{"id":396,"date":"2016-03-30T09:37:07","date_gmt":"2016-03-30T09:37:07","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=396"},"modified":"2016-03-30T09:37:07","modified_gmt":"2016-03-30T09:37:07","slug":"3-aibrean-2016-c-dara-domhnach-den-chaisc","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=396","title":{"rendered":"3 Aibrean 2016 (C) Dara Domhnach den Chaisc"},"content":{"rendered":"<p><strong><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">3 Aibrean 2016 (C) Dara Domhnach den Chaisc<\/span><\/strong><\/p>\n<p><strong><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">F&eacute;ile Thr&oacute;caire D&eacute;<\/span><\/strong><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 11pt; font-variant: small-caps;\">Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla<\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 11pt;\">leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC<\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">A. L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">B. An B&iacute;obla in agallamh le ceisteanna an lae: <\/span><em><span style=\"font-size: 10pt;\">(1) &ldquo;Is m&eacute;anar d&oacute;ibh seo nach bhfaca agus a chreid&rdquo;; <\/span><\/em><span style=\"font-size: 11pt;\">(2) Domhnach Th&oacute;caire D&eacute;<\/span><\/p>\n<p><strong><em><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">A. An B&iacute;obla sa Liot&uacute;irge mar threoir don bheatha (L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh)<\/span><\/em><\/strong><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 11pt;\">C&eacute;ad L&eacute;acht (Gn&iacute;omhartha na nAspal 5:12-16). Chuaigh l&iacute;on na bhfear agus na mban a chreid sa Tiarna n&iacute;ba mh&oacute; i m&eacute;id. Seo ceann dena achoimr&iacute; &iacute;d&eacute;alacha de bheatha na hEaglaise &oacute;ige in Iar&uacute;sail&eacute;im ar ghean le L&uacute;c&aacute;s, &uacute;dar an leabhair seo, a chur &oacute;s &aacute;r gcomhair. Bh&iacute; an comhluadar Cr&iacute;osta&iacute; luath seo faoi ardmheas ag an pobal agus bh&iacute; l&iacute;on na gcreidmheach ag dul i m&eacute;id &oacute; l&aacute; go ch&eacute;ile. Meabhra&iacute;onn L&uacute;c&aacute;s d&uacute;inn chomh maith an &aacute;it l&aacute;rnach a bh&iacute; ag Peadar. Ba shin laethanta tosaigh na h Eaglaise tar <\/span><span style=\"font-size: 11pt;\">&eacute;is teacht<\/span> <span style=\"font-size: 11pt;\">an Spioraid Naoimh, sul ar rinneadh soil&eacute;ir impleachta&iacute; an chreidimh i gCr&iacute;ost mar Shl&aacute;naitheoir don domhan uile, Gi&uacute;dach agus eile, gan an Teampall n&aacute; Dl&iacute; Mhaoise. Bheadh sin le teacht nuair a ghluais an Eaglais amach &oacute; Iar&uacute;sail&eacute;im thar cr&iacute;ocha Iosrael. Bheadh ar an tion&oacute;l Cr&iacute;osta&iacute; in Iar&uacute;sail&eacute;im a chuid f&eacute;in de na deacrachta&iacute; a bhain leis sin a fhulaingt.<\/span><\/p>\n<p style=\"margin-top: 12pt;\"><span style=\"font-size: 11pt;\">Salm le Freagra (Salm 117[118]). Tugaig&iacute; bu&iacute;ochas don Tiarna toisc gur maith &eacute;: &oacute;ir maireann a ghr&aacute; de sh&iacute;or.