{"id":401,"date":"2016-04-14T16:10:18","date_gmt":"2016-04-14T16:10:18","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=401"},"modified":"2016-04-14T16:10:18","modified_gmt":"2016-04-14T16:10:18","slug":"17-aibrean-2016-c-ceathru-domhnach-den-chaisc","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=401","title":{"rendered":"17 Aibre\u00e1n 2016 (C) Ceathr\u00fa Domhnach den Ch\u00e1isc"},"content":{"rendered":"<p><strong><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">17 Aibre&aacute;n 2016 (C) Ceathr&uacute; Domhnach den Ch&aacute;isc<\/span><\/strong><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 11pt; font-variant: small-caps;\">Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla<\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 11pt;\">leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC<\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">A. L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">B. An B&iacute;obla in agallamh le ceisteanna an lae<\/span><\/p>\n<p><strong><em><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">A. An B&iacute;obla sa Liot&uacute;irge mar threoir don bheatha (L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh)<\/span><\/em><\/strong><\/p>\n<p><em><span style=\"font-size: 11pt;\">C&eacute;ad L&eacute;acht <\/span><\/em><span style=\"font-size: 11pt;\">(Gn&iacute;omhartha na nAspal 13:14, 43-52). <em>F&eacute;ach, tionta&iacute;mid chuig na cin&iacute;ocha. <\/em>I mbliana t&oacute;gtar na l&eacute;achta&iacute; tosaigh don Domhnach as Ghn&iacute;omhartha na nAspal. Roghna&iacute;otar na l&eacute;achta&iacute; le teachtaireacht &aacute;irithe a thabhairt, agus ar uairibh is deacair iad a thuiscint i gceart gan iad a shu&iacute;omh sa chomhth&eacute;acs sa leabhar as ar t&oacute;gadh iad. Is mar sin at&aacute; ach go h&aacute;irithe i gc&eacute;ad l&eacute;acht an lae inniu. I gcuid a haon den leabhar seo t&aacute; an bh&eacute;im ar an luatheaglais in Iar&uacute;sail&eacute;im agus ar &aacute;it Pheadair innti. Sa ch&eacute;ad chuid seo t&aacute; againn aitheasc Pheadair (Gn&iacute;omhartha caibideal 10) gur sampla &eacute;, de r&eacute;ir dealraimh, ar ch&eacute;ad-sheanm&oacute;ireacht na heaglaise, a thosaigh le ministreacht Eoin Bhaiste agus a lean ar aghaidh go b&aacute;s agus ais&eacute;ir&iacute; Chr&iacute;ost, agus, d&aacute; mba g&aacute;, le sc&eacute;ala an tsl&aacute;naithe do Ghi&uacute;daigh agus ph&aacute;g&aacute;naigh. An dara cuid den leabhar is faoi mhinistreacht Ph&oacute;il do na p&aacute;g&aacute;naigh, na cin&iacute;ocha &iacute;. Thosaigh sin d&aacute;ir&iacute;re ag Ant&iacute;och ar an abhainn Orontes mar ar sheoladh S&oacute;l (n&iacute;os d&eacute;ana&iacute; P&oacute;l) agus Barnabas amach chuige sin. Ar dt&uacute;s chuaigh siad go oile&aacute;n na Cipre, agus uaidh sin go dt&iacute; cathair Perga sa mh&oacute;rth&iacute;r (Tuirc an lae inniu), agus ansin go Ant&iacute;och na Pis&iacute;de. Is anseo i sionag&oacute;g na nGi&uacute;dach a thosaigh ministreacht Ph&oacute;il i gceart. I sionag&oacute;g bheadh Gi&uacute;daigh, p&aacute;g&aacute;naigh a