{"id":398,"date":"2016-04-06T08:46:04","date_gmt":"2016-04-06T08:46:04","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=398"},"modified":"2016-04-06T08:46:04","modified_gmt":"2016-04-06T08:46:04","slug":"10-aibrean-10-2016-c-triu-domhnach-den-chaisc","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=398","title":{"rendered":"10 Aibre\u00e1n 10 2016 (C) Tr\u00ed\u00fa Domhnach den Ch\u00e1isc"},"content":{"rendered":"<p><strong><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">10 Aibre&aacute;n 10 2016 (C) Tr&iacute;&uacute; Domhnach den Ch&aacute;isc<\/span><\/strong><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 11pt; font-variant: small-caps;\">Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla<\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 11pt;\">leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC<\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">A. L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">B. An B&iacute;obla in agallamh le ceisteanna an lae<\/span><\/p>\n<p><strong><em><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">A. An B&iacute;obla sa Liot&uacute;irge mar threoir don bheatha (L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh)<\/span><\/em><\/strong><\/p>\n<p><em><span style=\"font-size: 11pt;\">C&eacute;ad L&eacute;acht <\/span><\/em><span style=\"font-size: 11pt;\">(Gn&iacute;omhartha na nAspal 5:27-32, 40-41). <em>Is finn&eacute;ithe ar na nithe sin sinne agus an Spiorad Naomh. <\/em>An fhianaise neamheaglach a thug na haspail do &Iacute;osa is pr&iacute;omhtheachtaireacht don l&eacute;acht seo. Tuigtear a bhfuil sa l&eacute;acht n&iacute;os fearr nuair a su&iacute;tear i gcomth&eacute;acs n&iacute;os leithne an leabhair f&eacute;in &iacute;. An dara huair do na haspail bheith gafa agus i ng&eacute;ibheann an comhth&eacute;acs seo (Gn&iacute;omthartha 5:12-42). Ar dt&uacute;s bh&iacute; gach rud ag dul ar aghaidh go seoigh leis na haspail agus iad ag craobhscaoileadh an dea-sc&eacute;il i bP&oacute;irse Sholaimh (5:12-16). D&aacute; bharr seo ghabh &eacute;ad an t-ardsagart agus na Sad&uacute;caigh a ghabh na haspail agus a chuir i bprios&uacute;n iad. Ach scaoileadh saor go mior&uacute;ilteach iad agus th&aacute;inig teachtaireacht &oacute; Dhia chucu seasamh sa Teampall agus f&aacute;isn&eacute;is ioml&aacute;n a thabhairt don phobal &ldquo;ar an mBeatha seo&rdquo;. &ldquo;An Bheatha&rdquo; a tugadh ar dhe&aacute;-sc&eacute;al an tsl&aacute;naithe a th&aacute;inig le h&Iacute;osa. Nuair a chuala an t-ardsagart go rabhadar saor rinne s&eacute; iad a ghabh&aacute;il ar&iacute;s lena gceisti&uacute; (5:17-26). Is anseo a thosa&iacute;onn l&eacute;acht an lae inniu, le ceisti&uacute; na n-aspal agus freagra gan eagla Pheadair agus na n-aspal. Is finn&eacute;ithe iad do ais&eacute;ir&iacute; Chr&iacute;ost agus don ghairm chun aithr&iacute;. Finn&eacute;ithe iad agus finn&eacute; chomh maith an Spiorad Naomh a thug Dia (mar bhronntanas) do gach duine at&aacute; umhail d&oacute;, sin le r&aacute; bronntanas an chreidimh (5:27-32). Leanann sliocht, nach l&eacute;itear innu, ina thugann an Fairis&iacute;neach Gamaili&eacute;il comhairle do na c&uacute;isitheoir&iacute; na haspail s scaoileadh saor. Rinneadh na haspail a sci&uacute;rs&aacute;il (tr&iacute;ocha naoi lascanna) agus a ligean saor. Bh&iacute; l&uacute;ch&aacute;ir ar na haspail as an tarcuisne ar son Chr&iacute;ost.<\/span><\/p>\n<p style=\"margin-top: 12pt;\"><em><span style=\"font-size: 11pt;\">Salm le Freagra <\/span><\/em><span style=\"font-size: 11pt;\">(Salm 29[30]). <em>Molfaidh m&eacute; th&uacute;, a Thiarna, de bhr&iacute; gur shaor t&uacute; m&eacute;.