{"id":407,"date":"2016-05-03T14:42:45","date_gmt":"2016-05-03T14:42:45","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=407"},"modified":"2016-05-03T14:42:45","modified_gmt":"2016-05-03T14:42:45","slug":"8-bealtaine-2016-c-deascabhail-ar-dtiarna","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=407","title":{"rendered":"8 Bealtaine 2016 (C) Deascabh\u00e1il \u00c1r dTiarna"},"content":{"rendered":"<p><strong>8 Bealtaine 2016 (C) Deascabh&aacute;il &Aacute;r dTiarna <\/strong><\/p>\n<p><span style=\"font-variant: small-caps;\">Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla<\/span><\/p>\n<p>leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC<\/p>\n<p>A. L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/p>\n<p>B. <strong><em>An B&iacute;obla in agallamh le ceisteanna an lae<\/em><\/strong>: <em>Deascabh&aacute;il &Aacute;r dTiarna. T&aacute; Dia l&aacute;idir. : Agallamh faoi chonas labhairt faoi Dhia agus ch&uacute;rsai a bhaineann le Dia<\/em><\/p>\n<p><strong><em>A. An B&iacute;obla sa Liot&uacute;irge mar threoir don bheatha (L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh)<\/em><\/strong><\/p>\n<p style=\"text-indent: 0cm;\"><em>C&eacute;ad L&eacute;acht <\/em>(Gn&iacute;omhartha na nAspal 1:1-11). <em>Agus iad faire, t&oacute;gadh suas &eacute;.<\/em>An leabhar seo, Gn&iacute;omhartha na nAspal, a meastar gurb &eacute; L&uacute;c&aacute;s a scr&iacute;obh, t&aacute; s&eacute; tiomnaithe do Theofalas &aacute;irithe, nach fios c&eacute; h&eacute;, ach a luaitear ar&iacute;s ag L&uacute;c&aacute;s 1:3, saothar eile at&aacute; tiomnaithe d&oacute;. L&eacute;acht an lae inniu tugann s&iacute; achoimre ar shaothar &Iacute;osa &oacute;na th&uacute;s go dt&iacute; a dheascabh&aacute;il, mar a dh&eacute;anann L&uacute;c&aacute;s ina shoisc&eacute;al f&eacute;in. Mheasfadh duine &oacute;n chur s&iacute;os at&aacute; ag L&uacute;c&aacute;s air ina shoisc&eacute;al (L&uacute;c&aacute;s 24:1-49, 50-51) gur th&aacute;rla an deascabh&aacute;il ar Dhomhnach C&aacute;sca, l&aacute; an ais&eacute;ir&iacute; f&eacute;in. Sa l&eacute;acht seo deir L&uacute;c&aacute;s gur thaispe&aacute;in &Iacute;osa &eacute; f&eacute;in d&aacute; aspail ar feadh dachad l&aacute; tar &eacute;is ais&eacute;ir&iacute; d&oacute;. N&iacute;os d&eacute;ana&iacute; sa leabhar (Gn&iacute;omhartha 13:31), dar le L&uacute;c&aacute;s, d&uacute;irt P&oacute;l Aspal gur thaispe&aacute;in &Iacute;osa &eacute; f&eacute;in tar &eacute;is a ais&eacute;ir&iacute; &ldquo;ar feadh m&oacute;r&aacute;n laethanta&rdquo;. Ag baint &uacute;s&aacute;ide as traidisi&uacute;n &aacute;rsa deir Naomh P&oacute;l (1 Corantaigh 15:3-8) gur thaispe&aacute;in &Iacute;osa &eacute; f&eacute;in do C&eacute;afas (Peadar), don D&aacute;r&eacute;ag, do bhreis agus c&uacute;ig c&eacute;ad br&aacute;ithre (agus si&uacute;racha) in &eacute;ineacht, do Sh&eacute;amas agus do na haspail go l&eacute;ir, gan aon achar ama a bheith luaite. Thar an dachad l&aacute; sin, deir L&uacute;c&aacute;s, bh&iacute; &Iacute;osa ag tagairt do r&iacute;ocht D&eacute;, cro&iacute;l&aacute;r gach a rinne agus ad&uacute;irt s&eacute; lena bheatha. Ach bh&iacute; creatlach smaointe eile seachas r&iacute;ocht D&eacute; acu si&uacute;d a bh&iacute; bailithe timpeall ar &Iacute;osa, sin r&iacute;ocht Iosrael, r&iacute;ocht Dh&aacute;iv&iacute;, a chur ar bun ar&iacute;s. B&rsquo;shin