{"id":389,"date":"2016-03-03T19:17:12","date_gmt":"2016-03-03T19:17:12","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=389"},"modified":"2016-03-03T19:17:12","modified_gmt":"2016-03-03T19:17:12","slug":"6-marta-2016-c-an-ceathru-domhnach-den-charghas","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=389","title":{"rendered":"6 M\u00e1rta 2016 (C) An Ceathr\u00fa Domhnach den Charghas"},"content":{"rendered":"<p><span style=\"color: blue;\">6 M&aacute;rta 2016 (C) An Ceathr&uacute; Domhnach den Charghas<\/span><\/p>\n<p style=\"line-height: 12pt;\"><span style=\"color: blue;\">Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla<\/span><\/p>\n<p style=\"line-height: 12pt;\"><span style=\"color: blue;\">leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC<\/span><\/p>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><span style=\"color: blue;\">L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/li>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><strong><em>B.<\/em><\/strong><strong><em><span style=\"color: blue;\">An B&iacute;obla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: <\/span><\/em><\/strong><\/li>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><strong><em>A.<\/em><\/strong><strong><em><span style=\"color: blue;\">L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;.<\/span><\/em><\/strong><em><\/em><\/li>\n<\/ol>\n<p><em><span style=\"font-size: 11pt;\">C&eacute;ad l&eacute;acht <\/span><\/em><span style=\"font-size: 11pt;\">(I&oacute;sua 5:9-12). <em>Tar &eacute;is de phobal D&eacute; teacht isteach sa talamh a gealladh d&oacute;ibh, ceili&uacute;rann siad an Ch&aacute;isc.<\/em> Chaith clann Iosrael daichead bliain san fh&aacute;sach, &aacute;it neamhthorth&uacute;il mar a raibh an manna mar l&oacute;n acu. Bh&iacute;odar ar a sl&iacute; go t&iacute;r Can&aacute;n a ghealladh do na hAithreacha, Abrah&aacute;m agus a shliocht mar oidhreacht, go t&iacute;r tairngire. Anois tar &eacute;is d&oacute;ibh an Iord&aacute;in a thrasn&uacute; bh&iacute; ceann scr&iacute;be bainte amach acu. Pobal D&eacute; iad agus bh&iacute; orthu comhartha an chonartha, an timpeallghearradh, a bheith orthu. De r&eacute;ir deallraimh n&iacute; raibh sin amhlaidh san fh&aacute;sach, agus b&rsquo;fh&eacute;idir san &Eacute;igipt. Anois ar theacht i seilbh a n-oidhreachta rinneadh iad a thimpeallghearradh. Bh&iacute; n&aacute;ire, aithis, an chos ar bolg, scl&aacute;bha&iacute;ocht, agus gach ar sheas an &Eacute;igipt d&oacute;ibh, bainte d&iacute;obh. An ch&eacute;ad ch&eacute;im eile mar phobal D&eacute; n&aacute; an Ch&aacute;isc a cheili&uacute;radh, rud a rinneadar de r&eacute;ir ghn&aacute;sanna Dli Mhaoise, le ar&aacute;n tirim agus arbhar triomaithe, t&iacute;ortha. Bh&iacute;odar anois i dt&iacute;r ina mbeadh &ldquo;mil agus uachtar ag gluaiseacht ina slaoda&rdquo;. D&rsquo;ith siad de thoradh th&iacute;r Can&aacute;n, agus th&aacute;inig deireadh leis an manna, an bia a chothaigh iad san fh&aacute;sach. Bh&iacute; t&uacute;s curtha le r&eacute; nua ina stair.