<\/em><\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"font-size: 11pt;\"> Dara L&eacute;acht <\/span><\/em><span style=\"font-size: 11pt;\">(Apacailipsis 5:11-14). <em>Is fi&uacute; &eacute; an tUan arna &iacute;obairt, &eacute; a fh&aacute;il cumhachta agus saibhris.<\/em> Sa ch&eacute;ad radharc ar Dhia faoi ghl&oacute;ir (Apacailips 4:1-11) chonnaic Eoin r&iacute;chathaoir D&eacute; agus m&oacute;rthimpeall uirthi ceithre r&iacute;chathaoir fichead agus ceathrar sean&oacute;ir&iacute; fichead ina su&iacute; orthu, gl&eacute;asta in &eacute;ada&iacute; geala (sagairt) agus cor&oacute;nacha &oacute;ir ar a gceann (r&iacute;the) agus m&oacute;rthimpeall na r&iacute;chathaoireach bh&iacute; ceithre dh&uacute;il bheo. Samhail na sean&oacute;ir&iacute;, is d&oacute;cha, den Seantiomna (dar&eacute;ag &ndash; patrarc n&oacute; f&aacute;ithe) agus den Tiomna nua (dar&eacute;ag &ndash; aspal n&oacute; creidmhigh). Na ceithre dh&uacute;il bheo, samhail iad den chine daonna, &eacute;anlaithe agus beith&iacute;gh. Neacha aingl&iacute; iad go l&eacute;ir ag moladh m&oacute;rgachta D&eacute;. I l&eacute;acht an lae inniu t&aacute; radharc againn ar neamh agus slua aingeal gan teora, mar aon leis na sean&oacute;ir&iacute; agus na ceithre dh&uacute;il bheo ag tabhairt om&oacute;is don T&eacute; at&aacute; ina shu&iacute; ar an r&iacute;chathaoir (sin Dia na Gl&oacute;ire) agus don Uan, don &ldquo;Uan arna &iacute;obairt&rdquo; (Iosa Ais&eacute;irithe). T&aacute; siad araon, Dia na Gl&oacute;ire agus &Iacute;osa ais&eacute;irithe, anois ar chomhch&eacute;im. Bua seo an Uain (&Iacute;osa) ar neamh c&uacute;is mhisnigh &eacute; d&aacute; lucht lean&uacute;na faoi gh&eacute;arleanuint ar thalamh. Ionann bua an Uain agus a mbua si&uacute;d.<\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"font-size: 11pt;\">Soisc&eacute;al <\/span><\/em><span style=\"font-size: 11pt;\">(Eoin 21:1-19). <em>Thainig &Iacute;osa agus th&oacute;g an t-ar&aacute;n agus thug d&oacute;ibh &eacute; , agus mar an gc&eacute;anna leis an iasc<\/em><\/span><em><span style=\"font-size: 10pt;\">. (Moltar &uacute;s&aacute;id a bhaint as an leagan ioml&aacute;n den l&eacute;acht seo, seachas an leagan gearr. Aonad ioml&aacute;n an l&eacute;acht.) <\/span><\/em><span style=\"font-size: 11pt;\">T&aacute; dh&aacute; eachtra sa l&eacute;acht seo: (1) an ghabh&aacute;il mhior&uacute;ilteach &eacute;isc ag Muir Tiberias (Muir na Gail&iacute;le), cos&uacute;il leis an mhior&uacute;ilt cheanna i L&uacute;c&aacute;s 5:1-11, agus (2) &Iacute;osa ag tabhairt ch&uacute;raim a thr&eacute;ada (uain agus caoirigh) do (Shiom&oacute;n) Pheadar. T&aacute; an d&aacute; eachtra ceangailte lena ch&eacute;ile agus an bh&eacute;im iontu araon ar Pheadar. T&aacute; siomb&oacute;lachas ag baint leis an ch&eacute;ad eachtra. T&aacute; seachtar deisceabal ag an Muir, ach is Peadar a mholann dul ag iascach. Leanann an chuid eile. Le nod &oacute; &Iacute;osa ar an dtr&aacute; cuireann siad an eangach amach agus faigheann lear m&oacute;r &eacute;isc. Na deisceabail a bh&iacute; ag tarraingt na heanga&iacute; l&aacute;n d&rsquo;&eacute;isc ina ndiaidh,<\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 11pt;\">i dtosach n&iacute;or aithin siad &Iacute;osa ar an dtr&aacute;. An &ldquo;Deisceabal Ion&uacute;in&rdquo;, muirneach, &ldquo;an deisceabal ab ion&uacute;in le h&Iacute;osa&rdquo;, a ch&eacute;ad-aithin &Iacute;osa (mar a tharla ag an tuama, Eoin 20:8-9). Beanna&iacute;onn &Iacute;osa d&oacute;ibh mar dhaoine go raibh sean-aithne aige orthu: mar &ldquo;a Leaideanna&rdquo;, b&rsquo;fh&eacute;idir. Nuair a deir &Iacute;osa leo cuid de na h&eacute;isc a ghabh siad a thabhairt isteach, is &eacute; Peadar amh&aacute;in a chuaigh ar bord agus a