{"id":420,"date":"2016-06-22T11:21:54","date_gmt":"2016-06-22T11:21:54","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=420"},"modified":"2016-06-22T11:21:54","modified_gmt":"2016-06-22T11:21:54","slug":"26-meitheamh-2016-c-triu-domhnach-deag-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=420","title":{"rendered":"26 Meitheamh 2016 (C) Tr\u00ed\u00fa Domhnach D\u00e9ag Saor"},"content":{"rendered":"<p><strong><span style=\"color: blue;\">26 Meitheamh 2016 (C) Tr&iacute;&uacute; Domhnach D&eacute;ag Saor <\/span><\/strong><\/p>\n<p><span style=\"font-variant: small-caps;\">Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla<\/span><\/p>\n<p>leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC<\/p>\n<p><span style=\"color: blue;\">A. L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/p>\n<p><span style=\"color: blue;\">B. An B&iacute;obla in agallamh le ceisteanna an lae<\/span><\/p>\n<p><strong><em><span style=\"color: blue;\">B. An B&iacute;obla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: <\/span><\/em><\/strong><em><span style=\"color: blue;\">Glaotar ar Chr&iacute;ostaithe chun na saoirse<\/span><\/em><\/p>\n<p><strong><em><span style=\"color: blue;\">A. An B&iacute;obla sa Liot&uacute;irge mar threoir don bheatha (L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh)<\/span><\/em><\/strong><\/p>\n<p style=\"text-indent: 0cm; line-height: 12pt;\"><em>C&eacute;ad L&eacute;acht <\/em>(1 R&iacute;the 19:15, 19-21). <em>D&rsquo;&eacute;irigh Elisea agus lean s&eacute; &Eacute;lias. <\/em>De r&eacute;ir na c&eacute;ille is beaichte den fhocal, thosaigh an fh&aacute;idhead&oacute;ireacht leo si&uacute;d go bhfuil aithne againn orthu &oacute;n mB&iacute;obla mar fh&aacute;ithe scr&iacute;obhn&oacute;ireachta, amhail H&oacute;is&eacute;, Am&oacute;s, &Iacute;se&aacute;ia (octh&uacute; chead r. Ch.) agus l&iacute;ne fhada f&aacute;ithe eile. Ach bh&iacute; r&eacute;amhstair ag na f&aacute;ithe &aacute;irithe seo, a th&eacute;ann siar chomh fada le &Eacute;lias agus a chomharba Elisea (naoi&uacute; c&eacute;ad r. Ch.). Cuireann an B&iacute;obla an bheirt sin, &Eacute;lias ach go h&aacute;irithe, mar dhaoine a lean ord&uacute; agus briathar D&eacute;. D&rsquo;fheict&iacute; orthu mar th&uacute;s ghluaiseachta na faidhead&oacute;ireachta in Iosrael agus bh&iacute;odar faoi mheas d&aacute; r&eacute;ir. Maidir le &Eacute;lias agus Elisea, bh&iacute; gn&iacute;omhartha &aacute;irithe m&iacute;chearta ina saol, mar shampla easpa measa ar dhaoine n&aacute;r ceapadh bheith de r&eacute;ir phlean D&eacute; (mar shampla an sl&eacute;acht ar fh&aacute;ithe Baal ag &Eacute;lias; baint le sl&eacute;acht le r&iacute;the ag Elisea). Mar sin f&eacute;in i dtraidisi&uacute;n chreidimh Iosrael d&rsquo;fh&eacute;adfa&iacute; dearmad a dh&eacute;anamh ar a leith&eacute;id agus luath-fh&aacute;idhead&oacute;ireacht sin Iosral a th&oacute;g&aacute;il mar eiseaml&aacute;ir de fhreagra f&aacute;idh ar ghlaoch agus ghairm do bhriathar D&eacute;. De r&eacute;ir dealraimh d&rsquo;fh&eacute;ach &Iacute;osa mar sin ar luath-r&eacute; sin na f&aacute;idhead&oacute;ireachta, ar a laghad de r&eacute;ir mar a chuireann L&uacute;c&aacute;s an sc&eacute;al in&aacute;r l&aacute;thair. L&eacute;ir&iacute;onn L&uacute;c&aacute;s cuid de ghairm &Iacute;osa chun deisceablachta, chun &eacute; a