{"id":395,"date":"2016-03-22T16:55:50","date_gmt":"2016-03-22T16:55:50","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=395"},"modified":"2016-03-22T16:55:50","modified_gmt":"2016-03-22T16:55:50","slug":"27-marta-2016-c-domhnach-casca","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=395","title":{"rendered":"27 Marta 2016 (C) Domhnach C\u00e1sca"},"content":{"rendered":"<p><strong><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">27 Marta 2016 (C) Domhnach C&aacute;sca<\/span><\/strong><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 11pt; font-variant: small-caps;\">Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla<\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 11pt;\">leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC<\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">A. L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">B. An B&iacute;obla in agallamh le ceisteanna an lae<\/span><\/p>\n<p><strong><em><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">A. An B&iacute;obla sa Liot&uacute;irge mar threoir don bheatha (L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh)<\/span><\/em><\/strong><\/p>\n<p><em><span style=\"font-size: 11pt;\">C&eacute;ad L&eacute;acht <\/span><\/em><span style=\"font-size: 11pt;\">(Gn&iacute;omhartha na nAspal 19:34, 37-43). <em>D&rsquo;itheamar agus d&rsquo;&oacute;lamar ina chuideachta i ndiaidh a ais&eacute;ir&iacute; &oacute; mhairbh. <\/em>Ina chomhth&eacute;acs i nGn&iacute;omthartha na nAspal t&aacute; an sliocht seo mar chuid den chur s&iacute;os ar an &aacute;it a bh&iacute; ag Peadar agus an Eaglais &oacute;g in Iar&uacute;sail&eacute;im le creideamh Chriost a thabhhairt do na pag&aacute;naigh gan an timpeallghearradh a bheith riachtanach. Bh&iacute; aisling ag C&oacute;irn&eacute;ilias, taoiseach c&eacute;ad na R&oacute;imhe, pag&aacute;nach cr&aacute;ifeach, &aacute; r&aacute; leis glaoch ar Pheadar le eolas an tsl&aacute;naithe a thabhairt d&oacute;. Bh&iacute; an glaoch bheith ina aspal dona pag&aacute;naigh faighte ag P&oacute;l cheana f&eacute;in, ach n&iacute; raibh s&eacute; i mbun saothair f&oacute;s. Thug Peadar an t-aitheasc sa l&eacute;acht seo agus chreid C&oacute;irn&eacute;ilias agus a theaghlach agus th&aacute;inig an Spiorad Naomh anuas orthu. Bhaist Peadar iad gan timpeallghearradh; thug tuairisc faoi sin don eaglais in Iar&uacute;sail&eacute;im, a aontaigh leis. Aitheasc Pheadair do Ch&oacute;irn&eacute;ilias agus a theaghlach at&aacute; i sliocht seo an lae inniu. Is d&oacute;cha gur sampla &eacute; de ch&eacute;ad-sheanm&oacute;ireacht na heaglaise ag craobhscaoileadh theachtaireacht an tsoisc&eacute;il di.Thosaigh an cur s&iacute;os le baiste Eoin Baiste, ungadh Chr&iacute;ost ansin leis an Spiorad Naomh, agus na mior&uacute;ilt&iacute; a rinne s&eacute; d&aacute; bharr, beatha phoibl&iacute; Chr&iacute;ost, agus na hAspail mar fh&iacute;nn&eacute;ithe ar sin; c&eacute;asadh agus b&aacute;s Chr&iacute;ost agus a ais&eacute;ir&iacute;, agus an fhianaise gur ais&eacute;irigh s&eacute; d&aacute;ir&iacute;re &aacute; thaispe&aacute;int f&eacute;in d&aacute; lucht lean&uacute;na, agus mar ar ordaigh s&eacute; d&aacute; dheisceabail an soisc&eacute;al a craobhscaoileadh. Seanm&oacute;ir&iacute; den eaglais &oacute;g cos&uacute;il leis an ceann seo a thug an creatlach do na Soisc&eacute;il a cuireadh le ch&eacute;ile n&iacute;os d&eacute;ana&iacute;, ag tos&uacute; le seanm&oacute;ireacht Eoin Bhaiste agus ag cr&iacute;ochn&uacute; le ais&eacute;ir&iacute; Chr&iacute;ost. Bun agus barr na seanm&oacute;ireachta go l&eacute;ir in aon aois n&aacute; an glaoch chun aithr&iacute;.