{"id":390,"date":"2016-03-10T11:39:15","date_gmt":"2016-03-10T11:39:15","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=390"},"modified":"2016-03-10T11:39:15","modified_gmt":"2016-03-10T11:39:15","slug":"13-marta-2016-c-an-cuigiu-domhnach-den-charghas","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=390","title":{"rendered":"13 M\u00e1rta 2016 (C) An C\u00faigi\u00fa Domhnach den Charghas"},"content":{"rendered":"<p><span style=\"color: blue;\">13 M&aacute;rta 2016 (C) An C&uacute;igi&uacute; Domhnach den Charghas<\/span><\/p>\n<p style=\"line-height: 12pt;\"><span style=\"color: blue;\">Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla<\/span><\/p>\n<p style=\"line-height: 12pt;\"><span style=\"color: blue;\">leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC<\/span><\/p>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><span style=\"color: blue;\">L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/li>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><strong><em>B.<\/em><\/strong><strong><em><span style=\"color: blue;\">An B&iacute;obla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: <\/span><\/em><\/strong><em><span style=\"color: blue;\">T&uacute;s le r&eacute; nua le tr&oacute;caire D&eacute;.<\/span><\/em><em><\/em><\/li>\n<\/ol>\n<p><em><span style=\"color: black;\">R&eacute;amhr&aacute; do na l&eacute;achta&iacute;. <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">F&oacute;gra&iacute;onn Dia r&eacute; &uacute;r d&aacute; phobal i mbraighdeanas agus deir s&eacute; leo dearmad a dh&eacute;anamh de r&eacute; at&aacute; thart le aghaidh a thabhairt ar bheatha nua ghl&oacute;rmhar ina dt&iacute;r dh&uacute;chais. Mar an gc&eacute;anna le P&oacute;l, tar &eacute;is saol d&iacute;cheallach misin&eacute;ireachta, is mian leis an b&oacute;thar at&aacute; gafa aige a ligean i ndearmad agus lu&iacute; amach ar an mb&oacute;thar at&aacute; roimhe faoi dh&eacute;in na sprice, bheith aontaithe le Cr&iacute;ost ar neamh. T&aacute; r&eacute; nua tr&oacute;caire f&oacute;gartha go ci&uacute;in ag &Iacute;osa ina chomhr&aacute; mar gheall ar an mbean a rugadh uirthi in adhaltranas.<\/span><\/p>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><strong><em>A.<\/em><\/strong><strong><em><span style=\"color: blue;\">L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;.<\/span><\/em><\/strong><em><\/em><\/li>\n<\/ol>\n<p><em><span style=\"color: black;\">C&eacute;ad L&eacute;acht <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">(&Iacute;se&aacute;ia 43:16-21). <em>F&eacute;ach an nua&iacute;ocht at&aacute; &aacute; cur i gcr&iacute;ch agam, agus d&eacute;anfaidh m&eacute; tart mo phobail tofa a chosc. <\/em>An l&eacute;acht se&oacute; is cuid de aitheasc D&eacute; tr&iacute;na fh&aacute;idh an Dara h&Iacute;se&aacute;ia &iacute; do phobal Iosrael, i mbraighdeanas na Baibeal&oacute;ine d&oacute;ibh. Labhair an f&aacute;idh c&eacute;anna go minic leo ar an &aacute;bhar c&eacute;anna: bh&iacute; an Tiarna a nDia lena saoradh agus iad a thabhairt siar abhaile tr&iacute;d an fh&aacute;sach go dt&iacute; a dt&iacute;r dh&uacute;chais. Tosa&iacute;onn an t-aitheasc fada gur chuid de an l&eacute;acht seo leis briathra seo D&eacute;: &ldquo;Anois, seo mar a deir an Tiarna, do chruthaitheoir, a Iac&oacute;ib, agus fear do dhealfa, a Iosrael: N&aacute; b&iacute;odh eagla ort, &oacute;ir t&aacute; t&uacute; fuascailte agam; ghlaoigh m&eacute; ort i d&rsquo;ainm, agus is liomsa