{"id":417,"date":"2016-06-08T19:10:42","date_gmt":"2016-06-08T19:10:42","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=417"},"modified":"2016-06-08T19:10:42","modified_gmt":"2016-06-08T19:10:42","slug":"12-meitheamh-2016-c-aonu-domhnach-deag-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=417","title":{"rendered":"12 Meitheamh 2016 (C) Aon\u00fa Domhnach D\u00e9ag Saor"},"content":{"rendered":"<p><strong><span style=\"color: blue;\">12 Meitheamh 2016 (C) Aon&uacute; Domhnach D&eacute;ag Saor <\/span><\/strong><\/p>\n<p><span style=\"font-variant: small-caps;\">Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla<\/span><\/p>\n<p>leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC<\/p>\n<p><span style=\"color: blue;\">A. L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/p>\n<p><strong><em><span style=\"color: blue;\">B. An B&iacute;obla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: <\/span><\/em><\/strong><em><span style=\"color: blue;\">An eaglais &#8212; pobal sl&aacute;naithe, gur eol d&oacute; laige agus peaca<\/span><\/em><\/p>\n<p><strong><em><span style=\"color: blue;\">A. An B&iacute;obla sa Liot&uacute;irge mar threoir don bheatha (L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh)<\/span><\/em><\/strong><\/p>\n<p style=\"text-indent: 0cm; line-height: 12pt;\"><em>C&eacute;ad L&eacute;acht <\/em>(2 Samu&eacute;l 12:7-10, 13). <em>Tugann an Tiarna maithi&uacute;nas duit i do pheaca; n&iacute; chuirfear chun b&aacute;is th&uacute;. <\/em>D&eacute;antar an sliocht seo a l&eacute;amh i liot&uacute;ige an lae inniu toisc go labhra&iacute;onn s&eacute; faoi pheaca r&iacute;, faoina aithr&iacute; agus faoi mhaithi&uacute;nas D&eacute; d&oacute;, agus sin mar ch&uacute;lra cu&iacute; don l&eacute;acht sa Soisc&eacute;al. Nuair a shu&iacute;tear &eacute; ina choimhth&eacute;acs sa Bh&iacute;obla is foircheann &eacute; ar chuntas an-mhac&aacute;nta faoi dhrochiompar Dh&aacute;iv&iacute; r&iacute;. Bh&iacute; arm Dh&aacute;iv&iacute; ag coga&iacute;ocht leis na hAmain&iacute;tigh ag a bpr&iacute;omh-chathair Ammon (Amman an lae inniu). D&rsquo;fhan Daiv&iacute; in a phal&aacute;s in Iar&uacute;sail&eacute;im, agus tr&aacute;thn&oacute;na amhain &oacute; dh&iacute;on a th&iacute; chonnaic s&eacute; bean &aacute;lainn &aacute; folcadh f&eacute;in. Baits&eacute;aba ab ainm di, bean ch&eacute;ile Ur&iacute;a an H&iacute;teach, saighdi&uacute;ir in arm Dh&aacute;iv&iacute;. Lu&iacute; D&aacute;ibh&iacute; lei; d&rsquo;&eacute;irigh s&iacute; torrach agus chuir sin in i&uacute;l do Dh&aacute;iv&iacute;. D&rsquo;fh&eacute;ach D&aacute;iv&iacute; chuige gur thit Ur&iacute;a sa chath. Tar &eacute;is tr&eacute;imhse chu&iacute; bhr&oacute;in th&oacute;g D&aacute;iv&iacute; Baits&eacute;aba chuige mar bhean ch&eacute;&iacute;le dhleathach. Mheas s&eacute; go raibh gach rud m&iacute;chu&iacute; folaithe i s&uacute;ile daonna. N&iacute;orbh amhlaidh do Dhia. Sheol Dia an f&aacute;idh Natan go D&aacute;iv&iacute; lena dh&eacute;anamh soil&eacute;ir d&oacute; a thromch&uacute;is&iacute; is a bh&iacute; an gn&iacute;omh a rinne s&eacute;. D&rsquo;admhaigh D&aacute;iv&iacute; go humhal a chion, rinne aithr&iacute; agus thug Dia maithi&uacute;nas d&oacute;. Sa Bh&iacute;obla leagtar an Salm Aithri 50 (51), an <em>Miserere<\/em>, ar Dh&aacute;iv&iacute;, mar a bhriathra aithr&iacute; faoin pheaca seo.<\/p>\n<p style=\"text-indent: 0cm; line-height: 12pt;\"><em>Salm le Freagra<\/em> (Salm 31[32]). <em>Maith dom mo pheaca, a Thiarna.