{"id":385,"date":"2016-02-20T21:48:38","date_gmt":"2016-02-20T21:48:38","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=385"},"modified":"2016-02-20T21:48:38","modified_gmt":"2016-02-20T21:48:38","slug":"21-feabhra-2016-c-dara-domhnach-den-charghas","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=385","title":{"rendered":"21 Feabhra 2016 (C) Dara Domhnach den Charghas"},"content":{"rendered":"<p><span style=\"color: blue;\">21 Feabhra 2016 (C) Dara Domhnach den Charghas<\/span><\/p>\n<p style=\"line-height: 12pt;\"><span style=\"color: blue;\">Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla<\/span><\/p>\n<p style=\"line-height: 12pt;\"><span style=\"color: blue;\">leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC<\/span><\/p>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><span style=\"color: blue;\">L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/li>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><strong><em>B.<\/em><\/strong><strong><em><span style=\"color: blue;\">An B&iacute;obla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: <\/span><\/em><\/strong><em><span style=\"color: blue;\">Athr&uacute; crutha an Chr&iacute;osta&iacute; i gCr&iacute;ost. Daingnithe sa gCreideamh<\/span><\/em><\/li>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><strong><em>A.<\/em><\/strong><strong><em><span style=\"color: blue;\">L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;.<\/span><\/em><\/strong><em><\/em><\/li>\n<\/ol>\n<p><em>C&eacute;ad L&eacute;acht <\/em>(Genesis 15:5-12, 17-18). <em>D&eacute;anann Dia conradh le hAbrah&aacute;m f&iacute;r&eacute;an. <\/em>Nuair a ghlaoigh Dia ar Abr&aacute;m c&eacute;aduair (a dh&eacute;anfar athr&uacute; ar a ainm n&iacute;os d&eacute;anai go Abrah&aacute;m) &oacute; &Uacute;r na gCaild&eacute;ach, gheall s&eacute; d&oacute; go nd&eacute;anfadh s&eacute; n&aacute;isi&uacute;n m&oacute;r de agus gur tr&iacute;d a dh&eacute;anfadh cin&iacute;ocha uile an domhain iad f&eacute;in a bheann&uacute; (n&oacute; gur tr&iacute;d a bheann&oacute;far iad) (Genesis 12:2-3). Blianta ina dhiaidh sin, b&iacute;odh go raibh Abr&aacute;m gan mac n&oacute; oidhre, rinne Dia an gealltanas c&eacute;anna d&oacute;. Chreid Abr&aacute;m sa Tiarna agus mheas an Tiarna mar fh&iacute;r&eacute;antacht aige &eacute; sin. Is d&oacute;cha gurb &eacute; is br&iacute; leis an t&eacute;arma &ldquo;f&iacute;r&eacute;antacht&rdquo; anseo n&aacute; staid anam Abr&aacute;m, ag glacadh go humhal le gealltanas D&eacute; d&rsquo;ainneoin easpa aon fhianaise ina fh&aacute;bhar, sin le r&aacute; aon fhianaise seachas d&iacute;lseacht D&eacute;. Do Chr&iacute;ostaithe is ceann de mh&oacute;rth&eacute;acsanna an tSeantiomna &eacute; seo. Baineann P&oacute;l feidhm as lena l&eacute;iri&uacute; gur tr&iacute; chreideamh i gCr&iacute;ost a thagann an sl&aacute;n&uacute;, seachas tr&iacute; &ldquo;oibreacha an Dl&iacute;&rdquo;, cleachtadh Dl&iacute; na nGi&uacute;dach. Baineann S&eacute;amas (S&eacute;amus 2:26) feidhm as, mar aon le t&eacute;acsanna eile, le l&eacute;iri&uacute; gur marbh an creideamh gan dea-oibreacha.