{"id":383,"date":"2016-02-10T10:59:39","date_gmt":"2016-02-10T10:59:39","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=383"},"modified":"2016-02-10T10:59:39","modified_gmt":"2016-02-10T10:59:39","slug":"14-feabhra-2016-c-an-chead-domhnach-den-charghas","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=383","title":{"rendered":"14 Feabhra 2016 (C) An Ch\u00e9ad Domhnach den Charghas"},"content":{"rendered":"<p><span style=\"color: blue;\">14 Feabhra 2016 (C) An Ch&eacute;ad Domhnach den Charghas<\/span><\/p>\n<p style=\"line-height: 12pt;\"><span style=\"color: blue;\">Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla<\/span><\/p>\n<p style=\"line-height: 12pt;\"><span style=\"color: blue;\">leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC<\/span><\/p>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><span style=\"color: blue;\">L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/li>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><strong><em>B.<\/em><\/strong><strong><em><span style=\"color: blue;\">An B&iacute;obla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: <\/span><\/em><\/strong><em><span style=\"color: blue;\">Teachtaireacht an Charghais. An Chr&eacute; l&aacute;rnach Chr&iacute;osta&iacute;. Creideamh, reiligi&uacute;n agus Spiorad&aacute;ltac<\/span><\/em><em><span style=\"color: blue;\">ht<\/span><\/em><em><\/em><\/li>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><strong><em>A.<\/em><\/strong><strong><em><span style=\"color: blue;\">L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;.<\/span><\/em><\/strong><em><\/em><\/li>\n<\/ol>\n<p><em>C&eacute;ad L&eacute;acht <\/em>(Deotranaim&iacute; 26:4-10). <em>Admh&aacute;il chreidimh an phobail thofa. <\/em>Sa leicsean&aacute;ir, mar is l&eacute;ir &oacute;n dteideal seo, agus ag scol&aacute;ir&iacute; an Bh&iacute;obla, amharctar ar an sliocht &aacute;irithe seo mar &ldquo;Cr&eacute;, admh&aacute;il chreidimh, an phobail thofa&rdquo;. Cabhr&oacute;idh s&eacute; linn teachtaireacht an tsleachta agus a chiall a thuiscint n&iacute;os fearr m&aacute; dh&eacute;anaimid &eacute; a l&eacute;amh taobh istigh d&aacute; chomhth&eacute;acs i Leabhar Deotranaim&iacute;. Is m&iacute;r &eacute; de liot&uacute;irge agus de aitheasc spreagtha a thug Maois do phobal Iosrael roimh theacht d&oacute;ibh f&oacute;s i seilbh Th&iacute;r Tairngire. Ach feictear ar chlann Iosrael a bheith cheana i seilbh na tire a gealladh d&aacute; sinsir, agus cuirtear Maois i l&aacute;thair ag r&aacute; leo cuimhneamh ar a gcuid staire at&aacute; thart agus faoi mar ar shabh&aacute;il an Tiarna iad &oacute;n scl&aacute;bha&iacute;ocht. Amhail is d&aacute; mbeadh s&eacute; ag f&eacute;achaint ar aghaidh i bhf&iacute;s, deir Maois le hIosrael (san uimhir uatha): &ldquo;Nuair a thiocfaidh t&uacute; isteach sa t&iacute;r a bhfuil an Tiarna do Dhia a thabhairt duit mar oidhreacht, nuair a bheidh seilbh agat air agus t&uacute; i do ch&oacute;na&iacute; ann, n&iacute; fol&aacute;ir duit na c&eacute;adtortha&iacute; d&rsquo;fh&oacute;mhair na hithreach a bhainfidh t&uacute; sa t&iacute;r a thabharfaidh an Tiarna do Dhia duit a chur i