<\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"font-size: 11pt;\">Salm le freagra<\/span><\/em><span style=\"font-size: 11pt;\"> (Salm 33[34]). <em>Blaisig&iacute; agus f&eacute;achaig&iacute; a fheabhas at&aacute; an Tiarna <\/em><\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"font-size: 11pt;\">Dara l&eacute;acht<\/span><\/em><span style=\"font-size: 11pt;\"> (2 Corantaigh 5:17-21).<em>Thug Dia sinn chun athmhuintearais leis f&eacute;in tr&iacute; Chr&iacute;ost. <\/em>Is f&eacute;idir teachtaireacht na l&eacute;achta seo a mheas n&iacute;os fearr nuair a shu&iacute;otar i gcaibidil thosaigh na litreach seo chuig na Corantaigh &iacute;. T&aacute; an tAspal P&oacute;l gafa idir a thuiscint f&eacute;in ar bhr&iacute; ais&eacute;ir&iacute; Chr&iacute;ost agus an chonartha nua agus c&uacute;rsai daonna agus saolta na heaglaise i gCoraint. Bh&iacute; teannas &aacute;irithe idir an eaglais, n&oacute; bu&iacute;on san eaglais, i gCoraint agus a n-aspal P&oacute;l. Cuireadh i leith Ph&oacute;il nach raibh s&eacute; mac&aacute;nta, tr&eacute;dhearcach, leo. Tugann P&oacute;l aird ar a bhfuil le r&aacute; acu, ach t&aacute; an litir l&aacute;n de theagasc faoin chonradh nua agus saothar an Spioraid Naoimh sa bheatha Chr&iacute;osta&iacute;. De bharr an teannais agus a gcuid amhrais faoi f&eacute;in, iarann P&oacute;l an bhfuil s&eacute; anois riachtanach go dtabharfadh duine &eacute;igin litir creidi&uacute;nais d&oacute; agus P&oacute;l a chur in aithne d&oacute;ibh. Scr&iacute;obhann s&eacute; an mh&iacute;r &aacute;lainn seo (2 Corantaigh 3:1-3): &ldquo;An g&aacute; d&uacute;inn, d&aacute;la daoine &aacute;irithe eile, litreacha creidi&uacute;nais a thabhairt ch&uacute;gaibhse n&oacute; iad a fh&aacute;il uaibh? Is sibhse &aacute;r litir chreidi&uacute;nais agus &iacute; scr&iacute;ofa ar &aacute;r gcro&iacute; agus &iacute; le haithint agus le l&eacute;amh ag c&aacute;ch uile. Is follas don saol gur litir &oacute; Chr&iacute;ost sibh at&aacute; arna scr&iacute;obh againne ach nach le d&uacute;ch a scr&iacute;obhadh &iacute; ach le Spiorad D&eacute; bheo, agus nach ar th&aacute;ibhl&eacute;id chloiche a greanadh &iacute; ach ar thaibhl&eacute;id an chro&iacute; dhaonna&rdquo;. Leagann P&oacute;l b&eacute;im ar an fh&iacute;rinne Chr&iacute;osta&iacute; go bfhuil saol nua, cruth&uacute; nua, ann le ais&eacute;ir&iacute; Chr&iacute;ost. D&rsquo;fh&eacute;ach s&eacute; uair amh&aacute;in ar &Iacute;osa, &ldquo;&Iacute;osa na staire&rdquo;, mar dhuine den domhan, den saol, seo a cuireadh chun b&aacute;is mar choirpeach. Rinne s&eacute; Cr&iacute;ost a mheas de r&eacute;ir chaighde&aacute;in shaolta. Lena chreideamh in ais&eacute;ir&iacute; Chr&iacute;ost, n&iacute; dh&eacute;anann s&eacute; Cr&iacute;ost n&aacute; neach ar bith eile a mheas de r&eacute;ir chaighde&aacute;in shaolta a thuilleadh. Is anseo a thosa&iacute;onn l&eacute;acht an lae inniu. An duine at&aacute; i bp&aacute;irt le Cr&iacute;ost &ldquo;is duine &eacute; at&aacute; cruthaithe as an nua&rdquo;, mar adeir an leagan nua Gaeilge, ach le bheith n&iacute;os beaichte, &ldquo;is cruth&uacute; &uacute;rnua &eacute;&rdquo;. T&aacute; an sean-saol, gan cumhacht