{"id":413,"date":"2016-05-25T10:41:06","date_gmt":"2016-05-25T10:41:06","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=413"},"modified":"2016-05-25T10:41:06","modified_gmt":"2016-05-25T10:41:06","slug":"29-bealtaine-2016-c-soluntas-chorp-chriost","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=413","title":{"rendered":"29 Bealtaine 2016 (C) Sol\u00fantas Chorp Chr\u00edost"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align: justify;\"><strong><span style=\"color: #1f4e79;\">29 Bealtaine 2016 (C) Sol&uacute;ntas Chorp Chr&iacute;ost <\/span><\/strong><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"font-variant: small-caps; color: #1f4e79;\">Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: #1f4e79;\">leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: #1f4e79;\">A. L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: #1f4e79;\">B. An B&iacute;obla in agallamh le ceisteanna an lae<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><strong><span style=\"color: #1f4e79;\">B. An B&iacute;obla: <em>Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: <\/em><\/span><\/strong><em><span style=\"color: #1f4e79;\">Teachtaireacht na hEocairiste d&uacute;inn inniu<\/span><\/em><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><strong><em><span style=\"color: black;\">A. An B&iacute;obla sa Liot&uacute;irge mar threoir don bheatha (L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh)<\/span><\/em><\/strong><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; text-indent: 0cm; line-height: 12pt;\"><em><span style=\"color: black;\">C&eacute;ad L&eacute;acht <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">(Genesis 14:18-20). <em>Thug Melcisedec ar&aacute;n agus f&iacute;on amach. <\/em>T&eacute;acs gearr &eacute; seo as chaibideal fada i leabhar Genesis, a chuireann s&iacute;os ar ionradh r&iacute;the &oacute;n Oirthear, le cogadh a chur ar r&iacute;the eile in iarthar na Mara Mairbhe. Th&oacute;gadar an chreach a bh&iacute; uathu agus d&rsquo;im&iacute;odar leo, ag togaint chomh maith Lot, mac dhearth&aacute;ir Abr&aacute;im (foirm luath de ainm Abrah&aacute;m), agus a chuid mhaoine. Murab ionann agus an sc&eacute;al eile faoi Abrah&aacute;m agus na patrarca&iacute; sa Bh&iacute;obla ina chuirtear i l&aacute;thair iad mar bhreac-fh&aacute;naithe, semi-nom&aacute;daigh, ci&uacute;na, anseo is trodaire m&iacute;leata &eacute; Abr&aacute;m, a leanann le f&oacute;rsa&iacute; d&aacute; chuid r&iacute;the an Oirthir, faigheann an bua orthu, agus a thugann thar nais an chreach, agus Lot lena chuid mhaoine san &aacute;ireamh. Ansin leanann sliocht r&uacute;ndiamhrach seo an lae inniu. Amach faoi dh&eacute;in Abr&aacute;im tagann Melcisedec, r&iacute; Se&aacute;l&eacute;m (ar a dtugadh Iar&uacute;sail&eacute;im n&iacute;os d&eacute;ana&iacute; is d&oacute;cha) agus sagart de Dhia Chan&aacute;n, ar a dtugadh &ldquo;an Dia r&oacute;-ard&rdquo; (ar ghlac Abr&aacute;m leis gurb ionann &eacute; agus an Dia ar thug s&eacute; f&eacute;in om&oacute;s d&oacute; (Genesis 14:22). Thug Abr&aacute;m (&ldquo;thug