{"id":402,"date":"2016-04-19T15:53:58","date_gmt":"2016-04-19T15:53:58","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=402"},"modified":"2016-04-19T15:53:58","modified_gmt":"2016-04-19T15:53:58","slug":"24-aibrean-2016-c-cuigiu-domhnach-den-chaisc","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=402","title":{"rendered":"24 Aibre\u00e1n 2016 (C) C\u00faigi\u00fa Domhnach den Ch\u00e1isc"},"content":{"rendered":"<p style=\"margin-top: 12pt;\"><strong><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">24 Aibre&aacute;n 2016 (C) C&uacute;igi&uacute; Domhnach den Ch&aacute;isc<\/span><\/strong><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 11pt; font-variant: small-caps;\">Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla<\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 11pt;\">leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC<\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">A. L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">B. <strong><em>An B&iacute;obla in agallamh le ceisteanna an lae<\/em><\/strong>: <em>Neamh nua agus talamh nua. R&iacute;ocht D&eacute; i l&aacute;thair cheana<\/em>.<\/span><\/p>\n<p><strong><em><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">A. An B&iacute;obla sa Liot&uacute;irge mar threoir don bheatha (L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh)<\/span><\/em><\/strong><\/p>\n<p><em><span style=\"font-size: 11pt;\">C&eacute;ad L&eacute;acht <\/span><\/em><span style=\"font-size: 11pt;\">(Gn&iacute;omhartha na nAspal 14:21-27). <em>D&rsquo;innis siad don Eaglais m&eacute;id na nithe a rinne Dia tr&iacute;othu. <\/em>I rith tr&eacute;imhse na C&aacute;sca t&oacute;gtar na l&eacute;achta&iacute; do gach ceann de na tr&iacute; Dhomhnach den tsraith &oacute; Ghn&iacute;omhartha na nAspal, chomh fada le Comhairle Iar&uacute;sail&eacute;im, i gcaibideal 15. Cuireadh at&aacute; anseo do lucht fhreastail an Aifrinn teacht ar eolas n&iacute;os fearr ar th&uacute;s agus fh&aacute;s na hEaglaise &oacute;n chur s&iacute;os at&aacute; ag L&uacute;c&aacute;s air sin. Leanann l&eacute;acht an lae inniu ar aghaidh &oacute;n cheann a bh&iacute; againn an Domhnach seo caite ag cur s&iacute;os ar an dturas ar ais ag P&oacute;l agus Barnabas go hAint&iacute;och ar an Orontes, t&uacute;s agus ceann scr&iacute;be a n-aistir, sa ch&eacute;ad turas misi&uacute;nda d&oacute;ibh. Cuid de na logainmneacha sa l&eacute;acht seo, luadh cheana iad i l&eacute;acht an Domhnaigh seo caite. Thosaigh P&oacute;l agus Barnabas ag Ant&iacute;och ar an Orontes. Chuadar as sin go hoile&aacute;n na Cipre, as san go dt&iacute; an mh&iacute;nt&iacute;r (Tuirc an lae inniu), go Peirge i gcr&iacute;och Paimfilia, ar aghaidh go Ant&iacute;och na Pisidia, ansin go hIconium, Liostra agus Deirbe. Cuireann l&eacute;acht an lae inniu s&iacute;os ar an aistear thar nais. Tuigtear &oacute;n l&eacute;acht seo gurb ch&uacute;ram do Ph&oacute;l agus Barnabas d&uacute;shraith na hEaglaise a leagan nuair a cheapadar sean&oacute;iri ann, b&iacute;odh nach soil&eacute;ir c&eacute;n dualgas n&oacute; st&aacute;das a bh&iacute; acu. (Luaitear ar&iacute;s iad a bheith san eaglais in Eifeasas, Gn&iacute;omhartha 20:17.) Cheap P&oacute;l riarach&aacute;n de shaghas &eacute;igin sna heaglais&iacute; a bhunaigh s&eacute;. I bhFilip&iacute; (Filip&iacute;nigh 1:1) bh&iacute; &ldquo;easpaig agus d&eacute;ag&aacute;naigh&rdquo; (n&oacute; uachtar&aacute;in agus c&uacute;nt&oacute;ir&iacute;), nach fios a ndualgas n&oacute; a st&aacute;das. Tar &eacute;is bh&aacute;s na nAspal th&aacute;inig riarach&aacute;n n&iacute;os soil&eacute;ire i r&eacute;im san eaglais (litreacha1-2 Tiom&oacute;id; Titus). Mhol P&oacute;l agus Barnabas do na luath-eaglais&iacute; ina dturas d&oacute;ibh bheith r&eacute;idh do gh&eacute;arlean&uacute;int&iacute;, mar chuid den fh&aacute;isn&eacute;is Chr&iacute;osta&iacute;. Thar nais ag an mh&aacute;thair-eaglais in Aint&iacute;och ar an Orontes tugann siad tuarasc&aacute;il faoi chonas ar &eacute;irigh leo sa ch&eacute;ad mhisin eagraithe seo do na cin&iacute;ocha, na pag&aacute;naigh. Bh&iacute; doras oscailte nach mbeadh iata go deo.