Chr&iacute;ost, an Naomh-Spioraid agus gr&aacute;sta D&eacute;, imithe. M&iacute;n&iacute;onn P&oacute;l a bhfuil r&aacute;ite aige. Ionann an r&eacute; nua, an &ldquo;cruth&uacute;&rdquo; nua, tr&iacute; bh&aacute;s agus ais&eacute;ir&iacute; Chr&iacute;ost agus maithi&uacute;nas na bpeaca&iacute; agus athmhuintearas d&eacute;anta idir Dia agus an cine daonna. C&uacute;ram Ph&oacute;il agus na heaglaise n&aacute; an t-athmhuintearas sin a fh&oacute;gairt. Is ambasad&oacute;ir&iacute; d&oacute; sin iad, agus n&iacute; hamh&aacute;in le briathra ach f&oacute;s lena mbeatha, le athmhuintearas idir na Corantaigh agus P&oacute;l, agus eatarthu f&eacute;in.<\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"font-size: 11pt;\">Soisc&eacute;al<\/span><\/em><span style=\"font-size: 11pt;\"> (Luc&aacute;s 15:1-3, 11-32). <em>Bh&iacute; an dearth&aacute;ir seo agat marbh agus t&aacute; e beo ar&iacute;s, bh&iacute; s&eacute; caillte agus fuarthas &eacute;.<\/em> De ghn&aacute;th tugtar mar theideal ar an bparabal seo &ldquo;An Mac Drabhl&aacute;sach&rdquo;. I gcomhth&eacute;acs Shoisc&eacute;al L&uacute;c&aacute;is, is &eacute; an ceann deiridh &eacute; de thr&iacute; pharabail gur s&oacute;rt teidil d&oacute;ibh &ldquo;Caillte agus Faighte&rdquo;: caora amh&aacute;in as c&eacute;ad, drachma amh&aacute;in as deich, mac amh&aacute;in as beirt caillte agus faighte. T&aacute; siad go l&eacute;ir d&iacute;rithe ar dhaoine (Fairis&iacute;nigh agus scr&iacute;obhaithe) a ch&aacute;in &Iacute;osa toisc a mhuintearas le bailitheoir&iacute; c&aacute;nach (poibleac&aacute;naigh) agus peacaigh, sin le r&aacute; daoine a ghearr iad f&eacute;in amach as modh beatha na nGi&uacute;dach faoi chonradh Mhaoise. N&iacute; h&eacute; gur aontaigh &Iacute;osa lena seasamh si&uacute;d. Ba chaillte iad. D&rsquo;aithin an t-athair ceart agus saor-thoil an mhic ab &oacute;ige chun a ph&aacute;irt san oidhreacht. B&rsquo;fh&eacute;idir gur sh&eacute;an an mac sin creideamh a chine; chr&iacute;ochnaigh s&eacute; i dtalamh phag&aacute;nach ag aoireacht mhuc, beithigh nach raibh ceadaithe do Ghi&uacute;daigh. Siombal den Athair ar neamh an t-athair, a bh&iacute; ag faire le filleadh a mhic. Tuigimid don mhac ba shine &oacute; thaobh an n&aacute;d&uacute;ir dhaonna de. Ach n&iacute;orb ionann l&eacute;argus D&eacute;, an tAthair ar Neamh.<\/span><\/p>\n<p><strong><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">B. An B&iacute;obla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: <\/span><\/strong><em><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">Fill, Fill, a R&uacute;in &Oacute;. Fill ar do oidhreacht Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/em><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 11pt;\">Is ioma&iacute; sin &aacute;bhar machnaimh a thugann l&eacute;achta&iacute; an lae inniu d&uacute;inn. T&aacute; tr&iacute; chinn ar f&eacute;idir a &aacute;ireamh.