{"id":393,"date":"2016-03-17T15:34:00","date_gmt":"2016-03-17T15:34:00","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=393"},"modified":"2016-03-17T15:34:00","modified_gmt":"2016-03-17T15:34:00","slug":"20-marta-2016-c-domhnach-na-pailme","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=393","title":{"rendered":"20 Marta 2016 (C) Domhnach na Pailme"},"content":{"rendered":"<p><strong><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">20 Marta 2016 (C) Domhnach na Pailme<\/span><\/strong><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 11pt; font-variant: small-caps;\">Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla<\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 11pt;\">leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC<\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">A. L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">B. An B&iacute;obla in agallamh le ceisteanna an lae<\/span><\/p>\n<p><strong><em><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">T&eacute;ama:<\/span><\/em><\/strong><em><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\"> Ceansacht Chr&iacute;ost d&aacute;r ngr&iacute;osadh<\/span><\/em><\/p>\n<p><strong><em><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">A. An B&iacute;obla sa Liot&uacute;irge mar threoir don bheatha (L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh)<\/span><\/em><\/strong><\/p>\n<p><em>An M&oacute;rshi&uacute;l<\/em> (L&uacute;c&aacute;s 19:28-40). <em>&Iacute;osa ag teacht isteach go hIar&uacute;sail&eacute;im<\/em>. T&aacute; an sliocht seo faoi theacht &Iacute;osa isteach go hIar&uacute;sail&eacute;im le f&aacute;il i ngach ceann de na tr&iacute; shoisc&eacute;il shionaptacha, Matha, Marcas agus L&uacute;c&aacute;s. Thug an eachtra le tuiscint do lucht lean&uacute;na Chr&iacute;ost an fh&aacute;istine ag an f&aacute;idh Zacairia (9:9-10) faoi theacht an r&iacute;, an Meisias, go humhail go hIer&uacute;sail&eacute;im, ag marc&aacute;iocht ar asal &ndash; b&iacute;odh nach luaitear an fh&aacute;istine sin ag L&uacute;c&aacute;s. Mheasfadh duine gur mior&uacute;ilt a bh&iacute; ann faoi aimsi&uacute; an asail agus c&eacute; chomh h&eacute;asca a scaoil an t-&uacute;in&eacute;ir leis an bheirt dheisceabal &eacute;, ach b&rsquo;fh&eacute;idir go raibh aithne ag &Iacute;osa air cheana. Bh&iacute; Cnoc na nOl&oacute;g, B&eacute;atfag&eacute; agus B&eacute;at&aacute;ine congarach do Iar&uacute;sail&eacute;im, agus t&aacute; a fhios againn go raibh c&aacute;irde ag &Iacute;osa ansin. Rud sontasach faoin l&eacute;acht seo n&aacute; nach cheileann &Iacute;osa a thuilleadh gurb &eacute; an Meisias, r&iacute; Iosrael, &eacute;. Tugann a lucht lean&uacute;na &eacute; sin faoi deara agus tugann siad om&oacute;s cu&iacute; d&oacute;. Is fi&uacute; sainleagan seo L&uacute;c&aacute;is a chur i gcompar&aacute;id lena bhfuil aige faoi bhreith Chr&iacute;ost agus gl&oacute;r na n-aingeal &oacute; neamh. Faoi mar a bh&iacute; na h-aoir&iacute; i mBeithil bhi lucht lean&uacute;na Chr&iacute;ost anois l&aacute;n d&rsquo;&aacute;thas mar gheall ar a raibh de mhior&uacute;ilt&iacute; feicthe acu (f&eacute;ach ar L&uacute;c&aacute;s 2:20). Ag Matha agus Marcas seo cr&iacute;och le moladh an phobail: &ldquo;Hosanna sna harda&rdquo;. Athra&iacute;onn L&uacute;c&aacute;s sin go: &ldquo;S&iacute;och&aacute;in san flaithis, agus gl&oacute;ir in uachtar neimhe&rdquo;, mar a chan cuallacht de shlua na bhflaitheas ag breith Chr&iacute;ost sa Bheithil (L&uacute;c&aacute;s 2:13-14). Bh&iacute; s&iacute;och&aacute;in tagaithe anois d&oacute;ibh si&uacute;d a ghlacfadh le Cr&iacute;ost i gcreideamh. N&iacute;or thuig Iar&uacute;sail&eacute;im conas an ts&iacute;och&aacute;in sin a ghlacadh, rud a thug ar &Iacute;osa gol d&aacute; bharr, mar a leanann an sliocht seo ar aghaidh (L&uacute;cas 19:41-44).