an cheist dheiridh acu ar an saol seo. Ba &eacute; freagra &Iacute;osa n&aacute; gurb faoi Dhia agus sti&uacute;ir an Spioraid Naoimh a bheadh an todhcha&iacute;; agus sa r&eacute; nua n&iacute; bheadh r&iacute;ocht D&eacute; teoranta do Iosrael. Go cr&iacute;ocha imig&eacute;ini&uacute;la an domhain &eacute;. Tar &eacute;is deascabh&aacute;il do &Iacute;osa d&uacute;irt aingil leis na aspail gan bheith ag amharch suas ar neamh. Bheadh &Iacute;osa leo i sl&iacute; nua, tr&iacute;d an Spiorad Naomh. T&aacute; cur s&iacute;os i Ghn&iacute;omhartha na nAspal ar fhor&aacute;s r&iacute;ocht D&eacute; go go &ldquo;cr&iacute;ocha imig&eacute;ini&uacute;la an domhain&rdquo;, ar dt&uacute;s go cro&iacute;l&aacute;r na hImpireachta sa R&oacute;imh f&eacute;in.<\/p>\n<p><em>Salm le Freagra <\/em>(Salm 46[47]). <em>Gabhann Dia in airde le g&aacute;rtha molta; gabhann s&eacute; in airde le s&eacute;ideadh an stoic.<\/em><\/p>\n<p><em>Dara L&eacute;acht <\/em>(Eabhraigh 9:24-28; 10:19-23). <em>Chuaigh Cr&iacute;ost isteach sna flaithis f&eacute;in. <\/em>Le teachtaireacht na l&eacute;achta seo a thuiscint cabhr&oacute;idh s&eacute; a mheabhr&uacute; gur chuid den litir (n&oacute; m&aacute;s fearr linn, den aitheasc) seo an friotal agus an t-&iacute;omh&aacute;ineachas at&aacute; sa l&eacute;acht seo f&eacute;in. Dealra&iacute;onn s&eacute; go raibh a l&eacute;itheoir&iacute; Gi&uacute;dacha i gcath&uacute; filleadh ar a ndeasghn&aacute;thanna agus creideamh Gi&uacute;dacha agus t&aacute; an t-&uacute;dar seo ag iarraidh iad a dh&eacute;anamh deimhin de nach raibh i sanct&oacute;ir na nGi&uacute;dach in Iar&uacute;sail&eacute;im inar chuaigh an tArdsagart acu isteach uair sa bhliain ach samhail den fh&iacute;orshanct&oacute;ir ar neamh ar chuaigh Cr&iacute;ost isteach ann tr&iacute;na bh&aacute;s, a ais&eacute;ir&iacute; agus a dheascabh&aacute;il. I L&aacute; M&oacute;r an Leorghn&iacute;mh chuaigh an tArdsagart Gi&uacute;dach trid an bhfial isteach san &aacute;it R&oacute;-Naofa le leorghn&iacute;omh a dh&eacute;anamh le fuil ainmhithe ar pheaca&iacute; a mhuintire. Rinne s&eacute; sin uair sa bhliain, bliain an ndiaidh bliaine. Agus an c&uacute;lra sin againn don l&eacute;acht tuigimid go bhfuil an t-&uacute;dar ag labhairt faoi dheascabh&aacute;il Chr&iacute;ost, r&uacute;ndiamhair inar chuaigh s&eacute; isteach i sanct&oacute;ir narb sanct&oacute;ir l&aacute;mhdh&eacute;anta an Teampaill in Iarusail&eacute;im &eacute; ach f&iacute;orshanct&oacute;ir na bhflaitheas. Agus t&eacute;ann s&eacute; isteach le idirghu&iacute; a dh&eacute;anamh ar son an chine dhaonna. A &iacute;obairt si&uacute;d ar Chalbhaire, ba den aon uair amh&aacute;in &eacute;, nach raibh g&aacute; lena athdh&eacute;anamh.&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;<\/p>\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Is spreagadh an dara cuid den l&eacute;acht ar lucht lean&uacute;na Chr&iacute;ost maireacht&aacute;il ag baint inspior&aacute;ide as a gcreideamh i ndeascabh&aacute;il &Iacute;osa. T&aacute; de cheart acu dul isteach i bhf&iacute;orshanct&oacute;ir na bhflaitheas mar aon le Cr&iacute;ost. Moltar d&oacute;ibh beatha ionraic Chr&iacute;osta&iacute; a chaitheamh- &#8211; &aacute; nglanadh f&eacute;in le f&iacute;oruisce (an bhaiste), nach glanadh seachtrach &eacute; ach glanadh inmhe&aacute;nach an anama. Moltar d&oacute;ibh, agus do gach creidmheach, greim dobhogtha a choinne&aacute;il ar an d&oacute;chas a admha&iacute;onn siad a bheith acu, mar is d&iacute;lis &Iacute;osa, an t&eacute; a thug an gealltanas uaidh.