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 11pt;\">(1) Is fada idir C&aacute;isc &uacute;d Leabhair I&oacute;sua, ithe de thoradh th&iacute;r Can&aacute;n agus an Tiomna Nua agus an l&aacute; at&aacute; inniu ann. I sl&iacute; amh&aacute;in bh&iacute; an t&iacute;r tairngire, seilbh na tal&uacute;n, bainte amach ag clann Iosrael, seilbh ar a dtugtar chomh maith &ldquo;an suaimhneas&rdquo;, no &ldquo;&aacute;itreamh suaimhnis&rdquo;. Le himeacht ama b&rsquo;ionann &ldquo;an talamh&rdquo; agus an oidhreacht. Ceann de na Bi&aacute;id&iacute; n&aacute; gur m&eacute;anar d&oacute;ibh seo at&aacute; ceansa mar tiocfaidh siad i seilbh na tal&uacute;n (aistri&uacute;ch&aacute;n eile: &ldquo;geobhaidh siad an talamh mar oidhreacht&rdquo;). T&aacute; an glaoch ann d&uacute;inn i gc&oacute;na&iacute; teacht is seilbh na tal&uacute;n, na hoidhreachta, sin ach a bheith d&iacute;lis do ghuth D&eacute;.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 11pt;\">(2) Gairid roimh &eacute;ir&iacute; as oifig d&oacute;, mheabhraigh an P&aacute;pa Benedict XVI d&uacute;inn agus sinn in agallamh le saol an lae inniu, go bhfuil an eaglais sa saol ach nach den saol seo &iacute;. Tagann seo go m&oacute;r lena d&uacute;irt P&oacute;l leis na Corantaigh. Bh&iacute; s&eacute; in agallamh leo, agus ag d&eacute;anamh airde d&aacute; gcuid cheisteanna agus eile, ach i gc&oacute;na&iacute; ag meabhr&uacute; d&oacute;ibh gur cruth&uacute; nua, beatha chruthaithe as an nua, bheith i bp&aacute;irt le Cr&iacute;ost. Ag freagairt do bhriathra Ph&oacute;il, n&iacute; f&eacute;idir an eaglais, n&aacute; cursai creidimh, a mheas de r&eacute;ir caighde&aacute;in shaolta. Is geal leis na me&aacute;in c&uacute;rsa&iacute; eaglasta de shaghas &aacute;irithe, go h&aacute;irithe ar cheisteanna gn&eacute;is agus scannail, a phl&eacute;, ach n&iacute;or ch&oacute;ir ligint d&oacute;ibh aird a thabhairt &oacute; na ceisteanna l&aacute;rnacha den bheatha Chr&iacute;ostai &ndash; gr&aacute;sta D&eacute;, urna&iacute;, na sacraimint&iacute;, aithr&iacute;, Cr&iacute;ost beo san eaglais agus ruda&iacute; den s&oacute;rt sin.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 11pt;\">(3) <em>Fill, Fill, a R&uacute;in &Oacute;. Fill ar do oidhreacht Chr&iacute;osta&iacute;. <\/em>T&aacute; a l&aacute;n le foghlaim &oacute; pharabal &ldquo;An Mac Drabhl&aacute;sach&rdquo;. Bh&iacute;odh &Iacute;osa in agallamh caoin le daoine a bh&iacute; ar an imeall an tr&aacute;th &uacute;d, ar an imeall ar ch&uacute;is amh&aacute;in n&oacute; ar ch&uacute;is eile. Bh&iacute; caidreamh acu lena ch&eacute;ile. N&iacute; deirtear linn c&eacute;rbh &eacute; an t-&aacute;bhar comhr&aacute; eatarthu. Ar fhilleadh, ar a bheith faighte tar &eacute;is a bheith caillte, at&aacute; an bh&eacute;im sa parabal. Inniu san eaglais agus sa domhan m&oacute;r t&aacute; a l&aacute;n daoine mar an mac ab &oacute;ige sin, a n-oidhreacht, an eaglais, agus b&rsquo;fh&eacute;idir creideamh i nDia f&eacute;in tr&eacute;igthe acu, agus gan smaoineamh ag a l&aacute;n d&iacute;obh go bhfuilid caillte. Ceann de mh&oacute;r-cheisteanna n&aacute; conas teagmh&aacute;il a dh&eacute;anamh leo si&uacute;d, lena l&eacute;ir&iacute;&uacute; d&oacute;ibh gur trua a n-oidhreacht a bheith tr&eacute;igthe acu. Ach t&aacute; Dia l&aacute;idir &ndash; c&uacute;is mhisnigh sin d&uacute;inn. Glaoch d&uacute;inn achain&iacute; a chur chun D&eacute; ar a son.