<\/p>\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; L&aacute;rth&eacute;ama na l&eacute;achta, ag tr&aacute;cht ar chonradh D&eacute; le Abr&aacute;m, is ceann de na t&eacute;acsanna is t&aacute;bhachta&iacute; den tSeantiomna &eacute;. Mar ch&uacute;lra don chonradh seo t&aacute; gn&aacute;sanna f&iacute;or&aacute;rsa, ceann d&iacute;obh n&aacute; &iacute;obairt ainmhithe &aacute;irithe, agus iad a roinnt ina dh&aacute; chuid, agus ag su&iacute;omh na ranna roinnte i ndh&aacute; l&iacute;ne, iad ag tabhairt aghaidh ar a ch&eacute;ile. Shi&uacute;ladh p&aacute;irtithe an chonartha idir an d&aacute; line, agus an bhr&iacute; a bh&iacute; leis seo n&aacute; d&aacute; bhfeallfadh ceachtar den d&aacute; ph&aacute;irt&iacute; ar th&eacute;arma&iacute; an chonartha agus na mionna&iacute; a ghabh leis, go mbeidis gearrtha i gcodanna faoi mar a bh&iacute; ainmhithe an chonartha. N&iacute;l s&eacute; soil&eacute;ir cad is br&iacute; leis an &eacute;anlaith chreiche a th&aacute;inig anuas ar na conablaigh: naimhde b&rsquo;fh&eacute;idir a raibh ar intinn acu an conradh a scrios. Ina thromchodladh misti&uacute;il bh&iacute; aisling ag Abr&aacute;m de Dhia ag d&eacute;anamh an chonartha (Dia curtha in i&uacute;l ag an fhoirn&eacute;is deataigh tine agus an l&oacute;chrann ar lasadh ag gabh&aacute;il idir na codanna roinnte). Sa chodladh misti&uacute;il sin bheadh gealltanas D&eacute; faighte ag Abr&aacute;m faoi thodhcha&iacute; ghl&oacute;rmhar d&aacute; shliocht (le seilbh na tal&uacute;n &oacute;n N&iacute;l go dt&iacute; an Eofrait).<\/p>\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; San fh&iacute;s sin ar an gconradh agus todhcha&iacute; a sh&iacute;l, a shleachta, ina dh&eacute;anfadh cin&iacute;ocha uile an domhain iad f&eacute;in a bheann&uacute; (n&oacute; ina mbeidis beannaithe) (Genesis 22:18), d&rsquo;fh&eacute;adfadh gl&uacute;ine ina dhiaidh sin tagairt a fheice&aacute;il ann do sh&iacute;ol Abrah&aacute;m agus Dh&aacute;iv&iacute;, an Meisias. I diosp&oacute;ireacht maidir le &aacute;it Abrah&aacute;m ina gcreideamh agus a n-oidhreacht, d&uacute;irt &Iacute;osa leis na Gi&uacute;daigh (Eoin 8:56): &ldquo;Rinne Abrah&aacute;m bhur n-athair l&uacute;ch&aacute;ir go bhfeicfeadh s&eacute; mo l&aacute;-sa. Chonaic, agus bhi &aacute;thas air&rdquo;. B&rsquo;fh&eacute;idir go raibh codladh sin misti&uacute;il Abrah&aacute;m ina aigne ag &Iacute;osa.<\/p>\n<p><em>Salm le Freagra <\/em>(Salm 26[27]]). <em>Is &eacute; an Tiarna mo sholas agus mo shl&aacute;n&uacute;.<\/em><\/p>\n<p><em>Dara L&eacute;acht <\/em>(Filipigh 3:17-4:1). <em>Cuirfidh Cr&iacute;ost athr&uacute; crutha ar &aacute;r gcorp &aacute; mh&uacute;nl&uacute; i gcos&uacute;lacht a choirp ghl&oacute;rmhair f&eacute;in. <\/em>N&iacute;os luaithe sa chaibideal as a dt&oacute;gtar an sliocht seo, cuireann P&oacute;l an eaglais i bFilipe ar a hairdeall faoi thionchair &oacute;n dtaobh amuigh den chomhluadar Cr&iacute;osta&iacute;. Luaigh s&eacute; go raibh na bunt&aacute;isti a bh&iacute; aige f&eacute;in curtha uaidh aige ionas le bheith d&iacute;lis do Chr&iacute;ost. Sa l&eacute;acht seo imp&iacute;onn s&eacute; orthu aithris a dh&eacute;anamh air f&eacute;in, agus ar na daoine eile a dh&eacute;anann de r&eacute;ir an tsampla a thug s&eacute; d&oacute;ibh. N&iacute;l aon