{"id":415,"date":"2016-06-01T09:00:21","date_gmt":"2016-06-01T09:00:21","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=415"},"modified":"2016-06-01T09:00:21","modified_gmt":"2016-06-01T09:00:21","slug":"5-meitheamh-2016-c-deichiu-domhnach-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=415","title":{"rendered":"5 Meitheamh 2016 (C) Deichi\u00fa Domhnach Saor"},"content":{"rendered":"<p><strong><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">5 Meitheamh 2016 (C) Deichi&uacute; Domhnach Saor <\/span><\/strong><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 11pt; font-variant: small-caps;\">Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla<\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 11pt;\">leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC<\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">A. L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">B. An B&iacute;obla in agallamh le ceisteanna an lae<\/span><\/p>\n<p><strong><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">B. An B&iacute;obla: <em>Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: <\/em><\/span><\/strong><em><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">Cr&iacute;ost, P&oacute;l agus an Eaglais<\/span><\/em><em><\/em><\/p>\n<p><strong><em><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">A. An B&iacute;obla sa Liot&uacute;irge mar threoir don bheatha Chr&iacute;osta&iacute; (L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh)<\/span><\/em><\/strong><\/p>\n<p style=\"text-indent: 0cm; line-height: 12pt;\"><em><span style=\"font-size: 11pt;\">C&eacute;ad L&eacute;acht <\/span><\/em><span style=\"font-size: 11pt;\">(1 R&iacute;the 17:17-24). <em>F&eacute;ach, t&aacute; do mhac beo.<\/em> Roghna&iacute;odh an sliocht &aacute;irithe seo do liot&uacute;irge an lae inniu toisc gur c&uacute;lra oiri&uacute;nach &eacute; don l&eacute;acht sa Soisc&eacute;al ina ghlaonn &Iacute;osa mac na baintr&iacute; thar nais &oacute;n mb&aacute;s i gcathair N&aacute;in. Leis an sliocht a shu&iacute;omh ina ch&uacute;lra sa Bh&iacute;obla f&eacute;in, is m&iacute;r de shraith sc&eacute;alta &eacute; faoin fh&aacute;idh agus ghiolla D&eacute; &Eacute;il&iacute;as, den chuid is m&oacute; de freas&uacute;ra &Eacute;il&iacute;as don r&iacute; Ach&aacute;b agus a bhean ch&eacute;ile, an r&iacute;on &Iacute;zeibil, in&iacute;on le Etbaal r&iacute; na Siod&oacute;nach, a bh&iacute; ag iarraidh cultas a d&eacute; br&eacute;ige f&eacute;in Baal a thabhairt isteach agus cultas an Tiarna, Dia Iosrael, a scrios. Leanann an f&aacute;idh &Eacute;il&iacute;as mar a threora&iacute;onn Dia &eacute;. Tugann Dia triomach ar Iosrael agus ar Shiod&oacute;n. Tugann Dia ord&uacute; d&rsquo;&Eacute;il&iacute;as dul thar chr&iacute;ocha Ach&aacute;b go criocha pag&aacute;nacha Shiod&oacute;n, &aacute;it ar thug s&eacute; ord&uacute; do bhaintreach bia a thabhairt d&oacute;. C&eacute; go raibh s&iacute; f&eacute;in agus a mac ar an ghannchuid rinne s&iacute; rud ar &Eacute;il&iacute;as agus mh&eacute;adaigh Dia ar a st&oacute;r (1 R&iacute;the 17:1-16). Mheabraigh &Iacute;osa cuairt seo &Eacute;il&iacute;as ar an mbaintreach sin do mhuintir Nasaire (L&uacute;c&aacute;s 4:25-26). Tagann sliocht an lae inniu d&iacute;reach tar &eacute;is eachtra sin chabhair na baintr&iacute; ar &Eacute;il&iacute;as. Fuair mac bhean an t&iacute; b&aacute;s. Cuireann s&iacute; forr&aacute;n ar &Eacute;il&iacute;as mar &ldquo;giolla D&eacute;&rdquo; agus t&aacute; s&iacute; den tuairim gurb iad a peaca&iacute; f&eacute;in is c&uacute;is le b&aacute;s a mic. Iompra&iacute;onn &Eacute;il&iacute;as an mac go dt&iacute; an seomra a bh&iacute; curtha in &aacute;irithe ag an bhaintreach d&oacute; agus sh&iacute;n s&eacute; &eacute; f&eacute;in ar an leanbh tr&iacute; huaire. D&rsquo;fh&eacute;adfa&iacute; a mheas gur &ldquo;dra&iacute;ocht chomhbhraiteach&rdquo; a bh&iacute; anseo (t&aacute; eachtra cos&uacute;il leis &oacute;n fh&aacute;idh &Eacute;il&iacute;se&aacute; i 2 Rithe 4:32-37), ach l&aacute;rnach don eachtra seo t&aacute; urna&iacute; &Eacute;il&iacute;as do Dhia agus freagra D&eacute; chuige leis an bheatha a thabhairt thar nais do mhac na baintr&iacute;. D&eacute;anann an bhean admh&aacute;il chreidimh gur giolla D&eacute; d&aacute;ir&iacute;re &Eacute;il&iacute;as agus gur f&iacute;or briathar an Tiarna ina bh&eacute;al.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-indent: 0cm; line-height: 12pt;\"><em><span style=\"font-size: 11pt;\">Salm le Freagra<\/span><\/em><span style=\"font-size: 11pt;\"> (Salm 29[30[). <em>Molfaidh m&eacute; th&uacute;, a Thiarna, de bhr&iacute; gur shaor t&uacute; m&eacute;.<\/em><\/span><\/p>\n<p style=\"text-indent: 0cm; line-height: 12pt;\"><em><span style=\"font-size: 11pt;\">An Dara L&eacute;acht<\/span><\/em><span style=\"font-size: 11pt;\"> (Galataigh 1:11-19). <em>D&rsquo;fhoilsigh Dia a mhac ionam chun go nd&eacute;anfainn a Dhea-Sc&eacute;al a fh&oacute;gairt i measc na ngintlithe. <\/em>An Domhnach seo caite, mar dhara l&eacute;acht, thosaigh an l&eacute;amh leath-lean&uacute;nach den litir chuig na Galataigh, n&aacute;r l&eacute;adh toisc cheili&uacute;radh Shol&uacute;ntais Chorp Chr&iacute;ost. Leanfaidh l&eacute;amh na litreach seo ar aghaidh ar feadh na c&uacute;ig Dhomhnacha&iacute; seo chugainn. Bhunaigh P&oacute;l an eaglais sa Ghal&aacute;it, pobal de bhunadh pag&aacute;nach, neamh-Ghi&uacute;dach, den chuid is m&oacute; de r&eacute;ir dealraimh. Agus d&rsquo;fh&oacute;gair s&eacute; a shain-soisc&eacute;al ann, go dtagann an sl&aacute;n&uacute; &oacute; chreideamh in &Iacute;osa, gan an timpeallghearradh n&oacute; cleachtadh Dhl&iacute; Mhaois a bheith riachtanach. Tamall n&iacute;os d&eacute;ana&iacute; tugadh le fios d&oacute; go raibh Cr&iacute;ostaithe Gi&uacute;dacha, gan aon &uacute;dar&aacute;s eaglasta, tagaithe a chuir ina lu&iacute; ar eaglais na Gal&aacute;ite go raibh an timpeallghearradh agus cleachtadh Dhl&iacute; Mhaoie riachtanach don sl&aacute;n&uacute;, agus go raibh P&oacute;l tar &eacute;is dallamull&oacute;g a chur orthu, fear n&aacute;rb aspal ceart &eacute; ar aon chuma, duine n&aacute;rb bhall de aspail Chr&iacute;ost &oacute; th&uacute;s. Mar fhreagra ar an gh&eacute;arch&eacute;im sin a scr&iacute;obh P&oacute;l an litir seo chuig na Galataigh.