{"id":386,"date":"2016-02-23T16:04:50","date_gmt":"2016-02-23T16:04:50","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=386"},"modified":"2016-02-23T16:04:50","modified_gmt":"2016-02-23T16:04:50","slug":"28-feabhra-2016-c-an-triu-domhnach-den-charghas","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=386","title":{"rendered":"28 Feabhra 2016 (C) An Tr\u00ed\u00fa Domhnach den Charghas"},"content":{"rendered":"<p><span style=\"color: blue;\">28 Feabhra 2016 (C) An Tr&iacute;&uacute; Domhnach den Charghas<\/span><\/p>\n<p style=\"line-height: 12pt;\"><span style=\"color: blue;\">Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla<\/span><\/p>\n<p style=\"line-height: 12pt;\"><span style=\"color: blue;\">leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC<\/span><\/p>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><span style=\"color: blue;\">L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/li>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><strong><em>B.<\/em><\/strong><strong><em><span style=\"color: blue;\">An B&iacute;obla in Agallamh le Ceisteanna an Lae:<\/span><\/em><\/strong><em><span style=\"color: blue;\"> Gl&oacute;r D&eacute; bheo; gl&oacute;r f&aacute;idhi&uacute;il na hEaglaise; seachain an peaca; aithr&iacute;; cuireadh chun faoist&iacute;ne<\/span><\/em><\/li>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><strong><em>A.<\/em><\/strong><strong><em><span style=\"color: blue;\">L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;.<\/span><\/em><\/strong><em><\/em><\/li>\n<\/ol>\n<p><em>C&eacute;ad L&eacute;acht <\/em>(Exodus 3:1-8, 13-15). <em>An T&eacute; At&aacute; is &eacute; a sheol chugaibh m&eacute;. <\/em>T&eacute;acs bunaidh &eacute; seo don chaidreamh idir Dhia agus Iosrael mar phobal. Thaispe&aacute;in Dia &eacute; f&eacute;in don na Patrairc, a nAithreacha, Abrah&aacute;m, &Iacute;os&aacute;c agus Iac&oacute;b mar dhaoine aonair, agus stair teaghlaigh, r&eacute;amhstair an phobail, a bheadh ansin. N&iacute; raibh aon ainm faoi leith, ainm pearsanta, do Dhia ann. Uaireanta, deireadh gl&uacute;ine n&iacute;os d&eacute;ana&iacute; &ldquo;Dia Abrah&aacute;m, Dia &Iacute;os&aacute;c, Dia Iac&oacute;ib&rdquo;, n&oacute; &ldquo;Dia na nAithreacha&rdquo;. Ainm Eabhraise eile do Dhia sa tseanr&eacute; n&aacute; &ldquo;Seaddai&rdquo; (nach fios a bhunbhr&iacute;), aistrithe sa leagan Gr&eacute;igise agus Gaeilge mar &ldquo;Dia na gCumhacht&rdquo;. Labhra&iacute;onn Iac&oacute;b faoi Dhia a Athar &Iacute;os&aacute;c mar &ldquo;Eagla (n&oacute;: Gaol) &Iacute;os&aacute;c&rdquo;, agus tugtar &ldquo;Neach Tr&eacute;an Iac&oacute;ib&rdquo; ar Dhia Iac&oacute;ib in Genesis 49:24.<\/p>\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Ansin tar &eacute;is Iac&oacute;ib tagann tr&eacute;imhse clann Iac&oacute;ib san &Eacute;igipt, agus ba fhada an seal &eacute;, ceithre ch&eacute;ad bliain dar le h&aacute;ireamh amh&aacute;in. Sa tr&eacute;imhse sin d&rsquo;fh&aacute;sadar &oacute; theaghlach go pobal l&iacute;onmhar, agus bh&iacute;odar sa deireadh faoi chruatan. Bh&iacute; ar Mhaois teitheadh &oacute;n &Eacute;igipt go t&iacute;r Midi&aacute;n, &aacute;it ar ph&oacute;s s&eacute; in&iacute;on le Ietr&oacute;, sagart Midi&aacute;n. Sa l&eacute;acht seo inniu beidh Dia ag coimisini&uacute; Maois don saothar at&aacute; roimhe. T&aacute; cuntas na gairme a fhaigheann s&eacute; &oacute; Dhia cos&uacute;il le gairm na bhf&aacute;ithe, amhail &Iacute;se&aacute;ia agus Irimi&aacute;, agus taoisigh amhail Gide&oacute;n. Is f&aacute;idh agus taoiseach &eacute; Maois ina dhiaidh. Coinne seo Mhaois le Dia is eisp&eacute;aras r&uacute;ndiamhrach, creathnach &eacute;, duine daonna i l&aacute;thair naofacht D&eacute;. N&iacute; f&eacute;idir cur s&iacute;os ar l&aacute;ithreacht D&eacute; go litri&uacute;il, ach le picti&uacute;ir&iacute;. Nuair a chuirtear s&iacute;os ar Dhia ag teacht i sl&iacute;te sofheicthe i sleachta mar sin chun