<\/p>\n<p><em>C&eacute;ad L&eacute;acht <\/em>(Eas&aacute;ias 50:4-7). <em>N&iacute;or cheil m&eacute; mo ghn&uacute;is ar mhasla, mar t&aacute; a fhios agam nach mbeidh m&eacute; meallta. <\/em>Seo &eacute; dara hAmhr&aacute;n ghiolla an Tiarna (mar a thugtar orthu) as ceithre chinn. (Na cinn eile Eas&aacute;ias 42:1-4; 49:1-6; 52:13-53:12.) N&iacute; fios go beacht c&eacute;rb &eacute; an duine a bh&iacute; in aigne an fh&aacute;idh nuair a chum s&eacute; na duanta seo: an bhfuil s&eacute; ag labhairt ina agus faoina phearsa f&eacute;in, ag pearsan&uacute; Iosrael, n&oacute; faoi dhuine f&oacute;s le teacht. Is cuma faoin cheist &aacute;irithe seo. Is l&eacute;ir go bhfuil siad fioraithe in &Iacute;osa Cr&iacute;ost, ina bheatha agus ina bh&aacute;s agus ais&eacute;ir&iacute;. Cuireann an duan seo s&iacute;os go h&aacute;lainn agus go beacht ar a phearsa agus ar an mhisean a bh&iacute; aige. Bh&iacute; an bua &oacute; Dhia aige fulaingt agus tuiscint a bheith aige d&oacute;ibh si&uacute;d a bh&iacute; &aacute; ch&eacute;asadh n&oacute; a bh&iacute; traochta. Fulainga&iacute;onn s&eacute; go foighdeach an m&eacute;id is toil le Dia a chur air, agus muin&iacute;n ioml&aacute;n aige as Dia go mbeidh toradh ar a shaothar.<\/p>\n<p><em>Salm le Freagra <\/em>(Salm 21[22]). <em>A Dhia liom, a Dhia liom, cad chuige ar thr&eacute;ig t&uacute; m&eacute;?<\/em><\/p>\n<p><em> Dara L&eacute;acht <\/em>(Filipigh 2:6-11). Duan an-&aacute;rsa Cr&iacute;osta&iacute; &eacute; seo, a bhaineann P&oacute;l &uacute;s&aacute;id as le bheith ina eiseaml&aacute;ir do Chr&iacute;ostaithe conas aithris a dh&eacute;anamh ar &Iacute;osa. Is d&oacute;cha go bhfuil an duan ag d&eacute;anamh codarsnacht idir &Iacute;osa, an t&Aacute;dhamh nua agus an an ch&eacute;ad &Aacute;dhamh i nGaird&iacute;n Pharthais. B&iacute;odh gur duine daonna, i gcl&oacute; daonna, a bh&iacute; sa ch&eacute;ad &Aacute;dhamh ghlac s&eacute; le ghuth an diabhail, na nathrach nimhe, agus shantaigh s&eacute; bheith mar Dhia, agus loit plean D&eacute;. A mhalairt ar fad le h&Iacute;osa, a bh&iacute; i gcl&oacute; D&eacute; ach a &iacute;sligh &eacute; f&eacute;in, go b&aacute;s fi&uacute; na croise. An t-ainm a bronnadh ag Dia ar &Iacute;osa n&aacute; &ldquo;Tiarna&rdquo;. Ionann &ldquo;Tiarna&rdquo; agus Cr&iacute;ost c&eacute;asta, ais&eacute;irithe, ar dheasl&aacute;imh an Athar faoi ghl&oacute;ir, agus an T&eacute; a thugann uaidh an Spiorad Naofa don eaglais. Cr&eacute; ann f&eacute;in an teideal seo &ldquo;Tiarna&rdquo;.<\/p>\n<p><em>Soisc&eacute;al <\/em>(Leagan gearr)<em> <\/em>(L&uacute;c&aacute;s 23:1-47). An leagan gearr, an mh&iacute;r dheiridh de, at&aacute; sa sliocht seo. T&aacute; leagan ioml&aacute;n L&uacute;c&aacute;is a dh&aacute; oiread n&iacute;os faide n&aacute; seo. Tosa&iacute;onn an leagan seo le triail &Iacute;osa i l&aacute;thair Phiol&aacute;it, gobharn&oacute;ir na Roimhe ar I&uacute;d&eacute;a agus Iar&uacute;sail&eacute;im. Ag triail &Iacute;osa ag ardchomhairle na nGi&uacute;dach is diamhasla a cuireadh ina leith. Anois ag iarraidh breith an bh&aacute;is &oacute; Phiol&aacute;it c&uacute;iseamh poiliti&uacute;il a cuireadh ina leith, ag gr&iacute;os&uacute; chun ceannairce agus ag toirmeasc c&iacute;os a &iacute;oc le C&eacute;asar. Bh&iacute; H&eacute;ar&oacute;d Antipas, teitrearc na Gail&iacute;le, in Iar&uacute;sail&eacute;im don fh&eacute;ile. Bh&iacute; eolas aige si&uacute;d ar chl&uacute; &Iacute;osa sa Ghail&iacute;l cheana f&eacute;in. N&iacute; g&aacute; cur s&iacute;os ar mhion-shonra&iacute; na l&eacute;achta seo. Is fi&uacute; aird a thabhairt ar ch&uacute;pla sain-ghn&eacute; L&uacute;c&aacute;is ann. Ba n&oacute;s ag Dante teidil ghonta as Laidin n&oacute; Iod&aacute;ilis a thabhairt ar laochra agus i&oacute;c&oacute;in d&aacute; chuid. Ar L&uacute;c&aacute;s thug s&eacute; <em>Scriba mansuetudinis Christi<\/em>, &ldquo;Scr&iacute;obha&iacute; chneastacht Cr&iacute;ost&rdquo;. T&aacute; L&uacute;c&aacute;s tugtha do bh&eacute;im a leagaint ar chneastacht an tSl&aacute;naitheora. T&aacute; tr&iacute; shampla de sin le sonr&uacute; sa l&eacute;acht seo. Ar a shl&iacute; chun Cailbhire, agus