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-indent: 0cm; line-height: 12pt;\"><span style=\"font-size: 11pt;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; I sliocht sp&eacute;isi&uacute;il d&iacute;rbheath&aacute;isn&eacute;iseach ann leagann P&oacute;l b&eacute;im ar an ghlaoch mar aspal a fuair s&eacute; &oacute; Dhia, agus tugann s&eacute; eolas t&aacute;bhachtach d&uacute;inn ar a bhlianta tosaigh mar Chr&iacute;osta&iacute;. An soisc&eacute;al, an teachtaireacht, at&aacute; aige n&iacute; &oacute; dhaoine daonna a fuair s&eacute; &eacute;; n&iacute; aspail den dara gr&aacute;d &eacute;, ach &eacute; tofa mar aspal d&iacute;reach &oacute; Dhia an uair a tionnta&iacute;odh chun Chr&iacute;ost &eacute;, tofa le dea-sc&eacute;al a craobhscaoileadh chuig na pag&aacute;naigh, neamh-Ghi&uacute;daigh. Ag teacht leis sin go l&eacute;ir, tar &eacute;is iomp&uacute; chun Chr&iacute;ost d&oacute; n&iacute; th&eacute;ann s&eacute; chuig na haspail tosaigh (C&eacute;afas\/Peadar agus an chuid eile) in Iar&uacute;sail&eacute;im le treoir a fh&aacute;il uathu. Agus nuair a thugann s&eacute; cuairt ar C&eacute;afas (Peadar) n&iacute;os d&eacute;anai, n&iacute; chun cead seanm&oacute;ireachta a fh&aacute;il uaidh sin. An misean at&aacute; aige, tagann s&eacute; d&iacute;reach &oacute; Dhia, neamhsple&aacute;ch &oacute;na haspail eile.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-indent: 0cm; line-height: 12pt;\"><span style=\"font-size: 11pt;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; T&aacute; na sonra&iacute; d&iacute;rbheathaisn&eacute;iseacha sa sliocht thar a bheith sp&eacute;isi&uacute;il. Is &eacute; is d&oacute;cha&iacute; n&aacute; gur cuireadh &Iacute;osa chun b&aacute;is sa bhlian 30 iar-Chr&iacute;ost, agus gur tharla an gh&eacute;arlean&uacute;int, b&aacute;s Stiof&aacute;in agus tiont&uacute; Sh&oacute;il\/Ph&oacute;il chun an chreidimh i 32\/33 iar-Chr&iacute;ost. Bh&iacute; P&oacute;l sa Damaisc agus san Ar&aacute;ib sna blianta 33-36, agus thug s&eacute; turas go hIar&uacute;sail&eacute;im agus C&eacute;afas (Peadar) in 36 Iar-Chr&iacute;ost. Deir P&oacute;l go ndeacha s&eacute; chun na hAr&aacute;ibe ar iomp&uacute; go Cr&iacute;ost d&oacute;. An Naibit&eacute;a at&aacute; i gceist, Petra mar phr&iacute;omhchathair agus Ar&eacute;tas ina r&iacute; air. (Bh&iacute; in&iacute;on leis p&oacute;sta ar H&eacute;ar&oacute;d Antipas na Gail&iacute;le.) N&iacute; deirtear cad a rinne s&eacute; i bPetra na blianta sin. C&eacute; go measann scol&aacute;ir&iacute; &aacute;irithe gur ag craobhscaoileadh a chreidimh in gCr&iacute;ost a bh&iacute; s&eacute;, seans gur ag dianmhachnamh ar a st&aacute;das nua a bh&iacute;, agus ag cur le ch&eacute;ile an diagacht dhomhain sin a l&eacute;ireoidh s&eacute; ina a litreacha n&iacute;os d&eacute;ana&iacute;. In Iar&uacute;sail&eacute;im n&iacute;or bhuail s&eacute; ach le C&eacute;afas (Peadar) agus le S&eacute;amas, br&aacute;thair an Tiarna, n&aacute;rb aspal &eacute;, agus a bheidh ina cheannaire ar an eaglais in Iar&uacute;sail&eacute;im n&iacute;os d&eacute;anai<\/span><\/p>\n<p style=\"text-indent: 