leataobh d&aacute; ainm. N&iacute; fol&aacute;ir duit dul chun an tsagairt a bh&iacute;onn in oifig ag an am agus a r&aacute; leis: &lsquo;F&oacute;gra&iacute;m inniu don Tiarna mo Dhia gur th&aacute;inig m&eacute; chun na t&iacute;re a mhionnaigh an Tiarna d&aacute;r n-aithreacha a thabharfadh s&eacute; d&uacute;inn&rsquo;&rdquo;. Nuair a th&oacute;gfadh an sagart an cliabh agus &eacute; a leagan os comhair alt&oacute;ir an Tiarna, bh&iacute;odar leis an admh&aacute;il &aacute;lainn chreidimh at&aacute; i l&eacute;acht a lae inniu a dh&eacute;anamh. Bheadh cuimhneamh acu ar a n-athair, a sinsear, Iac&oacute;b, athair Dh&aacute; Threibh D&eacute;ag Iosrael. Glaotar &ldquo;Aramach F&aacute;in&rdquo; ar Iac&oacute;b. Agus Aramach de r&eacute;ir chine a bh&iacute; i Ribeac&aacute;, m&aacute;thair I&aacute;c&oacute;b, agus i L&aacute;b&aacute;n, a uncail. I dt&uacute;s a r&eacute;, sul a raibh r&iacute;ochta&iacute; acu, ba n&oacute;madaigh, f&aacute;naithe, iad na hAramaigh, agus bhi Iac&oacute;b ag f&aacute;na&iacute;ocht gan teach gan t&iacute;r amhail dhuine d&iacute;obh. T&eacute;ann an chr&eacute;, an admh&aacute;il chreidimh seo, ar aghaidh lena ndaoirse san &Eacute;igipt a lua agus a mheabhr&uacute; faoi mar ar shabh&aacute;il Dia iad, &aacute; dtabhairt chun saoirse agus saibhris. N&iacute;or ch&oacute;ir d&oacute;ibh riamh dearmad a dh&eacute;anamh ar c&eacute;rbh as d&iacute;obh agus faoi ch&uacute;ram D&eacute; orthu, agus sin go l&eacute;ir a admh&aacute;il ag ofr&aacute;il na c&eacute;adtortha&iacute; d&oacute;ibh.<\/p>\n<p><em>Salm le Fhreagra <\/em>(Salm 90[91]). <em>B&iacute; liom, a Thiarna, in am na triobl&oacute;ide.<\/em><\/p>\n<p><em>Dara L&eacute;acht <\/em>(R&oacute;mh&aacute;naigh 10:8-13). <em>Admh&aacute;il chreidimh an Chr&iacute;osta&iacute;. <\/em>Sa leicsean&aacute;ir t&aacute; mar theideal ar an l&eacute;acht seo: &ldquo;Cr&eacute; an Chr&iacute;osta&iacute;&rdquo;. Mar sin f&eacute;in t&aacute; friotal na Cr&eacute; chomh doil&eacute;ir sin nach fol&aacute;ir &eacute; bheith d&iacute;ch&oacute;idithe, mar a dh&eacute;arf&aacute;, do Chr&iacute;ostaithe an lae inniu, agus b&rsquo;fh&eacute;idir do gl&uacute;ine go luath tar &eacute;is bheatha Ph&oacute;il f&eacute;in, le go dtuigf&iacute; &eacute;. Is &eacute; l&aacute;rphointe na Cr&eacute; na: &ldquo;M&aacute; admha&iacute;onn t&uacute; i do bh&eacute;al gurbh &eacute; &Iacute;osa an Tiarna agus m&aacute; chreideann t&uacute; i do chro&iacute; gur thug Dia &oacute; mhairbh &eacute;, sl&aacute;n&oacute;far th&uacute;&rdquo; (R&oacute;mh&aacute;naigh 10:9), leis an m&iacute;ni&uacute; seo air: &ldquo;Mar is sa chro&iacute; a bh&iacute;onn an creideamh a fh&iacute;r&eacute;ana&iacute;onn agus sa bh&eacute;al a bhionn an admh&aacute;il a shl&aacute;na&iacute;onn&rdquo;. Dar le daoine n&oacute; gr&uacute;pa&iacute; &aacute;irithe amhail Cr&iacute;ostaithe Athbhreithe agus Cr&iacute;ostaithe Cinc&iacute;seacha, is leor seo mar admh&aacute;il chreidimh beag beann ar aon Eaglais eagraithe. Ionann sin agus dearmad glan a dh&eacute;anamh de chomhth&eacute;acs na Cr&eacute; agus an Eaglais eagraithe a bhfuil tagairt sa litir seo d&iacute;. Go gairid ina dhiaidh an l&eacute;acht seo scr&iacute;obhann P&oacute;l sa litir ch&eacute;anna (R&oacute;mh. 10:14): &ldquo;Ach conas a ghlaofaidis ar an t&eacute; n&aacute;r chreid siad ann? Agus conas a chreidfidis sa t&eacute; n&aacute;r chuala siad tr&aacute;cht air? Agus conas a chloisfidis tr&aacute;cht air gan duine &aacute; fh&oacute;gairt d&oacute;ibh? Agus conas a dh&eacute;anfadh daoine &eacute; a fh&oacute;gairt mura gcuirtear amach iad chuige sin?