{"id":411,"date":"2016-05-18T08:54:41","date_gmt":"2016-05-18T08:54:41","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=411"},"modified":"2016-05-18T08:54:41","modified_gmt":"2016-05-18T08:54:41","slug":"22-bealtaine-2016-c-soluntas-na-trionoide-ronaofa","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=411","title":{"rendered":"22 Bealtaine 2016 (C) Sol\u00fantas na Tr\u00edon\u00f3ide R\u00f3naofa"},"content":{"rendered":"<p><strong><span style=\"color: #2f5496;\">22 Bealtaine 2016 (C) Sol&uacute;ntas na Tr&iacute;on&oacute;ide R&oacute;naofa <\/span><\/strong><\/p>\n<p><strong><span style=\"font-variant: small-caps; color: #2f5496;\">Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla<\/span><\/strong><\/p>\n<p><strong><span style=\"color: #2f5496;\">leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC<\/span><\/strong><\/p>\n<p><strong><span style=\"color: #2f5496;\">L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/strong><\/p>\n<p><strong><span style=\"color: #2f5496;\">An B&iacute;obla in agallamh le ceisteanna an lae<\/span><\/strong><\/p>\n<p><strong><span style=\"color: #2f5496;\">An B&iacute;obla: <em>Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: R&uacute;ndiamhair na Tr&iacute;on&oacute;ide R&oacute;naofa agus R&uacute;ndiamhair na hEaglaise<\/em><\/span><\/strong><\/p>\n<p><strong><em><span style=\"color: #2f5496;\">An B&iacute;obla sa Liot&uacute;irge mar threoir don bheatha (L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh)<\/span><\/em><\/strong><\/p>\n<p><em>C&eacute;ad L&eacute;acht <\/em>(Seanfhocail 8:22-31). <em>Sular crutha&iacute;odh an domhan, rugadh an Eagna. <\/em>Is &oacute; Leabhar na Seanfhocal, ceann de leabhair na hEagna, an l&eacute;acht seo, an leabhar is sine de na leabhair &aacute;irithe sin. Cinn eile d&iacute;obh sa Biobla n&aacute; Ecclesiastes (C&oacute;heilit), Ecclesiasticus (Leabhar Sh&iacute;orach) agus Leabhar na hEagna. Ba chuid dh&iacute;lis den neas-Oirthear (an &Eacute;igipt agus an Mheaspat&aacute;im ach go h&aacute;irithe) litr&iacute;ocht na hEagna. Rud sontasach faoi luath-litr&iacute;ocht na heagna sa Bh&iacute;obla n&aacute; go mbuna&iacute;onn s&iacute; a fianaise agus a cuid t&aacute;tall ar an taith&iacute; dhaonna, ar na c&eacute;adfa&iacute;, seachas ar Chonradh D&eacute; le hIosrael. B&rsquo;ionann an luath-eagna&iacute;ocht agus cumas: cumas scr&iacute;bhneoireachta, eala&iacute;ona, comhleoireachta, plean&aacute;la i gc&uacute;rsa&iacute; polait&iacute;ochta agus mar sin de. Rud daonna a bh&iacute; ann, agus ar uairibh b&rsquo;fh&eacute;idir iarracht de ghliocas ag baint lei. Sa r&eacute; sin n&iacute;or luadh le Dia &iacute;. N&iacute;or d&uacute;radh go raibh Dia eagna&iacute;. Bhain an eagna, an eagna&iacute;ocht, chomh maith le cursa&iacute; cogaidh agus conartha&iacute; idir st&aacute;it. Nuair a chuaigh c&uacute;rsa&iacute; st&aacute;it i l&eacute;ig in Iosrael th&aacute;inig claochl&uacute; ar an dtuiscint faoin eagn&aacute;iocht. N&iacute;orb rud daonna amh&aacute;in &iacute; feasta. Bh&iacute; Dia eagna&iacute;, le plean sl&aacute;naithe d&aacute; phobal agus don domhan. Rinneadh an eagna (ainm baininscneach) a phearsan&uacute; agus sa l&eacute;acht seo t&aacute; an Bhean Uasal Eagna &aacute; moladh f&eacute;in agus ag craobhscao&iacute;leadh a h&aacute;it sa crutha&iacute;ocht do gach aoinne at&aacute; r&eacute;idh le cluas a thabhairt d&iacute;. Deireann an Bhean Uasal Eagna go raibh s&iacute; le Dia an Cruthaitheor sul a raibh aon saol ann. Cuireann an