<\/span><\/p>\n<p style=\"margin-top: 12pt;\"><em><span style=\"font-size: 11pt;\">Salm le Freagra <\/span><\/em><span style=\"font-size: 11pt;\">(Salm 144[145]). <em>Beann&oacute;idh m&eacute; d&rsquo;ainm de sh&iacute;or, a Dhia liom is a R&iacute;.<\/em><\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"font-size: 11pt;\"> Dara L&eacute;acht <\/span><\/em><span style=\"font-size: 11pt;\">(Apacailipsis 21:1-5). <em>Glanfaidh Dia gach deor d&aacute; s&uacute;ile.<\/em> An chuid apacailipteach den leabhar seo, Apacailipsis Eoin, is faoi bhua an Uain a mhara&iacute;odh (&Iacute;osa), bua D&eacute; ar fh&oacute;rsa&iacute; an oilc agus faoi theacht r&iacute;ocht D&eacute;, &iacute;. Tar &eacute;is an chur s&iacute;os ar threascairt na Baibeal&oacute;ine, cathair an pheaca, bainis an Uain agus r&eacute;imeas m&iacute;le bliain (nach &eacute;asca an bhr&iacute; at&aacute; leis a bhaint amach) t&aacute; f&iacute;s ag Eoin ar neamh nua agus talamh nua a thiocfaidh in &aacute;it an domhain easpaigh seo. Sa r&eacute; agus r&eacute;altacht nua seo n&iacute; bheidh farraige ann feasta, an bh&oacute;chna a bh&iacute; ceangailte i dtraidisi&uacute;n an Oirthir agus an Bh&iacute;obla le f&oacute;rsa&iacute; an duibheag&aacute;in a sheas in &eacute;adan eagair ar an domhan agus cumhacht D&eacute;. An &ldquo;chathair naofa, an Iar&uacute;sail&eacute;in nua, maisithe mar nuachair&rdquo;, ionann iad agus an eaglais mar a bheidh s&iacute; ar neamh. N&iacute;l aon teampall sa Iar&uacute;sail&eacute;im nua mar is &eacute; Dia f&eacute;in agus an tUan an Teampall ann (Apacailipsis 21:22). N&iacute; bheidh caoineadh n&aacute; olag&oacute;n n&aacute; pian a thuilleadh ag pobal D&eacute;. Baineann siad sin le r&eacute; a bheidh thart. Beidh gach rud cruthaithe as an nua ag Dia, mar a gheall na f&aacute;ithe i bhfad roimhe seo.<\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"font-size: 11pt;\">Soisc&eacute;al <\/span><\/em><span style=\"font-size: 11pt;\">(Eoin 13:31-35). <em>T&aacute; aithne nua &aacute; tabhairt daoibh, go dtabharfadh sibh gr&aacute; d&aacute; ch&eacute;ile. <\/em>T&aacute; teachtaireacht thar a bheith domhain sa l&eacute;acht seo, ceann a thuigtear n&iacute;os fearr nuair a shu&iacute;tear &iacute; ina comhth&eacute;acs d&iacute;lis, is &eacute; sin le r&aacute; i mb&eacute;ile deireannach &Iacute;osa lena dheisceabail, b&eacute;ile a bhfuil gr&aacute; &Iacute;osa d&aacute; dheisceabail agus don domhan l&aacute;rnach d&oacute;. Tosa&iacute;onn an mh&iacute;r &aacute;irithe mar seo (Eoin 13:1): &ldquo;Roimh fh&eacute;ile na C&aacute;sca, &oacute; bh&iacute; a fhios ag &Iacute;osa go raibh a uair tagtha chun imeacht as an saol seo go dt&iacute; an tAthair, agus &oacute; thug s&eacute; gr&aacute; d&aacute; mhuintir f&eacute;in a bh&iacute; ar an saol, thug s&eacute; gr&aacute; thar na bearta d&oacute;ibh feasta&rdquo;. Ionann &ldquo;a mhuintir f&eacute;in&rdquo; agus a chuid deisceabal an o&iacute;che sin, ach chomh maith le sin a chuid deisceabal i rith na staire uile. Lena l&eacute;iri&uacute; cad ba bhr&iacute; leis as gr&aacute; a luadh, t&eacute;ann an c&uacute;ntas ar aghaidh