cheist faoi aon &eacute;ir&iacute; in airde &oacute; thaobh Ph&oacute;il anseo. Anois deir s&eacute; leo go deorach go bhfuil m&oacute;r&aacute;n at&aacute; ina naimhde do chros Chr&iacute;ost lena ngn&iacute;omhartha m&iacute;n&aacute;ireacha, ina n-eaglais f&eacute;in, i bhFilipe n&iacute; fol&aacute;ir. N&iacute; shonra&iacute;onn s&eacute; c&eacute; hiad na gn&iacute;omhartha m&iacute;n&aacute;ireacha at&aacute; i gceist, ach gur nithe a bhain lei an saol seo iad, a mhalairt de bheatha na bhf&iacute;or-Cr&iacute;ostaithe gurbh &eacute; neamh a mbaile d&uacute;chais, a dt&iacute;r dh&uacute;chais. Ba choil&iacute;neacht R&oacute;mh&aacute;nach Filipe agus ba mh&oacute;r an rud saor&aacute;nacht R&oacute;mh&aacute;nach a bheith ag duine. Bh&iacute; P&oacute;l f&eacute;in br&oacute;d&uacute;il as; saor&aacute;nacht a bh&iacute; aige &oacute; dh&uacute;chas (Gn&iacute;omhartha 21:39; 22:28). Seans go raibh na Cr&iacute;ostaithe saolta sin leis na gn&iacute;omhartha m&iacute;n&aacute;ireacha &aacute; meas f&eacute;in ach go h&aacute;irithe mar shaor&aacute;naigh R&oacute;mh&aacute;nacha, ag meas gurbh &iacute; an tsaor&aacute;nacht saolta R&oacute;mh&aacute;nach sin an rud ba th&aacute;bhachta&iacute;. B&rsquo;fh&eacute;idir go raibh baint acu, i sl&iacute; thar a bh&iacute; ceadaithe do chreidmhigh, ag c&oacute;isir&iacute; i dteampaill phag&aacute;nacha, ag meas nach raibh sa bheatha Chr&iacute;osta&iacute; ach sl&iacute; bheatha amh&aacute;in i measc d&iacute;orma&iacute; polaiti&uacute;la eile. As sin casann P&oacute;l ar an t&ldquo;saor&aacute;nacht&rdquo; cheart Chr&iacute;osta&iacute;, gur ar neamh a dt&iacute;r dh&uacute;chais mar a bheidh a gcoirp uir&iacute;sle dhaonna aithrithe le bheith cos&uacute;il le corp gl&oacute;rmhar Chr&iacute;ost. Seo claochl&uacute; coirp sa saol eile. Ach n&iacute;or ch&oacute;ir dearmad a dh&eacute;anamh de go bhfuil r&aacute;ite as P&oacute;l in &aacute;it eile (2 Corantaigh 3:18) go bhfuil claochl&uacute; ag teacht ar chreidmhigh cheana f&eacute;in sa saol seo, ag dul &oacute;na gcruth f&eacute;in chun cos&uacute;ileacht, &iacute;omh&aacute;, Chr&iacute;ost, &oacute;n ngl&oacute;ir is l&uacute; go dt&iacute; an gl&oacute;ir is airde, agus sin faoi lu&iacute; Spiorad an Tiarna.<\/p>\n<p><em>Soisc&eacute;al<\/em> (L&uacute;c&aacute;s 9:28-36). <em>Sa ghu&iacute; d&rsquo;&Iacute;osa, th&aacute;inig athr&uacute; cl&oacute; ar a ghn&uacute;is. <\/em><span style=\"color: black;\">I ngach ceann de na tr&iacute; shoisc&eacute;al tosaigh, Matha, Marcas agus L&uacute;c&aacute;s, t&aacute; cur s&iacute;os ar chlaochl&uacute; &Iacute;osa, ar an athrach cl&oacute; ar a ghn&uacute;is agus a chuid &eacute;adach &eacute;irithe gl&eacute;geal lonrach. Tharla an eachtra s&eacute; l&aacute; (ocht l&aacute; i L&uacute;c&aacute;s) tar &eacute;is admh&aacute;il chreideamh na nAspal in &Iacute;osa i <\/span>gCaesairia<em> <\/em>Philib. Is fi&uacute; tabhairt faoi deara na b&eacute;imeanna sonracha at&aacute; i gcuntas L&uacute;c&aacute;is den eachtra. Ceann d&iacute;obh n&aacute; an bh&eacute;im<em> <\/em>ar urna&iacute; &Iacute;osa, mar at&aacute; in &aacute;iteanna eile sa tSoisc&eacute;al seo. Chuaigh &Iacute;osa agus an tri&uacute;r aspal