an complacht ban &aacute; chaoineadh, d&uacute;irt &Iacute;osa leo gan bheith ag gol mar gheall air f&eacute;in, ach mar gheall orthu f&eacute;in toisc an uaf&aacute;is a bh&iacute; le teacht (de bharr &eacute;ir&iacute; amach in &eacute;adan na R&oacute;imhe). Arna chur ar an chrois d&oacute; d&rsquo;iarr s&eacute; ar a Athair maitheamh d&oacute;ibh san ba chiontach lena ch&eacute;asadh, ag gabh&aacute;il mar leithsc&eacute;al nach raibh a fhios acu cad a bh&iacute; siad &aacute; dh&eacute;anamh. Agus roimh f&aacute;il bh&aacute;is d&oacute; d&uacute;irt s&eacute; leis an choirpeach aithreach go mbeadh s&eacute; in &eacute;ineacht leis an l&aacute; sin f&eacute;in i bParthas.<\/p>\n<p><strong><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">B. An B&iacute;obla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: <\/span><\/strong><em><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">Ceansacht Chr&iacute;ost d&aacute;r ngr&iacute;osadh<\/span><\/em><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">T&aacute; &aacute;bhar saibhir machnaimh i l&eacute;acha&iacute; an lae inniu, agus den chuid is m&oacute; de labhra&iacute;onn siad uathu f&eacute;in ach iad a l&eacute;amh agus s&uacute;il againn ar shaol agus ch&uacute;ins&iacute; &aacute;r linne f&eacute;in. <\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">Sa ch&eacute;ad agus sa dara l&eacute;acht t&aacute; giolla, seirbh&iacute;seach, an Tiarna agus &Iacute;osa f&eacute;in curtha os &aacute;r gcomhair mar eiseaml&aacute;ir, an giolla a bhfuil teanga an aos l&eacute;inn aige toisc gur fhoghlaim s&eacute; &oacute;n m&eacute;id a fhulaing s&eacute;, <\/span><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\"> agus a thug d&oacute; an tuiscint freagra a thabhairt do t&eacute; at&aacute; traochta. Sin bua m&oacute;r a bheadh le foghlaim ag saol an lae inniu&mdash;go bhfuil d&iacute;nit sa bhr&oacute;n, san fhulaingt, a thugann tuiscint do dhuine ar chora crua an tsaoil. D&eacute;antar cur s&iacute;os go minic i dt&iacute;ortha &aacute;irithe ar &ldquo;chine&aacute;l na beatha&rdquo;, &ldquo;the quality of life&rdquo;, amhail is nach mbeadh br&iacute;, ciall, leis an bheatha dhaonna muna mbeadh s&iacute; gan fhulaingt, gan fhadhb. T&oacute;gtar easba seo den &ldquo;quality of life&rdquo; mar leithsc&eacute;al do eotan&aacute;is. T&aacute; a fhios againn go bhfuil sc&eacute;al d&aacute; leith&eacute;id casta, ach mar sin f&eacute;in is fi&uacute; a mheabhr&uacute; go bhfuil d&iacute;nit ag baint le gach gn&eacute; den saol daonna.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 11pt; font-family: 'Times New Roman',serif; color: black;\"><\/span><span style=\"font-size: 12pt; font-family: 'Times New Roman',serif;\">Ceacht eile a thagann chugainn &oacute;n ch&eacute;ad l&eacute;acht agus &oacute;n soisc&eacute;al, faoi Ph&aacute;is &Aacute;r dTiarna, n&aacute; ceansacht Chr&iacute;ost agus a gairm chugainn a bheith tuisceanach d&aacute; ch&eacute;ile. Leag an P&aacute;pa Prionsias b&eacute;im ar a leith&eacute;id de sin agus thug na me&aacute;in chumars&aacute;ide an-aird d&oacute;. T&aacute; teachtaireacht ag Giolla an Tiarna agus ag &Iacute;osa a fuair b&aacute;s don saol seo againne go f&oacute;ill. Gu&iacute;mis go mbeadh toradh f&oacute;nta ar aspalacht an Ph&aacute;pa Proin<\/span><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>20 Marta 2016 (C) Domhnach na Pailme Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC A. L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute; B. &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-393","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/393","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=393"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/393\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=393"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=393"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=393"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}