thiontaigh go hioml&aacute;n don Ghi&uacute;dachas, agus p&aacute;g&aacute;naigh n&aacute;r iompaigh ach go raibh meas acu ar an Ghi&uacute;dachas de bharr a chreidimh (aondiachas) agus a theagasc mor&aacute;lta (&ldquo;lucht eagla D&eacute;&rdquo; mar a thugta&iacute; orthu). Tugadh cuireadh do Ph&oacute;l aitheasc a thabhairt agus thug, den dul c&eacute;anna agus an ceann a thug Peadar. Tugadh cuireadh do Ph&oacute;l agus Barnabas filleadh an tSab&oacute;id d&aacute;r gcionn. D&rsquo;&eacute;irigh easontas go luath. &aacute;fach. Bh&iacute; r&iacute;m&eacute;ad ar na neamh-Ghi&uacute;daigh faoi sc&eacute;ala an tsl&aacute;naithe gan dl&iacute; na nGi&uacute;dach, ach mheas na Gi&uacute;daigh go raibh an teagasc nua glan in &eacute;adan a gcreidimh agus dhi&uacute;lta&iacute;odar d&oacute;. Mheabhraigh P&oacute;l agus Barnabas dh&aacute; rud: n&aacute;rbh fhol&aacute;ir an dea-sc&eacute;ala a fh&oacute;gairt i dtosach do na Gi&uacute;daigh agus sa ch&aacute;s n&aacute;r glacadh leis deannach d&aacute; gcosa a ghlanadh d&iacute;obh (L&uacute;cas 10:11), mar chomhartha n&aacute;r fhreagrach f&uacute;thu a thuilleadh iad. Toisc gur dhi&uacute;ltaigh na Gi&uacute;daigh don dea-sc&eacute;al, d&rsquo;iompagh na haspail chuig na p&aacute;g&aacute;naigh, ag lua briathra D&eacute; d&aacute; Sheirbh&iacute;seach (<\/span><span style=\"font-size: 10pt;\">&Iacute;se&aacute;ia 49:6) gurb sholas &eacute; do na n&aacute;isi&uacute;in uile. Chuaigh P&oacute;l agus Barnabas ar aghaidh go cathair Iconium (Konya i dTuirc an lae inniu), gabhal sr&aacute;ide t&aacute;bhachtach an tr&aacute;th sin. Cuireann an l&eacute;acht seo b&eacute;im ar dhul chun cinn an dea-sc&eacute;il i measc na bp&aacute;g&aacute;nach. N&iacute; f&eacute;idir laincis a chur ar bhriathar D&eacute;.<\/span><\/p>\n<p style=\"margin-top: 12pt;\"><em><span style=\"font-size: 11pt;\">Salm le Freagra <\/span><\/em><span style=\"font-size: 11pt;\">(Salm 99[100]]). <em>Sinne a phobal agus caoirigh a ph&aacute;irce.<\/em><\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"font-size: 11pt;\"> Dara L&eacute;acht <\/span><\/em><span style=\"font-size: 11pt;\">(Apacailipsis 7:9, 14-17). <em>Beidh an tUan mar aoire acu, agus treor&oacute;idh s&eacute; iad go toibreacha na beatha. <\/em>F&iacute;s an l&eacute;acht seo de bhua deiridh phobal D&eacute; ar neamh agus &eacute; curtha os &aacute;r gcomhair sa bhfriotal agus leis na samhlaoid&iacute; is dual don leabhar &aacute;irithe seo. T&aacute; l&iacute;on mhuintir tofa D&eacute; gan &aacute;ireamh, agus iad as gach aird den domhan agus leibh&eacute;al den phobal. Cuirtear os &aacute;r gcomnhair iad amhail is d&aacute; mbeidis i dTeampall D&eacute;, os comhair r&iacute;chathaoir D&eacute; agus an Uain (Cr&iacute;ost c&eacute;asta agus ais&eacute;irithe) amach. T&aacute; cuma na caithr&eacute;ime orthu, iad feistithe in &eacute;id&iacute; b&aacute;na agus pailmeacha ina l&aacute;mha, mar chomhartha den bhua. Ionann &eacute;id&iacute; b&aacute;na agus bua, agus glaine in bhfuil &Iacute;osa, an tUan. I bhF&eacute;ile na mBothanna, na bPuball, cuireadh na Gi&uacute;daigh f&uacute;thu