breithi&uacute;nas n&oacute; sl&aacute;n&uacute; a thabhairt, tugann scol&aacute;ir&iacute; teofana&iacute;ocht air. Tagann Maois go Horeb sliabh D&eacute;. An sliabh ina dh&eacute;anann Dia foilsi&uacute; le hIosrael tugtar Horeb air i bhfoinse amh&aacute;in sa Bh&iacute;obla, Sinai i bhfoinse eile, ar uairibh Sliabh D&eacute;. I measc na bhfeinim&eacute;an ina leith&eacute;id de theofana&iacute;ocht is gn&aacute;thach tine, toirneach agus feinim&eacute;in n&aacute;d&uacute;ir eile. Go minic n&iacute; luaitear go d&iacute;reach Dia, an Tiarna, a bheith i l&aacute;thair. Ina ionad baintear feidhm as &ldquo;aingeal an Tiarna&rdquo;, mar a dh&eacute;antar anseo, ach ina dhiaidh sin as &ldquo;Dia&rdquo; n&oacute; &ldquo;an Tiarna&rdquo;. Bh&iacute; Dia i l&aacute;thair sa tor. Bh&iacute; naofacht ag baint leis, agus mar a dh&eacute;anann Gi&uacute;daigh, Muslamaigh agus B&uacute;da&iacute;gh go f&oacute;ill, bhain Maois a bhr&oacute;ga de. Ina dhiaidh sin, i v&eacute;arsa&iacute; f&aacute;gtha ar l&aacute;r sa l&eacute;acht seo, deir Dia le Maois go raibh s&eacute; lena sheoladh go F&aacute;r&oacute; r&iacute; na h&Eacute;igipte lena phobal a scaoileadh saor. Gabhann Maois a leithsc&eacute;al agus tugann Dia uchtach d&oacute; &aacute; r&aacute; go mbeidh s&eacute; leis. T&aacute; s&eacute; le hiad a threor&uacute; go T&iacute;r Tairngire. Cuireann Dia &eacute; f&eacute;in i l&aacute;thair i dt&uacute;s b&aacute;ire do Mhaois mar Dhia a n-aithreacha, Dia Abrah&aacute;m, Dia &Iacute;os&aacute;c agus Dia Iac&oacute;ib. Do cheist &oacute; Mhaois faoina ainm d&iacute;lis f&eacute;in, d&rsquo;fhreagair Dia: &ldquo;Is M&eacute; an T&eacute; At&aacute;&rdquo;, n&oacute; &ldquo;An T&eacute; At&aacute;&rdquo;, as Eabhrais. <em>Ehyeh <\/em>agus <em>yihyeh&cedil;<\/em> n&oacute;, sa bhfoirm &aacute;rsa taobh thiar de, <em>Yahweh<\/em>. D&uacute;irt Dia chomh maith gurbh &eacute; Yahweh as sin amach a ainm ar feadh na s&iacute;ora&iacute;ochta agus gur mar sin a bheadh a ainm &aacute; ghlaoch &oacute; ghl&uacute;in go gl&uacute;in. Le meas don ainm naofa sin n&iacute;or luaigh na Gi&uacute;daigh i ghl&uacute;ine n&iacute;os d&eacute;ana&iacute;, agus d&uacute;radar &ldquo;an Tiarna&rdquo; ina &aacute;it, agus is mar sin a aistr&iacute;tear go minic &eacute; sna haistri&uacute;ch&aacute;in. Is &eacute; Dia An T&eacute; At&aacute; le bheith i gcabhair lena mhuintir i gc&oacute;na&iacute;, &aacute; dtreor&uacute; chun a leasa.<\/p>\n<p><em>Salm le Freagra<\/em> (Salm 102[103]). <em>Is gr&aacute;mhar tr&oacute;caireach &eacute; an Tiarna.<\/em><\/p>\n<p><em>Dara L&eacute;acht<\/em> (1 Corantaigh 10:1-6, 10-12). <em>Beatha na ndaoine a bh&iacute; in &eacute;ineacht le Maois san fh&aacute;sach, scr&iacute;obhadh cuntas uirthi mar rabhadh d&uacute;inne. <\/em>Rabhadh is &eacute;irim den l&eacute;acht seo, rabhadh d&rsquo;Eaglais Choraint an peaca a sheachaint agus a leas f&eacute;in a dh&eacute;anamh. Is coimhlint laethi&uacute;il cleachtadh na beatha Cr&iacute;osta&iacute; agus n&iacute; m&oacute;r bheith san airdeall i gc&oacute;na&iacute;. Is lean&uacute;int ar aghaidh an l&eacute;acht seo ar a raibh &aacute; r&aacute; ag P&oacute;l faoin chath&uacute; a sheachaint d&iacute;reach roimh an t&eacute;acs seo. An baol ar tharraing s&eacute; aird air ansin n&aacute; gn&aacute;th&uacute; na dteampall pagan&aacute;cha agus baol an &iacute;oladhartha. Bh&iacute; taith&iacute; ag muintir Choraint ar na Cluich&iacute; Ismiacha a bh&iacute;odh ann go rialta i gCoraint. Baineann P&oacute;l sampla&iacute; as dh&aacute; cheann d&iacute;obh sin, an r&aacute;s agus dorn&aacute;la&iacute;ocht, agus tugann moladh as a thaith&iacute; ina bheatha phearsanta: &ldquo;I dtaca liom f&eacute;in, nuair a rithimse r&aacute;s n&iacute; chun seachr&aacute;in &eacute;; nuair a bh&iacute;m ag dorn&aacute;il n&iacute; mar a bheinn ag bualadh an aeir &eacute;. N&iacute; hea ach tugaim bascadh do mo chorp agus coinn&iacute;m faoi smacht &eacute; le heagla go gcolfa&iacute; m&eacute;, go mbainf&iacute; mo ch&aacute;il&iacute;ocht d&iacute;om, tar &eacute;is a bheith ag f&oacute;gairt do dhaoine eile&rdquo; (1 Corantaigh 9:26-27). T&aacute; an rabhadh c&eacute;anna aige do ch&aacute;ch ag deireadh na l&eacute;achta seo: &ldquo;An t&eacute; a sh&iacute;leann go bhfuil s&eacute; ina sheasamh, tugadh s&eacute; aire ar eagla go dtitfeadh s&eacute;&rdquo;.