th&uacute;. M&aacute; ghabhann t&uacute; tr&iacute; uisc&iacute; doimhne, t&aacute;imse leat; m&aacute; ghabhann t&uacute; tr&iacute; aibheanacha, n&iacute; bh&aacute;ithfidh siad th&uacute;. M&aacute; shi&uacute;lann t&uacute; tr&iacute;d an tine, n&iacute; dh&oacute;faidh t&uacute; th&uacute; f&eacute;in, n&aacute; n&iacute; loiscfidh an lasair th&uacute;. &Oacute;ir is mise an Tiarna do Dhia, Neach Naofa Iosrael, d&rsquo;fhuascailteoir&rdquo;. <\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; I sl&iacute; amh&aacute;in is imeacht, exodus, nua amhail an ceann &oacute;n &Eacute;igipt an fhuascailt nua seo, ach leagtar b&eacute;im sna t&eacute;acsanna seo nach bhfuil an turas &oacute;n &Eacute;igipt inchom&oacute;rtais leis an turas nua siar seo. I dt&uacute;s na l&eacute;achta seo cuireann Dia s&iacute;os i modh ginear&aacute;lta ar an gc&eacute;ad turas sin, a sti&uacute;raigh Dia f&eacute;in &ndash; tr&iacute;d an fharraige, thar an bh&oacute;chna l&aacute;idir, ag seoladh na gcarbad agus na gcapall chun catha le hiad a mh&uacute;chadh sa mhuir mar a bheadh barrach d&oacute;ite. Ach ba shin t&uacute;s le hIosrael mar phobal, agus n&iacute; mor d&rsquo;Iosrael dearmad a dh&eacute;anamh de anois, mar t&aacute; r&eacute; nua, nua&iacute;ocht, ag gobadh amach d&oacute;ibh, le turas tr&iacute;d an fh&aacute;sach idir an Bheabal&oacute;in agus a dt&iacute;r dhuchais agus na hiontais a ghabhann leis. Deir Dia go mbeidh pobal nua dealfa aige d&oacute; f&eacute;in san Iosrael nua seo, pobal a dh&eacute;anfaidh a mholadh a aithr&iacute;s.<\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"color: black;\">Salm le Freagra <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">(Salm 125[126]). <em>Rinne an Tiarna na h&eacute;achta&iacute; d&uacute;inn! Bh&iacute; &aacute;thas orainn go deimhin.<\/em><\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; <\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"color: black;\">Dara L&eacute;acht <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">(Filipigh 3:8-14). <em>Le bheith cos&uacute;il leis ina bh&aacute;s, air&iacute;m gur caillteanas gach uile rud ar son Cr&iacute;ost.<\/em> Bh&iacute; P&oacute;l i ng&eacute;ibheann, in Eifesas b&rsquo;fh&eacute;idir<em>, <\/em>nuair a scr&iacute;obh s&eacute; an litir chuig na Filipigh. I dt&eacute;acs na litreach roimh l&eacute;acht an lae inniu tugann s&eacute; rabhadh don na Filipigh bheith san airdeall faoi dhaoine &aacute;irithe, go h&aacute;irithe Gi&uacute;daigh a bh&iacute; ag iarraidh cur isteach orthu le n&oacute;sanna Gi&uacute;dacha de r&eacute;ir dealraimh, &aacute; ma&iacute;omh gurbh iad f&eacute;in pobal d&iacute;lis D&eacute;, ag ma&iacute;omh as an gcolainn agus an timpeallghearradh. Tugann sin P&oacute;l le ma&iacute;omh go bhfuil ar a chumas f&eacute;in mao&iacute;mh as an gcolainn chomh maith, ach n&iacute; dh&eacute;anann mar is faoi an&aacute;il an Spioraid, seachas le muin&iacute;n sa cholainn, a adhrann seisean agus na Cr&iacute;ostaithe Dia agus is as &Iacute;osa Cr&iacute;ost at&aacute; a muin&iacute;n. Ach tugann P&oacute;l a dhinti&uacute;ir<\/span> mar Gh&iacute;udach. I dtaca le f&iacute;r&eacute;antacht chreidimh &oacute; thaobh an Dl&iacute; Ghi&uacute;daigh de bh&iacute; s&eacute; gan ch&aacute;im. Ach leanannn s&eacute; air lena r&aacute;, d&iacute;reach roimh l&eacute;acht an lae inniu, go raibh na bunt&aacute;ist&iacute; sin a bh&iacute; aige &aacute;irithe anois gur caillteanas glan iad mar gheall ar Chr&iacute;ost.