i mbothanna, faoi aoibhneas. N&iacute; bheidh g&aacute; leis sin a thuilleadh: beidh Dia f&eacute;in i l&aacute;thair (in a phuball) ina measc. T&aacute; an dream tofa seo tar &eacute;is gabh&aacute;il tr&iacute; duain&eacute;is, triobl&oacute;id, mh&oacute;r &ndash; g&eacute;arlean&uacute;int an Impire Nero, n&oacute; aon duain&eacute;is eile a bh&iacute; n&oacute; a bheidh. Tr&iacute; mheasc&aacute;n &iacute;omh&aacute;nna, beidh an tUan (&Iacute;osa) ina aoire acu, &aacute; seoladh ar neamh go l&aacute;nmhaireacht na beatha, faoi mar a bh&iacute; s&eacute; ina sh&aacute;raoire acu ar talamh. Beidh deireadh le deora an tsaoil seo.<\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"font-size: 11pt;\">Soisc&eacute;al <\/span><\/em><span style=\"font-size: 11pt;\">(Eoin 10:27-30). <em>T&aacute; an bheatha sh&iacute;ora&iacute; &aacute; tabhairt do mo chaoirigh. <\/em>I soisc&eacute;al Eoin tagann an l&eacute;acht seo tar &eacute;is parabail fhada &Iacute;osa ar f&eacute;in mar an s&aacute;raoire. Tagann s&iacute; d&iacute;reach i ndiaidh diosp&oacute;ireachta idir &Iacute;osa agus na Gi&uacute;daigh n&aacute;r thuig a theachtaireacht. Deireann &Iacute;osa leo (Eoin 10:26) nach gcreideann siad toisc nach d&aacute; chaoirigh iad. Aoire d&aacute; thr&eacute;ad &eacute; &Iacute;osa, tr&eacute;ad at&aacute; aontaithe leis tr&iacute;d an gcreideamh. Tugann an creideamh comhthuiscint idir an Aoire agus an tr&eacute;ad. Tugann briathra &Iacute;osa uchtach do chreidmhigh i ngach aois. N&iacute; gn&aacute;th-aoire &eacute; &Iacute;osa. Tagann s&eacute; &oacute; Dhia agus is f&eacute;idir leis gach caora d&aacute; thr&eacute;ad a c&oacute;ineart&uacute;. Is aon eisean agus an tAthair. N&iacute; f&eacute;idir le aoinne ball d&aacute; thr&eacute;ad a chreideann ann a fhuadach uaidh n&oacute; &oacute;n Athair. Briathra sol&aacute;sacha do lucht lean&uacute;na &Iacute;osa in am an gh&aacute;tair iad sin.<\/span><\/p>\n<p><strong><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">B. An B&iacute;obla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae:<\/span><\/strong><em><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">Tugann &Iacute;osa an s&aacute;raoire aire d&aacute; chaoirigh. Urna&iacute; ar son gairmecha.<\/span><\/em><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">1. I liot&uacute;irge an lae inniu tiomna&iacute;otar an Domhnach &aacute;irithe seo do &ldquo;L&aacute; domhanda don &uacute;rna&iacute; ar son gairmeacha&rdquo;.N&iacute; fada &oacute; shoin go raibh teideal eile aige: &ldquo;Domhnach an tS&aacute;raoire&rdquo;. Agus is don t&eacute;ama seo, &Iacute;osa an S&aacute;raoire<em>, <\/em>at&aacute; soisc&eacute;il na bliana seo, agus den dh&aacute; bhliain eile den tsraith thr&iacute; bliain roghnaithe, agus urnaithe an Aifrinn chomh maith. T&aacute; na l&eacute;achta&iacute; don soisc&eacute;al togtha as chur s&iacute;os &Iacute;osa air f&eacute;in mar an S&aacute;raoire in Eoin caibideal 10. Ach is f&eacute;idir an d&aacute; th&eacute;ama &Iacute;osa mar Sh&aacute;raoire agus urna&iacute; do ghairmeacha a nascadh le ch&eacute;ile go h&eacute;asca. N&iacute; thuigtear &Iacute;osa mar Aoire gan chreideamh, n&aacute; glaoch chun seirbh&iacute;se d&oacute; gan urnai.