s&eacute;&rdquo; at&aacute; sa t&eacute;acs bunaidh) deach&uacute;, an deichi&uacute; chuid, de gach rud do Melcisedec. Figi&uacute;r r&uacute;ndiamhrach i dt&eacute;acs seo leabhair Genesis &eacute; Melcisedec. Ach n&iacute;os d&eacute;ana&iacute; i stair Iosrael t&oacute;gfar Melcisedec mar fhigi&uacute;r den r&iacute; D&aacute;ibh&iacute; agus den Mheisias (Salm 109[110]:4, a l&eacute;itear inniu mar Salm le Freagra), agus go m&oacute;r m&oacute;r sa Litir chuig na hEabhraigh 7:1-17.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; text-indent: 0cm; line-height: 12pt;\"><em><span style=\"color: black;\">Salm le Freagra<\/span><\/em><span style=\"color: black;\"> (Salm 109[110]). <em>Is sagart th&uacute; go br&aacute;ch de r&eacute;ir ord Melcisedec<\/em><\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; text-indent: 0cm; line-height: 12pt;\"><em><span style=\"color: black;\">An Dara L&eacute;acht<\/span><\/em><span style=\"color: black;\"> (1 Corantaigh 11:23-26). <em>Gach uair a itheann sibh an t-ar&aacute;n seo agus a &oacute;lann sibh as an gcail&iacute;s seo, is &eacute; b&aacute;s an Tiarna at&aacute; &aacute; fh&oacute;gairt agaibh. <\/em>Th&aacute;rla an Suip&eacute;ar D&eacute;anach, agus bun&uacute; na hEocairiste, sa bhliain 30 n&oacute; 33 iar-Chriost. Dealra&iacute;onn s&eacute; gur cuireadh le ch&eacute;ile go luath insint&iacute; gearra de sin, de shaghas Cr&eacute;. Ag scr&iacute;obh d&oacute; chuig na Corantaigh thart ar an bhliain 57, agus b&rsquo;fh&eacute;idir ag tr&aacute;th na C&aacute;sca, tugann P&oacute;l d&uacute;inn ceann de na h-insint&iacute; sin i l&eacute;acht an lae inniu. Deir P&oacute;l nach bhfuil s&eacute; ach ag seachadadh oideas n&oacute; teagasc a fhoghlaim s&eacute; f&eacute;in &ldquo;&oacute;n Tiarna&rdquo;, teagasc a th&eacute;ann thar nais go hIosa f&eacute;in. Fuair P&oacute;l an traidisi&uacute;n seo faoin Eocairist &oacute;n Eaglais in Iar&uacute;sail&eacute;im ina ch&eacute;ad chuairt ann sa bhliain 37 n&oacute; b&rsquo;fh&eacute;idir in Ant&iacute;och n&iacute;os deana&iacute;, thart ar an bhliain 49. Seo &eacute; an cuntas i scr&iacute;bhinn is aosta de bhun&uacute; na hEocairiste a bhfuil againn, n&iacute;os aosta n&aacute; an ceann i shoisc&eacute;al Marcas, a scr&iacute;obhadh thart ar 70 iar-Chr&iacute;ost. Go bun&uacute;sach is ionann a bhfuil sa t&eacute;acs seo agus sna Soisc&eacute;il (ach go bhfuil s&eacute; n&iacute;os c&oacute;ngara&iacute; do L&uacute;c&aacute;s). An t-ar&aacute;n, gurb &eacute; a chorp &eacute;, is i bp&aacute;irt, ar a son s&iacute;&uacute;d a ghlacann &eacute; at&aacute; s&eacute;. Is &eacute; an corp a c&eacute;asadh ar son sl&aacute;n&uacute; an chine dhaonna i gCailbhire &eacute;. D&uacute;irt &Iacute;osa glacadh a choirp agus a chuid fola a dh&eacute;anamh i gcuimhne, mar chuimhneamh, air &ndash; le go mbeadh cuimhne ag na f&iacute;r&eacute;in. agus fi&uacute; ag an Athair f&eacute;in, ar r&uacute;ndiamhair bh&aacute;s Chr&iacute;ost. N&iacute; hamh&aacute;in cuimhneamh go bhfuair s&eacute; b&aacute;s ach ar &eacute;ifeacht a bh&aacute;is agus a ais&eacute;ir&iacute;, agus faoi mar at&aacute; siad sin gn&iacute;omhach san Eaglais, cuimhneamh do gach Cr&iacute;osta&iacute; le beatha de r&eacute;ir na r&uacute;ndiamhaire a chaitheamh. Gach uair a ghlactar Comaoineach Naofa d&eacute;antar r&uacute;ndiamhair sin bh&aacute;s &Iacute;osa a fh&oacute;g&aacute;irt tr&iacute;d an stair s&iacute;os go dtiocfaidh Cr&iacute;ost ar&iacute;s.