il ina pheac&uacute;ileacht f&eacute;in. B&iacute;odh go n-ainmn&iacute;otar tri&uacute;r maidir leis an mh&iacute;oruilt (Peadar, S&eacute;amas agus Eoin), is le S&iacute;om&oacute;n (Peadar) amh&aacute;in a labhra&iacute;onn &Iacute;osa, gan eagla a bheith air; t&aacute; misean n&iacute;os m&oacute; n&aacute; an ghabh&aacute;il sin &eacute;isc le bheith aige. Is ag gabh&aacute;il daoine a bheidh s&eacute; as sin amach.<\/p>\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; T&aacute; sin ag teacht le t&eacute;acsanna eile i Soisc&eacute;al L&uacute;c&aacute;is faoi r&oacute;l faoi leith Pheadair. Ag an Suip&eacute;ar D&eacute;anach d&uacute;irt &Iacute;osa leis: &ldquo;A Sh&iacute;om&oacute;in, a Sh&iacute;om&oacute;in, f&eacute;ach fuair S&aacute;tan mar aisce sibh (na deisceabail) a chriathradh ar n&oacute;s an arbhair, ach t&aacute;imse tar &eacute;is gu&iacute; ar do shonsa chun nach gclisfeadh do chreideamh; agus &oacute;n uair amh&aacute;in go mbeidh t&uacute; f&eacute;in iompaithe, d&eacute;an daingean do bhr&aacute;ithre&rdquo; (L&uacute;c&aacute;s 23:31-32). Tar &eacute;is a ais&eacute;ir&iacute; chonacthas Cr&iacute;ost do Sh&iacute;om&oacute;n mar ch&eacute;ad duine de na haspail (L&uacute;c&aacute;s 24:34; 1 Corantaigh 15:5, dara l&eacute;acht inniu). Sa luatheaglais shaotharigh Peadar le creideamh a bhr&aacute;ithre a dhaingni&uacute;, leis an comhluadar a choime&aacute;d aontaithe agus an eaglais ag leathn&uacute; amach thar an bpobal Gi&uacute;dach go dt&iacute; an domhan Gr&eacute;igeach agus an domhan m&oacute;r. Chonaic s&eacute; an fhorbairt sin ag teacht le toil D&eacute;. Gu&iacute;mis go mbeadh creideamh a chomharba, easpag na R&oacute;ime, chomh daingean c&eacute;anna.<\/p>\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;<\/p>\n<p><strong><em><span style=\"color: blue;\">An B&iacute;obla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: <\/span><\/em><\/strong><em><span style=\"color: blue;\">(a) Creideamh san Ais&eacute;ir&iacute;; (b) An ghairm chun naofachta agus le fianaise a thabhairt don Soisc&eacute;al<\/span><\/em><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">Sa soisc&eacute;ala&iacute;ocht nua, agus d&aacute;ir&iacute;re, taobh amuigh de sin, is &iacute; mian na hEaglaise go nd&eacute;anfa&iacute; pr&iacute;omhphoint&iacute; de theagasc an chreidimh a mh&iacute;ni&uacute; i gceangal le liot&uacute;irge agus l&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh. Tugann na l&eacute;achta&iacute; sin deis d&uacute;inn ailt an chreidimh a mh&iacute;ni&uacute; don phobal i gceangal le ceisteanna, n&oacute; s&eacute;anadh fi&uacute;, an lae inniu maidir leo, agus m&aacute; oireann, l&eacute;argas a thabhairt faoi conas a cuireadh an teagasc sin i l&aacute;thair tr&iacute;d na haoiseanna s&iacute;os. Bheadh deis againn &oacute; shoisc&eacute;al an lae inniu aird a thabhairt ar r&oacute;l chomharba Pheadar, eagpag na R&oacute;imhe, i ndaigni&uacute; an chreidimh agus ag forbairt an agallaimh idir Chrisotaithe agus ag cur aontacht na nEaglais&iacute; chun cinn. Mar sin f&eacute;in meastar gur fearr b&eacute;im a chur ar an dteagasc faoi ais&eacute;ir&iacute; na colainne de bharr an phl&eacute; at&aacute; ag P&oacute;l faoi sa dara l&eacute;acht agus sa ch&eacute;ad litir chuig na Corantaigh, litir a bheidh &aacute; l&eacute;amh na Domhanacha&iacute; seo chugainn sa Leicsean&aacute;ir chomh maith.<\/span><\/p>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: lower-alpha;\"><em><span style=\"color: black;\">Creideamh in Ais&eacute;ir&iacute; na Colainne. <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">Mairimid in aois agus i dt&iacute;r ina bhfuil daoine ann a sh&eacute;anann go poibl&iacute; go bhfuil aon saol eile, aon Dia, aon bheatha iar-bh&aacute;is ann, gan tr&aacute;cht ar aon ais&eacute;ir&iacute; na colainna. T&aacute; s&eacute;anadh d&aacute; leith&eacute;id ann ag <\/span><span style=\"color: black;\">daonnachaithe (nua-<\/span>aindiachaithe), fil&iacute;, scr&iacute;bhmeoir&iacute; liteartha, eala&iacute;nteoir&iacute;, agus daoine iomr&aacute;iteacha eile. D&eacute;antar tagairt don chreideamh ar uairibh mar &ldquo;&aacute;if&eacute;is&rdquo;, &ldquo;seaf&oacute;id&rdquo;, d&aacute; chuid teagaisc mar sc&eacute;alta s&iacute;, agus ar an mb&aacute;s mar dh&iacute;obhadh.