{"id":405,"date":"2016-04-28T09:15:20","date_gmt":"2016-04-28T09:15:20","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=405"},"modified":"2016-04-28T09:15:20","modified_gmt":"2016-04-28T09:15:20","slug":"1-bealtaine-2016-c-seu-domhnach-den-chaisc","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=405","title":{"rendered":"1 Bealtaine 2016 (C) S\u00e9\u00fa Domhnach den Ch\u00e1isc"},"content":{"rendered":"<p><strong><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">1 Bealtaine 2016 (C) S&eacute;&uacute; Domhnach den Ch&aacute;isc<\/span><\/strong><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 11pt; font-variant: small-caps;\">Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla<\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 11pt;\">leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC<\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">A. L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">B. <strong><em>An B&iacute;obla in agallamh le ceisteanna an lae<\/em><\/strong>: <em>Treora&iacute;onn an Spiorad Naomh an Eaglais bheith d&iacute;lis do Chr&iacute;ost agus d&aacute; theagasc<\/em><\/span><\/p>\n<p><strong><em><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">A. An B&iacute;obla sa Liot&uacute;irge mar threoir don bheatha (L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh)<\/span><\/em><\/strong><\/p>\n<p><em>C&eacute;ad L&eacute;acht <\/em>(Gn&iacute;omhartha na nAspal 15:1-2, 22-29). <em>Chonacthas don Spiorad Naomh agus d&uacute;inne gan n&iacute;os m&oacute; den ualach a chur oraibh n&aacute; na nithe riachtanacha<\/em>. T&aacute; dh&aacute; phointe l&aacute;rnacha nach folair a lua maidir leis an l&eacute;acht &aacute;irithe seo. I r&eacute; thosaigh mhisin na hEaglaise chuig na pag&aacute;naigh &oacute; chathair Ant&iacute;och (a raibh cur s&iacute;os air i l&eacute;achta&iacute; na nDomhnacha&iacute; seo caite) th&aacute;inig roinnt Cr&iacute;osta&iacute;the Gi&uacute;dacha &oacute; Iar&uacute;sail&eacute;im (go Ant&iacute;och is d&oacute;cha) ag ma&iacute;omh n&aacute;rbh fhol&aacute;ir bheith timpeallgheartha agus ag cleachtadh Dhl&iacute; Mhaois le bheith sl&aacute;naithe. Bh&iacute; seo ag teacht trasna ar shoisc&eacute;al agus ar mhisean Ph&oacute;il. Bh&iacute; g&eacute;arch&eacute;im ann. Le aontacht na hEaglaise idir Ghi&uacute;daigh agus neamh-Ghi&uacute;daigh (pag&aacute;naigh) a chosaint agus a dheimhni&uacute; ba l&eacute;ir n&aacute;r mh&oacute;r an cheist a phl&eacute; le ceannair&iacute; na m&aacute;thair-Eaglaise in Iar&uacute;sail&eacute;im. De r&eacute;ir dealraimh bh&iacute; an luath-eaglais ansin eagraithe go maith. An bhliain 49 iar-Chr&iacute;ost at&aacute; i gceist. Bh&iacute; Peadar agus aspail eile ann go f&oacute;ill, agus an pobal Cr&iacute;osta&iacute; faoi ch&uacute;ram sean&oacute;ir&iacute;, nach fios m&oacute;r&aacute;n f&uacute;thu. Ba Sh&eacute;amus, dearth&aacute;ir an Tiarna, agus n&iacute; Peadar Aspal, a bh&iacute; mar cheannaire ar an eaglais ansin. Leir&iacute;onn an chuid den t&eacute;acs seo nach l&eacute;itear inniu san Aifreann gur sheas na haspail agus sean&oacute;ir&iacute; na hEaglaise in