<\/p>\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Th&aacute;inig an t-athr&uacute; sin air lena choinne le Cr&iacute;ost ar an mb&oacute;thar chun na Damaisce. I l&eacute;acht an lae inniu tugann s&eacute; an bua thar barr air sin: aithne a chur ar &Iacute;osa Cr&iacute;ost, a Thiarna &ndash; n&iacute; eolas faoi Chr&iacute;ost, ach aithne phearsanta air. N&iacute; eisp&eacute;aras don aon uair amh&aacute;in a bh&iacute; sa teagmh&aacute;il le Cr&iacute;ost ach rud lean&uacute;nach, agus ag scr&iacute;obh na litreach seo d&oacute; deir s&eacute; nach raibh uaidh an tr&aacute;th sin ach aithne a chur ar Chr&iacute;ost agus ar &eacute;ifeacht a ais&eacute;ir&iacute; agus bheith p&aacute;irteach le Criost ina phiol&oacute;idi agus cos&uacute;il leis ina bh&aacute;s. Ba mh&oacute;r an rud an coinne sin le Cr&iacute;ost agus le gr&aacute;sta D&eacute;, nuair a rug Cr&iacute;ost &ldquo;greim&rdquo; air. Ach n&iacute;or chuir glaoch sin D&eacute;, n&oacute; an ghairm chun na naofachta, saorthoil Ph&oacute;il ar ceal. Bh&iacute; air comhoibri&uacute; le gr&aacute;sta D&eacute; ina thuras chun na foirfeachta. Leanann s&eacute; air, deir s&eacute;, leis an duais a bhreith leis mar go bhfuil beirthe air f&eacute;in ag Cr&iacute;ost. Ag machnamh ar a bheatha deir P&oacute;l nach raibh s&eacute; tagtha chun foirfeachta go f&oacute;ill; ba &iacute; an sprioc n&aacute; gl&oacute;ir neimhe agus beatha le Cr&iacute;ost sa saol eile. Ag machnamh d&oacute; ar dheireadh shaolr&eacute; Ph&oacute;ilm a laoch agus a &iacute;oc&oacute;n, cuireann &uacute;dar an Dara Litir chuig Tiom&oacute;id na briathra seo ar bheola Ph&oacute;il: &ldquo;T&aacute; uair mo scar&uacute;na buailte liom. T&aacute; an comhrach maith tugtha agam, t&aacute; mo r&aacute;s rite, t&aacute; an creideamh coinnithe agam. T&aacute; craobh na f&iacute;r&eacute;antachta in &aacute;irithe agam feasta agus bronnfaidh an Tiarna f&eacute;in, an breitheamh c&oacute;ir, orm &iacute; an l&aacute; sin&rdquo; (2 Tiom&oacute;id 4:6-8). Sa litir seo chuig na Filipigh n&iacute;l uair na scar&uacute;na buailte le P&oacute;l go f&oacute;ill, ach is mian leis an b&oacute;thar at&aacute; gafa aige, b&oacute;thar fada misin&eacute;ireachta, a ligean i ndearmad agus lu&iacute; amach ar an mb&oacute;thar at&aacute; roimhe agus lean&uacute;int air faoi dh&eacute;in na sprice n&oacute; go mbeadh an duais bainte amach aige. Ach le linn a bheatha, tar &eacute;is d&oacute; bheith faoi dhl&iacute; na nGi&uacute;dach, n&iacute; h&iacute; a fhir&eacute;antacht f&eacute;in at&aacute; anois aige, an fh&iacute;r&eacute;antacht a ghabh le comhl&iacute;onadh an Dl&iacute;, dl&iacute; na nGi&uacute;dach, ach an fhir&eacute;antacht a ghabhann le creideamh i gCr&iacute;ost, a thagann &oacute; Dhia agus at&aacute; bunaithe ar an gcreideamh.<\/p>\n<p><em><span style=\"color: black;\">An Soisc&eacute;al<\/span><\/em><span style=\"color: black;\"> (Eoin 8:1-11). <em>An duine agaibh at&aacute; gan pheaca, b&iacute;odh s&eacute; ar an gc&eacute;ad duine ag caitheamh clocha lei. <\/em>Is cuid de chan&oacute;in an Bh&iacute;obla an t&eacute;asc seo, ach n&iacute; d&oacute;igh gur cuid d&iacute;lis de Shoisc&eacute;al Eoin &eacute;. N&iacute;l s&eacute; ar f&aacute;il sna l&aacute;mhscr&iacute;bhinn&iacute; is &aacute;rsa den Soisc&eacute;al, n&oacute; i roinnt mhaith sean-aistri&uacute;ch&aacute;n. &Oacute; thaobh st&iacute;le de t&aacute; s&eacute; n&iacute;os c&oacute;ngara&iacute; do Shoisc&eacute;al L&uacute;c&aacute;is n&aacute; do Eoin, agus i dt&eacute;acsanna &aacute;irithe is i L&uacute;c&aacute;s at&aacute; s&eacute; le f&aacute;il. Seans gur t&eacute;acs neamhsple&aacute;ch a bh&iacute; ann i dtosach, a cuireadh isteach in &aacute;iteanna difri&uacute;la n&iacute;os d&eacute;ana&iacute;. Ach is cuma faoi sin; is cuid den Bh&iacute;obla, faoi inspior&aacute;id an Spioraid Naoimh, &eacute;, le teachtaireacht bhuan &oacute; &Iacute;osa.