t&eacute;acs s&iacute;os ar chruth&uacute; na cruinne i sl&iacute; fhileata at&aacute; &eacute;ags&uacute;il &oacute;n cheann a bhfuil taith&iacute; againn air &oacute; Leabhar Genesis. Bh&iacute; &eacute;ags&uacute;lacht in Iosrael agus sa Neas-Oirthear faoi sin. Bhain an Bhean Uasal Eagna taithneamh as obair D&eacute; sa cruth&uacute; agus ba gheal lei bheith in agallamh leis an gcine daonna faoi. Ceist a chuireann scol&aacute;ir&iacute; an Bhiobla orthu f&eacute;in n&aacute; cad &iacute; an tuiscint bheacht a bh&iacute; ag &uacute;dar an t&eacute;acs seo faoi cad ba chiall bheacht leis an dt&eacute;arma &ldquo;Eagna&rdquo;. Measann cuid acu gur plean inmhe&aacute;nach na cruinne at&aacute; inti. F&oacute;gra&iacute;onn s&iacute; uaithi f&eacute;in gl&oacute;ir agus eagna D&eacute;. Ar aon chuma roghna&iacute;tear an sliocht &aacute;irithe seo don Fh&eacute;ile seo inniu mar an m&eacute;id adeirtear anseo faoin Bhean Uasal Eagna cuirtear i leith Chr&iacute;ost &eacute; sa Tiomna Nua: is tr&iacute;d a crutha&iacute;odh an uile n&iacute;.<\/p>\n<p><em>Salm le Freagra<\/em> (Salm 8). <em>A Thiarna, &aacute;r dTiarna, nach &eacute;achtach &eacute; d&rsquo;ainm ar fud na cruinne!<\/em><\/p>\n<p><em>An Dara L&eacute;acht<\/em> (R&oacute;mh&aacute;naigh 5:1-5). <em>Chuig Dia tr&iacute; Chr&iacute;ost sa ghr&aacute; a thug an Spiorad d&uacute;inn<\/em>. Is &eacute; seo Domhnach na Tr&iacute;on&oacute;ide agus roghna&iacute;odh an l&eacute;acht &aacute;irithe seo toisc gur luaitear ann Dia (an tAthair), &Iacute;osa Cr&iacute;ost (an Mac) agus an Spiorad Naomh. N&iacute; m&oacute;r aird a thabhairt, mar sin f&eacute;in, ar an dteagasc saibhir at&aacute; sa l&eacute;acht. Tugtar le tuiscint ann go raibh an cine daonna i naimhdeas le Dia de bharr an pheaca. Aithbhuna&iacute;odh s&iacute;och&aacute;in agus muintearas tr&iacute; chreideamh in &Iacute;osa Cr&iacute;ost. I litreacha eile d&aacute; chuid, t&aacute; P&oacute;l glan i gcoinne mao&iacute;mh, m&oacute;rtais, m&oacute;r&aacute;la daonna, amhail is d&aacute; mbeadh bun&uacute;s ag aoinne bheith m&oacute;r&aacute;lach as a th&iacute;olactha&iacute; n&oacute; a lua&iacute;ochta&iacute; f&eacute;in i l&aacute;thair D&eacute;. Sa l&eacute;acht seo t&aacute; P&oacute;l fein ag ma&iacute;omh, t&aacute; s&eacute; m&oacute;r&aacute;lach, agus molann s&eacute; do na Cr&iacute;osta&iacute;the bheith m&oacute;r&aacute;lach, ach as gr&aacute;sta D&eacute; a tugadh d&oacute;ibh, as an ghl&oacute;ir at&aacute; in nd&aacute;n d&oacute;ibh, fi&uacute; as na triobl&oacute;idi a thagann as d&iacute;lseacht do Chr&iacute;ost. As sin tagann foighne, d&oacute;chas agus d&iacute;ongbh&aacute;ilteacht; d&oacute;chas faoin ghl&oacute;ir le teacht, d&oacute;chas nach gcliseann toisc gr&aacute; D&eacute; agus bronntanas an Spioraid Naoimh i gcro&iacute;the na bhf&iacute;r&eacute;an.<em><\/em><\/p>\n<p><em>An Soisc&eacute;al <\/em>(Eoin 16:12-15). <em>An uile n&iacute; d&aacute; bhfuil ag m&rsquo;Athair, is liomsa &eacute;. Is de mo chuidse a ghlacfaidh an Spiorad agus a inseoidh s&eacute; daoibh. <\/em>Roghna&iacute;odh an sliocht beag seo as Aitheasc Deiridh Chriost do Fh&eacute;ile seo na Tr&iacute;on&oacute;ide Naofa de bhr&iacute; go luann Cr&iacute;ost (an Mac) ann an tAthair agus an Spiorad Naomh. An teagasc agus an teachtaireacht at&aacute; ann t&aacute; siad ar aon dul leis na l&eacute;achta&iacute; &oacute; Shoisc&eacute;al c&eacute;anna Eoin dona hAifrinn a bh&iacute; againn do Dhomhnacha&iacute; deiridh na bliana seo do thr&aacute;th na C&aacute;sca agus do Dhomnach Cinc&iacute;se. Is feidir a thuilleadh eolais f&uacute;thu a fh&aacute;il ansin agus na n&oacute;ta&iacute; a ghabhann leis na l&eacute;achta&iacute;.