<\/p>\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; N&iacute; fol&aacute;ir n&aacute; go raibh sc&eacute;al an exodus, an imeacht, &oacute;n &Eacute;igipt agus an tr&aacute;th san fh&aacute;sach ar eolas go maith ag baill na hEaglaise i gCoraint. D&rsquo;fh&eacute;ach P&oacute;l agus an luatheaglais ar an ghl&uacute;in sin mar a &ldquo;n-aithreacha&rdquo;, agus i m&oacute;r&aacute;n sl&iacute;te mar eiseaml&aacute;ir don Eaglais, gurbh &iacute; exodus nua an tsl&aacute;naithe tr&iacute; r&uacute;ndamhair bh&aacute;s, ais&eacute;ir&iacute; agus deascabh&aacute;il &Iacute;osa &ndash; an exodus faoi sti&uacute;ir Mhaois, agus na point&iacute; m&oacute;ra a bhain leis, amhail an n&eacute;al, dul trasna na mara, an bia (mana), an t-uisce. Agus maidir leis an uisce de, luaitear sa Bh&iacute;obla m&iacute;or&uacute;ilt an uisce n&iacute;os m&oacute; n&aacute; uair amhain agus in ionaid &eacute;ags&uacute;la. As sin d&rsquo;&eacute;irigh traidisi&uacute;n Gi&uacute;dach (nach bhfuil sa Bh&iacute;obla) gur lean tobar uisce i bfoirm carraige an pobal san fh&aacute;sach. Is don traidisi&uacute;n sin a dh&eacute;anann P&oacute;l tagairt. Ach meabhra&iacute;onn an B&iacute;obla chomh maith gur pheacaigh an pobal san fh&aacute;sach i sl&iacute;te &eacute;ags&uacute;la agus gur ghearr Dia pion&oacute;s orthu d&aacute; mbarr. Ba cheacht don Eaglais &eacute; sin go l&eacute;ir, don luatheaglais agus do phobal D&eacute; i ngach gl&uacute;in.<\/p>\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Is tr&aacute;th&uacute;il an l&eacute;acht seo do thr&aacute;th seo an Charghais.<\/p>\n<p><em>An Soisc&eacute;al<\/em> (L&uacute;c&aacute;s 13:1-9). <em>Millfear sibh uile mar an gc&eacute;anna mura mb&iacute;onn aithr&iacute; d&eacute;anta agaibh. <\/em>N&iacute; minic a l&eacute;imid sna Soisc&eacute;il faoi imeachta&iacute; comhaimsire sa Ghail&iacute;l n&oacute; in Iar&uacute;sail&eacute;im in aimsir &Iacute;osa, ach t&aacute; dh&aacute; shampla de sin againn i l&eacute;acht an lae inniu. In &oacute;c&aacute;id &eacute;igin agus &Iacute;osa i gcomhr&aacute; th&aacute;inig daoine &aacute; insint d&oacute; faoin slad a rinne Piol&aacute;it, an gobharn&oacute;ir R&oacute;mh&aacute;nach, in Iar&uacute;sail&eacute;im, ar Ghail&iacute;ligh, agus an tuairim acu, b&rsquo;fh&eacute;idir gur de dheasca a bpeaca&iacute; a tharla sin. Bheadh an tuairim ag roinnt mhaith gur lean timpist n&oacute; slad mar phionos &oacute; Dhia mar gheall ar pheaca&iacute;. T&aacute; fianaise againn gur dhoirt Piol&aacute;it, n&oacute; saighdi&uacute;ir&iacute; na R&oacute;imhe faoi, roinnt mhaith fola in Iar&uacute;sail&eacute;im, ach n&iacute;l tagairt don cheann seo i bhfoins&iacute; eile. B&rsquo;fh&eacute;idir go raibh amhras ag Piol&aacute;it f&uacute;thu gurb r&eacute;abhl&oacute;idithe iad na Gail&iacute;ligh sin, ach n&iacute; dh&eacute;anfadh &Iacute;osa tagairt do cheist phoilit&iacute;ochta. A fhreagra n&aacute; nach raibh aon nasc idir an slad agus a bpeacai. N&iacute;orb mh&oacute; de pheacaigh iad n&aacute; Gail&iacute;ligh eile, ar a leanann an nath faoin aithr&iacute;, t&eacute;ama ar geal le h&Iacute;osa de r&eacute;ir L&uacute;c&aacute;is: &ldquo;Mura nd&eacute;ana sibh aithr&iacute; millfear sibh uile mar an gc&eacute;anna&rdquo;. Ina dhiaidh sin tugann &Iacute;osa sampla d&aacute; chuid f&eacute;in ar an &aacute;bhar c&eacute;anna faoi thimpiste inar mara&iacute;odh ochtar d&eacute;ag nuair a thit t&uacute;r ag linn Siol&oacute;am in Iar&uacute;sail&eacute;im orthu. N&iacute;or mh&oacute; de