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-indent: 65.75pt;\"><span style=\"color: black;\">Maidir leis an dt&eacute;acs f&eacute;in agus an tagairt do ord&uacute; Mhaois faoin adhaltranas, dar leis an <\/span><span style=\"color: black;\">Peintiteoch (= Maois; L&eacute;ivitic 20:10; Deotranaim&iacute; 22:22-24) i gc&aacute;s adhaltranais idir fhear p&oacute;sta agus bean ph&oacute;sta, go bhfuil siad araon le cur chun b&aacute;is, agus i gc&aacute;s gur maighdean gheallta agus adhaltranas i gcathair at&aacute; i gceist t&aacute; an bheirt le cur chun b&aacute;is le clocha. Ach is d&oacute;cha go raibh breis curtha leis na dl&iacute;the sin tr&iacute;d na haoiseanna. N&iacute; thugann &Iacute;osa freagra ar an gceist a chuireann na scr&iacute;obhaithe agus Fairist&iacute;nigh air. N&iacute; fios go beacht an bhr&iacute; a thabhairt do &Iacute;osa ag scr&iacute;obh ar an talamh (luaite faoi dh&oacute;, roimh briathra &Iacute;osa d&oacute;ibh agus ina dhiaidh); tagairt b&rsquo;fh&eacute;idir do Irimi&aacute; 17:13: &ldquo;Iad sin a thr&eacute;igeann th&uacute;, a Thiarna, beidh siad scr&iacute;ofa insan talamh&rdquo;. Briathra &Iacute;osa &ldquo;An t&eacute; at&aacute; gan pheaca&rdquo; b&rsquo;fh&eacute;idir gur cuireadh iad do lucht dhaortha na mn&aacute; machnamh a dh&eacute;anamh ar a saol pearsanta f&eacute;in, ag teacht lena d&uacute;irt &Iacute;osa in &oacute;c&aacute;id eile faoi gan breith a thabhairt (Matha 7:1-12), chr&iacute;ochna&iacute;onn leis na briathra seo: &ldquo;Nithe ar bith ab &aacute;il libh daoine a dh&eacute;anamh daoibhse, d&eacute;anaig&iacute; amhlaidh sin d&oacute;ibh: sin &eacute; an dl&iacute; agus na f&aacute;ithe&rdquo;. D&uacute;irt &Iacute;osa leis an bhean nach raibh s&eacute; chun &iacute; a dhaoradh, ach deireann lei gan peaca a dh&eacute;anamh ar&iacute;s. Glactar leis go bhfuil aithr&iacute; d&eacute;anta aici, n&oacute; fi&uacute; gur mhaith &Iacute;osa d&aacute; peaca&iacute; &iacute;.<\/span><\/p>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><strong><em>B.<\/em><\/strong><strong><em><span style=\"color: blue;\">Machnamh agus An B&iacute;obla in Agallamh le ceisteanna an lae.<\/span><\/em><\/strong><em><span style=\"color: blue;\"> T&uacute;s le r&eacute; nua le tr&oacute;caire D&eacute;.<\/span><\/em><em><\/em><\/li>\n<\/ol>\n<p><span style=\"color: black;\">I gcursa&iacute; polait&iacute;ochta agus eaglasta is gn&aacute;thach le daoine a bheith ag s&uacute;il le r&eacute; nua, agus t&aacute; &aacute;bhar machnaimh againn ar na c&uacute;rsa&iacute; sin l&eacute;achta&iacute; an lae inniu.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Is maith an rud f&iacute;s do r&eacute; nua, agus a fhios a bheith againn gur geal le Dia sin a bheith amhlaidh. Bh&iacute; s&eacute; ag cur a leith&eacute;id de fhis os comhair a phobail f&eacute;in go minic. N&iacute; m&oacute;r a mheabhr&uacute; chomh maith nach i gc&oacute;nai, n&oacute; fi&uacute; nach minic, a fh&iacute;oraitear fis, mar baineann a tabhairt i gcr&iacute;ch le c&uacute;ins&iacute; staire agus comhoibri&uacute; daonna. Ba l&eacute;ir &eacute; sin ach go h&aacute;irithe maidir leis na f&aacute;istin&iacute; a rinneadh do Iosrael agus a fhanann mar sin mar spreagadh do chreidmhigh agus eile an&iacute;os tr&iacute;d an stair.