<\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"font-size: 14pt; font-variant: small-caps; color: black;\">Is f&eacute;idir na leachta&iacute; seo leanas as Bliain A a &uacute;s&aacute;id mar mhalairt l&eacute;achta&iacute;<\/span><\/em><\/p>\n<p><span style=\"color: blue;\">6 M&aacute;rta Malairt l&eacute;achta&iacute; (A): An Ceathr&uacute; Domhnach den Charghas<\/span><\/p>\n<ol start=\"1\" style=\"margin-top: 0cm;\">\n<li style=\"color: blue;\">L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/li>\n<li style=\"color: blue;\">An B&iacute;obla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: <em>&Iacute;osa agus an Eaglais solas an tsaoil<\/em><\/li>\n<\/ol>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><span style=\"color: blue;\">L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/li>\n<\/ol>\n<p><em><span style=\"color: black;\">C&eacute;ad L&eacute;acht<\/span><\/em><span style=\"color: black;\"> (1 Samu&eacute;l 16:1, 6-7, 10-13). <em>Ungtar D&aacute;iv&iacute; ina r&iacute; ar Iosrael<\/em>. Cuireann an l&eacute;acht seo s&iacute;os ar faoi mar ar roghnaigh Dia an t-&oacute;g&aacute;nach D&aacute;iv&iacute;, mac Iese, mar r&iacute;. Sheol s&eacute; an f&aacute;idh Samu&eacute;l leis an &oacute;g&aacute;nach D&aacute;iv&iacute; a ungadh. Is &oacute;n bhfocal Eabhraise sin &ldquo;ungadh&rdquo;, <em>maisach,<\/em> trid an Ghr&eacute;igis a thagann an focal Cr&iacute;ost (&ldquo;ungtha&rdquo;) agus an ainmfhocal Meisias. Le briathar &oacute; Dhia bh&iacute; S&oacute;l ungtha cheana ag Samu&eacute;l ar Iosrael an Tuaiscirt, ach theip air mar r&iacute; agus bh&iacute; s&eacute; curtha i leataobh ag Dia. Leagann an sliocht seo b&eacute;im ar seo gur thr&iacute; shaor-dheon&uacute; D&eacute; a rogna&iacute;odh D&aacute;iv&iacute; mar r&iacute; anois, n&iacute; de bharr a thr&eacute;ithe f&eacute;in. N&iacute; raibh san ungadh seo ach gn&iacute;omh samhaltach, nach mbeidh feidhm leis ach n&iacute;os d&eacute;ana&iacute;. Chaith D&aacute;ivi seal in arm Sh&oacute;il, sul ar thogh treibh I&uacute;da &eacute; mar r&iacute; ar I&uacute;da. I ndiaidh bh&aacute;s Sh&oacute;il toghadh mar r&iacute; ar I&uacute;da agus Iosrael an Tuaiscirt &eacute;, agus rinne Dia conradh leis go mbeadh a r&iacute;theaghlach buan go deo, creideamh agus d&oacute;chas as ar fh&aacute;s an feitheamh leis an Meisias, d&oacute;chas a chomhl&iacute;on Cr&iacute;ost. Ungadh sin Dh&aacute;ivi an t-&oacute;g&aacute;nach ag an bhf&aacute;idh Samu&eacute;l, chuir s&eacute; t&uacute;s leis an ghluaiseacht sin faoi Dh&aacute;iv&iacute; agus Mhac D&aacute;iv&iacute; go bhfuil tagairt ann i soisc&eacute;al an lae inniu ag &Iacute;osa Mac an Duine, a thug radharc don dall.<\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"color: black;\">Salm le Freagra <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">(Salm 22[23])<em> Is &eacute; an Tiarna m&rsquo;aoire, n&iacute; bheidh aon n&iacute; de dh&iacute;th orm.