fheichi&uacute;naithe (i bhfiacha) n&aacute; an chuid eile d&rsquo;&aacute;itritheoir&iacute; Iar&uacute;sail&eacute;im iad, ar a leanann &oacute; &Iacute;osa an nath c&eacute;anna faoi aithr&iacute;. (Sa teanga Airimise a labhair &Iacute;osa b&rsquo;&iacute;onann &ldquo;feichi&uacute;naithe&rdquo; agus &ldquo;peacaigh&rdquo;, mar at&aacute; san &Aacute;r nAthair: &ldquo;Maith d&uacute;inn &aacute;r bhfiacha [=peaca&iacute;] mar a mhaithimidne d&aacute;r bhfeichi&uacute;naithe f&eacute;in&rdquo;). Go minic sna Soisc&eacute;il ionann glaoch chun aithr&iacute; agus creidiuint sa Soisc&eacute;al, ach anseo dealra&iacute;onn s&eacute; gur iomp&uacute; &oacute;n bpeaca at&aacute; i gceist.<\/p>\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; I ndiaidh na samplai sin thug &Iacute;osa parabal faoi fhear a raibh crann f&iacute;ge i bhf&iacute;onghort aige n&aacute;r thug toradh, agus a d&uacute;irt leis an curad&oacute;ir a bh&iacute; ag tabhairt aire d&oacute; &eacute; ghearradh anuas. Ach mhol an curad&oacute;ir bliain eile a thabhairt d&oacute; agus c&uacute;ram a dh&eacute;anamh de, agus mura dtabharfadh s&eacute; toradh ansin &eacute; a ghearradh anuas. Sampla &eacute; is d&oacute;cha de fhoighne D&eacute; ag feitheamh le haithr&iacute; an pheacaigh, ach foighne theoranta. Ach toisc gur gur &iacute;omh&aacute;nna de Iosrael crann f&iacute;ge agus f&iacute;onghort b&rsquo;fh&eacute;idir go bhfuil tagairt ann don bhaol at&aacute; ann d&rsquo;Iosrael mura dh&eacute;anann s&eacute; aithr&iacute; agus glacadh le h&Iacute;osa agus an Soisc&eacute;al.<\/p>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><strong><em>B.<\/em><\/strong><strong><em><span style=\"color: blue;\">An B&iacute;obla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: <\/span><\/em><\/strong><em><span style=\"color: blue;\">Gl&oacute;r D&eacute; beo; gl&oacute;r f&aacute;idhi&uacute;il na hEaglaise; seachain an peaca; aithr&iacute;; cuireadh chun faoist&iacute;ne.<\/span><\/em><\/li>\n<\/ol>\n<p><span style=\"color: black;\">Is gr&aacute; agus an tr&oacute;caire ann f&eacute;in &eacute; Dia, agus na laethanta seo leagtar an bh&eacute;im ar thr&oacute;caire D&eacute;. Leag &Iacute;osa f&eacute;in an bh&eacute;im ar sin chomh maith, rud nach g&aacute; a lua de bhr&iacute; go bhfuil an bh&eacute;im sin chomh tr&eacute;an. Ach is &iacute; an fh&iacute;rinne f&eacute;in &eacute; &Iacute;osa chomh maith agus labhair s&eacute; go hoscailte faoi h&aacute;bhair a bhain le toil D&eacute; a dh&eacute;anamh. Bh&iacute; guth f&aacute;idhi&uacute;il aige agus d&rsquo;fh&aacute;g s&eacute; sin mar oidhreacht ag an Eaglais, a dh&eacute;anann &eacute; choime&aacute;d beo sa liotuirge i rith na bliana, agus i sl&iacute; faoi leith sa Charghas ag leagan b&eacute;ime ar fh&iacute;rinn&iacute; nach gean go minic le pobal an lae inniu aird a thabhairt orthu. Ach is cuma faoi sin. Is &eacute; sin cuid de theachtaireacht an fh&aacute;idh. Nuair a bh&iacute; Dia ag seoladh an fh&aacute;idh Ezic&eacute;al chuig Iosrael d&uacute;irt s&eacute; leis: &ldquo;Cuirfidh tusa mo bhriathra in i&uacute;l d&oacute;ibh, &eacute;istidis n&oacute; n&aacute; h&eacute;istidis; tabharfar le fios d&oacute;ibh go bhfuil f&aacute;idh ina measc&rdquo; (feic Ezic&eacute;al 2:4-7). An Domhnach &aacute;irithe seo t&aacute; gl&oacute;r D&eacute; beo ag f&oacute;gairt go l&aacute;idir tr&iacute; bhriatha an Scriopt&uacute;ir ag tabhairt rabhadh an peaca a sheachaint agus aithr&iacute; a dh&eacute;anamh, agus t&aacute; an Eaglais ag glaoch ar Chaitlicigh sacraimint na haithr&iacute;, an fhaoist&iacute;n, a ghn&aacute;th&uacute; aris, mar a dh&eacute;anfaidis tr&aacute;th le fianaise a thabhairt go gcreideann siad gur ann don pheaca.