lean&uacute;int, i gcoinne ch&uacute;lra na sc&eacute;alta faoi &Eacute;lias agus Elisea. (F&eacute;ach ar an ch&eacute;ad l&eacute;acht agus an soisc&eacute;al don deichi&uacute; Domhnach.) L&eacute;acht an lae inniu is ceann &iacute; de na sc&eacute;alta faoi Elisea sa Bh&iacute;obla (ar a dtugtar &ldquo;Ciorcal Elisea&rdquo;, Elisha Cycle, lena idirdheal&uacute; &oacute; &ldquo;Chiorcal &Eacute;lias&rdquo;). Tar &eacute;is saol corraithe ina raibh s&eacute; ag troid ar son chreideamh D&eacute; Iosrael in &eacute;adan religi&uacute;n an d&eacute; Baal, thainig &Eacute;lias tuirseach traochta chun buaileadh le Dia an chonartha i Horeb. Ansin d&uacute;irt Dia le &Eacute;lias Elisea a ungadh mar chomharba d&oacute; f&eacute;in. Cuirtear Elisea in&aacute;r l&aacute;thair mar fheirmeoir rath&uacute;il. T&aacute; tagairt do chl&oacute;ca sa l&eacute;acht seo. Siombal cumhachta agus &uacute;dar&aacute;is a bh&iacute; anseo, agus an cl&oacute;ca sin a chaitheamh ar Elisea, comhartha ab ea &eacute; faoi &uacute;dar&aacute;s &Eacute;lias a bheith air. Beidh Elisea ina dhalta d&oacute; feasta agus leanfaidh s&eacute; &eacute;. Ach n&iacute; g&aacute; do Elisea sin a dh&eacute;anamh l&aacute;ithreach bonn. Is f&eacute;idir leis sl&aacute;n a fh&aacute;g&aacute;il ag a athair agus a mh&aacute;thair. Ag cur tine leis na daimh agus an c&eacute;achta tugann Elisea le fios go bhfuil sl&aacute;n f&aacute;gtha aige leis an tsl&iacute; bheatha a bh&iacute; aige, lena mh&aacute;istir a lean&uacute;int agus c&eacute;im nua i mbeatha f&aacute;idhead&oacute;ireachta a th&oacute;g&aacute;il. T&aacute; macalla ghairm Elisea le feiscint i nglaoch na ndeisceabal ag &Iacute;osa agus a bhfreagra tobann (Matha 9;9; Marcas 1;16-20; L&uacute;c&aacute;s 5:27-28); a mhalairt i bhfreagra an duine eile i L&uacute;cas 9:57-62, l&eacute;acht an lae inniu, a bhfuil gairm Elisea mar ch&uacute;lra d&oacute;.<\/p>\n<p style=\"text-indent: 0cm; line-height: 12pt;\"><em>Salm le Freagra<\/em> (Salm 15[16]). <em>Is tusa, a Thiarna, mo chuid de r&eacute;ir oidhreachta<\/em><\/p>\n<p style=\"text-indent: 0cm; line-height: 12pt;\"><em>An Dara L&eacute;acht<\/em> (Galataigh 5:1, 13-18). <em>Is chun saoirse a bheith agaibh a glaodh oraibh. <\/em>Is focal &eacute; &ldquo;saoirse&rdquo; a chorra&iacute;onn meon agus cro&iacute; daoine in aois n&oacute; i gcult&uacute;r ar bith. C&uacute;is mh&oacute;rtais do Ghr&eacute;gigh an tsaoirse agus an daonlathas a bh&iacute; acu, na scl&aacute;bhaithe as an &aacute;ireamh. B&rsquo;ionann do na Gi&uacute;daigh. Chinntigh Dli Mhaois an tsaoirse d&oacute;ibh, n&oacute; sin a mheas cuid acu b&iacute;odh go rabhadar faoi r&eacute;imeas na R&oacute;imhe. De r&eacute;ir Shoisc&eacute;al Eoin (Eoin 8:31-34), i nd&iacute;osp&oacute;ireacht leo d&uacute;irt &Iacute;osa do Ghi&uacute;daigh a chreid ann: &ldquo;M&aacute; fhanann sibh ar mo bhriathar, beidh sibh in bh&uacute;r ndeisceabail agam d&aacute;ir&iacute;re, agus beidh fios na f&iacute;rinne agaibh agus d&eacute;anfaidh an fh&iacute;rinne saor sibh&rdquo;. D&rsquo;fhreagair siad &eacute;: &ldquo;De sh&iacute;ol Abrah&aacute;m sinne, agus n&iacute; rabhamar in&aacute;r ndaor ag aon duine riamh. Conas go ndeir t&uacute;: &ldquo;D&eacute;anfar saor sibh&rsquo;?