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">2. T&aacute; an creideamh l&aacute;rnach don chaidreamh idir &Iacute;osa mar Aoire agus baill den tr&eacute;ad sin. Leag &Iacute;osa f&eacute;in b&eacute;im ar sin. D&uacute;irt s&eacute; lena a chomhaimsirigh n&aacute;r chreid siad ann toisc n&aacute;rb bhaill d&aacute; thr&eacute;ad iad. T&aacute; sin cos&uacute;il lena d&uacute;irt s&eacute; faoi f&eacute;in mar ar&aacute;n na beatha: &ldquo;N&iacute; f&eacute;idir d&rsquo;aon duine teacht chugam gan sin a bheith tugtha d&oacute; ag m&rsquo;Athair&rdquo; (Eoin 6:65). <\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">3. Leagann &Iacute;osa b&eacute;im ar an fh&iacute;rinne seo, mar a dh&eacute;anann P&oacute;l n&iacute;os d&eacute;ana&iacute;: N&iacute; f&eacute;idir le haon rud, deacracht, fadhbanna, g&eacute;arleani&uacute;nt n&oacute; eile, ball de thr&eacute;ad &Iacute;osa a scaradh uaidh. Beidh &Iacute;osa f&eacute;in agus a Athair mar thaca aige. Ag machnamh air seo an l&aacute; at&aacute; inniu ann: is ioma&iacute; sin bac agus deacracht at&aacute; ann don chreideamh &oacute;n taobh istigh agus &oacute;n taobh amuigh: laigeachta&iacute; agus scannail san eaglais; gluaiseacht agus br&uacute; i gcoinne an chreidimh san eaglais agus i nDia f&eacute;in, agus a thuilleadh eile nach iad.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">4. Tugann sin go dt&iacute; an pointe deiridh sinn: urna&iacute; do ghairmeacha san eaglais. Is &eacute; &Iacute;osa f&eacute;in a d&uacute;irt linn: &ldquo;T&aacute; an f&oacute;mhar fairsing ach n&iacute;l ann ach meitheal bheag. D&aacute; bhr&iacute; sin gu&iacute;g&iacute; M&aacute;istir an fh&oacute;mhair go gcuirfeadh s&eacute; meitheal uaidh isteach ina fh&oacute;mhair&rdquo; (Matha 9:37-38). T&aacute; gairmeacha de shaghas &eacute;ags&uacute;la de dhith: don sagartacht agus don bheatha rialta, ach chomh maith c&eacute;anna le go mbeadh meitheal chu&iacute; ann a oirfeadh do fhadhbanna an lae inniu &ndash; daoine a bhfuil cumas acu sna heola&iacute;ochtai, sa litr&iacute;ocht, sna heala&iacute;ona, sna me&aacute;in, agus i gach gn&eacute; den saol inar g&aacute; fianaise a thabhairt don S&aacute;raoire, don T&eacute; arb &eacute; an tsl&iacute;, an fh&iacute;rinne agus an bheatha &eacute;. <\/span><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>17 Aibre&aacute;n 2016 (C) Ceathr&uacute; Domhnach den Ch&aacute;isc Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC A. L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute; &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-401","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/401","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=401"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/401\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=401"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=401"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=401"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}