<\/li>\n<\/ol>\n<p><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; I gcomhth&eacute;acs mar seo is tr&aacute;th&uacute;il tabhairt chun cuimhne teagasc an tSeantiomna agus na nGi&uacute;dach ar an mbeatha (n&oacute; ar an mbeith) iarbh&aacute;is agus ar ais&eacute;ir&iacute; na colainne. Bh&iacute; braithstint dhomhain ag na Gi&uacute;daigh i r&eacute; luath an tSeantionmna i l&aacute;ithreacht D&eacute; ina Theampall agus lena phobal i ghn&aacute;th-ch&uacute;rsa&iacute; an lae, ina gcruatain, ina dtriobl&oacute;id&iacute; agus i dtr&aacute;tha l&uacute;ch&aacute;ire. Is fianaise na Sailm d&oacute; seo go l&eacute;ir. Ach n&iacute; raibh aon choincheap ag na creidmhigh sin ar aon bheith-ann iarbh&aacute;is a raibh br&iacute; leis. N&iacute;or fhan den duine daonna a bhi beo ach sc&aacute;il i S&eacute;&oacute;l, &aacute;it ch&oacute;naithe na marbh mar a raibh a sc&aacute;ileanna si&uacute;d a bh&iacute; maith agus olc bailithe le ch&eacute;ile. B&rsquo;ionann sin agus a r&aacute; narbh fhol&aacute;ir luach saothair agus d&iacute;oltas D&eacute; ar mhaith agus olc bheith sa saol seo &ndash; rud a chuaigh &iacute; gcoinne eisp&eacute;ireas an duine. Th&aacute;inig an creideamh faoi bheatha iarbh&aacute;is sh&eacute;anmhar n&oacute; phianmhar isteach thart nar an mbliain 200 roimh Chriost. T&aacute; a thuilleadh faoi seo r&aacute;ite sna n&oacute;ta&iacute; don dara l&eacute;acht inniu.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Is cuid de Chr&eacute; na hEaglaise (Cr&eacute; na nAspal agus Cr&eacute; N&iacute;c&eacute;) ais&eacute;ir&iacute; na colainne. Is dearbh&uacute; &eacute; ar dh&iacute;nit an choirp dhaonna, cruthaithe ar &iacute;omh&aacute; D&eacute;, agus ar mhaitheas an domhain tadhaill. Is sainteagasc Criosta&iacute; &eacute; nach f&eacute;idir le neamh-chreidmnhigh glacadh leis. S&eacute;anadh ais&eacute;ir&iacute; na colainne agus beatha sh&iacute;ora&iacute; le corp ag neamh-Chr&iacute;ostaithe tr&iacute;d na haoiseanna, agus n&iacute; fol&aacute;ir fi&uacute; &eacute; a mh&iacute;ni&uacute; do chreidmhigh. Sa cheathr&uacute; c&eacute;ad ag tr&aacute;cht d&oacute; ar Salm 88(89) scr&iacute;obh Naomh Agaist&iacute;n: &ldquo;N&iacute; chuirtear i gcoinne aon &aacute;bhar eile den chreideamh Criosta&iacute; chomh l&aacute;idir, chomh binibeach, chomh lean&uacute;nach agus a d&eacute;antar maidir le aiseir&iacute; na colainne. I bhf&iacute;rinne, phl&eacute; a l&aacute;n feallsamh pag&aacute;nacha do-mharaitheacht an anama agus in a l&aacute;n leabhar d&rsquo;fh&aacute;gadar fianaise go bhfuil an t-anam do-mharaithe; ach nuair a thagann s&eacute; go aiseir&iacute; na colainne n&iacute;l siad idir comhairl&iacute;, ach br&eacute;agnaionn siad go foscailte, agus seo an br&eacute;agn&uacute; acu nach f&eacute;idir go rachadh corp daonna suas ar neamh&rdquo;.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Ta an creideamh Cr&iacute;osta&iacute; maidir le ais&eacute;ir&iacute; na colainne nasctha le beatha sh&iacute;ora&iacute; ar neamh. Dearbha&iacute;onn s&eacute; naofacht an choirp dhaonna.<\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"color: blue;\">(b) An ghairm chun naofachta agus le fianaise a thabhairt don Soisc&eacute;al<\/span><\/em><span style=\"color: blue;\">. <\/span><span style=\"color: black;\">San Aifreann inniu baineann an ch&eacute;ad l&eacute;acht agus an Soisc&eacute;al le misean agus gairmeacha, agus leis an naofacht ar ch&oacute;ir a bheith ag gabh&aacute;il leo sin. T&aacute; naofacht D&eacute; le tabhairt faoi deara sa l&eacute;acht &oacute;n Soisc&eacute;al. An misean a tugadh do Pheadar agus na hAspail t&aacute; s&eacute; ar fail i gc&oacute;na&iacute; san eaglais, ina teagasc agus ina naofacht, i naofach a cuid ball nuair at&aacute; a mbeatha faoi sti&uacute;ir spiorad na mBi&aacute;id&iacute; agus an tSeanm&oacute;ra ar an Sliabh. T&aacute; g&eacute;argh&aacute; ag domhan an lae inniu le fianaise d&aacute; leith&eacute;id. <\/span>Ag l&eacute;amh faoi Pheadar d&uacute;inn agus a mhisean agus a r&oacute;l sa Soisc&eacute;al inniu, cuimhnimid ar a chomharba, an tAthair Naofa, Easpag na R&oacute;imhe, agus gu&iacute;mis go mbeidh a chreideamh l&aacute;idir ag d&eacute;anamh daingean a bhr&aacute;ithre agus a shi&uacute;racha ar a sl&iacute; chun D&eacute; agus ag saothr&uacute; don aontacht is toil le Dia i measc lucht lean&uacute;na Chr&iacute;ost.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>7 Feabhra 2016 (C) An C&uacute;igi&uacute; Domhnach Saor Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute; B.An &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-380","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/380","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=380"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/380\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=380"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=380"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=380"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}