<\/p>\n<p><em>Malairt Dara L&eacute;achta <\/em>(Eif&iacute;sigh 1:17-23). <em>Chuir s&eacute; ina shu&iacute; ar a dheis f&eacute;in sna flaithis &eacute;. <\/em>T&aacute; dh&aacute; thuiscint ar dheascab&aacute;il Chr&iacute;ost le f&aacute;il i l&eacute;achta&iacute; an lae inniu. Sa ch&eacute;ad l&eacute;acht agus sa soisc&eacute;al (an d&aacute; cheann &oacute; pheann L&uacute;c&aacute;is) t&aacute; an &ldquo;deascabh&aacute;il staire&rdquo; againn, deascabh&aacute;il mar eachtra den stair a fheictear le s&uacute;ile cinn. Ansin amh&aacute;in at&aacute; an l&eacute;argas sin uirthi le f&aacute;il. Don chuid is m&oacute; de, feictear ar an deascabh&aacute;il mar r&uacute;ndiamhair, ionann i sl&iacute; agus an t-ais&eacute;ir&iacute; f&eacute;in, is &eacute; sin le r&aacute; gl&oacute;iri&uacute; &Iacute;osa go deasl&aacute;imh D&eacute;. Is mar sin at&aacute; sa dara l&eacute;acht seo inniu. D&iacute;reach roimh th&uacute;s na l&eacute;achta seo d&uacute;irt P&oacute;l n&aacute;r stad s&eacute; ach ag gabh&aacute;il bu&iacute;ochais le Dia ar son na heaglaise a scr&iacute;obhann s&eacute; chuici agus ag cuimhneamh orthu ina urnaithe. Leanann s&eacute; leis an urn&aacute;i sa l&eacute;acht seo, imp&iacute; ar Dhia na gl&oacute;ire, ar Dhia &Iacute;osa Cr&iacute;ost, urna&iacute; ar Dhia eagna agus tuiscint a bhronnadh orthu. N&iacute; leor an tuiscint aigne ann f&eacute;in. N&iacute; fol&aacute;ir eagna agus soilsi&uacute; &oacute; Dhia le r&uacute;ndiamhair na deascabh&aacute;la a mheas agus a ghlacadh i gceart, agus meas ceart a bheith acu ar an oidhreacht shaibhir at&aacute; acu, agus an d&oacute;chas agus meanma ba ch&oacute;ir a bheith acu d&aacute; bharr sin. Ionann Cr&iacute;ost ar dheasl&aacute;imh an Athar agus na creidmhigh bheith ann in &eacute;ineacht leis.<\/p>\n<p>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Tugann t&eacute;acs na l&eacute;achta seo gn&eacute; eile den deascabh&aacute;il d&uacute;inn; sin le r&aacute; cumhacht D&eacute; ag feidhmi&uacute; in &Iacute;osa nuair a thug s&eacute; &oacute; mhairbh &eacute; agus ansin go neamh f&eacute;in sa deascabh&aacute;il. An chumhacht D&eacute; sin t&aacute; s&iacute; ag feidhmi&uacute; san Eaglais. Cr&iacute;ost ar dheis D&eacute; is ardcheann na hEaglaise &eacute;. T&aacute; ioml&aacute;ine, l&aacute;ine, ghl&oacute;ire agus cumhachta D&eacute; i gCr&iacute;ost, agus &oacute; Chr&iacute;ost san Eaglais. R&aacute;iteas deiridh na l&eacute;achta seo, an Eaglais mar &ldquo;l&aacute;ine an t&eacute; &uacute;d a l&iacute;onann gach n&iacute; go hioml&aacute;n &iacute;&rdquo;, is doiligh br&iacute; bheacht a bhaint as, ach cuireann s&eacute; s&iacute;os ar r&oacute;l na hEaglaise le f&iacute;s agus sl&aacute;n&uacute; D&eacute; a l&eacute;iri&uacute; don domhan m&oacute;r, agus mar r&uacute;ndiamhair aontaithe le Cr&iacute;ost ina dheascabh&aacute;il ar dheis D&eacute;, n&iacute; hamh&aacute;in sin a l&eacute;iri&uacute; ach a chur i gcr&iacute;ch. Ach mar is eol d&uacute;inn go maith, is fada idir fhis, r&uacute;ndiamhair, agus &aacute; cur i gcr&iacute;ch. N&iacute; m&oacute;r d&uacute;inn lean&uacute;int le urna&iacute; Ph&oacute;il go nd&eacute;anfaidh D&iacute;a na gl&oacute;ire, Dia &Aacute;r dTiarna &Iacute;osa Cr&iacute;ost, amhlaidh.