<\/span><\/p>\n<p style=\"margin-top: 12pt; text-align: justify;\"><em><span style=\"color: black;\">An Soisc&eacute;al <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">(L&uacute;c&aacute;s 9:11-17). <em>D&rsquo;itheadar uile agus bh&iacute;odar s&aacute;ch. <\/em>I mbliana tugtar an cuntas faoi bhun&uacute; na hEocairiste sa dara l&eacute;acht. Mar sin, mar l&eacute;acht don Soisc&eacute;al roghna&iacute;otar t&eacute;acs at&aacute; gaolmhar leis. Ba &eacute; an Suip&eacute;ar D&eacute;anach an ceann deiridh dena b&eacute;il&iacute; a bh&iacute; ag &Iacute;osa lena mhuintir agus le daoine san imeall. Bh&iacute; teachtaireacht ag na b&eacute;il&iacute; si&uacute;d i gc&oacute;na&iacute; agus gaol leis an Suip&eacute;ar D&eacute;anach. Cuntas faoi mhior&uacute;ilt &Iacute;osa ag tabhairt b&eacute;ile do ch&uacute;ig mh&iacute;le duine at&aacute; sa l&eacute;acht seo. An su&iacute;omh don mhior&uacute;ilt seo n&aacute; na sluaite ag br&uacute; chuig &Iacute;osa a fhearann f&aacute;ilte rompu, a labhra&iacute;onn leo faoi r&iacute;ocht D&eacute; agus a leigheasann si&uacute;d at&aacute; breoite. Ansin athra&iacute;onn an bh&eacute;im go dt&iacute; an fhadhb: conas bia a shol&aacute;thair don slua m&oacute;r sin. Cuireann na haspail ceist ar &Iacute;osa faoi, agus molann siad an slua scaoileadh uaidh. D&rsquo;&Iacute;osa is cuid d&aacute; theachtaireacht faoi r&iacute;ocht D&eacute; bia a shol&aacute;thair don ochrach. T&aacute; aithne cu&iacute;osach maith ar mhior&uacute;ilt seo &Iacute;osa ar iolr&uacute; an ar&aacute;in. Feiceann L&uacute;c&aacute;s n&iacute;os m&oacute; ann n&aacute; an mhior&uacute;ilt f&eacute;in. In a chuntas si&uacute;d tugann an mhior&uacute;ilt na hAspail chun tuiscint n&iacute;os doimhne bheith acu ar phearsa agus misean &Iacute;osa mar Mheisias D&eacute; (cuntas a leanann d&iacute;reach ina dhiaidh, L&uacute;c&aacute;s 9:18-22). Baineann L&uacute;c&aacute;s &uacute;s&aacute;id as &iacute;omh&aacute;nna agus friotal teanga chun an gaol idir an mhior&uacute;ilt seo agus bhun&uacute; na hEocairiste a thabhairt chun &aacute;r gcuimhne. Faoi mar a rinne s&eacute; sa Suip&eacute;ar D&eacute;anach, dearcann &Iacute;osa suas chun na bhflaitheas, beanna&iacute;onn s&eacute; an t-ar&aacute;n, briseann agus tugann d&aacute; dheisceabail lena roinnt. D&iacute;reach tar &eacute;is gach coisreacan san Aifreann f&oacute;gra&iacute;tear r&uacute;ndiamhair an chreidimh. D&rsquo;iarr &Iacute;osa f&eacute;in orainn gach coiscreacan a chom&oacute;radh i gcuimhe, mar chuimhneamh, air, ar a bh&aacute;s do shl&aacute;n&uacute; an domhain, ar an ghean agus an c&uacute;ram at&aacute; aige d&oacute;ibh san at&aacute; gan bia, iad san ar an imeall agus i ng&aacute;tar ar bith eile.