&rdquo; D&rsquo;fhreagair &Iacute;osa iad: &ldquo;Amen, Amen, a deirim libh, gach duine a dh&eacute;anann peaca, t&aacute; s&eacute; ina dhaor ag an bpeaca&rsquo;&rdquo;. Bh&iacute; P&oacute;l ag pl&eacute; leis an gceist ch&eacute;anna sa litir chuig na Galataigh. N&iacute; clann daormhn&aacute; (Hagar) iad Cr&iacute;ostaithe ach clann na saormhn&aacute; (Sara). I s&uacute;ile Ph&oacute;il ionann Dl&iacute; Mhaois agus daoirse seachas saoirse. Bh&iacute; na Galataigh (agus creidmhigh uile) saor &oacute;n Dl&iacute; sin, &oacute; chuing na daoirse. Sin r&aacute;ite aige, bh&iacute; ar Ph&oacute;l deimhin a dh&eacute;anamh de n&aacute;rb ionann an tsaoirse sin agus cead a gcinn a bheith ag creidmhigh a rogha rud a dh&eacute;anamh. N&iacute;orb fhol&aacute;ir d&oacute;ibh bheith san airdeall faoi laige an n&aacute;d&uacute;ir dhaonna, &ldquo;an cholainn&rdquo; mar a thugann s&eacute; air. D&rsquo;fh&eacute;adfadh duine a bheith gafa, in ndaoirse, le m&iacute;thuscint ar cad is saoirse ann. L&eacute;ir&iacute;onn P&oacute;l an bhr&iacute; at&aacute; le saoirse Chr&iacute;osta&iacute;. Ionann &iacute; agus dl&iacute; an ghr&aacute;, c&uacute;ram na gc&oacute;mharsan. Meabhra&iacute;onn P&oacute;l anseo, mar a dh&eacute;anann s&eacute; in &aacute;iteanna eile, an d&aacute; fh&oacute;rsa at&aacute; sa duine daonna agus an choimhlint idir tarraingt an n&aacute;d&uacute;ir (&ldquo;na colainne&rdquo;) agus gn&iacute;omha&iacute;ocht an Spioraid Naoimh. N&iacute; dl&iacute; teib&iacute;, n&aacute; t&eacute;acs teib&iacute;, teagasc Chr&iacute;ost ach beatha faoi sti&uacute;ir an Spioraid Naoimh a thugann an chumhacht an mhaith is &aacute;il d&uacute;inn an dh&eacute;anamh. Is &iacute; an fh&iacute;rinne, Cr&iacute;ost an bheatha, agus an Spiorad, a&nbsp;&nbsp; dh&eacute;anann saor sinn.<\/p>\n<p style=\"text-indent: 0cm; line-height: 12pt;\"><em>An Soisc&eacute;al <\/em>(L&uacute;c&aacute;s 9:51-62). <em>Bhuail &Iacute;osa roimhe go d&aacute;na ag d&eacute;anamh ar Iar&uacute;sail&eacute;im. Leanfaidh m&eacute; th&uacute; cib&eacute; &aacute;it a dt&eacute; t&uacute;<\/em>. Cuireann briathra tosaigh na l&eacute;achta seo an sliocht go hioml&aacute;n ina chomhth&eacute;acs beacht. Bh&iacute; &Iacute;osa ina bhealach go hIar&uacute;sail&eacute;im, turas a thosaigh i sl&iacute; nuair d&rsquo;admhaigh Peadar gurb &eacute; an Cr&iacute;ost, an Meisias, &eacute;, agus nuair a l&eacute;irigh &Iacute;osa don ch&eacute;ad uair cad a bh&iacute; i nd&aacute;n do in Iar&uacute;sail&eacute;im: daoradh, p&aacute;is, b&aacute;s, ais&eacute;ir&iacute; agus gl&oacute;ir. Tugann Soisc&eacute;al Eoin &ldquo;gl&oacute;ir&rdquo; n&oacute; &ldquo;gl&oacute;iri&uacute;&rdquo; Mhac an Duine ar bh&aacute;s, ais&eacute;ir&iacute; agus deascabh&aacute;il &Iacute;osa, n&oacute; fi&uacute; &ldquo;ard&uacute; &oacute;n talamh&rdquo;: &ldquo;M&aacute; arda&iacute;tear mise &oacute;n talamh tarraingeoidh m&eacute; gach duine chugam f&eacute;in&rdquo; (Eoin 12:32). Mar an gc&eacute;anna i sl&iacute; do L&uacute;c&aacute;s sa l&eacute;acht seo, sa bhunt&eacute;acs: &ldquo;Nuair a bh&iacute; an t-am ag teacht go <em>dt&oacute;gfai &Iacute;osa in airde as an saol<\/em>&rdquo;. Aidhm bheatha agus saothair &Iacute;osa go l&eacute;ir a bh&iacute; anseo: b&aacute;s agus gl&oacute;iri&uacute; in Iar&uacute;sail&eacute;im, an chathair naofa as a thos&oacute;idh misean na hEaglaise le bailchr&iacute;och a chur ar a shaothar. Chuir