<\/em><\/p>\n<p style=\"text-indent: 0cm; line-height: 12pt;\"><em>An Dara L&eacute;acht<\/em> (Galataigh 2:16, 19-21). <em>N&iacute; m&eacute; f&eacute;in at&aacute; beo anois ach is &eacute; Cr&iacute;ost at&aacute; beo ionam. <\/em>Sa l&eacute;acht seo t&aacute; P&oacute;l ag labhairt le Peadar n&oacute; le Gi&uacute;daigh i gcoitinne mar dhuine a iompaigh &oacute;n Ghi&uacute;dachas. D&eacute;anann P&oacute;l codarsnacht idir Dl&iacute; na nGi&uacute;dach agus creideamh i gCr&iacute;ost, n&oacute; an sl&aacute;n&uacute; tr&iacute; ghrasta D&eacute;. Nuair a labhra&iacute;onn P&oacute;l ar chreideamh in &Iacute;osa Cr&iacute;ost n&iacute; gn&iacute;omh intleachta n&oacute; tola amh&aacute;in at&aacute; i gceist aige, ach glacadh le b&aacute;s agus ais&eacute;ir&iacute; Chr&iacute;ost mar phlean shl&aacute;naithe D&eacute;. Ionann f&iacute;r&eacute;antacht agus claochl&uacute; inmhe&aacute;nach an duine tr&iacute;d an Spiorad Naomh. N&iacute; thagann sin tr&iacute; chomhl&iacute;onadh Dhli na nGi&uacute;dach ach tr&iacute; chreideamh in &Iacute;osa Cr&iacute;ost, agus gach a leanann as sin. Leagann P&oacute;l b&eacute;im ar seo tr&iacute; r&aacute;iteas agus athr&aacute;iteas sa sliocht seo. Ansin t&aacute; an r&aacute;iteas gonta seo aige: &ldquo;Mar bh&aacute;saigh m&eacute; f&eacute;in don dl&iacute; tr&iacute;d an dl&iacute;&rdquo; (Coslett &Oacute; Cuinn), &ldquo;&Oacute;ir is tr&iacute;d an dl&iacute; d&rsquo;&eacute;agas don dl&iacute;&rdquo;(De Si&uacute;nta); &ldquo;Mar is tr&iacute;d an dli a fuair mise b&aacute;s i leith an dl&iacute;&rdquo; (B&iacute;obla Mhaigh Nuad). Is &iacute; is br&iacute; leis is d&oacute;cha n&aacute; gur dhaor dl&iacute; na nGi&uacute;dach &Iacute;osa chun b&aacute;is, rud a chuir cr&iacute;och le r&oacute;l an dl&iacute; i bplean shl&aacute;naithe D&eacute;, agus i mbeatha Ph&oacute;il. P&aacute;irt le Cr&iacute;ost, lena bh&aacute;s agus a ais&eacute;ir&iacute;, is ea an bheatha Chr&iacute;osta&iacute;. Fuair P&oacute;l, agus gach creidmheach, b&aacute;s don dl&iacute; seachtrach le maireacht&aacute;il, le bheith beo, do Dhia i gCriost agus le Cr&iacute;ost. Go spiorad&aacute;lta, go misti&uacute;il, fuair P&oacute;l b&aacute;s le Cr&iacute;ost agus t&aacute; a bheatha go l&eacute;ir sa saol seo, sa cholainn seo, faoi sti&uacute;ir a chreidimh sa r&uacute;ndiamhair seo. Is &oacute; bhas &Iacute;osa ar an gcrois agus &oacute; ghr&aacute;sta D&eacute; a thagann an fh&iacute;r&eacute;antacht. D&aacute; mba a mhalairt, &oacute; dhl&iacute; Mhaois, bheadh b&aacute;s Chr&iacute;ost in aisce.<\/p>\n<p style=\"text-indent: 0cm; line-height: 12pt;\"><em>An Soisc&eacute;al <\/em>(L&uacute;c&aacute;s 7:36-8:3). <em>T&aacute; a peaca&iacute; &#8212; a m&oacute;rchuid peaca&iacute; &ndash; maite di: is l&eacute;ir sin &oacute; mh&eacute;id a gr&aacute;. <\/em>Ungadh seo &Iacute;osa sa Ghail&iacute;l t&aacute; s&eacute; cos&uacute;il leis an ungadh sa B&eacute;ataine, a luaitear sna soisc&eacute;il eile (Matha 26:6-13; Marcas 14:3-9; Eoin 12:1-8) i gcomhth&eacute;acs na P&aacute;ise. Ach i L&uacute;c&aacute;s t&aacute; aidhm eile ar fad leis: aithr&iacute; agus maithi&uacute;nas. Buaicphointe eile &oacute; pheann L&uacute;c&aacute;is, scr&iacute;obha&iacute; chneastachta &Iacute;osa, an cuntas seo: c&uacute;ram &Iacute;osa do dhuine ar an imeall agus casaoid chaoin ar fhear an t&iacute; toisc a easpa tuisceana ar an n&aacute;d&uacute;r daonna. An su&iacute;omh f&eacute;in l&eacute;ir&iacute;onn s&eacute; cairdeas idir &Iacute;osa agus na Fairis&iacute;nigh a thugann cuireadh chun b&eacute;ile d&rsquo;&Iacute;osa (amhail &oacute;c&aacute;id&iacute; eile (L&uacute;c&aacute;s 11:37; 14:1), agus b&rsquo;fh&eacute;idir L&uacute;c&aacute;s 13:31 (comhairle