le n&iacute; chos na ndeisceabal a r&iacute;omhadh, agus d&eacute;anann &Iacute;osa f&eacute;in soil&eacute;ir cad ba bhr&iacute; leis sin, &aacute; r&aacute; d&oacute;: &ldquo;M&aacute; rinne mise bh&uacute;r gcosa a n&iacute; agus gur m&eacute; bh&uacute;r dTiarna gus bh&uacute;r M&aacute;istir, ba ch&oacute;ir daoibhse chomh maith cosa a ch&eacute;ile a n&iacute;. T&aacute; sampla tugtha agam daoibh, faoi mar at&aacute; d&eacute;anta agam daoibhse, go nd&eacute;anfadh sibhse mar an gc&eacute;anna&rdquo;. Ansin cuirtear s&iacute;os ar imeacht I&uacute;d&aacute;is le h&Iacute;osa a bhraith, as a leanfaidh c&eacute;asadh na croise. Do Eoin, ionann an c&eacute;asadh agus gl&oacute;iri&uacute; &Iacute;osa agus gl&oacute;ir an Athar. T&aacute; &Iacute;osa le himeacht as an saol go luath ach roimh imeacht d&oacute; tugann s&eacute; aithne nua d&aacute; lucht lean&uacute;na: gr&aacute; a thabhairt d&aacute; ch&eacute;ile faoi mar a thug seisean gr&aacute; d&oacute;ibh, rud a thabharfaidh le fios do ch&aacute;ch gur deisceabail d&rsquo;&Iacute;osa iad.<\/span><\/p>\n<p><strong><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">B. An B&iacute;obla: <em>Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae. <\/em><\/span><\/strong><em><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">Neamh nua agus talamh nua. R&iacute;ocht D&eacute; i l&aacute;thair cheana<\/span><\/em><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">.<\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">1. Neamh Nua agus Talamh Nua.<\/span><\/em><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\"> Ceann de altanna an chreidimh n&aacute; go gcreidimid sa bheatha sh&iacute;ora&iacute;, radharc na Trion&oacute;ide agus l&uacute;chair ag na fir&eacute;in agus cruatain an tsaoil seo taobh thiar d&iacute;obh. Is l&eacute;ir do chreidmhigh, agus ba l&eacute;ir tr&iacute;d na haoiseanna, nach f&eacute;idir go bhfuil an domhan amhlaidh mar ba mhian le Dia &eacute; a bheith. Labhra&iacute;onn P&oacute;l faoin d&uacute;lra f&eacute;in, agus na creidmhigh, a bheith ag s&uacute;il le faoiseamh (R&oacute;mh&aacute;naigh 8:20-23): &ldquo;Measaim nach fi&uacute; le h&aacute;ireamh pianta na huaire seo le hais na gl&oacute;ire at&aacute; le foilsi&uacute; d&uacute;inn. Mar t&aacute; an d&uacute;lra ag tn&uacute;th go d&iacute;ocasach le foilsi&uacute; chlann D&eacute;. Cuireadh an d&uacute;lra freisin &oacute; rath, n&iacute; d&aacute; dheoin fein ach mar gheall ar an t&eacute; &uacute;d a chuir &oacute; rath &eacute;, ach i nd&oacute;chas, mar fuasclofar an d&uacute;lra f&eacute;in &oacute; dhaoirse na truailleathachta chun saoirse ghl&oacute;rmhar chlann D&eacute;. &#8230; Agus n&iacute; h&eacute; an d&uacute;lra amh&aacute;in at&aacute; amhlaidh ach sinn f&eacute;in chomh maith; c&eacute; go bhfuil c&eacute;adthortha&iacute; an Spioraid againn cheana f&eacute;in, t&aacute;imid ag cneadadh freisin in&aacute;r gcro&iacute; istigh agus sinn ag feitheamh le go nd&eacute;anfar clann d&iacute;nn agus go mbeidh &aacute;r gcorp fuascailte&rdquo;. I measc Gi&uacute;dach agus Cr&iacute;osta&iacute;the d&rsquo;fh&aacute;s an bhar&uacute;il n&oacute; an creideamh, go mbeadh r&eacute; nua-chruthaithe ann tar &eacute;is don domh&aacute;n seo a chursa a rith. Mar adeir Dara Litir Naomh Peadar (2 Peadar 3:13): &ldquo;Agus t&aacute;imid ag s&uacute;il, de r&eacute;ir an ghealltanais, le sp&eacute;artha nua agus le domhan nua mar a lonn&oacute;idh an fh&iacute;r&eacute;antacht&rdquo;. T&aacute; an d&oacute;chas, an creideamh, c&eacute;anna le f&aacute;il sa dara l&eacute;acht inniu. Is cuid de chreideamh na Eaglaise &eacute;, le