<\/p>\n<p>An B&iacute;obla: <em>Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: R&uacute;ndiamhair na Tr&iacute;on&oacute;ide R&oacute;naofa agus R&uacute;ndiamhair na hEaglaise<\/em><\/p>\n<p>Ceili&uacute;raimid inniu f&eacute;ile na Tr&iacute;on&oacute;ide Naofa n&oacute; mar a thugtar uirthi go hoifigi&uacute;il Sol&uacute;ntas na Tr&iacute;on&oacute;ide Naofa. I sl&iacute; is rud teib&iacute; an Tr&iacute;on&oacute;id. Ar &eacute;igin go gcloisimid riamh ar dheabh&oacute;id don Tr&iacute;on&oacute;id Naofa. Ach d&aacute;ir&iacute;re is &iacute; an r&uacute;ndiamhair is m&oacute; agus is doimhne de na r&uacute;ndiamhra Cr&iacute;osta&iacute; &iacute; an Tr&iacute;on&oacute;id. Th&oacute;g s&eacute; na c&eacute;adta bliain, le earr&aacute;id&iacute;, eiriceachta&iacute; agus cur s&iacute;os i ndroch-fhoirml&iacute; le go dtiocfadh an Eaglais ar na foirml&iacute; faoin r&uacute;ndiamhair seo at&aacute; againn inniu. An creideamh sa Tr&iacute;on&oacute;id is creideamh &eacute; in aon Dia amh&aacute;in i dtr&iacute; phearsa. Mar a cuirtear an teagasc sa <em>Caiticiosma na hEaglaise Caitlic&iacute;<\/em> (altanna 253-260) is Aon an Tr&iacute;on&oacute;id. N&iacute; admha&iacute;mid tr&iacute; d&eacute;ithe ach aon Dia amh&aacute;in i dtr&iacute; phearsa sa &ldquo;Tr&iacute;on&oacute;id chomhshubstainteach&rdquo;. N&iacute; roinneann na pearsana diaga an aon diagacht amh&aacute;in eatorthu, ach is Dia go hioml&aacute;n gach ceann d&iacute;obh. T&aacute; na pearsana diaga sin go hioml&aacute;n dealaithe &oacute;na ch&eacute;ile.<\/p>\n<p>T&aacute; sin go l&eacute;ir s&aacute;thach deacair le tuiscint, ach tabharfaidh forbairt na ceiste tuiscint n&iacute;os fearr d&uacute;inn faoi cad t&aacute; i gceist. Bheadh ar aon fhorbairt t&aacute;rlu taobh istigh den chreideamh Gi&uacute;dach ar an aondiachas, monadiachas, is &eacute; sin le r&aacute; nach bhfuil ann ach an t-aon Dia amh&aacute;in. Sa Tiomna Nua, agus sa Gi&uacute;dachas chomh maith, d&rsquo;fh&eacute;adfa&iacute; &ldquo;Athair&rdquo; a thabhairt ar an Dia sin. Ansin th&aacute;inig &Iacute;osa agus d&rsquo;fh&oacute;gair s&eacute; teacht r&iacute;ocht D&eacute;. Uair amh&aacute;in chuir s&eacute; ceist ar a dheisceabail faoi thuairim an phobal, agus fao&iacute;na dtuairim f&eacute;in, faoi. Thar cheann an D&aacute;r&eacute;ag d&rsquo;fhreagair Peadar gur mheasadar gurb &eacute; an Meisias (an Cr&iacute;ost) &eacute; (Marcas; L&uacute;c&aacute;s, &ldquo;Cr&iacute;ost D&eacute;&rdquo;; Matha, &ldquo;Cr&iacute;ost Mac D&eacute; Bheo&rdquo;). D&rsquo;oscail an t-ais&eacute;ir&iacute; agus a lean &eacute; r&eacute; nua i gcreideamh na gCr&iacute;ostaithe. Ba mh&oacute; n&aacute; duine daonna &Iacute;osa anois. Bh&iacute; s&eacute; ina shu&iacute; ar dheis D&eacute; mar Thiarna, is &eacute; sin le r&aacute; an t&eacute; a sheolann an Spiorad Naomh ar an Eaglais. Faoi dheireadh ch&eacute;ad thosaigh na Cr&iacute;osta&iacute;ochta bh&iacute; adhradh &aacute; thabhairt do Chr&iacute;ost mar Dhia, mar at&aacute; soil&eacute;ir &oacute; chaibideal tosaigh Shois&eacute;al Eoin: &ldquo;Ar dt&uacute;s bh&iacute; an Briathar ann &#8230; agus ba Dhia an Briathar &#8230; Agus rinneadh feoil den Bhriathar agus ch&oacute;naigh s&eacute; in&aacute;r measc&rdquo;. Gheall &Iacute;osa go gcuirfeadh s&eacute; an Spiorad Naomh, an Paraicl&eacute;id, an tAbhc&oacute;id, ar