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 11pt;\"> Dara L&eacute;acht (Apacailipsis 1:9-13, 17-19). Ba mharbh dom, ach anois is beo dom ar feadh an s&iacute;ora&iacute;ochta. Ar feadh Domhnacha&iacute; na C&aacute;sca is &eacute; a bheidh sa dara l&eacute;acht n&aacute; sleachta as Leabhar Apacailipsis Eoin, Is &eacute; at&aacute; in apacailipsis n&aacute; se&aacute;nra, cine&aacute;l, gn&eacute; de litr&iacute;ocht na nGi&uacute;dach in a bhfuil foilsi&uacute; diaga tr&iacute; idirghabh&aacute;la&iacute; faoi rudai le titim amach go luath. Sampla sontasach den se&aacute;nra seo n&aacute; Leabhar Dain&eacute;il den Seantiomna, a scr&iacute;obhadh le uchtach a thabhairt do na Gi&uacute;daigh a bh&iacute; i mbaol b&aacute;is de bharr gh&eacute;arlean&uacute;na. Buntr&eacute;ith, teachtaireacht l&aacute;rnach, leabhair Dain&eacute;il agus Eoin, agus na scr&iacute;bhinn&iacute; apacailipteacha i gcoitine n&aacute; go bhfuil Dia i gc&oacute;na&iacute; i gceannas agus nach f&eacute;idir le aon cumhacht dhaonna a r&eacute;im a chur as riocht. Bh&iacute; an fh&iacute;s seo ag Eoin nuair a bh&iacute; s&eacute; i ngeibheann faoin impire Domitianus (A.D. 80-96) in oile&aacute;n beag Patmos (thart ar deich m&iacute;le faoi c&uacute;ig bhfairsinge) sa Mhuir Aeg&eacute;ach de bharr a chreidimh i gCr&iacute;ost. Scr&iacute;binn&iacute; l&eacute;annta, go minic l&aacute;n de shiomb&oacute;lachas, tagairt&iacute; aduaine agus eile at&aacute; sna apacailipteacha, tagairt&iacute; a thuig an ghl&uacute;in ar scr&iacute;obhadh d&oacute;ibh iad c&eacute;aduair ach nach amhlaidh d&uacute;inne. D&oacute;ibh si&uacute;d ar mhaith leo Apacailipsis Eoin ina ioml&aacute;ine a l&eacute;amh. moltar intreoir ceart d&oacute; a &uacute;s&aacute;id. N&iacute; g&aacute; sin do na l&eacute;achta&iacute; a roghna&iacute;otar don Ch&aacute;isc seo. T&aacute; siad soil&eacute;ir agus sothuigthe. Maidir le l&eacute;acht an lae inniu, bh&iacute; eisp&eacute;aras eacstaiseach ag Eoin. Thaibhsigh &Iacute;osa ais&eacute;irithe (Mac an Duine) d&oacute; mar bhreitheamh, le culaith sagartacha (r&oacute;ba, &eacute;ide fhada) agus culaith r&iacute;oga (crios orga). L&eacute;irigh &Iacute;osa d&oacute; gurb aige a bh&iacute; an chumhacht go l&eacute;ir: eisean an T&eacute; at&aacute;, an T&uacute;s agus an Deireadh (teidil a thug Dia Iosrael air f&eacute;in, Ise&aacute;ia 44:6; 48:1). Briathra iad seo le miseanch agus spreagadh a thabhairt do Eoin in oile&aacute;n Patmos agus don Eaglais agus do Chr&iacute;ostaithe i ngach aois agus iad faoi gh&eacute;arlean&uacute;int de aon saghas.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 11pt;\">Soisc&eacute;al (Eoin 20:19-31). Ocht l&aacute; ina dhiaidh sin, th&aacute;inig &Iacute;osa. An ch&eacute;ad chuid den l&eacute;acht seo cuireann s&iacute; s&iacute;os ar eachtra a tharla tr&aacute;thn&oacute;na Dhomhnach na C&aacute;sca. L&eacute;irigh an Sl&aacute;naitheoir ais&eacute;irithe &eacute; f&eacute;in do na haspail, agus deimhn&iacute;onn d&oacute;ibh go raibh s&eacute; &eacute;irithe d&aacute;ir&iacute;re ina dhaonnacht ag taispe&aacute;int d&oacute;ibh a l&aacute;mha agus a chosa gonta. D&rsquo;an&aacute;iligh s&eacute; orthu agus thug d&oacute;ibh an Spiorad Naomh agus an chumhacht peaca&iacute; a mhaitheamh. N&iacute; raibh an t-aspal Tom&aacute;s i l&aacute;thair an Domhnach sin agus d&uacute;irt s&eacute; nach gcreidfeadh s&eacute; gan fianaise gurb &eacute; an t&Iacute;osa a c&eacute;asadh a bh&iacute; i gceist.. T&aacute; an dara heachtra againn sa dara cuid den l&eacute;acht, eachtra a tharla an Domhnach tar &eacute;is na C&aacute;sca. Admha&iacute;onn Tom&aacute;s creideamh n&iacute; hamh&aacute;in in &Iacute;osa ais&eacute;irithe mar Thiarna, ach f&oacute;s mar Dhia: &ldquo;Mo Thiarna agus mo Dhia&rdquo;. Seo &iacute; an dara h&aacute;it i Soisc&eacute;al seo Eoin ina admha&iacute;tear creideamh in &Iacute;osa mar Dhia, in ndiagacht Chr&iacute;ost. Is &eacute; an ceann eile n&aacute; sa bhrollach (Eoin 1:1): &ldquo;Bh&iacute; an Briathar ann i dt&uacute;s b&aacute;ire &#8230; agus ba Dhia an Briathar&rdquo;. C&uacute;is mhisnigh do chreidmhigh i ngach aois freagra &Iacute;osa ar Thom&aacute;s. N&iacute; measa as iad na m&iacute;lte bliain n&iacute;os d&eacute;ana&iacute; n&aacute; mar a bh&iacute; Tom&aacute;s an Domhnach &uacute;d: &ldquo;Is m&eacute;anar d&oacute;ibh seo nach bhfaca agus a chreid&rdquo;.