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Teachtaireacht mh&oacute;r eile &oacute; shoisc&eacute;al an lae inniu na tr&oacute;caire D&eacute;, gur sampla &aacute;lainn di seasamh &Iacute;osa maidir leis an bhean a rugadh uirthi in adhaltranas agus a bhriathra ar an &aacute;bhar. Leagann an Eaglais f&eacute;in b&eacute;im faoi leith ar thr&oacute;caire D&eacute; len&aacute;r linn f&eacute;in agus a riachtana&iacute; is ata an teachtaireacht seo do shaol &aacute;r linne fein, sa saol polati&uacute;il agus eaglasta.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; T&aacute; an Seantiomna agus an Tiomna Nua loml&aacute;n de thagairt&iacute; do thr&oacute;caire D&eacute;, agus leis an fhianaise a mheas mar is c&oacute;ir n&iacute; dochar scagadh a dh&eacute;anamh ar an sc&eacute;al.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">Is Dia Dia, Dia an tr&oacute;caire agus an Neach Naofa, agus t&aacute; tagairt do thr&oacute;caire D&eacute; go minic ceangailte le foighne D&eacute; agus glaoch chun aithr&iacute; &oacute;n bpeaca i gcomht&eacute;acsanna ina bhfuil Dia ag labhairt lena phobal f&eacute;in n&oacute; le ball de.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; I dt&eacute;acsanna eile labhra&iacute;onn Dia, n&oacute; labhartar faoi Dhia, mar an tAthair ar Neamh a bhfuil gr&aacute; aige do ch&aacute;ch agus a gc&uacute;ram orthu. Is mar sin a labhra&iacute;onn &Iacute;osa faoi ghr&aacute; do naimhde (Matha 5:43-48): &ldquo;Chuala sibh go nd&uacute;radh: &lsquo;B&iacute;odh gr&aacute; agat do do chomharsa agus fuath agat do da namhaid&rsquo;. Ach is &eacute; a deirimse libh, b&iacute;odh gr&aacute; agaibh do do naimhde agus gu&iacute;g&iacute; ar son bhur ng&eacute;arleant&oacute;ir&iacute;; sin mar a bheidh sibh in bhur gclann ag bhur nAthair at&aacute; ar neamh, a chuireann faoi deara d&aacute; ghrian &eacute;ir&iacute; ar olc agus ar mhaith agus a fhearann b&aacute;isteach ar ch&oacute;ir agus ar mh&iacute;ch&oacute;ir. B&iacute;g&iacute; foirfe, d&aacute; bhr&iacute; sin, faoi mar at&aacute; bhur nAthair neamha&iacute; foirfe&rdquo;. T&aacute; gr&aacute; ag an Athair ar neamh do mhuintir uile dhomhan an lae inniu, p&eacute; acu a chreideann siad ann, n&oacute; ar chuma leo ann n&oacute; as d&oacute;, n&oacute; a sh&eacute;anann &eacute; bheith ann agus ar ghr&aacute;in leo fi&uacute; tagairt d&aacute; ainm. T&aacute; s&eacute; t&aacute;bhachtach don chine daonn a bheith tr&oacute;caireach d&aacute; ch&eacute;ile, do imircigh, d&oacute;ibh si&uacute;d faoi leatrom n&oacute; fi&uacute; faoi mh&iacute;chumas. Is deas gur mar sin at&aacute; do chuid mhaith de dhaonra eagraithe an domhain, ach is beag tr&oacute;caire at&aacute; i gcodanna eile de idir choga&iacute; agus eile.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Ach t&aacute; guth D&eacute; agus &Iacute;osa ag gr&iacute;osadh an domhan le f&iacute;s do r&eacute; n&iacute;os fearr.