Iar&uacute;sail&eacute;im (tr&iacute; bh&eacute;il Pheadair agus Sh&eacute;amuis) go l&aacute;idir a bhf&aacute;bhar Ph&oacute;il agus a mhisin chuig na pag&aacute;naigh, narbh gh&aacute; timpeallghearradh n&aacute; Dl&iacute; Mhaois a leagadh ar phag&aacute;naigh a iompaigh chun creideamh Chr&iacute;ost. Mar sin f&eacute;in le b&eacute;il&iacute; idir Ghi&uacute;daigh agus neamh-Ghi&uacute;daigh a dh&eacute;anamh n&iacute;os &eacute;asca, iarradh orthu si&uacute;d a th&aacute;inig &oacute;n phag&aacute;ntacht staonadh &oacute; cheithre ruda&iacute; a chuirfeadh as don choinsias Gi&uacute;dach. Baineann tr&iacute; chinn acu le rudai deasghn&aacute;cha. An ceathr&uacute; ceann, a bhfuil &ldquo;dr&uacute;is&rdquo; mar aistri&uacute; ar an t&eacute;arma Gr&eacute;igeach, is d&oacute;cha gur p&oacute;sadh taobh amuigh den na gr&aacute;danna a bh&iacute; ceadaithe do Gh&iacute;udaigh a bh&iacute; i gceist. Col, ciorr&uacute; coil, corbadh, a bheadh in gcaidreamh gn&eacute;is d&aacute; leith&eacute;id. Na ceithre ruda&iacute; i gceist, b&rsquo;fh&eacute;idir gur gaolmhar iad leis na ruda&iacute; nach raibh ceadaithe d&rsquo;eachtrannaigh ag cur f&uacute;thu i measc phobal naofa Iosrael de r&eacute;ir L&eacute;iv&iacute;tic 17-18. Deimhn&iacute;odh breith Chomhairle sin Iar&uacute;sail&eacute;im i litir agus in insint bh&eacute;il. Ar ionaid na faidhbe, Ant&iacute;och, an tS&iacute;r agus Cilicia, a d&iacute;r&iacute;odh an bhreith agus an litir. N&iacute; l&eacute;ir &oacute;n l&eacute;acht f&eacute;in an t&aacute;bhacht thar an ghn&aacute;th a bh&iacute; ag r&eacute;iteach seo Chomhairle Iar&uacute;sail&eacute;im. Bh&iacute; an misean Cr&iacute;osta&iacute; ag gluaiseacht amach thar cr&iacute;ocha Iosrael agus an Gi&uacute;dachas agus thar an conradh a bh&iacute; d&eacute;anta ag idir Dhia, tr&iacute; Mhaois, agus Iosrael. Tuigimid do sheasamh na gCr&iacute;ostaithe Gi&uacute;dacha sin, agus na hiar-Phairis&iacute;neach, ach bh&iacute; r&eacute; nua tagaithe le Cr&iacute;ost, lena bh&aacute;s agus a ais&eacute;ir&iacute;, agus le teacht an Spioraid Naoimh.<\/p>\n<p><em>Salm le Freagra <\/em>(Salm 66[67]). <em>Go mola na cin&iacute;ocha th&uacute;, a Dhia, go mola na cin&iacute;ocha go l&eacute;ir th&uacute;.<\/em><\/p>\n<p><em><span style=\"font-size: 11pt;\">Dara L&eacute;acht <\/span><\/em><span style=\"font-size: 11pt;\">(Apacailipsis 21:10-14, 22-23). <em>Thaispe&aacute;in s&eacute; an chathair bheannaithe dom, agus &iacute; ag tuirlingt &oacute; neamh. <\/em>Sa v&eacute;arsa d&iacute;reach roimh an l&eacute;acht seo deireann an t-aingeal le Eoin: &ldquo;Tar, agus taispe&aacute;nfaidh m&eacute; duit an nuachair, c&eacute;ile an Uain&rdquo;. Iar&uacute;sail&eacute;im Nua na l&eacute;achta seo is &iacute; Eaglais faoi ghl&oacute;ir ar neamh &iacute;. T&aacute; roinnt de th&eacute;ama&iacute; l&eacute;acht an Domhnaigh seo caite, faoi neamh nua agus talamh nua, le sonr&uacute; sa l&eacute;acht seo chomh maith. Cumann id&eacute;alach D&eacute; agus an chine daonna san r&eacute; le teacht at&aacute; i gceist. Sa Bh&iacute;obla is dual do fh&iacute;seanna d&aacute; leitheid t&aacute;rl&uacute; i sliabh m&oacute;r