0cm; line-height: 12pt;\"><em><span style=\"font-size: 11pt;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; <\/span><\/em><\/p>\n<p style=\"text-indent: 0cm; line-height: 12pt;\"><em><span style=\"font-size: 11pt;\">An Soisc&eacute;al <\/span><\/em><span style=\"font-size: 11pt;\">(L&uacute;c&aacute;s 7:11-17). <em>A fhir &oacute;ig, deirim leat, &eacute;irigh. <\/em>Cuntas d&iacute;reach at&aacute; anseo faoi chonas a thug &Iacute;osa fear &oacute;g thar nais &oacute;n mb&aacute;s, aonmhac a mh&aacute;thar agus ise ina baintreach. Tharla sin i mbaile ar a dtugadh N&aacute;in, ar ionann &eacute; is d&oacute;cha agus an baile beag Arabach Nein an lae inniu, 14 cilim&eacute;adar (8.7 m&iacute;le) sl&iacute; &oacute; Nasair. D&rsquo;fh&eacute;adfadh s&eacute; go raibh an eachtra eile &uacute;d faoin fh&aacute;idh Eil&iacute;as a bh&iacute; againn sa ch&eacute;ad l&eacute;acht ina aigne ag &Iacute;osa; mheabhraigh s&eacute; impleachta&iacute; na m&iacute;re d&iacute;reach roimhe d&aacute; mhuintir sa sionag&oacute;g sa Nasair.<\/span><\/p>\n<p><strong><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">B. An B&iacute;obla: <em>Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: <\/em><\/span><\/strong><em><span style=\"font-size: 11pt; color: blue;\">Cr&iacute;ost, P&oacute;l agus an Eaglais<\/span><\/em><em><\/em><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 11pt;\">Leagtar b&eacute;im mh&oacute;r inniu i dtaighde ar &ldquo;&Iacute;osa na Staire&rdquo;, ar phearsa agus teagasc &Iacute;osa as Nasarat sa mh&eacute;id go bhf&eacute;adfa&iacute; teacht ar eolas faoi sin le modhanna stairi&uacute;la amh&aacute;in, t&eacute;acsanna an Tiomna Nua ina measc, ach iad sin t&oacute;gtha mar fhoins&iacute; staire, seachas foins&iacute; creidimh. D&eacute;antar t&eacute;ascanna na Soisc&eacute;al a scagadh go mion lena fh&aacute;il amach c&eacute; mh&eacute;ad d&iacute;obh ar f&eacute;idir a mheas a thagann &oacute; &Iacute;osa f&eacute;in go cinnte, go deimhin, gur d&oacute;cha; n&oacute; nach deimhin n&aacute; d&oacute;cha gur &oacute; Iosa iad ach ar cumadh ag an comhluadar Cr&iacute;osta&iacute;. Ar uairibh d&rsquo;fh&eacute;adfa&iacute; a mheas &oacute; ruda&iacute; a deirtear nach den t&aacute;bhacht ch&eacute;anna don chreideamh r&aacute;iteas n&oacute; teagasc sna Soisc&eacute;il nach i mbriathra beachta &Iacute;osa f&eacute;in iad, ach gur &oacute;n luath-eaglais iad. Nuair a chuirtear an bh&eacute;im go l&eacute;ir ar a bhriathra beachta agus na gn&iacute;omthartha cinnte a rinne &Iacute;osa, is &eacute;asca scoilt a dh&eacute;anamh idir Chr&iacute;ost agus an Eaglais a lean tar &eacute;is bhais agus airs&eacute;ir&iacute; d&oacute;, amhail is go mo b-ionann tr&eacute;igean f&iacute;se &Iacute;osa a bh&aacute;s agus a imeacht &oacute;n saol. Mar a cuireadh &eacute; i r&aacute;iteas l&eacute;annta blianta fada &oacute; shoin: &ldquo;D&rsquo;fh&oacute;gair &Iacute;osa an r&iacute;ocht agus is &eacute; a eascair as n&aacute; an eaglais&rdquo;.