&rdquo; Sna t&eacute;acsanna seo t&aacute; tagairt do fh&iacute;r&eacute;antacht sa chro&iacute;, agus sl&aacute;n&uacute; san admh&aacute;il. Baineann f&iacute;r&eacute;antacht leis an saol seo, sl&aacute;n&uacute; leis an saol eile, mar bhuaic ar an fh&iacute;r&eacute;antacht agus an saol seo.<\/p>\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; I ndiaidh na mbriathra breise sin, is f&eacute;idir filleadh ar th&eacute;asc an lae inniu. Eascra&iacute;onn foirmli&uacute; th&eacute;acs na Cr&eacute; &oacute;n imn&iacute; agus buaireamh a bh&iacute; ar Ph&oacute;l toisc gur dhi&uacute;ltaigh a phobal f&eacute;in, na Gi&uacute;daigh, glacadh le Cr&iacute;ost, an Meisias. Tiomna&iacute;onn s&eacute; tr&iacute; chaibideal (R&oacute;mh&aacute;naigh 9-11) do phl&eacute; na faidhbe agus na r&uacute;ndiamhaire sin. Tuigtear foirmli&uacute; dl&uacute; na Cr&eacute; Cr&iacute;osta&iacute; seo nuair a l&eacute;itear &iacute; tar &eacute;is an tsleachta a chuaigh d&iacute;reach roimhe (R&oacute;mh&aacute;naigh 10:1-7). Ag labhairt faoina phobal ion&uacute;in Gi&uacute;dach f&eacute;in n&aacute;r chreid, deir P&oacute;l: &ldquo;Go deimhin, a bhr&aacute;ithre agus a shi&uacute;racha, is &eacute; mian mo chro&iacute; &eacute; agus mo ghu&iacute; chun D&eacute; orthu go sl&aacute;nofa&iacute; iad. Tugaim fianaise orthu go bhfuil d&iacute;ograis acu do Dhia ach nach d&iacute;ograis dea-eolais &eacute;. Mar nuair n&aacute;r aithin siad f&iacute;r&eacute;antacht D&eacute; ach iad ag iarraidh a bhf&iacute;r&eacute;antacht f&eacute;in a bhun&uacute;, n&iacute;or gh&eacute;ill siad d&rsquo;fh&iacute;r&eacute;antacht D&eacute;. Mar is &eacute; Cr&iacute;ost buaic (cr&iacute;och) an Dl&iacute; chun f&iacute;r&eacute;antachta an uile dhuine a chreideann ann&rdquo;. Admha&iacute;onn P&oacute;l go fonnmhar go raibh d&iacute;ograis agus d&uacute;thracht ag a ph&oacute;bal Gi&uacute;dach f&eacute;in chun D&eacute;, faoi mar a bh&iacute; aige f&eacute;in sul ar iompa&iacute;odh &eacute; chun Chr&iacute;ost. Ach bh&iacute; an d&iacute;ograis seo d&iacute;rithe ar an Dli Gi&uacute;dach. Sa bhreis ar seo, deir P&oacute;l nach raibh an d&iacute;ograis seo dea-eolach, lena chialla&iacute;onn s&eacute; nach raibh s&iacute; oscailte do l&aacute;ithreacht ghn&iacute;omhach D&eacute; i gCr&iacute;ost. N&iacute; raibh s&eacute; dea-eolach toisc n&aacute;r ghlac s&iacute; le Cr&iacute;ost, ar ab ionann &eacute; do Ph&oacute;l agus don Eaglais Chr&iacute;osta&iacute; agus buaic agus cr&iacute;och an Dl&iacute;, riaradh D&eacute; tr&iacute; Dhl&iacute; Mhaois agus gach ar sheas s&eacute; d&oacute;, buaic sa chiall gurb &eacute; Cr&iacute;ost an aidhm ar a raibh an Dl&iacute; d&iacute;rithe, agus