an Eaglais, agus le himeacht aimsire tugadh adhradh don Spiorad Naomh mar Dhia. Sa cheathr&uacute; c&eacute;ad cuireadh Cr&eacute; Nic&eacute; le ch&eacute;ile chun adhradh do gach ceann de na tr&iacute; phearsa a l&eacute;iri&uacute;, taobh istigh den d&iacute;lseacht ba dhual don aondiachas docht nach bhfuil ann ach aon Dia amhain. Theip ar Athracha na hEaglaise t&eacute;arma&iacute; cu&iacute; a fh&aacute;il sa Bh&iacute;obla lena gcreideamh in &Iacute;osa a l&eacute;iri&uacute; agus bhaineadar &uacute;s&aacute;id as t&eacute;arma&iacute; reatha i bhfeals&uacute;nacht na Gr&eacute;ige: &ldquo;comhshubstainteach leis an Athair&rdquo;. T&aacute; an Chr&eacute; sin againn i gc&oacute;na&iacute;.<\/p>\n<p>Sin an teagasc at&aacute; teib&iacute; go leor, agus b&rsquo;fh&eacute;idir do dhaoine &aacute;irithe leamh go leor chomh maith. Ach n&iacute; mar sin don r&uacute;ndiamhair f&eacute;in. L&eacute;iri&uacute; &iacute; sin gur fhoilsigh Dia d&uacute;inn tr&iacute; &Iacute;osa a bheatha inmhe&aacute;nach f&eacute;in, teist don ghr&aacute; at&aacute; aige d&uacute;inn. Agus t&aacute; an gr&aacute; sin le l&eacute;amh go soil&eacute;ir i l&eacute;achta&iacute; an lae inniu. T&aacute; beatha inmhe&aacute;nach sin D&eacute; tugtha d&uacute;inn mar eiseaml&aacute;ir don bheatha Chr&iacute;osta&iacute; san Eaglais. Tugann sin chun cuimhne an m&eacute;id a d&uacute;irt &Iacute;osa agus &eacute; ag imp&iacute; ar a Athair roimh imeacht &oacute;n saol seo d&oacute; (Eoin 17:20-24): &ldquo;N&iacute; ar a son sin amh&aacute;in at&aacute;im ag gu&iacute;, ach mar an gc&eacute;anna, ar son na ndaoine a chreidfidh ionam tr&iacute;na mbriathar, ionas go mba aon iad go l&eacute;ir, faoi mar at&aacute; tusa, a Athair, ionamsa agus mise ionatsa, go mbeidis seo ina n-aon ionainn i dtreo go gcreidfidh an saol gur chuir t&uacute; uait mise &#8230; A Athair, an mhuintir a thug t&uacute; dom, is mian liom, an &aacute;it ina bhfuilimse, iadsan a bheith ann mar aon liom, ionas go bhfeicfidh siad mo ghl&oacute;ir, an ghl&oacute;ir a thug t&uacute; dom; mar gur thug t&uacute; gr&aacute; dom roimh chruth&uacute; an domhain&rdquo;. T&aacute; seo beagnach ag teacht lena deireann P&oacute;l sa litir chuig na R&oacute;mh&aacute;naigh, a bhfuil achoime de sa cheannteideal a ghabhann le dara l&eacute;acht an lae inniu: &ldquo;Chuig Dia tr&iacute; Chr&iacute;ost sa ghr&aacute; a thug an Spiorad d&uacute;inn&rdquo;<em>. <\/em>D&eacute;anann an Spiorad Naomh i gcro&iacute;the na bhf&iacute;r&eacute;an feasach sinn gur clann mhac agus clann in&iacute;onacha sinn le Dia, glaoite chun maireacht&aacute;il de r&eacute;ir na h-on&oacute;ra sin i r&uacute;ndiamh&aacute;ir na hEaglaise. N&iacute; thuigtear an Eaglais i gceart muna fheictear uirthi mar r&uacute;ndiamhair, mar Chorp Chr&iacute;ost, &aacute; sti&uacute;radh ag an Spiorad Naomh.<\/p>\n<p><em>&nbsp;<\/em><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>22 Bealtaine 2016 (C) Sol&uacute;ntas na Tr&iacute;on&oacute;ide R&oacute;naofa Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute; An &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-411","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/411","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=411"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/411\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=411"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=411"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=411"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}