<\/span><\/p>\n<p style=\"margin-top: 12pt;\"><em><span style=\"font-size: 11pt;\">Salm le Freagra <\/span><\/em><span style=\"font-size: 11pt;\">(Salm 117[118]). <em>Is &eacute; seo an l&aacute; a rinne an Tiarna: b&iacute;odh &aacute;thas agus gliondar orainn.<\/em><\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"font-size: 11pt;\"> Dara L&eacute;acht <\/span><\/em><span style=\"font-size: 11pt;\">(<\/span><span style=\"font-size: 11pt;\">Colosaigh 3:1-4). <em>Lorga&iacute;g&iacute; na nithe at&aacute; thuas mar a bhfuil Cr&iacute;ost. <\/em>Roghna&iacute;odh an sliocht seo den litir chuig na Colosaigh toisc go bhfuil s&eacute; feili&uacute;nach do Dhomhnach na C&aacute;sca, an l&aacute; ina bhfuilimid ag ceili&uacute;radh ais&eacute;ir&iacute; Chr&iacute;ost agus a fhilleadh faoi ghl&oacute;ir go dheasl&aacute;mh an Athar, &aacute;it a bhfuil s&eacute; de sh&iacute;or ag gu&iacute; ar son na hEaglaise, agus ar &aacute;r son go l&eacute;ir le go mbeadh toradh ar a bh&aacute;s agus a ais&eacute;ir&iacute;. T&aacute; Cr&iacute;osta&iacute;the aontaithe le Cr&iacute;ost sa bhaisteadh, agus mar adeir an l&eacute;acht seo aontaithe leis ar neamh. N&iacute; l&eacute;acht ginear&aacute;lta gan t&eacute;agar at&aacute; anseo. Tamall gearr roimhe seo scr&iacute;obh P&oacute;l (Colosaigh 2:6-7): &ldquo;Mar sin de, &oacute;s rud &eacute; go bhfuil glactha agaibh le h&Iacute;osa mar Thiarna, tugaig&iacute; bh&uacute;r saol i bp&aacute;irt leis. B&iacute;g&iacute; pr&eacute;amhaithe ann agus bunaithe air agus daingean sa chreideamh faoi mar ar m&uacute;ineadh daoibh &eacute;&rdquo;. Agus n&iacute; rud teib&iacute; an creideamh seo i gCr&iacute;ost ar dheis D&eacute;. T&aacute; &Iacute;osa ann f&oacute;s ag craobhscaoileadh a shoisc&eacute;&iacute;l agus ag m&uacute;ineadh conas &aacute;r saol a thabhairt as anseo ar talamh, mar a deirtear sna v&eacute;arsa&iacute; a leanann an sliocht seo: toisc go gcreidimid go bhfuilimid in &eacute;ineacht le Cr&iacute;ost ar neamh deirtear linn an &ldquo;taobh saolta&rdquo;, na hainmhianta, a bh&aacute;s&uacute;. Agus mar shampla ar sin &aacute;ir&iacute;otar ceithre chinn de n&oacute;sanna gn&eacute;asacha, agus moltar liosta de shu&aacute;ilc&iacute; le cleactadh. Ionann creideamh i gCr&iacute;ost ar dheis D&eacute; agus conas &aacute;r mbeatha sa saol seo a chaitheamh seachas a mhalairt.<\/span><\/p>\n<p><strong><span style=\"font-size: 11pt;\">Malairt L&eacute;achta. (<\/span><\/strong><span style=\"font-size: 11pt;\">1 Coirintigh 5:6-8). <em>Glanaig&iacute; amach an tseanghabh&aacute;il ionas go mbeidh sibh in bhur dtaos nua. <\/em>Sa t&eacute;acs d&iacute;reach roimh an cheann seo ch&aacute;in P&oacute;l an comhluadar cr&iacute;osta&iacute; sa Coirint toisc an droch-iompair ann: bh&iacute; fear ag maireacht&aacute;il lena leasmh&aacute;thair mar ch&eacute;ile gan ch&aacute;ineadh &oacute;n chomhluadar cr&iacute;ostai. Truailli&uacute; a bh&iacute; ann. Sa l&eacute;acht