cr&iacute;och sa chiall gur th&aacute;inig deireadh leis an Dl&iacute;, le riaradh D&eacute; sin, le Cr&iacute;ost. Luann P&oacute;l cuid de th&eacute;acs as Deotranaim&iacute; 30:14: &ldquo;T&aacute; an briathar in ngar duit, t&aacute; s&eacute; i do bh&eacute;al agus i do chro&iacute;&rdquo;, agus dearbha&iacute;onn gurb &iacute; teachtaireacht an tSoisc&eacute;il, an creideamh a fhogra&iacute;onn s&eacute; f&eacute;in, an briathar sin. Ansin d&eacute;anann P&oacute;l imeartas focal ar an d&aacute; th&eacute;arma l&aacute;rnacha: beola agus cro&iacute;, admh&aacute;il chreidimh leis na beola (sa bhaisteadh) agus ag creidi&uacute;int sa chro&iacute;. An bh&eacute;im at&aacute; aige anseo n&aacute; gur tr&iacute; chreideamh i gCriost, seachas tr&iacute; ghn&iacute;omhartha an Dl&iacute; Ghi&uacute;daigh n&oacute; tr&iacute; thraidisi&uacute;n ar bith eile, a fh&iacute;r&eacute;antar Criostaithe, a dh&eacute;antar baill de theaghlach nua D&eacute; iad, le bheith in ann glaoch ar Dhia mar &ldquo;Athair&rdquo;. Cuireann an creideamh i gCr&iacute;ost an sl&aacute;nu ar f&aacute;il do ch&aacute;ch, is cuma faoi st&aacute;das soisialta, chine, dhath n&oacute; ghn&eacute;as,<\/p>\n<p><em>Soisc&eacute;al<\/em> (L&uacute;c&aacute;s 4:1-13). <em>Seoladh &Iacute;osa faoi lu&iacute; an Spioraid san fh&aacute;sach &aacute; phromhadh ag an diabhal. <\/em>An sliocht seo &oacute;n Soisc&eacute;al, soisc&eacute;al L&uacute;c&aacute;is i mbliana, faoi phromhadh &Iacute;osa san fh&aacute;sach, l&eacute;itear &eacute; sa ch&eacute;ad Domhnach seo den Charghas gach bliain le tabhairt len&aacute;r n-aire an s&eacute;as&uacute;r naofa seo at&aacute; ag tos&uacute;. Is fi&uacute; an l&eacute;acht seo a thuiscint ina shu&iacute;omh sa Soisc&eacute;al f&eacute;in, d&iacute;reach tar &eacute;is bhaiste &Iacute;osa. Ag a bhaisteadh sa Iord&aacute;in, nuair a bh&iacute; &Iacute;osa ag gu&iacute;, thuirling an Spiorad Naomh air agus th&aacute;inig gl&oacute;r an Athar &oacute; na flaithis &aacute; r&aacute;: &ldquo;Is t&uacute; mo Mhac muirneach; is duitse a thug m&eacute; gnaoi&rdquo;. Agus ansin th&aacute;inig &Iacute;osa, agus &eacute; l&aacute;n de Spiorad Naomh, ar ais &oacute;n Iord&aacute;in agus seoladh &eacute; faoi lu&iacute; an Spioraid san fh&aacute;sach. Tosa&iacute;onn an diabhal a chuid cathaithe leis na briathra: &ldquo;M&aacute;s t&uacute; Mac D&eacute;&rdquo;. F&oacute;gra&iacute;odh &Iacute;osa mar Mhac D&eacute; ag a bhaisteadh, agus cuirtear cath&uacute; air, promhtar &eacute;, leas a bhaint as an st&aacute;das sin, le m&iacute;ort&uacute;ilti a dh&eacute;anamh le s&aacute;samh a thabhairt d&aacute; ocras, le glacadh leis an diabhal mar thiarna ar an domhan agus st&aacute;das a ghlacadh uaidh, agus l&eacute;im mh&iacute;ort&uacute;ilteach fheice&aacute;lach a th&oacute;gaint &oacute; bhinn an Teampaill (m&iacute;or&uacute;ilt a a dh&eacute;anfadh an Meisias de r&eacute;ir thraidisi&uacute;n amh&aacute;in Gi&uacute;dach, de r&eacute;ir dealraimh). An ch&eacute;ad &Aacute;dhamh sa ghairdin, b&iacute;odh gur daonna &eacute;, gh&eacute;ill s&eacute; do chath&uacute; an d&iacute;abhail a bheith cos&uacute;il