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; B&iacute;onn agallamh ann idir an Bh&iacute;obla agus domhan m&oacute;r &aacute;r lae f&eacute;in m&aacute; tugtar aird ar a ndeireann t&eacute;acs an Bh&iacute;obla, guth D&eacute;; m&aacute; cloistear gan aird d&oacute; &eacute;isteacht gan agallamh at&aacute; at&aacute; ann. Ag pobal an Aifrinn seans go n-airdeoidh teacs &aacute;irithe an Bh&iacute;obla ceisteanna in aigne roinnt d&aacute; bhfuil i l&aacute;thair. T&uacute;s agllaimh a bheadh ansin. Feicimis anois d&iacute;reach ar roinnt de th&eacute;acsanna na liot&uacute;irge ag labhairt linn inniu.<\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"color: black;\">Dia, an T&eacute; At&aacute; ag labhairt de sh&iacute;or.<\/span><\/em><span style=\"color: black;\"> D&rsquo;fhoilsigh an Tiarna Dia a ainm d&iacute;lis f&eacute;in do Mhaois mar &ldquo;An T&eacute; At&aacute;&rdquo;, an T&eacute; a bh&iacute; ann i gc&oacute;na&iacute;, at&aacute; an anois agus a bheidh ann go br&aacute;th, agus n&iacute; mar Neach teib&iacute; scartha amach on domhan ach i gcaidreamh, ag caint leis. T&aacute; a ghl&oacute;r le cloisint acu si&uacute;d a bhfuil creideamh acu chuige sin. Ag machnamh ar Iosrael san fh&aacute;sach agus a gcuid fhaill&iacute; ar Dhia d&uacute;irt an salmaire n&iacute;os d&eacute;an&iacute; (Salm 95[94]):7-8): &ldquo;&Aacute;, d&aacute; n-&eacute;isfeadh sibh inniu lena ghl&oacute;r: N&aacute; cruaig&iacute; bhur gcro&iacute;&rdquo;. Mheabhraigh &uacute;dar na litreach chuig na hEabhraigh an t&eacute;acs c&eacute;anna do Chr&iacute;ostaithe n&iacute;os d&eacute;ana&iacute;. Bh&iacute; gl&oacute;r D&eacute; f&oacute;s ag caint: &ldquo;M&aacute; chloiseann sibh a ghuth inniu, na cruaig&iacute; bh&uacute;r gcro&iacute;&rdquo; (Eabhraigh 4:7). T&aacute; an gl&oacute;r c&eacute;anna le cloisint gach uair a l&eacute;itear t&eacute;acs den Scriopt&uacute;r i liot&uacute;irge na hEaglaise. T&aacute; &Iacute;osa ansin ag f&oacute;gairt an tSoisc&eacute;il.<\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"color: black;\">An peaca: An ann d&oacute; go f&oacute;ill? <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">T&aacute; feasacht ar pheaca l&aacute;rnach do theachtaireacht &Iacute;osa agus do theagasc an Tiomna Nua. Le linn a bheatha mhaith &Iacute;osa peaca&iacute;. Ghlaoigh s&eacute; chun aithr&iacute; agus spreag peacaigh gan peaca a dh&eacute;anamh a thuilleadh. Dhoirt s&eacute; a chuid fola chun peaca&iacute; a mhaitheamh, agus f&oacute;gra&iacute;tear sin i ngach Eocairist. Go minic n&iacute; shonra&iacute;tear cad go beacht an peaca i gceist. Ach ba pheaca gach rud a bh&iacute; in &eacute;adan theagasc an tSoisc&eacute;il, na Bi&aacute;id&iacute; agus an an Seanm&oacute;ir ar an Sliabh agus a thuilleadh eile. N&iacute; bheadh f&aacute;ilte ag Iarthar Domhain an lae inniu roimh agallamh faoin bpeaca, agus t&aacute; roinnt mhaith Caitliceach, go h&aacute;irithe den aos &oacute;g, nach sp&eacute;is leo cur s&iacute;os air. C&uacute;is amh&aacute;in leis sin, b&rsquo;fh&eacute;idir, n&aacute; gurbh ionann peaca&iacute; ina dtraidisi&uacute;n agus peaca&iacute; na colainne, peaca&iacute; gn&eacute;is. Ach is ioma&iacute; sin peaca m&oacute;r agus go h&aacute;irithe &eacute;adrom ann, le smaoineamh, briathar, gn&iacute;omh agus faill&iacute;, mar shampla i gcoinne muintearais, a anam (agus corp) a chailli&uacute;int le r&oacute;-dh&uacute;il san airgead, &eacute;ir&iacute; anairde, uabhar agus a thuilleadh m&oacute;r f&oacute;s. Leir&iacute;onn Cr&iacute;ost naofacht D&eacute;; lonra&iacute;onn s&eacute; mar sholas agus tugann peaca beag agus m&oacute;r chun solais, n&iacute; chun sinn a dhamn&uacute; agus le sinn a shaoradh.<\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"color: black;\">Seachain an peaca agus &oacute;caid&iacute; an pheaca. <\/span><\/em><span style=\"color: black;\"> Leag P&oacute;l b&eacute;im ar sin sa dara l&eacute;acht inniu: <\/span>&ldquo;An t&eacute; a sh&iacute;leann go bhfuil s&eacute; ina sheasamh, tugadh s&eacute; aire ar eagla go dtitfeadh s&eacute;&rdquo;. T&aacute; s&eacute; t&aacute;bhachtach bheith feasach ar thr&oacute;caire dochreidte D&eacute;, ach is baolach an laige dhaonna a ligean i ndearmad. Mar a mheabhraigh P&oacute;l in &aacute;it eile: t&aacute; seoid luachmar chreideamh Chr&iacute;ost i gcoime&aacute;d againn i bpr&oacute;ca&iacute; cr&eacute;, d&rsquo;fhonn a chruth&uacute; gur le Dia an chumhacht as cuimse agus nach uainn f&eacute;in &iacute;.