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; <\/span><\/p>\n<p><strong><em><span style=\"font-size: 14pt; font-variant: small-caps; color: blue;\">Is f&eacute;idir na leachta&iacute; seo leanas as Bliain A a &uacute;s&aacute;id mar mhalairt l&eacute;achta&iacute;<\/span><\/em><\/strong><\/p>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><span style=\"color: blue;\">L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/li>\n<\/ol>\n<p><em><span style=\"color: black;\">C&eacute;ad L&eacute;acht <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">(Ezic&eacute;al 37:12-14). <em>Cuirfidh m&eacute; mo spiorad ionaibh agus mairfidh sibh. <\/em>F&iacute;s an fh&aacute;idh do phobal Iosrael i ndeora&iacute;ocht na Baibeal&oacute;ine sa s&eacute;&uacute; c&eacute;ad roimh Chr&iacute;ost at&aacute; againn anseo. Bh&iacute;<\/span> na deoraithe &aacute; r&aacute;: &ldquo;T&aacute; &aacute;r gcn&aacute;mha seargtha agus &aacute;r nd&oacute;chas caillte; t&aacute; deireadh linn&rdquo;. Bh&iacute; an Teampall scriosta, cathair Iar&uacute;sail&eacute;im treascartha agus t&iacute;r I&uacute;da b&aacute;naithe. Ag caint go meafarach, bh&iacute;odar amhail is d&aacute; mbeidis b&aacute;saithe, faoi chr&eacute;, san uaigh. Deir Dia leo sa sliocht seo nach amhlaidh at&aacute;. T&aacute; s&eacute; chun a phobal, a fh&eacute;achann air f&eacute;in amhail is a bheith san uaigh, a th&oacute;gaint &oacute;na n-uaigheanna, agus spiorad na beatha a chur iontu ar&iacute;s, le go mbeadh beatha &uacute;r acu ina dt&iacute;r dh&uacute;chais. Ais&eacute;ir&iacute; an phobail at&aacute; anseo. Nil tagairt ann do ais&eacute;ir&iacute; pearsanta na colainne. N&iacute;or th&aacute;inig an creideamh san ais&eacute;ir&iacute; sin chun tosaigh in Iosrael ach thart ar an bhliain 200 roimh Chr&iacute;ost.<\/p>\n<p><em><span style=\"color: black;\">Salm le Freagra <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">(Salm 129[130]). <em>Is ag an Tiarna at&aacute; tr&oacute;caire, agus t&aacute; fuascailt aige go fl&uacute;irseach.<\/em><\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"color: black;\">Dara L&eacute;acht <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">(R&oacute;mh&aacute;naigh 8:8-11). <em>Spiorad an t&eacute; a th&oacute;g &Iacute;osa &oacute; mhairbh, t&aacute; s&eacute; lonnaithe ionaibh.<\/em> D&eacute;anann P&oacute;l codarsnacht idir an cholainn agus an Spiorad. Ionann an cholainn agus n&aacute;d&uacute;r lag an duine, agus an meon contr&aacute;rtha do Dhia agus a bhaineann leis agus at&aacute; claon chun peaca. Iad sin at&aacute; faoi r&eacute;ir a leith&eacute;id n&iacute; f&eacute;idir leo Dia a sh&aacute;samh, dar le P&oacute;l. N&iacute; hamhlaidh do na creidmhigh a bhfuil Spiorad D&eacute; acu, iontu, Spiorad a thugann an bheatha nua d&oacute;ibh. Mar a deir P&oacute;l c&uacute;pla v&eacute;arsa (8:14) i ndiaidh na l&eacute;achta seo: &ldquo;Iad sin a mb&iacute;onn Spiorad D&eacute; &aacute; dtreor&uacute; is clann D&aacute; iad sin&rdquo;. Samhla&iacute;onn P&oacute;l an corp marbh de bharr an pheaca, marbh de bhr&iacute; go bhfuil s&eacute; le b&aacute;s a fh&aacute;il go fisici&uacute;il agus gur &uacute;irlis don pheaca &eacute;. Ach t&aacute; cumhacht, f&oacute;rsa, eile chun na beatha sa chorp c&eacute;anna, is &eacute; sin le r&aacute; an Spiorad at&aacute; acu tar &eacute;is d&oacute;ibh a bheith f&iacute;r&eacute;anaithe tr&iacute; chreideamh i gCr&iacute;ost. Th&oacute;g Dia &Iacute;osa &oacute; na mairbh tr&iacute;na chumhacht f&eacute;in gan teora, agus is &eacute; Spiorad D&eacute;, le cumhacht sin D&eacute;, at&aacute; lonnaithe i gcorp, i bpearsa, b&aacute;smhar na gcreidmheach a thugann beatha nua d&oacute;ibh, le deimhin bua a fh&aacute;il ar an bpeaca abhus agus an bheatha sh&iacute;orai a bheith acu ina dhiaidh sin.