<\/em><\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"color: black;\">Dara L&eacute;acht<\/span><\/em><span style=\"color: black;\"> (Eifisigh 5:8-12). <em>&Eacute;irigh &oacute;na mairbh agus soilseoidh Criost th&uacute;<\/em>. D&uacute;irt &Iacute;osa lena dheisceabail gurb sholas an domhain agus salann na tal&uacute;n iad. Th&oacute;g an eaglais &oacute;g briathra seo Chr&iacute;ost go d&aacute;ir&iacute;re, mar is l&eacute;ir &oacute; litreacha Ph&oacute;il agus &oacute; scr&iacute;bhinn&iacute; eile an Tiomna Nua. Bh&iacute; teachtaireacht seo Chr&iacute;ost le craobhscaoileadh i dteagasc agus i gcleachtadh na hEaglaise. F&eacute;achadh ar an bpag&aacute;ntacht agus a bhain lena cuid teagaisc agus cleachtaidh mar dhorchadas. Cuireadh sin in i&uacute;l i ndeasghn&aacute;th an bhaiste: aistri&uacute; &oacute; dhorchadas na pag&aacute;ntachta go solas an tsoisc&eacute;il a bh&iacute; ann, n&oacute;, b&rsquo;fh&eacute;idir, ba chirte a r&aacute; gur aont&uacute; le Cr&iacute;ost, an bheatha agus an solas, a bh&iacute; ann. Bh&iacute; an bheatha nua sin le l&eacute;iri&uacute; don saol, don domhan, le beatha de r&eacute;ir an tsoisc&eacute;il, ag tabhairt toraidh i ngach cine&aacute;l maitheasa agus fir&eacute;antachta agus f&iacute;rinne. Bheadh teagasc n&iacute;os beaichte n&aacute; sin acu, ar nd&oacute;igh, ar na su&aacute;ilc&iacute; faoi leith le cleachtadh agus na du&aacute;ilc&iacute; le seachaint. Leagtar b&eacute;im ar thr&eacute;dhearcacht sa saol poibl&iacute; agus san eaglais &#8212; le eolas a bheith ag Cr&iacute;ostaithe ar dhorchadas agus peaca&iacute; sa saol. Tugann lonradh an tsoisc&eacute;il chun solais iad &ndash; rud is f&iacute;or ar nd&oacute;igh faoi pheaca&iacute; agus mh&aacute;chail san eaglais f&eacute;in. Ag deireadh na l&eacute;achta t&aacute; rann, n&oacute; leath-rann, a t&oacute;gadh is docha as sean-iomann Cr&iacute;osta&iacute; nach ann d&oacute; a thuilleadh, a ghlaonn ar chodlat&aacute;n, duine ina chodladh n&oacute; ina leath-chodladh, &eacute;ir&iacute; &oacute; staid ar a dtugtar an b&aacute;s air, b&aacute;s an pheaca, n&oacute; dorchadas an d&iacute;-chreidimh, go soilsi&uacute; &oacute; Chr&iacute;ost.<\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"color: black;\">An Soisc&eacute;al <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">(Eoin 9:1-41). <em>D&rsquo;imigh s&eacute;, n&iacute;gh s&eacute; &eacute; f&eacute;in agus d&rsquo;fhill agus a radharc aige<\/em>. L&eacute;acht an-fhada at&aacute; i soisc&eacute;al an lae inniu, ina bhfuil eachtra&iacute; difri&uacute;la. T&aacute; siad nasctha le ch&eacute;ile leis an t&eacute;ama l&aacute;ir gurb sholas an domhain &eacute; &Iacute;osa. Is n&oacute;s le Eoin t&eacute;ama creidimh a nascadh le eachtra &eacute;igin: an Domhnach seo caite an t-uisce beo a thugann &Iacute;osa leis an Sam&aacute;ireach mn&aacute; agus an tobar; an Domhnach seo an dall &oacute;n mbroinn agus &Iacute;osa mar sholas. In aimsir Chr&iacute;ost (agus f&oacute;s inniu b&rsquo;fh&eacute;idir) i meon daoine conacthas nasc idir m&aacute;chail choirp agus peaca, sa ch&aacute;s seo peaca na dtuismitheoir&iacute; n&oacute; peaca an linbh f&eacute;in sa bhroinn. S&eacute;anann &Iacute;osa gurb amhlaidh a bh&iacute;, ach le gl&oacute;ir D&eacute; a l&eacute;iri&uacute; tr&iacute;d an mhior&uacute;ilt a bh&iacute;othas le d&eacute;anamh. Gan coinne, tugann &Iacute;osa t&eacute;ama na l&eacute;achta isteach: is &eacute; sin &eacute; f&eacute;in mar sholas an tsaoil. Measadh an uair sin gur raibh tr&eacute;ithe leighis sa seile, agus smear &Iacute;osa seile agus l&aacute;ib ar sh&uacute;ile an daill, gan &eacute; a leigheas, agus d&uacute;irt leis an dall dul go dt&iacute; Linn iomr&aacute;iteach in Iar&uacute;sail&eacute;im go raibh an t-ainm Sil&oacute;m air, ainm ar bhr&iacute; leis san Airimis agus san Eabhrais &ldquo;Seolta&rdquo;, &ldquo;curtha amach&rdquo;, &aacute;it ar leigheasadh an dall. D&eacute;antar an ceangal sin anseo, mar ba &eacute; &Iacute;osa an &ldquo;Sil&oacute;m&rdquo; ceart, an T&eacute; a bh&iacute; seolta amach &oacute;n Athair. Tar &eacute;is ar leigheasadh an dall lean ceisteanna faoi chonas a tharla an leigheas, ar dt&uacute;s idir na comharsana, ansin i measc na bhFairis&iacute;neach toisc gur ar an Sab&oacute;id a rinneadh an leigheas, rud a bh&iacute; in &eacute;adan Dl&iacute; Mhaois dar leo. Bh&iacute; an dall a leigheasadh ag tabhairt fianaise i dtaobh &Iacute;osa, gur cara le Dia agus f&aacute;idh a bh&iacute; ann. Ansin glaonn na &ldquo;Gi&uacute;daigh&rdquo;, na h&uacute;dar&aacute;is Ghi&uacute;dacha, ar thuismitheoir&iacute; an daill a leigheasadh le fios f&aacute;tha an leighis a fh&aacute;il, &aacute;it a bhfuil tagairt do chinneadh na nGi&uacute;dach d&eacute;anta cheana f&eacute;in faoi aoinne a admh&oacute;dh gurb &eacute; &Iacute;osa an Cr&iacute;ost a dh&iacute;birt as an tsionag&oacute;g. Tagairt at&aacute; anseo, is d&oacute;cha, do dh&iacute;birt Chr&iacute;ostaithe as an tsionag&oacute;g a tharla n&iacute;os d&eacute;ana&iacute; sa stair, tar &eacute;is threascairt Iar&uacute;sail&eacute;im. Glaodar ar an duine a rugadh dall &eacute; f&eacute;in, a thug fianaise do &Iacute;osa mar chara D&eacute;, agus chaitheadar amach &eacute;. Chuala &Iacute;osa sin agus bhuail s&eacute; leis agus chuir ceist air ar chreid s&eacute; i Mac an Duine agus chuir s&eacute; &eacute; f&eacute;in in aithne mar Mhac an Duine. Chreid an t&eacute; a rugadh dall in &Iacute;osa agus rinne om&oacute;s d&oacute;. T&aacute; cr&iacute;och ag an l&eacute;acht mar ar thosaigh s&eacute;, &aacute; r&aacute; gur th&aacute;inig &Iacute;osa le breithi&uacute;nas a thabhairt ar an saol seo, i dtreo go bhfeicfeadh an dream nach bhfeiceann.<\/span><\/p>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><strong><em><span style=\"color: blue;\">An B&iacute;obla in Agallamh le Ceisteanna an Lae<\/span><\/em><\/strong><span style=\"color: blue;\">. <em>&Iacute;osa agus an Eaglais solas an tsaoil.