<\/p>\n<p><em><span style=\"color: black;\">D&eacute;anaig&iacute; aithr&iacute;.<\/span><\/em><span style=\"color: black;\"> D&uacute;irt &Iacute;osa sin ar&iacute;s agus ar&iacute;s eile, aithr&iacute; a dh&eacute;anamh agus iomp&uacute; ar an soisc&eacute;al, agus aithr&iacute; agus droim l&aacute;imhe a thabhairt do pheaca. Leagann an Eaglais b&eacute;im ar an dteachtaireacht ch&eacute;anna i rith an Charghais.<\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"color: black;\">Sacraimint na hAithr&iacute;, an athmhuintearais, an Fhaoist&iacute;n, a ghn&aacute;th&uacute;. <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">Ba mh&oacute;r mar a ghn&aacute;th&iacute;odh muintir na h&Eacute;ireann sacraimint na hAithr&iacute;, an Fhaoist&iacute;n, go h&aacute;irithe i rith an Charghais. Agus ansin go tobann th&aacute;inig deireadh leis, idir &oacute;g agus aosta. Na laethanta seo t&aacute; an Eaglais ag moladh d&aacute; baill filleadh ar dhul ar fhaoist&iacute;n ar&iacute;s. Is admh&aacute;il ar bheith ann don pheaca an cleachtadh, peaca idir bheag agus mh&oacute;r, go bhfuair &Iacute;osa b&aacute;s in &eacute;iric &aacute;r bpeaca&iacute;, agus go nearta&iacute;onn na sacramaint&iacute; in&aacute;r gcreideamh sinn.<\/span><\/p>\n<p><strong><em><span style=\"font-variant: small-caps; color: black;\">Don Domhnach seo mar mhalairt l&eacute;achta&iacute; is f&eacute;idir l&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh seo &oacute; Bhliain A a roghn&uacute;<\/span><\/em><\/strong><\/p>\n<p><span style=\"color: blue;\">Tri&uacute; Domhnach den Charghas (A)<\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: blue;\">Freagra don Chreideamh leis an mBiobla<\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: blue;\">leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC<\/span><\/p>\n<ol start=\"1\" style=\"margin-top: 0cm;\">\n<li style=\"color: blue;\">L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/li>\n<li style=\"color: blue;\"><strong>An B&iacute;obla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: <\/strong><em>An d&oacute;chas Cr&iacute;osta&iacute;: N&iacute; d&oacute;cha ach deimhin.<\/em><\/li>\n<\/ol>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><span style=\"color: blue;\">L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/li>\n<\/ol>\n<p><em><span style=\"color: black;\">C&eacute;ad L&eacute;acht<\/span><\/em><span style=\"color: black;\"> (Eacsadas 17:3-7). <em>Tabhair d&uacute;inn uisce le h&oacute;l.<\/em> Ina chomhth&eacute;acs sa Bh&iacute;obla tharla an eachtra seo i Ref&iacute;d&iacute;m, an stad deiridh ag pobal Iosrael san fh&aacute;sach roimh Sliabh Sinai. N&iacute; raibh aon uisce le h&oacute;l ag an bpobal agus chromadar ar chasaoid le Maois. T&eacute;ama na l&eacute;achta seo, agus t&eacute;ama i roinnt mhaith &aacute;iteanna eile sa <\/span><span style=\"color: black;\">Pheintiteoch<\/span><span style=\"color: black;\">, n&aacute; monabhar, n&oacute; casaoid, an phobail san fh&aacute;sach. Easpa uisce a bh&iacute; ag cur as d&oacute;ibh an babhta seo. Bh&iacute; D&iacute;a le mior&uacute;ilt a dh&eacute;anamh d&oacute;ibh ag an carraig i Horeb (ainm eile do Sinai). Geall&uacute;int d&aacute; leith&eacute;id de mhior&uacute;ilt at&aacute; anseo, geall&uacute;int de uisce ina shlaoda. T&aacute; seo ag dul le soisc&eacute;al an lae inniu ina gheallann &Iacute;osa tobar uisce don t&eacute; a chreideann ann. T&aacute; cur s&iacute;os ar an eachtra ch&eacute;anna in Uimhreacha 20:1-13, &aacute;it a deirtear go dt&aacute;inig an t-uisce amach as an gcarraig ina thuile. As na tagairt&iacute; &eacute;ags&uacute;la do uisce agus do charraig sa Pheintiteoch d&rsquo;fh&aacute;s traidisi&uacute;n in Iosrael gur lean carraig pobal Iosrael san fh&aacute;sach le &oacute;l a thabhairt d&oacute;ibh, tradisis&uacute;n a bhfuil tagairt d&oacute; ag P&oacute;l (1 Coraintigh 10:4). Samhail de Chr&iacute;ost ab ea an charraig sin. Tugtar dh&aacute; ainmneacha samhhailchomharthacha ar an &aacute;it a rinneadh an mhior&uacute;ilt sin: <em>Massa<\/em>, &ldquo;promhadh&rdquo; san Eabhrais, agus <em>Meribah&cedil;<\/em> &ldquo;iomarbh&aacute;&rdquo;, &ldquo;casaoid&rdquo; san Eabhrais.