<\/span><\/p>\n<p><strong><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">B. An B&iacute;obla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae<\/span><\/strong><\/p>\n<p><em><span style=\"font-size: 10pt;\">(1) &ldquo;Is m&eacute;anar d&oacute;ibh seo nach bhfaca agus a chreid&rdquo;.<\/span><\/em><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 10pt;\">Is cuimhin liom gur cuireadh ceist ar dhramad&oacute;ir in agallamh tr&aacute;th faoin eachtra ba mhaith leis bheith faighte aige i rith a shaoil. Fhreagair s&eacute; gur bhre&aacute; leis d&aacute; mbeadh buailte aige le h&Iacute;osa. N&iacute; fios c&eacute;n cheist a bheadh curtha aige ar &Iacute;osa n&aacute; ar fhreagra &Iacute;osa air. Cuireadh chun aithr&iacute; is d&oacute;cha! N&iacute; hionann an c&aacute;s sa mh&eacute;id a bhaineann le creidmhigh de. T&eacute;imis thar nais go dt&iacute; an seomra uachtarach sin, le h&Iacute;osa agus Tom&aacute;s, a chreid i ndiagacht Chiost agus &eacute; i l&aacute;thair. I mbriathra Chr&iacute;ost is m&eacute;anar d&oacute;ibh si&uacute;d a chreideann ann i ngach aois, agis i ngach &aacute;it, go deireadh an domhain. N&iacute; beannaithe Tom&aacute;s n&aacute; iad. Tr&iacute; sh&uacute;ile an chreidimh t&aacute; Cr&iacute;ost i l&aacute;thair faoi mar a bh&iacute; do Thom&aacute;s le s&uacute;ile aiceanta. T&aacute; seo ag dul leis an m&eacute;id a d&uacute;irt &Iacute;osa ina achain&iacute; don Athair ag an Suip&eacute;ar Deiridh: &ldquo;N&iacute; ar a son-san amh&aacute;in [a lucht lean&uacute;na an tr&aacute;th &uacute;d] at&aacute;im ag gu&iacute;, ach, mar an gc&eacute;anna, ar son na ndaoine a chreidfidh ionam tr&iacute;na mbriathar&rdquo; (Eoin 17:20). Don luath-eaglais, agus don eaglais i ngach aois, t&aacute; &Iacute;osa i ngar &ndash; n&iacute;os gaire n&aacute; an doras &ndash; ag tabhairt sol&aacute;is, misnigh agus spreagtha. Mar seo a labhair Peadar faoi &Iacute;osa ina litir do Chr&iacute;osta&iacute;the a bh&iacute; ag fulaingt ar son a gcreidimh i gCr&iacute;ost: &ldquo;N&iacute; fhaca sibh &eacute;, ach tugann sibh gra d&oacute;; n&iacute; fheiceanna sibh anois f&eacute;in &eacute;, ach creideann sibh ann, agus is l&uacute;ch&aacute;ireach sibh le h&aacute;thas gl&oacute;rmhar dolabhartha&rdquo; (1 Peadar 1:8). Is cuid d&iacute;lis den Tiomna Nua agus den Chr&iacute;ostaiocht aithne phearsanta agus aithris ar Chr&iacute;ost. T&aacute; sin go l&eacute;ir curtha go deas i nd&aacute;n Gaeilge faoin chomhairle don duine &oacute;g at&aacute; tagaithe anuas chugainn sa bh&eacute;aloideas agus i scr&iacute;bhinn: &ldquo;A dhuine at&aacute; i dt&uacute;is do shaoil, mo theagasc go cruinn beir leat &#8230; N&aacute; santaigh r&aacute;ite baois&rsquo; n&aacute; an dream go mb&iacute;d acu; <em>sara dtiocfaidh iomad ded&rsquo; aois, <strong>b&iacute;odh aithne ar Chr&iacute;ost agat&rdquo;.