faoi leith an sliabh suas chun gu&iacute;, agus &Iacute;osa ag gu&iacute; th&aacute;inig athrach cl&oacute; ar a ghn&uacute;is. An bheirt at&aacute; ag caint le h&Iacute;osa, t&aacute; siad san ord ceart (murab ionann i Matha agus Marcas) &ndash; Maois agus &Eacute;lias. Rud sonrach do L&uacute;c&aacute;s n&aacute; &eacute;irim a gcomhr&aacute; le h&Iacute;osa &ndash; imeac<span style=\"color: black;\">ht (exodus) &Iacute;osa (&oacute;n saol) a bh&iacute; le tabhairt chun cr&iacute;che in Iar&uacute;sail&eacute;im. B&rsquo;ionann b&aacute;s agus ais&eacute;ir&iacute; &Iacute;osa agus exodus nua an tsl&aacute;naithe d&rsquo;&Iacute;osa agus don Eaglais. Beidh a chorp claochlaithe, athraithe go crot gl&oacute;irithe, mar chuspa do choirp a lucht lean&uacute;na d&iacute;lis agus gl&oacute;irithe ar neamh. T&aacute; tagairt d&oacute; sin sa dara l&eacute;acht inniu.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Bh&iacute; tionchar m&oacute;r n&iacute;os d&eacute;ana&iacute; ag an eisp&eacute;aras sin ar an sliabh naofa. Thug Maois and &Eacute;ilias, an Dl&iacute; agus na F&aacute;ithe, fianaise d&rsquo;&Iacute;osa agus thugadar don Eaglais tuiscint n&iacute;os doimhne ar aontacht fhoilsi&uacute; phlean D&eacute; tr&iacute;d an tSeantiomna agus an Tiomna Nua. D&eacute;anann Dara Litir Naomh Pheadar (2 Peadar 1:17-19) tagairt d&oacute;. D&rsquo;fh&aacute;g s&eacute; an briathar f&aacute;idhi&uacute;il n&iacute;os iontaofa acu.<\/span><\/p>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><strong><em>B.<\/em><\/strong><strong><em><span style=\"color: blue;\">An B&iacute;obla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: <\/span><\/em><\/strong><em><span style=\"color: blue;\">Athr&uacute; crutha an Chr&iacute;osta&iacute; i gCr&iacute;ost. Daingnithe sa gCreideamh<\/span><\/em><\/li>\n<\/ol>\n<p>&nbsp;<\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">Ceili&uacute;rann an Eaglais f&eacute;ile Chlaochl&uacute; an Tiarna gach bliain ar an 6 L&uacute;nasa. Tugtar an r&uacute;ndiamhair sin chun cuimhne san Aifreann inniu chomh maith, ach i gcomhth&eacute;acs thuras &Iacute;osa go hIar&uacute;sail&eacute;im, Cailbhire, agus an ais&eacute;ir&iacute; maidin Dhomhnach C&aacute;sca. D&rsquo;fh&eacute;ach traidisi&uacute;n sa Bh&iacute;obla, agus traidisi&uacute;n i measc na nGi&uacute;dach, ar aghaidh do chlaochl&uacute;, athr&uacute; chorp na bhf&iacute;r&eacute;an sa saol le teacht, d&oacute;chas at&aacute; le fail sa Tiomna Nua chomh maith (feic 1 Corantaigh 15:40-44; 2 Corantaigh 3:18). Mar a luadh sna n&oacute;ta&iacute; ar an dara l&eacute;acht thuas, t&aacute; an claochl&uacute; sin ag feidhmi&uacute; cheana sa saol seo, mar a bhfuil creidmhigh &aacute; n-athr&uacute; go h&iacute;omh&aacute; &Iacute;osa Cr&iacute;ost &oacute; ghl&oacute;ir go gl&oacute;ir ag gr&aacute;sta Spiorad &Iacute;osa ais&eacute;irithe (2 Corantaigh 3:18). Tugann an t-athr&uacute; sin orthu gan patr&uacute;n an tsaoil seo a lean&uacute;int ach malairt meoin a chur orthu f&eacute;in tr&iacute; athnuachan aigne, i sl&iacute; go n-aithneoidis cad is toil le Dia, agus a gcoirp a thoirbhirt ina n-&iacute;obairt bheo thaitneamhach do Dhia, sin &eacute; a n-adhradh spiorad&aacute;lta (R&oacute;mh&aacute;naigh 12:1-2).