seo cuireann an t-aspal lucht lean&uacute;na Chr&iacute;ost san airdeal faoin bhaol &oacute;n droch-shampla, agus chuige sin baineann s&eacute; &uacute;s&aacute;id as ch&uacute;lra Ch&aacute;isc na nGi&uacute;dach a bh&iacute; &aacute; ceiliuradh b&rsquo;fh&eacute;idir an tr&aacute;th bliana sin. Le C&aacute;isc na nGi&uacute;dach a cheili&uacute;radh n&iacute;or mh&oacute;r gach p&iacute;osa ar&aacute;in le giosta, gabh&aacute;il, a chaitheamh amach leis an Ch&aacute;isc a chom&oacute;radh. Sa Ch&aacute;isc Ghi&uacute;dach ba &eacute; uan na C&aacute;sca an &iacute;obairt. Sa Ch&aacute;isc Nua ba &eacute; &Iacute;osa an &iacute;obairt.I s&uacute;ile Ph&oacute;l siombal den truailli&uacute; an ghabh&aacute;il. Ionann C&aacute;isc na hEaglaise agus easpa ar&aacute;n gabh&aacute;la, sin le r&aacute; d&iacute;lseacht, ionracas, tr&eacute;dhearcacht agus firinne. Seanm&oacute;ir gonta C&aacute;sca an giota seo le P&oacute;l Aspal. Do Chr&iacute;osta&iacute;the, cuireadh &eacute; do ghlaine chroi, cuireadh chun sacraimint na faoistine.<\/span><\/p>\n<p><em>Soisc&eacute;al <\/em>(Eoin 20:1-9). <em>N&iacute;orbh fhol&aacute;ir &eacute; a ais&eacute;ir&iacute; &oacute; mhairbh. <\/em>T&aacute; cuntais &eacute;ags&uacute;la againn sa Tiomna Nua faoi ais&eacute;ir&iacute; Chr&iacute;ost agus conas a thaispe&aacute;in s&eacute; f&eacute;&iacute;n do lucht lean&uacute;na tofa d&aacute; chuid. De r&eacute;ir Ph&oacute;il (1 Coirintigh 15:3-8) thaispe&aacute;in s&eacute; &eacute; f&eacute;in faoi ch&uacute;ig, i dtosach b&aacute;ire do Pheadar agus sa deireach thiar do Ph&oacute;l f&eacute;in. Sliocht an lae inniu as soisc&eacute;al Eoin n&iacute;l ann ach ceann amh&aacute;in de shraith eachtra&iacute;: ar th&uacute;s an tuama folamh (Eoin 20:1-10); ansin taispe&aacute;int do Mh&aacute;ire Mhaigdil&eacute;ana (20:11-18); ansin do na deisceabail gan Tom&aacute;s (20:19-23), agus ansin le Tom&aacute;s i l&aacute;thair (24-29). Sliocht an lae inniu is faoin chuairt go dt&iacute; an tuama &eacute;, tuama a faightear folamh. Measann M&aacute;ire Mh&aacute;igdil&eacute;ana gur rob&aacute;il at&aacute; i gceist. Tugann an &ldquo;deisceabal eile&rdquo; (an deisceabal m&uacute;irneach; an deisceabal a raibh gr&aacute; ag &Iacute;osa d&oacute;, Eoin 13:23) &aacute;ird ar st&aacute;das faoi leith Pheadair. Cuireann an staid slachtmhar ina bhfuil na baill &eacute;adaigh slad as an &aacute;ireamh. Faigheann an deisceabal eile tuiscint ar leith faoi ais&eacute;ir&iacute; Chr&iacute;ost, agus n&iacute;os d&eacute;ana&iacute; tiocfaidh an eaglais ar an dtuiscint go raibh sin de r&eacute;ir an scriopt&uacute;ir, tuiscint nach raibh aici &oacute; th&uacute;s.<\/p>\n<p><strong><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">B. An B&iacute;obla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae<\/span><\/strong><\/p>\n<p><em> Cr&iacute;ost mar ceann na heaglaise agus cro&iacute;l&aacute;r &aacute;r gcreidimh. Creidmhigh mar fhinn&eacute;ithe d&oacute;.