f&aacute;il sa cur s&iacute;os ar na Cr&iacute;ocha D&eacute;annacha i scr&iacute;bhinn&iacute; Vatac&aacute;in II faoin Eaglais sa Nua-R&eacute; (<em>Gaudium et Spes, L&uacute;ch&aacute;ir agus d&oacute;chas, <\/em>alt 39,2<em>) <\/em>agus i <em>gCaiticiosma na hEaglaise Caitlic&iacute; <\/em>(alt 1049). Meabhra&iacute;onn na t&eacute;acsanna sin d&uacute;inn n&aacute;r ch&oacute;ir go gcuirfeadh an creideamh sin i neamh agus talamh (n&oacute; domhan) nua laige ar &aacute;r sp&eacute;is sa domhan seo in a bhfuilimid, ach a mhalairt ar fad, sinn a spreagadh lena shaothr&uacute; agus c&uacute;ram a dh&eacute;anamh de. <\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">2. T&aacute; r&iacute;ocht D&eacute; in&aacute;r measc cheana f&eacute;in. <\/span><\/em><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">N&iacute;or ch&oacute;ir go ligfeadh an creideamh sin i neamh nua agus talamh nua sinn dearmad a dh&eacute;anamh de go bhfuil r&iacute;ocht D&eacute; in&aacute;r measc cheana fein. Thosaigh s&iacute; le baisteadh Chr&iacute;ost mar ar ungadh &eacute; leis an Spiorad Naomh, Spiorad a bh&iacute; gn&iacute;omhach ann ina chuid mhior&uacute;ilti agus teagaisc, ag leigheas na n-easl&aacute;n agus ag clo&iacute; chumhacht an diabhail. D&rsquo;fh&oacute;gair Cr&iacute;ost f&eacute;in go raibh r&iacute;ocht D&eacute; tagaithe ina phearsa agus ina chuid oibre. Leanfadh r&iacute;ocht sin Chr&iacute;ost, agus a h&eacute;ifeacht, san eaglais agus sa stair tr&iacute;d a ghr&aacute;sta, tr&iacute;na a theagasc, an tSeanm&oacute;ir ar an Sliabh, na Bi&aacute;id&iacute; agus eile, ach go m&oacute;r m&oacute;r tr&iacute; shampla agus spreagadh Chr&iacute;ost f&eacute;in. Th&aacute;inig &Iacute;osa le beatha a thabhairt agus &iacute; a thabhairt go fial, beatha abhus agus beatha sh&iacute;ora&iacute;. Mh&uacute;in s&eacute; don duine aonair gan a anam a chailleadh, a anam daonna gan br&iacute; na beatha seo a thuiscint, n&oacute; a anam spiorad&aacute;lta don saol eile. Ceacht m&oacute;r &oacute; &Iacute;osa n&aacute; br&iacute; na beatha seo a thuiscint. B&iacute;odh go raibh a sciar de laig&iacute; agus scannal san Eaglais i rith a staire, agus f&oacute;s f&eacute;in, bh&iacute;, agus t&aacute;, s&iacute; d&iacute;lis d&aacute; Bunatheoir &Iacute;osa Cr&iacute;ost, an tUan ais&eacute;irithe. T&aacute; f&iacute;rinne agus fuinneamh f&oacute;s sa chuid seo de Phreaf&aacute;id na C&aacute;sca: &ldquo;&Oacute;ir t&aacute; oidhreacht &aacute;rsa an pheaca scriosta; t&aacute; athnuachan d&eacute;anta ar an saol a bh&iacute; millte, agus ta &aacute;r mbeatha leasaithe d&uacute;inn ar&iacute;s i gCr&iacute;ost. Uime sin t&aacute; an saol m&oacute;r ag d&eacute;anamh l&uacute;ch&aacute;ire faoi thuilte &aacute;thais na Casca. T&aacute; Fearta neimhe agus na Cumhachta&iacute; Aingeal chomh maith ag canadh duain do do ghl&oacute;ir &aacute; r&aacute; gan stad: Is naofa, naofa naofa th&uacute;&#8230;&rdquo;<\/span><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>24 Aibre&aacute;n 2016 (C) C&uacute;igi&uacute; Domhnach den Ch&aacute;isc Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC A. L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute; &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-402","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/402","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=402"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/402\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=402"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=402"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=402"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}