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><strong><span style=\"color: black;\">B. An B&iacute;obla: <em>Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: <\/em><\/span><\/strong><em><span style=\"color: black;\">Teachtaireacht na hEocairiste d&uacute;inn inniu<\/span><\/em><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">Ba &iacute; an Eocairist foinse agus ceartl&aacute;r na Cr&iacute;osta&iacute;ochta tr&iacute;d na haoiseanna s&iacute;os, agus f&oacute;s is mar sin at&aacute;. Tugann machnamh ar an r&uacute;ndiamhair chun cuimhnimh an t-&eacute;ileamh a dh&eacute;anann s&iacute; beatha Chr&iacute;osta&iacute; d&aacute; r&eacute;ir a chaitheamh, mar a dh&eacute;anann machnamh ar &Iacute;osa Cr&iacute;ost f&eacute;in. Mar a luadh thuas, ba &eacute; an Suip&eacute;ar D&eacute;anach an b&eacute;ile deiridh a ith &Iacute;osa lena mhuintir f&eacute;in, agus tugann s&eacute; chun cuimhne intinn &Iacute;osa sna b&eacute;il&iacute; sin, ag ithe leo si&uacute;d a bh&iacute; san imeall agus a leith&eacute;id. Tugann &Iacute;osa i Soisc&eacute;al Marcas cuireadh d&uacute;inn machnamh a dh&eacute;anamh ar bhr&iacute;onna iomad&uacute;la na hEocairiste. Tar &eacute;is mhior&uacute;ilte iolr&uacute; an ar&aacute;in, in aistear farraige trasna Mhuir na Gail&iacute;le, luann Marcas go raibh dearmad d&eacute;anta ag na hAspail ar&aacute;n a thabhairt leo, seachas aon bhuil&iacute;n amh&aacute;in. Tugann &Iacute;osa fol&aacute;ireamh d&oacute;ibh bheith aireach faoi ghabh&aacute;il, giosta, &eacute;ags&uacute;la. Mheas na hAspail gur ag tagairt a bh&iacute; s&eacute; don easpa ar&aacute;in a bh&iacute; acu, ach meabhra&iacute;onn &Iacute;osa d&oacute;ibh an mhior&uacute;ilt ar iolr&uacute; an ar&aacute;in, agus tugann le cuimhne d&oacute;ibh an easpa tuisceana at&aacute; acu ar an mhior&uacute;ilt sin (Marcas 8:14-21). T&eacute;acs deacair le tuiscint &eacute; sin, ach dealra&iacute;onn s&eacute; go bhfuil &Iacute;osa ag tabhairt cuireadh don Eaglais agus d&uacute;inn uile machnamh a dh&eacute;anamh ar a bheatha agus a shaol faoi mar ar thug s&eacute; bia don chorp leis an ar&aacute;n a iolraigh s&eacute;, bia don anam san Eocairist, a ch&uacute;ram orthu si&uacute;d at&aacute; sna himill agus faoi mh&iacute;chumas de shaghas ar bith. Tugann an Eocairist na f&iacute;rinn&iacute; sin go l&eacute;ir chun cuimhne.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; An t&eacute;ama a bh&iacute; ann don Chomhdh&aacute;il Eocairisteach Idirn&aacute;isi&uacute;nta i mBaile &Aacute;tha Cliath i 2012 n&aacute; &ldquo;An Eocairist: Comaoin le Cr&iacute;ost agus lena ch&eacute;ile&rdquo;. T&aacute; sin ag teacht go h&aacute;lainn le liot&uacute;irge Aifreann an lae inniu. T&aacute; Cr&iacute;ost beo san Eocairist mar fhoinse do chaidreamh, chomaoin, phearsanta le Dia agus lena ch&eacute;ile, mar chlann mhac agus chlann in&iacute;onacha D&eacute;, br&aacute;ithre agus deirfi&uacute;racha &Iacute;osa.