tharraing, &eacute; f&eacute;in amh&aacute;in, an eangach isteach &ldquo;agus &iacute; l&aacute;n d&rsquo;&eacute;isc mh&oacute;ra, c&eacute;ad agus caoga a tr&iacute; d&iacute;obh&rdquo;. Cinnte nach raibh an uimhir sin gan bhr&iacute; do ch&eacute;ad l&eacute;itheoir&iacute;, n&oacute; &eacute;isteoir&iacute;, an chuntais seo. Bh&iacute; baint ag an uimhir bheacht le &eacute;irim an chuntais. Ceist eile cad is ciall leis an uimhir 153?. Dar lena l&aacute;n scol&aacute;ir&iacute; t&aacute; a ch&eacute;ad bhr&iacute; caillte, agus beidh go deo. Ta tuairm&iacute; &eacute;ags&uacute;la ag daoine eile faoina bhr&iacute;. Sean-tuairim (bh&iacute; s&iacute; ag athair na heaglaise Iar&oacute;m), agus a bhfuil dealramh i gc&oacute;na&iacute; lei dar liom, gurb ionann an uimhir 153 agus an l&iacute;on gn&eacute;ithe, speiceas, na n-iasc sna huisc&iacute; de r&eacute;ir ghn&aacute;th-thuisceana an tr&aacute;th sin.. Bheadh l&iacute;nte adeir an scr&iacute;obhn&oacute;ir Gr&eacute;igeach Oppian (pas beag n&iacute;os d&eacute;ana&iacute; n&aacute; Eoin) ina dh&aacute;n ar &ldquo;Iascaireacht&rdquo; ag teacht leis sin: &ldquo;Thar teorainn agus thar &aacute;r n-eolas na treibheanna a ghluaiseann i nduibheag&aacute;n na farraige&rdquo;. Bheadh l&iacute;on na n-iasc i l&iacute;on Pheadair (agus san Eaglais) gan teora, &oacute; gach treibh ar domhan.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 11pt;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Ar Pheadar (Siom&oacute;n Peadar, Siom&oacute;n mac Eoin) an dara heachtra chomh maith. In am a gh&aacute;tair sh&eacute;an Peadar &Iacute;osa faoi thr&iacute;, &Iacute;osa an tAoire maith a thugann gr&aacute; d&aacute; thr&eacute;ad idir uain agus caoirigh. Anois t&aacute; &Iacute;osa chun c&uacute;ram an tr&eacute;ada sin a chur ar Pheadar. Ach ar dt&uacute;s n&iacute; m&oacute;r do Pheadar a ghr&aacute; d&rsquo;&Iacute;osa, an tAoire Maith, a admh&aacute;il faoi thr&iacute;, gr&aacute; &ldquo;n&iacute;os m&oacute; n&aacute; a ngr&aacute; seo&rdquo; &ndash; b&rsquo;fh&eacute;idir n&iacute;os m&oacute; n&aacute; mar at&aacute; ag na deisceabail eile do &Iacute;osa, n&oacute; ag Peadar do na deisceabail eile, n&oacute; (br&iacute; is d&oacute;cha&iacute;) gr&aacute; n&iacute;os m&oacute; d&rsquo;&Iacute;osa n&aacute; do aon rud n&oacute; do aoinne eile. An tagairt ag &Iacute;osa do Pheadar &ldquo;ag s&iacute;neadh amach a l&aacute;mha&rdquo;, is d&oacute;cha gur leid &eacute; do bh&aacute;s Pheadair ar an gcrois &ndash; mar a tharla sa Roimh de r&eacute;ir traidisi&uacute;in.<\/span><\/p>\n<p><strong><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">B. An B&iacute;obla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae<\/span><\/strong><\/p>\n<p><em><span style=\"font-size: 11pt;\">An eaglais faoi bhr&uacute; ar talamh; Cr&iacute;ost i r&eacute;im ar neamh; ministreacht chomharba Peadair inniu<\/span><\/em><\/p>\n<p><em><span style=\"font-size: 10pt;\">(1). <\/span><\/em><em><span style=\"font-size: 10pt;\">Is finn&eacute;ithe ar na nithe sin sinne agus an Spiorad Naomh a thugann Dia d&oacute;ibh si&uacute;d a chreideann. <\/span><\/em><span style=\"font-size: 10pt;\">Is faoin luath-eaglais at&aacute; an ch&eacute;ad l&eacute;acht.. T&aacute; tagairt&iacute; don &ldquo;eaglais &oacute;g&rdquo;, &ldquo;an luath-eaglais&rdquo; le f&aacute;il i Laidin agus Gaeilge i luath-litr&iacute;ocht na h&Eacute;ireann. Eiseaml&aacute;ir a bh&iacute; inti don eaglais do L&uacute;c&aacute;s &uacute;dar Ghn&iacute;omhartha na nAspal, don &oacute;g-eaglais in &Eacute;irinn agus don eaglais in aois ar bith. Thug Peadar agus na haspail fianaise don &ldquo;Bheatha seo&rdquo; gan sc&aacute;th gan eagla. An Bheatha &oacute; &Iacute;osa Cr&iacute;ost a bh&iacute; ann, &Iacute;osa a th&aacute;inig chun an bheatha a thabhairt agus sin a dh&eacute;anamh go fial. Bh&iacute; luch&aacute;ir ar na haspail tarcaisne a fhulaingt ar son Chr&iacute;ost. Ba fhinn&eacute;ithe iad agus ba fhinn&eacute; an Spiorad Naomh. Rud seachtrach, den taobh amuigh, an craobhscaoileadh ann f&eacute;in, nach fi&uacute; tada &eacute; gan lonradh an Spioraid Naoimh istigh sa chro&iacute; a thugann an chinnteacht chreidimh. T&aacute; &aacute;bhar machnaimh anseo d&uacute;inn le fianaise a thabhairt don chreideamh an l&aacute; at&aacute; inniu ann, fianaise mar aon le urna&iacute; agus deabh&oacute;id.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 10pt;\">(2) <em>Neamh agus fianaise uaidh osacilte i gc&oacute;na&iacute;. Seachain an toll&aacute;n! <\/em>T&aacute; meon ann san Eoraip, i dt&iacute;ortha eile, &Eacute;ire ina measc, agus ag &eacute;ir&iacute; n&iacute;os forleithne nach inchreidte n&oacute; nach ann do r&eacute;altacht n&oacute; rud ar bith nach bhfuil teacht air ag na c&eacute;adfai daonna, an aigne agus an r&eacute;as&uacute;n. N&iacute; ann do aon r&eacute;altacht tarch&eacute;imneach, transcendental, b&iacute;odh san Dia (dia), neamh. foilsi&uacute; diaga, gr&aacute;sta n&oacute; aon rud d&aacute; leith&eacute;id. T&aacute; an cine daonna, n&oacute; cuid de, mar a bheadh s&eacute; in dtoll&aacute;n. gan caoi teagmh&aacute;il le r&eacute;altacht ar bith taobh amuigh de. Labhair an P&aacute;pa Benedict XVI faoin ch&aacute;s seo le aos eagna na Gearm&aacute;ine. Ionann seo agus a r&aacute; nach m&oacute;r cosc a chur ar ch&uacute;rsai creidimh sa diosc&uacute;rsa poibl&iacute;. Beidh cur agus c&uacute;iteamh faoi seo na blianta seo romhainn. Ach n&iacute;l neamh balbh sa phl&eacute;, n&aacute; an eaglais ar talamh. Finn&eacute;ithe na creidmhigh do bhua Chr&iacute;ost agus finn&eacute; chomh maith an d&uacute;lra f&eacute;in nach bhfuil fios f&aacute;tha a bheith ann le f&aacute;il taobh istigh den d&uacute;lra f&eacute;in, p&eacute; acu taobh istigh n&oacute; amuigh den toll&aacute;n a chuirtear an cheist..<\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"font-size: 10pt;\">(3) <\/span><\/em><em><span style=\"font-size: 10pt;\">Ministreacht chomharba Peadair inniu<\/span><\/em><span style=\"font-size: 10pt;\">. T&aacute; b&eacute;im &aacute;irithe sna soisc&eacute;il ar ionad faoi leith ag Peadar san eaglais. An t&eacute;acs is soil&eacute;ire d&iacute;obh sin n&aacute; an ceann ag deireadh l&eacute;acht an lae inniu. Thug &Iacute;osa, an tAoire maith, a bhfuil gr&aacute; aige d&aacute; thr&eacute;ad idir uain agus chaoirigh, thug s&eacute; c&uacute;ram an tr&eacute;ada sin do Pheadar tar &eacute;is d&oacute; a ghr&aacute; don Aoire maith a l&eacute;iri&uacute;. Comharba Pheadair an P&aacute;pa. Gu&iacute;mis go mbeadh ceangal gr&aacute; agus iontaoibhe idir an P&aacute;pa agus domhan an lae inniu, an tAoire Maith ag labhairt go d&iacute;reach tr&iacute;d.<\/span><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>10 Aibre&aacute;n 10 2016 (C) Tr&iacute;&uacute; Domhnach den Ch&aacute;isc Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC A. L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir don Bheatha &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-398","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/398","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=398"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/398\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=398"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=398"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=398"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}