<\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"color: black;\">Salm le Freagra<\/span><\/em><span style=\"color: black;\"> (Sal 94[95]). <em>&Aacute;, d&aacute; n-eistfeadh sibh lena ghuth inniu: &ldquo;N&aacute; calcaig&iacute; bhur gcro&iacute;&rdquo;.<\/em><\/span><\/p>\n<p style=\"margin-left: -2px;\"><em><span style=\"color: black;\">Dara L&eacute;acht <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">(R&oacute;mh&aacute;naigh 5:1-2, 5-8). <em>T&aacute; &aacute;r gcro&iacute; lionta de ghr&aacute; D&eacute; ag an Spiorad Naomh a tugadh d&uacute;inn.<\/em> T&aacute; teachtaireachta&iacute; doimhne sa l&eacute;acht seo d&uacute;inn. I dtosach b&aacute;ire meabhra&iacute;tear d&uacute;inn an fh&iacute;rinne bhun&uacute;sach gur tr&iacute;d an gcreideamh in &Iacute;osa Cr&iacute;ost, agus n&iacute; tr&iacute;n&aacute;r n-oibreacha f&eacute;in, at&aacute;imid f&iacute;r&eacute;anaithe, agus i ngr&aacute;sta D&eacute;. <\/span><span style=\"color: black;\">Tugann an cairdeas sin le Dia bronntanas na s&iacute;och&aacute;na d&uacute;inn, an ts&iacute;och&aacute;in a gheall &Iacute;osa, s&iacute;och&aacute;in anama nach rud daonna &iacute;, ach feidhmi&uacute; an Spioraid Naoimh san anam agus sa chorp. Bh&iacute; P&oacute;l go nimhneach i gcoinne bheith ag mao&iacute;mh, ag d&eacute;anamh m&oacute;rtais, as ghn&iacute;omhartha daonna mar luach saothair i l&aacute;thair D&eacute;. Is tr&iacute; ghr&aacute;sta D&eacute;, agus n&iacute; tr&iacute; ghn&iacute;omhartha daonna, a th&aacute;inig an sl&aacute;n&uacute;. Ach t&aacute; &aacute;bhar m&oacute;r&aacute;la, m&oacute;rtais, ann ag Cr&iacute;ostaithe, agus is &eacute; sin an d&oacute;chas go bhfuil gl&oacute;ir in nd&aacute;n d&uacute;inn. T&aacute; t&uacute;s curtha leis an ghl&oacute;ir sin cheana f&eacute;in leis an fh&iacute;r&eacute;antacht, le gr&aacute;sta D&eacute; sa bhaisteadh agus sa saol mar Chr&iacute;osta&iacute;the. N&iacute; rud daonna (d&oacute;ch&uacute;lacht) an d&oacute;chas sin. Is deimhin &eacute;. N&iacute; chliseann s&eacute; orainn, mar is bronntanas &oacute; Dhia &eacute;, su&aacute;ilce dhiaga a thugann cinnteacht. T&aacute; an d&oacute;chas agus agus an chinnteacht sin nasctha le gr&aacute; D&eacute; agus gr&aacute; &Iacute;osa d&uacute;inn, a taispe&aacute;ineadh tr&iacute; bh&aacute;s Chr&iacute;ost do pheacaigh.<\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"color: black;\">An Soisc&eacute;al <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">(Eoin 4:5-42). <em>Tobar uis<\/em><\/span><em><span style=\"color: black;\">ce ag br&uacute;chta&iacute;l chun na beatha s&iacute;ora&iacute;. <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">L&eacute;acht fhada at&aacute; anseo, a bhfuil t&eacute;ama&iacute; &eacute;ags&uacute;la inti. L&aacute;r-th&eacute;ama&iacute; ann n&aacute; an tSam&aacute;ireach mn&aacute;, tobar agus uisce. Sa tr&aacute;th sin bh&iacute; naimhdeas domhain idir na Gi&uacute;daigh agus na Sam&aacute;irigh, ar fh&eacute;ach na Gi&uacute;daigh orthu mar eiricigh, n&aacute;rb chuid de phobal Iosrael iad in aonchor. Chuaigh an deighilt seo siar i bhfad, is d&oacute;cha. Bh&iacute; naimhdeas ann idir r&iacute;ocht an tuaiscirt (an tSam&aacute;ire i sl&iacute;) agus r&iacute;ocht I&uacute;da. Nuair a dibhr&iacute;odh pobal an Tuaiscirt sa bhliain 720 roimh Chr&iacute;ost tugadh pag&aacute;naigh isteach agus pobal