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Is r&uacute;ndiamhair dhomhain &iacute; l&aacute;ithreacht r&eacute;alta Chr&iacute;ost faoi ghn&eacute;ithe ar&aacute;in agus f&iacute;ona, nach glactar lei ach tr&iacute; chreideamh. N&iacute; inn&eacute; n&aacute; inniu a thosaigh an t-amhras faoi. Tar &eacute;is a sheanm&oacute;ra i gCafarn&aacute;um air f&eacute;in mar ar&aacute;n na beatha, bh&iacute; na Gi&uacute;daigh (n&aacute;r chreid ann) ag aighneas le ch&eacute;ile &aacute; r&aacute;: &lsquo;Conas is f&eacute;idir don duine seo a fheoil a thabhairt d&uacute;inn le hithe?&rsquo; Lean &Iacute;osa ar aghaidh lena th&eacute;ama faoi f&eacute;in agus ar gclos na cainte d&aacute; l&aacute;n d&aacute; dheisceabail d&uacute;irt siad: &lsquo;Is crua an chaint &iacute; seo, agus c&eacute; a d&rsquo;fh&eacute;adfadh &eacute;isteacht lei?&rsquo; Mar fhreagra d&uacute;irt &Iacute;osa: &lsquo;An bhfuil an m&eacute;id seo ina cheap tuisle agaibh? Ach cad &eacute; m&aacute; fheiceann sibh Mac an Duine (&Iacute;osa f&eacute;in) ag dul suas mar a raibh s&eacute; cheana?&rsquo; Tharraing a l&aacute;n d&aacute; dheisceabail siar, agus n&iacute;or leanadar &eacute; a thuilleadh (Eoin 6:52-66). Tuigimid r&uacute;ndiamhair na hEocraiste n&iacute;os fearr m&aacute; dheinimid machnamh uirthi i gcomth&eacute;acs &Iacute;osa fior-Dhia agus f&iacute;or-dhuine, a dheascabh&aacute;il chun na bhflaitheas agus &eacute; ar dheasl&aacute;imh D&eacute;. Tr&iacute;d na haoiseanna s&iacute;os ghlac an Eaglais le briathra &Iacute;osa ar an ar&aacute;n agus an f&iacute;on, tar &eacute;is a gcoisreacan, bheith go f&iacute;or, go r&eacute;alta, mar a chorp agus a fhuil, agus as sin lean an deabh&oacute;id don sacraimint r&oacute;-naofa. Sl&iacute;te a ba iad ina chuir na f&iacute;r&eacute;in in i&uacute;l a gcreideamh do l&aacute;ithreacht r&eacute;alta &Iacute;osa san Eocairist. Nuair a sh&eacute;anadh<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">an creideamh sin faoi l&aacute;ithreacht Chr&iacute;ost ag Berengarius, dhearbhaigh and Eaglais sa bhliain 1079 go nd&eacute;antar an t-ar&aacute;n agus f&iacute;on a athr&uacute; go substaint&iacute;ul go Corp and Fuil Cr&iacute;ost, a dhearbha&iacute;odh ar&iacute;s i gComhairle Trionta, teagasc at&aacute; le f&aacute;il i g<em>Caiticiosma na hEaglaise Caitlic&iacute; <\/em>(alt 1413):<em> &lsquo;<\/em>Tr&iacute;d an choisreacan cuirtear i gcr&iacute;ch tras-substainti&uacute; an ar&aacute;in agus an fh&iacute;ona i gCorp agus i bhFuil Chr&iacute;ost&rsquo;.<\/span><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>29 Bealtaine 2016 (C) Sol&uacute;ntas Chorp Chr&iacute;ost Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC A. L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute; B. &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-413","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/413","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=413"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/413\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=413"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=413"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=413"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}