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 11pt;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Tugann an dara l&eacute;acht inniu as litir Ph&oacute;il chuig na Galataigh deis d&uacute;inn machnamh a dh&eacute;anamh ar cheisteanna d&aacute; leith&eacute;id. I dtosach b&aacute;ire bh&iacute; &Iacute;osa ann agus an bu&iacute;on (D&aacute;r&eacute;ag) a bh&iacute; roghnaithe go speisialta aige, agus lucht lean&uacute;na eile nach iad. Tar &eacute;is a ch&eacute;asadh agus a ais&eacute;ir&iacute; thaispe&aacute;in &Iacute;osa &eacute; f&eacute;in d&oacute;ibh agus thug ord&uacute; d&oacute;ibh an Dea-Sc&eacute;al a fhogairt go himeall an domhain. Ba fhinn&eacute;ithe s&uacute;l iad ar a shaothar poibl&iacute; &oacute; bhaisteadh Eoin go dt&iacute; a dheascabh&aacute;il &#8212; a tharla dachad l&aacute; tar &eacute;is a ais&eacute;ir&iacute; de r&eacute;ir chuntais L&uacute;c&aacute;is. Ansin tri bhliain n&iacute;os d&eacute;ana&iacute; th&aacute;inig P&oacute;l agus a iomp&uacute; chuig Cr&iacute;ost. Thaispe&aacute;in Cr&iacute;ost ais&eacute;irithe &eacute; f&eacute;in d&oacute; chomh soil&eacute;ir agus cinnte agus a bh&iacute; d&eacute;anta aige don D&aacute;r&eacute;ag agus daoine eile, agus thug misean d&oacute; Dea-Sc&eacute;al an tsl&aacute;naithe a fhogairt do na gintlithe. Chuir seo P&oacute;l ar chomhch&eacute;im leis na haspail eile.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 11pt;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Is brainse l&eacute;inn ionraic &eacute; taighde ar &ldquo;&Iacute;osa na Staire&rdquo;, ar an m&eacute;ad ar f&eacute;idir linn teacht ar a d&uacute;irt agus a rinne &Iacute;osa le foins&iacute; staire amh&aacute;in. Ach n&iacute; f&eacute;idir &Iacute;osa agus d&aacute; sheasann s&eacute; a theorann&uacute; don stair amh&aacute;in. N&iacute; raibh i mbeatha shaolta &Iacute;osa, ar an domhan seo, ach t&uacute;s le foilsi&uacute; r&uacute;ndiamhair shl&aacute;naithe D&eacute;. Cuid den r&uacute;ndiamhair ch&eacute;anna a bh&aacute;s, a ais&eacute;ir&iacute;, a dheascabh&aacute;il go deasl&aacute;imh D&eacute;, teacht and Spioraid Naoimh agus, fi&uacute;, rogha Ph&oacute;il mar aspal do na gintlithe. Lean foilsi&uacute; na r&uacute;ndiamhaire ar aghaidh sa luath-eaglais leis an bua speisialta a tugadh do fh&aacute;ithe cr&iacute;ostaithe ar inpleachta&iacute; na r&uacute;ndiamhaire sin a dh&eacute;anamh n&iacute;os soil&eacute;ire. N&iacute; m&oacute;r don chreidmheach a &aacute;it chui a thabhairt don taighde ar &Iacute;osa na staire, agus do r&uacute;ndiamhair an tsl&aacute;naithe.<\/span><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>5 Meitheamh 2016 (C) Deichi&uacute; Domhnach Saor Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC A. L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute; B. &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-415","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/415","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=415"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/415\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=415"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=415"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=415"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}