ard. Leagtar b&eacute;im ar &aacute;illeacht na cathrach. Achoimre an cur s&iacute;os uirthi ar phobal D&eacute; sa Seantiomna (dh&aacute; threibh d&eacute;ag Iosrael) agus an Tiomna Nua (d&aacute;r&eacute;ag aspal an Uain). Murab ionann agus Baibeal&oacute;in an d&iacute;omais, agus cathracha &aacute;irithe eile, tuirling&iacute;onn an chathair seo, an Iar&uacute;saileim Nua, &oacute; neamh &oacute; Dhia, <\/span><\/p>\n<p><em><span style=\"font-size: 11pt;\">Soisc&eacute;al <\/span><\/em><span style=\"font-size: 11pt;\">(Eoin 14:23-29). <em>Cuirfidh an Spiorad Naomh i gcuimhne daoibh ar inis m&eacute; daoibh. <\/em>Oireann an l&eacute;acht &aacute;irithe seo go han-mhaith don Domhnach d&iacute;reach roimh cheili&uacute;readh Fh&eacute;ile Deascabh&aacute;il &aacute;r dTiarna. Is cuid d&rsquo;aitheasc &Iacute;osa &iacute; ag fag&aacute;il sl&aacute;n d&aacute; ch&aacute;irde abhus d&oacute;. Labhr&aacute;ion an l&eacute;acht faoin ngr&aacute; at&aacute; ag &Iacute;osa d&aacute; dheisceabail agus d&aacute; Athair, agus faoi ghr&aacute; an Athar d&oacute;ibh si&uacute;d.T&aacute; siad go l&eacute;ir aontaithe i mbriathar &Iacute;osa, sa Pharacl&eacute;id, sa chabhr&oacute;ir, san abhc&oacute;ide, sa chosant&oacute;ir, sa Spiorad Naomh a bhfuil an tAthair le seoladh chucu. Leagtar b&eacute;im mh&oacute;r ar &ldquo;bhriathar&rdquo;, n&oacute; &ldquo;briathra&rdquo; &Iacute;osa. T&aacute; br&iacute; throm leis an bhfocal &aacute;irithe seo anseo. Ionann briathar &Iacute;osa agus a aithne, aithne le creideamh a bheith ann f&eacute;in agus gr&aacute; a thabhairt d&aacute; cheile, gr&aacute; an chomharsa. T&aacute; br&iacute;onna &eacute;ags&uacute;la sa bhriatrhar Gr&eacute;igise <em>parakletos<\/em>, Paracl&eacute;id, iad go l&eacute;ir le t&oacute;gaint le cheile mar a tugadh thuas ar ball iad. Is &eacute; an Spiorad Naomh &eacute;. I sl&iacute; t&oacute;gann s&eacute; &aacute;it &Iacute;osa. Ba Paracl&eacute;id, cosant&oacute;ir, cabhr&oacute;ir, <\/span>&eacute; &Iacute;osa. Is<span style=\"font-size: 11pt;\"> Paracl&eacute;id eile an Spiorad Naomh. Is nasc &eacute; idir na deisceabail agus &Iacute;osa. M&uacute;infidh s&eacute; gach rud d&oacute;ibh, faoina d&uacute;irt &Iacute;osa agus na t&aacute;tail at&aacute; le baint astu maidir le creideamh in &Iacute;osa agus san Eaglais, ach freisin maidir lena gcur i gcr&iacute;ch le gr&aacute; &Iacute;osa f&eacute;in. F&aacute;gann &Iacute;osa le huacht d&aacute; dheisceabail a sh&iacute;och&aacute;in, s&iacute;och&aacute;in chro&iacute; a thagann mar bhronntanas an Spioraid Naoimh, bronntanas &oacute; &Iacute;osa anois ar dheis an Athar, s&iacute;och&aacute;in nach f&eacute;idir le cruatan n&aacute; g&eacute;arlean&uacute;int ar bith a bhaint d&iacute;obh, n&oacute; de lucht lean&uacute;na &Iacute;osa ar feadh na staire. C&uacute;is &aacute;thais, mar sin, filleadh &Iacute;osa ar an Athair.