d&rsquo;&Iacute;osa bheith san airdeall faoi caimil&eacute;ireacht H&eacute;ar&oacute;d Antipas). Dealra&iacute;onn s&eacute; go raibh na t&iacute;the sa Ghail&iacute;l ina raibh b&eacute;ile iontu oscailte don phobal; mar sin bh&iacute; s&eacute; &eacute;asca do dhaoine nach raibh cuireadh chun boird faighte acu teacht isteach, mar a rinne an bhean &aacute;irithe seo. N&iacute; raibh na h-a&iacute;onna ina su&iacute; chun boird ach ar a leaslu&iacute;. Peacach mn&aacute; sa chathair ab ea &iacute;. N&iacute; deirtear gur striapach a bh&iacute; inti. Bheadh cloiste aici faoi chine&aacute;ltacht &Iacute;osa do bhailitheoir&iacute; c&aacute;nach agus pheacaigh agus th&aacute;inig s&iacute; lena gr&aacute; a l&eacute;iri&uacute; d&oacute;. B&rsquo;fh&eacute;idir go raibh baint &eacute;igin le caidreamh cairdi&uacute;il &Iacute;osa leis na Fairis&iacute;nigh leis an gceist, mar luaitear Siom&oacute;n, fear an t&iacute; a thuga an cuireadh d&rsquo;&Iacute;osa, mar Fhairis&iacute;neach c&uacute;pla uair sa t&eacute;acs. Cuireann &Iacute;osa iompar na mn&aacute; ina leith i gcompar&aacute;id leis na ruda&iacute; n&aacute;r rinne Siom&oacute;n. N&iacute;l &Iacute;osa ag cur m&iacute;chuirt&eacute;ise i leith Shiom&oacute;in. D&aacute;ir&iacute;re, seachas n&iacute; na gcos n&iacute; raibh aon cheann de na ruda&iacute; eile a luaitear dlite ar fhear an t&iacute;. Is &iacute; eirim an pharabail n&aacute; codarsnacht a dh&eacute;anamh idir gr&aacute; na mn&aacute; agus gr&aacute; daoine eile, mar shampla Siom&oacute;in. Ansin tagann an r&aacute;iteas faoin cheangal idir gr&aacute; na mn&aacute; agus maithi&uacute;nas ar a peaca&iacute;. Is f&eacute;idir ceachtar de dh&aacute; l&eacute;amh a dh&eacute;anamh air: tugadh maithi&uacute;nas don bhean toisc a gr&aacute;, n&oacute; crutha&iacute;onn an gr&aacute; m&oacute;r at&aacute; aici go bhfuil a peaca&iacute; m&oacute;ra maite. Ar aon chuma dearbha&iacute;onn &Iacute;osa go bhfuil a peaca&iacute; maite, r&aacute;iteas a chuireann ar na ha&iacute;onna ceist a chur faoi c&eacute; h&eacute; &Iacute;osa, a bhfuil ar a chumas peacai a mhaitheamh. N&iacute; leantar den cheist.<\/p>\n<p style=\"text-indent: 0cm; line-height: 12pt;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; T&eacute;ann l&eacute;acht an lae inniu ar aghaidh &oacute;n ungadh le achoimre a thabhairt ar mhinistreacht &Iacute;osa ag f&oacute;gairt dea-sc&eacute;il na r&iacute;ochta agus ar an ch&uacute;namh a thug mn&aacute; &aacute;irithe don D&aacute;r&eacute;ag. De r&eacute;ir dealraimh leigheasadh na mn&aacute; seo &oacute; ghalair (&ldquo;droch-spiorad agus &eacute;agruais&rdquo;) ag &Iacute;osa. Ainmn&iacute;otar tri&uacute;r: M&aacute;ire Mhaigdil&eacute;anach, a raibh seacht droch-ghalair aici, agus I&oacute;anna bean ch&eacute;ile mhaoir a bh&iacute; ag H&eacute;ar&oacute;d Antipas, teatrarc na Gail&iacute;le, bean le seasamh sa phobal. Luaitear iad sin ar&iacute;s ag an tuama, ag an ais&eacute;ir&iacute;. N&iacute; fios tada faoin tr&iacute;&uacute; bhean, S&uacute;sanna. Seachas an tri&uacute;r sin, bh&iacute; m&oacute;r&aacute;n ban n&aacute;rbh iad. Thugadar san cabhair airgid agus mhor&aacute;lta do &Iacute;osa agus a bhu&iacute;on.