<\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; T&aacute; &aacute;bhar saibhir machnaimh againn i l&eacute;achta&iacute; an lae inniu. N&iacute; g&aacute; ach c&uacute;pla pointe a lua anseo. (1) An aontacht a fheiceann an creideamh a bheith ag rith i bhfoilsi&uacute; D&aacute; sa tSeantiomna agus sa r&uacute;ndiamhair a foils&iacute;odh in &Iacute;osa. Gealladh d&rsquo;Abrah&aacute;m go mbeadh na cin&iacute;ocha uile beannaithe tr&iacute;d, &ldquo;ina sh&iacute;ol&rdquo;, agus ba &eacute; Cr&iacute;ost an s&iacute;ol sin. B&rsquo;fh&eacute;idir go bhfaca Abrah&aacute;m ina fhis gl&oacute;ir Chr&iacute;ost; (2) Mar a luadh n&iacute;os luaithe, meabhra&iacute;onn claochl&uacute; Cr&iacute;ost d&uacute;inn &aacute;thr&uacute; an chreidmhigh faoi ghr&aacute;sta D&eacute; anseo ar talamh, agus athr&uacute; crutha i gcos&uacute;ileacht choirp ghl&oacute;rmhar Chr&iacute;ost ar neamh.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; (3) Mar tr&iacute;&uacute; h&aacute;bhar machnaimh is f&eacute;idir linn compar&aacute;id a dh&eacute;anamh idir phatr&uacute;n na beatha Cr&iacute;osta&iacute; a chuireann P&oacute;l os comhair na bhFilipeach leis an admh&aacute;il a dh&eacute;anann s&eacute; leo go deorach go bhfuil a l&aacute;n creidmheach san eaglais sin a bhfuil a gcleachtadh, cleachtadh n&aacute;ireach, i bhfad &oacute;n bharrshamhail a leag s&eacute; amach d&oacute;ibh. N&iacute;or athtraigh c&uacute;rsa&iacute; san &aacute;bhar seo r&oacute;-mhor thar na blianta. Ach mar sin f&eacute;in bh&iacute; an bua ag an bharrshamhail Chr&iacute;osta&iacute;.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Tugann l&eacute;achta&iacute; an lae inniu, agus eachtra chlaochl&uacute; Chr&iacute;ost, teachtaireacht d&uacute;inn agus gairm d&aacute;r l&aacute; f&eacute;in, agus is i an teachtaireacht sin n&aacute; sinn a bheith daingean i gcreideamh Chr&iacute;ost. Ghr&aacute;igh Dia an domhan chomh m&oacute;r sin gur thug s&eacute; a Aonghin Mic uaidh chun an gr&aacute; sin a thaispe&aacute;int agus a ch&uacute;ram do gach duine aonair againn. Is teachtaireacht &iacute; r&uacute;ndiamhair Claochl&uacute; Chr&iacute;ost d&uacute;inn chomh maith &aacute;it an Scriopt&uacute;ir in&aacute;r mbeatha agus i mbeatha na hEaglaise a aithint. T&aacute; tinfeadh, inspior&aacute;id, D&eacute; i ngach scriopt&uacute;r; is nasc &eacute; leis an am at&aacute; thart agus d&eacute;anann s&eacute; daingean sinn sa chreideamh in aon deacracht a thagann in&aacute;r dtreo san am i l&aacute;thair.<\/span><\/p>\n<p>&nbsp;<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>21 Feabhra 2016 (C) Dara Domhnach den Charghas Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute; B.An &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-385","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/385","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=385"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/385\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=385"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=385"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=385"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}