<\/span><\/p>\n<p><strong><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">B. An B&iacute;obla: <em>Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: <\/em><\/span><\/strong><em><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">Treora&iacute;onn an Spiorad Naomh an Eaglais bheith d&iacute;lis do Chr&iacute;ost agus d&aacute; theagasc<\/span><\/em><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">T&eacute;ama l&aacute;rnach do ch&eacute;ad l&eacute;acht agus do shoisc&eacute;al an lae inniu n&aacute; an Spiorad Naomh ag treor&uacute; na hEaglaise. &Oacute; th&uacute;s na hEaglaise go dt&iacute; an l&aacute; seo f&eacute;in t&aacute; an Eaglais ag dul ar aghaidh i dtuiscint ar Chr&iacute;ost agus faoi mar is c&oacute;ir beartas shl&aacute;naithe D&eacute; a chur chun cinn, agus a bheith d&iacute;lis do Chr&iacute;ost agus ar mh&uacute;in s&eacute; san am c&eacute;anna. Uaireanna ba r&eacute;abhl&oacute;ideach na c&eacute;imanna a bh&iacute; le t&oacute;gaint. Th&aacute;inig &Iacute;osa f&eacute;in leis an dea-sc&eacute;al a fhogairt do &ldquo;chaoirigh caillte&rdquo; chlann Iosrael. N&iacute;or fh&aacute;g s&eacute; aon treoracha roimh a bh&aacute;s f&eacute;in faoin dul chun cinn tar &eacute;is a bh&aacute;is, ach tar &eacute;is ais&eacute;ir&iacute; d&oacute; theoraigh s&eacute; d&aacute; aspail an soisc&eacute;al a fh&oacute;gairt do na cin&iacute;ocha uile.. Roghnaigh Cr&iacute;ost ais&eacute;irithe P&oacute;l le sl&aacute;n&uacute; a fh&oacute;gairt do na cin&iacute;ocha, agus ba &iacute; tuiscint agus soisc&eacute;al Ph&oacute;il n&aacute; go raibh an sl&aacute;n&uacute; sin le f&aacute;il tr&iacute; chreideamh gan oibreacha Dhl&iacute; Mhaois. Is aon rud amh&aacute;in iad ag p&oacute;l saothar Chr&iacute;ost, agus m&uacute;nl&uacute; an chreidimh ann agus san Eaglais. Bh&iacute; s&eacute; go l&eacute;ir faoi sti&uacute;ir an Spioraid Naoimh.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Nascann an Spiorad Naomh an Eaglais agus na creidmhigh i ngach aois le h&Iacute;osa, lena phearsa agus lena theagasc. Treora&iacute;onn an Spiorad isteach san fh&iacute;rinne ioml&aacute;n iad. Baineann seo n&iacute; hamh&aacute;in leis an teagasc faoi &Iacute;osa, faoina phearsa, faoina ghaol leis an Athair agus eile, ach f&oacute;s faoi theachtaireacht &Iacute;osa maidir le gr&aacute; do gach aicme den chine daonna, go h&aacute;irithe iad san at&aacute; faoi leatrom agus ar an imeall. Faoi sti&uacute;ir an Spioraid, is d&uacute;shl&aacute;n &eacute; &Iacute;osa do gach gl&uacute;in &iacute; f&eacute;in a athnuachaint ar eiseaml&aacute;ir Iosa, agus nasc a choth&uacute; leis i ndeabh&oacute;id, i mbriseadh an ar&aacute;in, san Eocairist, san Aifreann, agus in urna&iacute;.<\/span><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>1 Bealtaine 2016 (C) S&eacute;&uacute; Domhnach den Ch&aacute;isc Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC A. L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute; &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-405","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/405","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=405"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/405\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=405"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=405"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=405"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}