meascaithe a bh&iacute; ann ina dhiaidh sin. Ach d&rsquo;fh&eacute;ach an Sam&aacute;irigh orthu f&eacute;in mar chuid de chlann an phatrairc I&aacute;c&oacute;b agus bh&iacute;odar ag feitheamh le meisias de shaghas &eacute;igin. Bh&iacute; tobar sa cheantar a cheangail a dtraidisi&uacute;n si&uacute;d leis an uasalathair I&aacute;c&oacute;b. T&aacute; eachtra na l&eacute;achta seo ag feidhmi&uacute; ar dh&aacute; leibh&eacute;al &ndash; c&uacute;rsa&iacute; an tsaoil seo th&iacute;os agus saol, r&eacute;altacht, eile gur samhail d&oacute; na c&uacute;rsa&iacute; sin. Uisce an tobair sin, is samhail &eacute; den uisce a thabharfaidh &Iacute;osa d&aacute; lucht lean&uacute;na, bronntanas an Spioraid ag treor&uacute; chun na beatha s&iacute;ora&iacute;. Tugann adhradh na Sam&aacute;ireach ag a n-ionad naofa, agus adhradh na nG&iacute;udach sa Teampall, deis lena mheabhr&uacute; nach mbeidh &aacute;it ag ceachtar acu i r&eacute; nua nuair a bheidh adhradh ann sa Spiorad agus san fh&iacute;rinne. Tugann ocras &Iacute;osa deis d&oacute; an t-ocras agus an c&iacute;ocras a bh&iacute; air an obair a thug an tAthair d&oacute; a chur i gcr&iacute;ch, le s&iacute;olchur agus fomhar.<\/span><\/p>\n<p>&nbsp;<\/p>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><strong>C.<\/strong><strong><span style=\"color: blue;\">An B&iacute;obla in Agallamh le Ceisteanna an Lae<\/span><\/strong><span style=\"color: blue;\">: <em>An d&oacute;chas Cr&iacute;osta&iacute;: N&iacute; d&oacute;cha ach deimhin.<\/em><\/span><\/li>\n<\/ol>\n<p><span style=\"color: black;\">Sna saolta seo is coitianta amhras i gc&uacute;rsa&iacute; creidimh &ndash; amhras faoi phoint&iacute; de theagasc mor&aacute;lta, faoi fh&iacute;rinn&iacute; an chreidimh, fi&uacute; f&eacute;in faoi bheith ann do Dhia. Cuid de fheals&uacute;nacht &aacute;irithe an lae inniu nach ann do chinnteacht ar bith. Tuairm&iacute;ocht seachas cinnteacht a bheadh ann, a athra&iacute;onn &oacute; aois go haois.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; D&eacute;anann aor&aacute;id d&aacute; leith&eacute;id deacrachta&iacute; do chleachtadh an chreidimh. T&aacute; a leith&eacute;id de amhras glan in &eacute;adan teagasc an chreidimh ar na f&iacute;rinn&iacute; bun&uacute;sacha, maidir leis an saol seo agus an saol eile, f&oacute;s le teacht. T&aacute; an cur s&iacute;os ar cad is creideamh ann sa Litir chuig na hEabhraigh (11:1), i dt&eacute;acs nach &eacute;asca ar fad a aistri&uacute;: &ldquo;Is &eacute; is creideamh ann n&aacute; bheith deimhin de na nithe a bhfuiltear ag s&uacute;il leo, bheith cinnte de na nithe nach bhfeictear&rdquo;. T&aacute; dh&aacute; th&eacute;arma th&aacute;bhachtacha ansin: bheith deimhin agus bheith cinnte.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; N&iacute; deimhneacht n&oacute; cinnteacht shiceola&iacute;och, a bhfuil a pr&eacute;amha san aigne dhaonna, at&aacute; i gceist anseo, ach su&aacute;ilce dhiaga an d&oacute;chais, bronntanas &oacute; Dhia, a thugann cinnteacht at&aacute; thar achmainn an n&aacute;d&uacute;ir dhaonna. Is deimhneacht agus cinnteacht &iacute; a bhfuil s&iacute;och&aacute;in ag ghabh&aacute;il lei, an ts&iacute;och&aacute;in sin a bhronnann &Iacute;osa ar na creidmhigh agus nach f&eacute;idir le haoinne &iacute; a th&oacute;gaint uathu.<\/span><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>28 Feabhra 2016 (C) An Tr&iacute;&uacute; Domhnach den Charghas Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute; &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-386","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/386","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=386"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/386\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=386"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=386"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=386"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}