<\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"color: black;\">An Soisc&eacute;al <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">(Eoin 11:1-45). <em>Mise an tAis&eacute;ir&iacute; agus an Bheatha. <\/em>T&aacute; an l&eacute;acht fhada seo ar aon dul leis na cinn a bh&iacute; againn <strong>in mbliain A le dh&aacute; Dhomhnach anuas<\/strong>, ina bhaineann &Iacute;osa feidhm as eachtra &eacute;igin den saol seo le ceacht faoi r&uacute;ndiamhair a phearsa f&eacute;in a mh&uacute;ineadh, mar shampla an Sam&aacute;ireach mn&aacute; agus tobar I&aacute;c&oacute;b agus an t-uisce nua (an Spiorad) a bh&iacute; s&eacute; f&eacute;in le tabhairt; leigheas an duine a rugadh dall &oacute;n bhroinn agus &Iacute;osa mar sholas an domhain; agus inniu glaoch Lazaras &oacute; mhairbh agus &Iacute;osa mar an tAis&eacute;ir&iacute; agus an Bheatha. Bh&iacute; &Iacute;osa c&aacute;irdi&uacute;il le teaghlach na B&eacute;at&aacute;ine (thart ar 3 cilim&eacute;adar &oacute; Iar&uacute;sail&eacute;im), M&aacute;ire, Marta agus Lazaras. Ar chloisint faoi thinneas Lasaras d&rsquo;&Iacute;osa d&uacute;irt s&eacute; nach chun b&aacute;is ach le go dtabhaharfa&iacute; gl&oacute;ir do Mac D&eacute; (sin le r&aacute; d&oacute; f&eacute;in) tr&iacute;d an ngalar sin. N&iacute; th&eacute;ann s&eacute; go Lasaras l&aacute;ithreach, ach ligeann s&eacute; d&oacute; b&aacute;s a fhail. Bh&iacute; Lasaras ceithre l&aacute; b&aacute;saithe nuair a shrois &Iacute;osa an tuama. Deireann &Iacute;osa le Marta go n-&eacute;ireoidh a dhearth&aacute;ir ar&iacute;s, agus d&eacute;anann Marta gn&iacute;omh creidimh san ais&eacute;ir&iacute; &ndash; ach sa l&aacute; deireanach. Is ansin a thagann buaicphointe na l&eacute;achta ag &Iacute;osa: t&aacute; an t-ais&eacute;ir&iacute; tagtha cheana ina phearsa f&eacute;in: &ldquo;Mise an tAis&eacute;ir&iacute; agus an Bheatha&rdquo;<\/span><\/p>\n<ol>\n<li style=\"list-style-type: upper-alpha;\"><strong><em>C.<\/em><\/strong><strong><em><span style=\"color: blue;\">An B&iacute;obla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: <\/span><\/em><\/strong><em><span style=\"color: blue;\">Is treise cumhacht an Spioraid Naoimh agus an ghr&aacute;sta ionainn n&aacute; laige an n&aacute;d&uacute;ir<\/span><\/em><\/li>\n<\/ol>\n<p><span style=\"color: black;\">Uaireanta cuirtear i leith &Iacute;osa gur beag an tuiscint a bh&iacute; aige ar laige an n&aacute;d&uacute;ir dhaonna nuair a chuir s&eacute; bac ioml&aacute;n ar an colscaradh. Is trom i sl&iacute; <\/span>an misean a leag s&eacute; ar a lucht lean&uacute;na nuair a sheol s&eacute; amach iad mar sholas an domhain agus mar shalann na tal&uacute;n. D&rsquo;fh&eacute;ach an eaglais &oacute;g ar an misean a bh&iacute; aici d&iacute;reach mar arb thoil le h&Iacute;osa &eacute;. Ba sholas &uacute;rnua don domhan an eaglais, an comhluadar Cr&iacute;osta&iacute;, ina teagasc agus ina cleachtadh. Labhra&iacute;onn P&oacute;l go deas faoin misean uasal sin agus an laige dhaonna ag scr&iacute;obh chuig na Corantaigh faoin &aacute;bhar d&oacute; (2 Corantaigh 4:6-7): &ldquo;An Dia a d&uacute;irt, &lsquo;B&iacute;odh solas ag lonradh as an dorchadas&rsquo;, is &eacute; an Dia c&eacute;anna &eacute; a chuir solas ag lonradh in&aacute;r gcro&iacute;-ne d&rsquo;fhonn eolas na gl&oacute;ire diaga ar chuntan&oacute;s Chr&iacute;ost a chur ar &aacute;r s&uacute;ile d&uacute;inn. Is i bpr&oacute;ca&iacute; cr&eacute; at&aacute; an tseoid seo i gcoime&aacute;d