<\/em><\/span><\/li>\n<\/ol>\n<p><span style=\"color: black;\">T&aacute; tr&iacute; phointe soil&eacute;ir ag eascairt as liot&uacute;irge agus l&eacute;achta&iacute; an lae inniu a thugann &aacute;bhar saibhir machnaimh agus agallaimh d&uacute;inn. <\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; <\/span><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">An ch&eacute;ad cheann d&iacute;obh n&aacute; gurb &eacute; solas an tsaoil &eacute; &Iacute;osa. Is chuige sin a seoladh isteach sa saol &eacute; &oacute;n Athair. Eisean an T&eacute; a seoladh. &ldquo;an Seolta&rdquo;, <em>Sil&oacute;m<\/em>, a leigheasann an dall. Th&aacute;inig s&eacute; le go mbeadh radharc ghl&oacute;ir an Athar ag an domhan. T&aacute; sin sol&eacute;ir &oacute; shoisc&eacute;al an lae inniu, agus &oacute;na l&aacute;n &aacute;iteanna eile sa Tiomna Nua. Is cuid l&aacute;rnach de theachtaireacht an Tiomna Nua &eacute;.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-indent: 36pt;\"><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">An dara pointe n&aacute; nach do bheatha &Iacute;osa ar talamh amh&aacute;in an m&eacute;id sin. Roghnaigh s&eacute; aspail and deisceabail le go mbeadh an dea-sc&eacute;al sin &aacute; fh&oacute;gairt go cr&iacute;ocha deiridh an domhain go deireadh an tsaoil. Solas an domhain agus salann na tal&uacute;n iad lucht lean&uacute;na &Iacute;osa. Sin mar a thuig, agus mar a chraobhscaoil, an Eaglais &oacute; th&uacute;s an soisc&eacute;al. Is r&uacute;ndiamhair an tsl&aacute;naithe &iacute; an eaglais ina teagasc agus i mbeatha na bhf&iacute;r&eacute;an.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-indent: 36pt;\"><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">Tugann sin go dt&iacute; an tr&iacute;&uacute; pointe sinn: agallamh ag an eaglais lei f&eacute;in agus le saol an lae inniu. N&iacute; m&oacute;r don eaglais &iacute; f&eacute;in a leas&uacute; de sh&iacute;or leis an toradh a thabhairt a thugann an solas uaidh, gach cine&aacute;l maitheasa agus f&iacute;r&eacute;antachta agus f&iacute;rinne. <\/span><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">Go minic inniu nuair a labhartar faoi leas&uacute; na heaglaise is iad &ldquo;na struct&uacute;ir&rdquo; at&aacute; i gceist, go m&oacute;r m&oacute;r sa Vatac&aacute;in, an &ldquo;curia&rdquo; ach go h&aacute;irithe. B&iacute;odh go bhfuil t&aacute;bhacht leis sin, n&iacute; h&eacute; sin an leas&uacute; go pr&iacute;omha at&aacute; i gceist, ach athr&uacute; i meon agus i gcleachtadh na bhf&iacute;r&eacute;an le go mbeidis de r&eacute;ir an tsoisc&eacute;il, le fianaise a thabhairt do &Iacute;osa. Pointe eile san agallamh seo n&aacute; go bhfeiceann roinnt mhaith daoine inniu ar an rud a dtugann creidmhigh &ldquo;solas&rdquo; air mar dhorchadas, sheanaimsearthacht.<\/span><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>6 M&aacute;rta 2016 (C) An Ceathr&uacute; Domhnach den Charghas Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute; &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-389","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/389","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=389"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/389\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=389"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=389"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=389"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}