<\/p>\n<p><em>Soisc&eacute;al <\/em>(L&uacute;c&aacute;s 24:46-53). <em>Le linn d&oacute; iad a bheann&uacute;, t&oacute;gadh suas ar neamh &eacute;. <\/em>Foirceann shoisc&eacute;al L&uacute;c&aacute;is at&aacute; sa l&eacute;acht seo. Meabhra&iacute;onn Cr&iacute;ost d&aacute; dheisceabail gur eisean an tuar faoi na tairngreachta&iacute; a rinneadh sna Scriopt&uacute;ir, tairngreachta&iacute; faoina bh&aacute;s, a ais&eacute;ir&iacute; agus faoi shoisc&eacute;al an tsl&aacute;naithe a bheith le f&oacute;gairt do na n&aacute;isi&uacute;in uile, ag tos&uacute; &oacute; Iar&uacute;sail&eacute;im. Leagann L&uacute;c&aacute;s b&eacute;im ar l&aacute;rionad na cathrach naofa. &Oacute; Iar&uacute;sail&eacute;im amach a bh&iacute; an dea-sc&eacute;al le f&oacute;gairt, ag teacht le f&iacute;s Ise&aacute;ia f&aacute;idh. Leis an deascabh&aacute;il t&aacute; deireadh le r&eacute; amhain do na haspail, agus t&uacute;s le r&eacute; nua, agus iad faoi &aacute;thas m&oacute;r ag filleadh ar Iar&uacute;sail&eacute;im d&oacute;ibh..<\/p>\n<p><strong>B. An B&iacute;obla: <em>Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: <\/em><\/strong><em>Deascabh&aacute;il &Aacute;r dTiarna. T&aacute; Dia l&aacute;idirb in&aacute;r measc. Agallamh faoi chonas labhairt faoi Dhia agus ch&uacute;rsai a bhaineann le Dia<\/em><\/p>\n<p>T&aacute; &aacute;bhar domhain machnaimh againn i bhF&eacute;ile seo Deascabh&aacute;il &Aacute;r dTiarna. Le P&oacute;l, iarramar ar Dhia eagna agus tuiscint a thabhairt d&uacute;inn. &Eacute;il&iacute;onn tuiscint orainn greim a fh&aacute;il ar bhr&iacute; na f&eacute;ile seo agus na t&eacute;armai a ghabhann lei. Is dual do aigne mhac&aacute;nta an m&eacute;id sin. Tugann an eagna dhiaga orainn meas a bheith ar an Deascabh&aacute;il mar r&uacute;ndiamhair. I dtosach b&aacute;ire b&iacute;odh agallamh againn len&aacute;r n-anam f&eacute;in, an teachtaireacht at&aacute; ag an r&uacute;ndiamhair d&uacute;inn, agus ina dhiaidh sin tig linn dul in agallamh le ceisteanna an lae.<\/p>\n<p><em>1. T&aacute; Dia l&aacute;idir.<\/em> An nath Gaeilge seo is l&aacute;r-phointe den dara l&eacute;acht as an litir chuig na hEif&iacute;sigh &eacute;. Bh&iacute; cumhacht as cuimse D&eacute; ag feidhmi&uacute; in ais&eacute;ir&iacute; Chr&iacute;ost agus ina dheascabh&aacute;il go deasl&aacute;mh an Athar agus t&aacute; an chumhacht ch&eacute;anna sin ag obair f&oacute;s ionainn, creidmhigh. Ba ch&oacute;ir go dtabharfadh sin uchtach agus meanma d&uacute;inn agus meas ar an oidhreacht chreidmh ata againn. T&aacute; &Iacute;osa ar neamh ag idirghu&iacute; ar &aacute;r son, agus ar son na hEaglaise go l&eacute;ir. Mar adeir t&eacute;acs eile den litir ch&eacute;anna (Eif&iacute;sigh 4:8-13): Ag dul in airde (ina dheascabh&aacute;il) thug &Iacute;osa tabhartais do daoine. Na tabhartais a luaitear n&aacute; aspail, f&aacute;ithe, soisc&eacute;alaithe, aoir&iacute; agus m&uacute;inteoir&iacute;. Bh&iacute; mar aidhm leis sin corp Chr&iacute;ost, an Eaglais, a th&oacute;g&aacute;il le go mbeimid go l&eacute;ir tagaithe go aontacht chreidimh, gan a bheith in&aacute;r naoin&aacute;in feasta d&aacute;r luascadh imeasc na dtonn. Leantar leis an &eacute;ags&uacute;lacht tabhartas sin &oacute; Dhia san Eaglais f&oacute;s.