<\/strong><\/em><\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 11pt;\">Inniu chomh maith Domhnach Thr&oacute;caire D&eacute;, f&eacute;ile a thionscain an P&aacute;pa Eoin P&oacute;l II sa bhliain 2000 (mar thoradh ar fh&iacute;s a bh&iacute; ag an tSi&uacute;r Ph&oacute;lannach Faustina Kowalska). In aitheasc don fh&eacute;ile seo sa bhliain 2001 (uimhir C den chiorcal thr&iacute; bliana, mar at&aacute; i mbliana) d&uacute;irt an P&aacute;pa: &ldquo;&rsquo;N&aacute; b&iacute;odh eagla oraibh. Is mise an T&uacute;s agus an Deireadh, an Neach beo; is beo dom ar feadh na s&iacute;ora&iacute;ochta&rsquo;&rdquo;. Chualamar na briathra sol&aacute;sacha seo sa Dara L&eacute;acht t&oacute;gtha as Apacailipsis Eoin. Tugann siad cuireadh d&uacute;inn &aacute;r n-amharc a thabhairt ar Chr&iacute;ost le bheith deimhin go bhfuil s&eacute; in&aacute;r dteannta, ag tabhairt uchtaigh d&uacute;inn.. Do gach aoinne, is cuma c&eacute; comh casta agus dr&aacute;mata an staid ina bhfuil s&eacute;, deireann Cr&iacute;ost Ais&eacute;irithe: &lsquo;N&aacute; b&iacute;odh eagla ort. Fuair m&eacute; b&aacute;s ar an gCrois ach t&aacute;im anois beo go deo&rsquo;. &#8230; D&uacute;irt &Iacute;osa leis an tSi&uacute;r Faustina l&aacute; amh&aacute;in: &lsquo;N&iacute; bheidh s&iacute;och&aacute;in ag an gcine daonna go deo go dt&iacute; go gcasfaidh siad chugamsa le muin&iacute;n as mo thr&oacute;caire&rsquo;. Tr&oacute;caire D&eacute;! Seo &iacute; an bronntanas a fhaigheann an Eaglais &oacute; Chr&iacute;ost ais&eacute;irithe agus a thairgeann s&iacute; don chine daonna ag breacadh seo an tr&iacute;&uacute; m&iacute;laoise&rdquo;.<\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">(3) Agallamh le saol an lae inniu<\/span><\/em><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">Tr&oacute;caire D&eacute;! T&aacute; an Seantiomna (go h&aacute;irithe Leabhar na Salm) agus an Tiomna Nua l&aacute;n de thagairt&iacute; d&iacute;. Ach t&aacute; sciar &aacute;irithe gl&oacute;rach de shaol an lae inniu a mha&iacute;onn gurb &eacute; a mhalairt is f&iacute;or &ndash; gur &eacute;adr&oacute;caire do shaoirse an chine dhaonna an creideamh i nDia, agus gur faoiseamh uaidh bheith r&eacute;idh lena leith&eacute;id de theagasc. Is cuid de seo den codarsnacht at&aacute; ann idir theagasc Chr&iacute;ost agus na hEaglaise agus fheals&uacute;nacht &aacute;irithe reatha. Mar an gc&eacute;anna maidir leis an dt&eacute;ama &ldquo;saoirse&rdquo;. Is fada siar an cur agus c&uacute;iteamh faoi seo, go dt&iacute; feals&uacute;nacht na Gr&eacute;ige, traidisi&uacute;n Iosrael, agus an Tiomna Nua. Dar le h&Iacute;osa ionann creideamh ann f&eacute;in agus saoirse cheart. T&aacute; a l&aacute;n inniu a aont&oacute;dh leis an bhfile a d&uacute;irt: &ldquo;Buarach (r&oacute;pa ceangailte) ar m&rsquo;aigne Eaglais D&eacute;&rdquo;. N&iacute; chun na ceisteanna seo a phl&eacute; at&aacute;im anseo, ach iad a ard&uacute;. N&iacute; m&oacute;r aird a thabhairt orthu, agus agallamh a choth&uacute; idir l&eacute;achtai an Domhnaigh agus ceisteanna reatha.<\/span><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>3 Aibrean 2016 (C) Dara Domhnach den Chaisc F&eacute;ile Thr&oacute;caire D&eacute; Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC A. L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-396","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/396","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=396"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/396\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=396"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=396"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=396"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}