le Dia. Deanfaidh &Iacute;osa, an Dara h&Aacute;dhamh, a mhalairt. Mar a chuireann an luath-iomann Cr&iacute;osta&iacute; &eacute; (Filipigh 2:6-11): &Iacute;osa, a bh&iacute; i riocht D&eacute; &oacute; dh&uacute;chas, n&iacute;orbh &eacute;ad&aacute;il leis bheith ar chomhch&eacute;im le Dia, ach lom s&eacute; &eacute; f&eacute;in agus chuir air riocht an scl&aacute;bha, agus th&aacute;inig chun bheith ina dhuine mar ch&aacute;ch eile. Cuireadh cath&uacute; ar &Iacute;osa, promhadh &eacute;, mar gach neach daonna eile, ach amh&aacute;in n&aacute;r gh&eacute;ill s&eacute;. Glaotar ar Cr&iacute;ostaithe bheith ar aon mheon le h&Iacute;osa Criost.<\/p>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><strong><em>B.<\/em><\/strong><strong><em><span style=\"color: blue;\">An B&iacute;obla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: <\/span><\/em><\/strong><em><span style=\"color: blue;\">Teachtaireacht an Charghais. An Chr&eacute; l&aacute;rnach Chr&iacute;osta&iacute;. Creideamh, reiligi&uacute;n agus Spiorad&aacute;ltac<\/span><\/em><em><span style=\"color: blue;\">ht<\/span><\/em><em><\/em><\/li>\n<\/ol>\n<p>&nbsp;<\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">Tugann l&eacute;achtai an lae inniu deis d&uacute;inn machnamh a dh&eacute;anamh ar ch&uacute;pla f&iacute;rinne l&aacute;rnacha den Chr&iacute;osta&iacute;ocht. Glaonn an Chr&eacute; sa ch&eacute;ad l&eacute;acht ar Iosrael machnamh a dh&eacute;anamh ar mhaitheas D&eacute; d&oacute;ibh san am a bh&iacute; thart. Is &iacute; teachtaireacht na Cr&eacute; sa dara l&eacute;acht n&aacute; go bhfuil r&eacute; &aacute;irithe de stair Iosrael thart le teacht Chriost. Sa chreideamh, agus i seirbh&iacute;s D&eacute; bheo, is &eacute; an rud t&aacute;bhachtach n&aacute; beatha i gCr&iacute;ost agus an fh&iacute;r&eacute;antacht, an caidreamh ceart le Dia, a thugann s&eacute;. D&eacute;anann P&oacute;l codarsnacht idir na hiarrachta&iacute; f&iacute;r&eacute;antacht d&aacute;r gcuid f&eacute;in a bhuan&uacute; agus an fh&iacute;r&eacute;antacht a thagann &oacute; Dhia. An rud t&aacute;bhachtach sa r&eacute; Chr&iacute;osta&iacute; nua n&aacute; creideamh i gCr&iacute;ost agus a ainm a admh&aacute;il go hoscailte. Ionann an creideamh sin agus glacadh le saothar D&eacute; in &Iacute;osa agus gniomh&uacute; Chr&iacute;ost ar son an duine aonair agus na hEaglaise a bhunaigh s&eacute;.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Rud a eascra&iacute;onn as t&eacute;acs Ph&oacute;il sa litir chuig na R&oacute;mh&aacute;naigh sa dara l&eacute;acht faoi admh&aacute;il<\/span> i do bh&eacute;al gurbh &eacute; &Iacute;osa an Tiarna agus creidi&uacute;int i do chro&iacute; gur thug Dia &oacute; mhairbh &eacute; go sl&aacute;n&oacute;far th&uacute;, n&aacute; tuairim daoine &aacute;irithe gur leor sin mar chreideamh beag beann ar aon eaglais. T&eacute;ann daoine eile n&iacute;os faide n&aacute; sin &aacute; ma&iacute;omh gur leor do dhuine spiorad&aacute;ltacht, agus gur rud di&uacute;ltach an reiligi&uacute;n, n&oacute; creideamh, gur deas n&oacute; gur geal leo spiorad&aacute;ltacht, ach nach gcleachtann siad &ldquo;reiligi&uacute;n&rdquo;, amhail