<\/p>\n<p style=\"text-indent: 0cm; line-height: 12pt;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;<\/p>\n<p><strong><em><span style=\"color: blue;\">B. An B&iacute;obla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: <\/span><\/em><\/strong><em><span style=\"color: blue;\">An eaglais &#8212; pobal sl&aacute;naithe, gur eol d&oacute; laige agus peaca<\/span><\/em><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">Labhra&iacute;onn tr&iacute; l&eacute;acht an lae inniu ar pheaca, laige dhaonna agus maithi&uacute;nas &oacute; Dhia. Sa ch&eacute;ad l&eacute;acht t&aacute; sampla an r&iacute; D&aacute;ibh&iacute; againn. Leagann P&oacute;l b&eacute;im ar an fh&iacute;rinne go dtagann an sl&aacute;n&uacute; tr&iacute; ghr&aacute;sta D&eacute;, tr&iacute; bh&aacute;s agus ais&eacute;ir&iacute; Chr&iacute;ost seachas tr&iacute; shaothar daonna a mheasann gur f&eacute;idir an fh&iacute;r&eacute;antacht a r&iacute;omhadh de r&eacute;ir slat tomhais dl&iacute;thi&uacute;il, de r&eacute;ir chomhl&iacute;onadh dl&iacute;. T&aacute; teachtaireacht Chr&iacute;osta&iacute; an tsl&aacute;naithe d&iacute;rithe ar dhaoine daonna laga gur f&eacute;idir leo titim, ach ar ghlaotar orthu &eacute;ir&iacute; ar&iacute;s, agus glaoch ar thuiscint D&eacute;, agus a bheith deimhin de go bhfuil maithi&uacute;nas ar f&aacute;il tar &eacute;is aithr&iacute;.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Tugann peaca&iacute; m&oacute;r-uaisle na staire, agus an aithr&iacute; a lean iad, misneach d&uacute;inn. T&aacute; sampla Baits&eacute;aba againn, a bh&iacute; in a m&aacute;thair ar Sholamh, agus d&aacute; bharr sin a bhfuil &aacute;it aici i ghinealach &Iacute;osa i shoisc&eacute;al Mhatha. Chuaigh peaca&iacute; an tsinsir i bhfeidhm ar &aacute;r muintir mar is l&eacute;ir &oacute;n rann sa bh&eacute;aloideas: &ldquo;Pheacaigh Maois is pheacaigh &Aacute;dhamh; pheacaigh D&aacute;iv&iacute; agus is maith an tri&uacute;r. Pheacaigh Peadar cionn na cl&eacute;ire, is Cr&iacute;ost gur sh&eacute;an s&eacute; os comhair a dh&aacute; sh&uacute;il&rdquo;. F&iacute;rinne a mheabhra&iacute;onn l&eacute;achta&iacute; an lae inniu d&uacute;inn n&aacute; nach pobal do st&oacute;ich, do fhathaigh, do dhaoine l&aacute;idre amh&aacute;in, &iacute; an eaglais. T&aacute; &eacute;ags&uacute;lacht an chine dhaonna f&eacute;in le fail inti&mdash;iad san ar an imeall, iad san a meastar de r&eacute;ir chaighde&aacute;in &aacute;irithe a bheith gan todhcha&iacute; ar bith, iad sin ar theip orthu sa saol, i bpriosun, as prios&uacute;n, and&uacute;iligh druga&iacute;, mangair&iacute; druga&iacute; agus eile. Agus t&aacute; tuiscint ag Dia agus &Iacute;osa d&oacute;ibh i gc&oacute;na&iacute;.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Ach m&aacute; t&aacute; Dia reidh le maithi&uacute;nas a thabhairt, n&iacute; ionann sin agus cuireadh chun aithr&iacute; agus chun peaca ina dhiaidh. Fanann briathra &Iacute;osa d&aacute; lucht lean&uacute;na linn i gc&oacute;na&iacute;: bheith foirfe faoi mar at&aacute; &aacute;r nAthair neamha&iacute; foirfe, bheith mar shalann na tal&uacute;n agus mar sholas an domhain. N&iacute; m&oacute;r dh&aacute; thaobh na f&iacute;rinne a choime&aacute;d os &aacute;r gcomhair: bheith tuisceanach don laige dhaonna, agus Dia agus Cr&iacute;ost a bheith againn mar eiseaml&aacute;ir.<\/span><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>12 Meitheamh 2016 (C) Aon&uacute; Domhnach D&eacute;ag Saor Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC A. L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute; &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-417","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/417","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=417"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/417\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=417"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=417"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=417"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}