<\/p>\n<p><em>2. Tuiscint ar th&eacute;arma&iacute;. <\/em>Cuireann cuid den t&eacute;arma&iacute;ocht a bhaintear &uacute;s&aacute;id aisti ag cur sios ar an bhF&eacute;ile seo, agus i dt&eacute;acsanna gaolmhara, as do mh&oacute;r&aacute;n daoine: mar shampla &ldquo;t&oacute;gadh &Iacute;osa suas ar neamh&rdquo;, ina shu&iacute; ar dheasl&aacute;imh D&eacute; agus a leith&eacute;id. Agus n&iacute; sa Bh&iacute;obla, n&aacute; sa diagacht, amh&aacute;in at&aacute; sin le sonr&uacute;. Thugadh Gaeil &ldquo;An Fear at&aacute; inairde&rdquo; ar Dhia, agus f&oacute;s cloistear faoi &ldquo;&lsquo;the Man above&rdquo;. Bh&iacute;, agus f&oacute;s t&aacute;, sort ceannairce i gcoinne a leith&eacute;id de th&eacute;arma&iacute;ocht, a th&eacute;ann ar uairibh thar cheist t&eacute;armaiochta go tuiscint mheitifisici&uacute;il agus chreidimh. I gcuid den chur s&iacute;os ar an bhfadhb f&eacute;in iarrtar orainn a leith&eacute;id de th&eacute;arma&iacute;ocht agus tuiscint agus &ldquo;Dia thuas ansin&rdquo;, &ldquo;God up there&rdquo; a chaitheamh uainn, agus coinceapanna nua amhail Dia mar &ldquo;bunchloch, d&uacute;shraith, &aacute;r mbeith ann&rdquo;, &ldquo;the Ground of our Being&rdquo; a thabhairt isteach, n&oacute; fi&uacute; diagacht shaolta, secular theology, agus &ldquo;eitic oc&aacute;ide&rdquo;, situation ethics. N&iacute; h&iacute; seo an &aacute;it na ceisteanna seo a phl&eacute;, ach is fi&uacute; iad a ard&uacute;, agus machnamh a dh&eacute;anamh orthu i gcomhth&eacute;acs na F&eacute;ile seo. Is ionmholta iarracht a dh&eacute;anamh ar l&eacute;argais nua agus tuiscint&iacute; &uacute;ra ar an diagacht agus c&uacute;rsa&iacute; creidimh a thabhairt isteach. ach m&aacute; t&aacute;thar le clo&iacute; le ceartchreideamh n&iacute; m&oacute;r aird a thabhairt ar bhunphrionsabail na Cr&iacute;osta&iacute;ochta, agus an aondiachais, an monadiachais, &oacute;na th&uacute;s sa Ghi&uacute;dachas anall. Dia pearsanta at&aacute; i gceist, n&iacute; neach teib&iacute; amhail d&uacute;shraith. Neach spiorad&aacute;lta Dia, nach mbaineann &aacute;it ar bith, thuas, inairde, n&oacute; eile leis. N&iacute; h&eacute;asca d&aacute;r gc&eacute;adfa&iacute; labhairt faoi, n&aacute; faoi aon rud seachas ruda&iacute; tadhail. Ach le beocht a chur lena dheirimid, n&iacute; m&oacute;r d&uacute;inn &uacute;s&aacute;id a bhaint as t&eacute;arma&iacute; d&aacute; leith&eacute;id, b&iacute;odh go dtuigimid an laige at&aacute; ag roinnt leo. &nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Le urna&iacute; amh&aacute;in a thuigtear go bhfuil an Dia pearsanta seo, d&uacute;shraith &aacute;r mbeith ann, l&aacute;mh linn. Eisean a thugann an eagna agus an tuiscint ar ruda&iacute; diaga agus saolta.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>8 Bealtaine 2016 (C) Deascabh&aacute;il &Aacute;r dTiarna Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC A. L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute; B. &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-407","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/407","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=407"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/407\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=407"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=407"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=407"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}