freastal ar eaglais n&oacute; cleachtadh creidimh, go bhfuil gaol n&oacute; caidreamh acu le Dia tr&iacute; spiorad&aacute;ltacht, gan reiligi&uacute;n. T&aacute; a thuilleadh ann a leagann b&eacute;im ar spiorad&aacute;ltacht, mar thr&eacute;ith n&oacute; gn&iacute;omh&uacute; den spiorad daonna, gan aon tagairt do Dhia. Sin cuid den saol ina mhairimid. Is deas, ar nd&oacute;igh, an sp&eacute;is<span style=\"font-size: 11pt;\"> i spiorad an duine agus sa spiorad&aacute;ltacht. Ach do chreidmhigh Chriosta&iacute; ionann f&iacute;or-spiorad&aacute;ltacht agus gn&iacute;omh&uacute; an Spioraid Naoimh, a thugann bronntanas an chreidimh, agus an mhuin&iacute;n, n&oacute; d&aacute;nacht, glaoch ar Dhia mar Athair. Tugann an spiorad&aacute;ltacht seo caidreamh le Dia, le Cr&iacute;ost, leis an Spiorad Naomh in Eaglais Chr&iacute;ost &ndash; reiligi&uacute;n, nasc le Dia, &eacute; sin de r&eacute;ir bhunbhr&iacute; fhr&eacute;amh an fhocail Laidine sin <em>religio, <\/em>&ldquo;Nasc&rdquo;<em>. <\/em><\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 11pt;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; I ndiaidh an mhachnaimh sin is f&eacute;idir linn filleadh ar thr&eacute;imhse an Charghais agus a teachtairachta&iacute; &eacute;ags&uacute;la. N&iacute; tr&aacute;th do ruda&iacute; seachtracha amh&aacute;in, saic&eacute;adach agus luaithreach, &eacute; an Carghas. Is tr&eacute;imhse dachad l&aacute; &eacute; le machnamh a dh&eacute;anamh ar an r&uacute;ndiamhair Chr&iacute;osta&iacute;, ar an mbeatha Chr&iacute;osta&iacute; i gCr&iacute;ost, ar dh&iacute;nit na pearsan daonna agus na cont&uacute;irt&iacute; ann d&oacute;, agus ar fhreagra D&eacute; tr&iacute; Chriost ar na ceisteanna sin. Is gairm &eacute; an Carghas droim l&aacute;imhe a thabhairt do luachanna br&eacute;agacha, agus casadh ar theachtaireacht an tSoisc&eacute;il. Is tr&aacute;th &eacute; an Carghas do mhachnamh agus do dheabh&oacute;id. D&eacute;antar an creideamh a choth&uacute; tr&iacute; dheab&oacute;id, deabh&oacute;id phearsanta agus phobail, p&eacute; acu sa phar&oacute;iste n&oacute; sa teaghlach. N&iacute; g&aacute; go mbeadh deabh&oacute;id feice&aacute;lach. Is f&eacute;idir lei a bheith pearsanta agus ci&uacute;in, amhail machnamh ar an Aoine ar ghlaoch &Iacute;osa &eacute; a lean&uacute;int, agus in on&oacute;ir na P&aacute;ise staonadh &oacute; fheoil (iasc n&oacute; rud eile in a hionad) ag an bpr&iacute;omh-bh&eacute;ile. Agus t&aacute; sl&iacute;te iomad&uacute;la eile ann.<\/span><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>14 Feabhra 2016 (C) An Ch&eacute;ad Domhnach den Charghas Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute; &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-383","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/383","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=383"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/383\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=383"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=383"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=383"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}