againn, d&rsquo;fhonn a chruth&uacute; gur le Dia an chumhacht as cuimse agus nach uainn f&eacute;in &iacute;&rdquo;. Ag scr&iacute;obh chuig na Filipigh d&oacute;, meabhra&iacute;onn P&oacute;l faoi mar ar umhlaigh &Iacute;osa &eacute; f&eacute;in, ag glacadh riocht an scl&aacute;bha, agus ansin imp&iacute;onn s&eacute; orthu a sl&aacute;n&uacute; a shaothr&uacute; faoi uamhan agus faoi eagla, toisc gur &oacute; chomhoibri&uacute; le Dia a thagann an sl&aacute;n&uacute;, agus nach uainn f&eacute;in amh&aacute;in. Agus is &eacute; Dia at&aacute; ag spreagadh idir r&uacute;n agus gn&iacute;omh sna creidmhigh de r&eacute;ir a dhea-thola f&eacute;in (Filipigh 2:12-13). Sa litir chuig na R&oacute;mh&aacute;naigh, mar is l&eacute;ir &oacute; shliocht an lae inniu, leagann P&oacute;l b&eacute;im n&iacute;os m&oacute; ar laige an n&aacute;d&uacute;ir agus ar an gclaonadh chun peaca. Ach, ar&iacute;s, t&aacute; an bh&eacute;im is m&oacute; aige ar bhua Chr&iacute;ost, tr&iacute;d an Spiorad Naomh, ar an bpeaca agus ar an laige sin.<\/p>\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Ag teacht go dt&iacute; &aacute;r laethanta f&eacute;in: go minic d&eacute;antar an eaglais a ch&aacute;ineadh faoina h-iliomad rialacha. T&aacute; a leith&eacute;id de ch&aacute;ineadh sothuigthe go minic, ach ar uairibh is faoi theagasc Chr&iacute;ost f&eacute;in agus an tsoisc&eacute;il a bh&iacute;tear ag casaoid. Sa ch&aacute;s seo, maidir le teachtaireacht an tsoisc&eacute;il &aacute; craobhscaoileasdh ag an Eaglais, n&iacute; rialacha iontu f&eacute;in at&aacute; i gceist, ach iad sin mar chuid den bheatha Chr&iacute;osta&iacute;, agus sin faoi sti&uacute;ir an Spioraid Naoimh agus faoi chumhacht ghr&aacute;sta D&eacute;. N&iacute; thuigtear an sc&eacute;al faoi bheatha na hEaglaise, fi&uacute; ina laig&iacute;, gan toimhse seo na r&uacute;ndiamhaire a thabhairt isteach.<\/p>\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; T&aacute; iarracht de shean-teagasc Pelagius ann inniu, agus sin an n&aacute;d&uacute;r daonna gan a bheith ag tabhairt aird go leor ar a laige f&eacute;in maidir le c&uacute;rsa&iacute; m&oacute;r&aacute;lta, agus neamhaird a dh&eacute;anamh den gh&aacute; at&aacute; le gr&aacute;sta D&eacute;. Is fi&uacute; cluas a thabhairt f&oacute;s ar theagasc Ph&oacute;il.<\/p>\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Maidir le hagallamh le saol an lae inniu de, i diosp&oacute;ireachta&iacute; faoi leas&uacute; na heaglaise agus a leith&eacute;id&iacute; de, agus ar leas&uacute; ar chuid d&aacute; cleachtadh a meastar bheith as d&aacute;ta, agus in &eacute;adan shaoirse an duine mar a thuigtear saoirse inniu, n&iacute; dochar cuid d&aacute; bhfuil r&aacute;ite thuas a mheabhr&uacute;: solas an tsoisc&eacute;il agus cumhacht an Spioraid Naoimh agus ghr&aacute;sta D&eacute;.<\/p>\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>13 M&aacute;rta 2016 (C) An C&uacute;igi&uacute; Domhnach den Charghas Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute; &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-390","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/390","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=390"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/390\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=390"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=390"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=390"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}