<\/em><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">T&aacute; &aacute;bhar saibhir machnaimh i l&eacute;acha&iacute; an lae inniu, agus den chuid is m&oacute; de labhra&iacute;onn siad uathu f&eacute;in ach iad a l&eacute;amh agus s&uacute;il againn ar shaol agus ch&uacute;ins&iacute; &aacute;r linne f&eacute;in. Sa ch&eacute;ad l&eacute;acht cuireann Peadar b&eacute;im ar na haspail mar fhinn&eacute;ithe d&rsquo;ais&eacute;ir&iacute; Chr&iacute;ost agus sa dara l&eacute;acht as an litir chuig na Colosaigh meabhra&iacute;otar do chreidmhigh go bhfuil a mbeatha &ldquo;folaithe mar aon le Cr&iacute;ost i nDia&rdquo;. Cr&iacute;ost ar neamh ceann na hEaglaise, t&aacute; s&eacute; f&oacute;s ag fogairt a shoisc&eacute;il mar a rinne s&eacute; d&aacute; mhuintir na Gi&uacute;daigh, ach chomh maith ag f&oacute;gairt shoisc&eacute;il Ph&oacute;il do na neamh-Ghi&uacute;daigh, na pag&aacute;naigh, &aacute; meabhr&uacute; do na Colosaigh, agus do gach creidmheach, n&oacute;sanna pag&aacute;nacha a chur d&iacute;obh, n&oacute;sanna a &aacute;ir&iacute;onn s&eacute;: &ldquo;B&aacute;saig&iacute; mar sin an taobh saolta (na hainmhianta pag&aacute;nacha) d&iacute;bh f&eacute;in: an dr&uacute;is, an neamhglaine, an paisean, an ainmhian agus an tsaint &uacute;d nach bhfuil inti ach &iacute;oladhradh&rdquo;. Gan Cr&iacute;ost bheith mar chro&iacute;l&aacute;r aici n&iacute; bheadh san eaglais d&aacute; fearr &iacute; ach cumann leasa shoisialigh, mar a mheabhraigh an P&aacute;pa Proins&eacute;as d&uacute;inn. Thuig &aacute;r muintir sin go maith, mar ar tugadh teagasc don &ldquo;duine at&aacute; i dt&uacute;is a shaoil&rdquo; sa d&aacute;n &oacute;n mb&eacute;aaloidas: &ldquo;Sara dtiocfaidh iomad ded aois, b&iacute;odh aithne ar Chr&iacute;ost agat&rdquo; &ndash; n&iacute; eolas faoi Chr&iacute;ost ach aithint phearsanta air.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Maidir le c&uacute;rsa&iacute; creidimh, t&aacute; &Eacute;ire inniu ag crosbh&oacute;thar a staire. Sa daon&aacute;ireamh deiridh (2011) shinigh 84% den daonra iad f&eacute;in mar Chaitlicigh R&oacute;mh&aacute;nacha, agus 4% gan creideamh ar bith, &eacute; seo b&iacute;odh go raibh feachtas aindiachta&iacute; ann gan clar&uacute; mar Chaitlicigh. Ach t&aacute; meon saolta, meon di-eaglaisi&uacute;, saec&uacute;l&aacute;rach, ag teacht i r&eacute;im, agus leisce, n&oacute; m&iacute;fhonn, ar dhaoine freastal ar Aifreann n&oacute; na sacraimint&iacute;. Ach is &eacute; is creideamh ann n&aacute; cruth&uacute;, n&oacute; cinnteacht, gur ann do na nithe nach bhfeicimid. T&aacute; feachtas nua tosaithe san eaglais: bliain an chreidimh, an tsoisc&eacute;ala&iacute;ocht nua. Sin teachtaireacht na C&aacute;sca d&uacute;inn, fianaise a thabhairt an l&aacute; at&aacute; inniu ann do Chr&iacute;ost ar dheis an Athar, agus sinne aontaithe leis sa bhaiste, sa chreideamh. Beannacta&iacute; na C&aacute;sca orainn go l&eacute;ir.<\/span><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>27 Marta 2016 (C) Domhnach C&aacute;sca Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC A. L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute; B. An &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-395","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/395","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=395"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/395\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=395"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=395"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=395"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}