s&eacute; toscair&iacute; roimhe amach, is d&oacute;cha le l&oacute;istin a ullmh&uacute; d&aacute; ghr&uacute;pa. N&iacute; fhearfadh na Sam&aacute;irigh f&aacute;ilte roimh oilithrigh Ghi&uacute;dacha ar a sl&iacute; go l&aacute;rionad creidimh n&aacute;r aontaigh siad leis. Ba mhaith le S&eacute;amus agus Eoin, ag cuimhneamh is d&oacute;cha ar a rinne &Eacute;lias f&aacute;idh (2 R&iacute;the 1:9-12), d&iacute;oltas &oacute; neamh a agairt orthu. C&eacute; go raibh meas ag &Iacute;osa ar &Eacute;lias mar fh&aacute;idh bhriathar D&eacute;, n&iacute;orbh amhlaidh d&aacute; gn&iacute;omhartha d&iacute;oltais. Sampla &eacute; nach raibh ag Mac an Duine le lean&uacute;int, agus d&rsquo;im&iacute;odar go baile eile. Sa dara m&iacute;r den l&eacute;acht t&aacute; sampla de thri&uacute;r ar mhian leo &Iacute;osa a lean&uacute;int, agus tr&iacute; r&aacute;iteas &Iacute;osa orrhu a dh&eacute;anann soil&eacute;ir n&aacute;d&uacute;r agus pr&aacute;inne na deisceabaileachta. An ch&eacute;ad cheann n&aacute; an bochtanas agus &eacute;iginteacht bheatha Chr&iacute;ost, mar a l&eacute;irigh freagra na Sam&aacute;ireach. N&iacute; raibh ag &Iacute;osa, Mac an Duine, &aacute;it a leagfadh s&eacute; a cheann. Nuair a chuireann scol&aacute;ir&iacute; an Bh&iacute;obla an cheist faoi chonas a chothaigh &Iacute;osa agus a dh&iacute;orma tofa iad f&eacute;in, n&iacute;l de fhreagra acu ach gur d&oacute;cha gur faoin aer a chaith siad cuid de na ho&iacute;cheanta. T&aacute; an dara r&aacute;iteas faoi gan deis ag iarrth&oacute;ir a athair a adhlacadh ar dt&uacute;s deacair le tuiscint &oacute; &Iacute;osa, go raibh meas aige ar bhas, ar adhlacadh agus a bhaineann leo. Ag leagaint b&eacute;ime ar seo at&aacute; &Iacute;osa, b&rsquo;fh&eacute;idir: T&oacute;gann seirbh&iacute;s don Soisc&eacute;al t&uacute;s &aacute;ite ar dh&iacute;lseacht do chlann n&oacute; do theaghlach. Bheadh an tr&iacute;&uacute; r&aacute;iteas soil&eacute;ir go leor d&oacute;ibh san ar eol d&oacute;ibh an sc&eacute;al faoi ghairm Elisea (c&eacute;ad l&eacute;acht inniu). T&aacute; an glaoch chun seirbh&iacute;s don soisc&eacute;al n&iacute;os pr&aacute;inn&iacute; (ag &eacute;ileamh freagra tobainn) n&aacute; mar a bh&iacute; gairm Elisea. Maidir leis na h&iacute;omh&aacute;nna c&eacute;achta agus f&eacute;achaint siar, n&iacute; c&eacute;achta an lae inniu le capall n&oacute; tarrac&oacute;ir at&aacute; i gceist, ach ceann sa Ghail&iacute;l &aacute; tharraingt ag damh. An tiom&aacute;na&iacute; a fh&eacute;achann siar thar a ghualainn, t&aacute; a chlais i mbaol gan bheith d&iacute;reach. Seo le r&aacute; do dhuine gur mhaith leis, n&oacute; l&eacute;i, f&oacute;namh don Soisc&eacute;al: N&iacute; m&oacute;r d&oacute; n&oacute; d&iacute; aidhm soil&eacute;ir a bheith acu agus clo&iacute; leis.<\/p>\n<p><strong><em><span style=\"color: blue;\">B. An B&iacute;obla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: <\/span><\/em><\/strong><em><span style=\"color: blue;\">Glaotar ar Chr&iacute;ostaithe chun na saoirse<\/span><\/em><\/p>\n<p><span style=\"color: black;\">Tugann l&eacute;achta&iacute; an lae inniu cuireadh d&uacute;inn machnamh a dh&eacute;anamh ar cheist at&aacute; chomh &aacute;rsa leis an tsaoirse dhaonna agus creideamh i nDia agus guth &oacute;n saol eile, is &eacute; sin le r&aacute; an &aacute;it at&aacute; ag creidmheach do shaoirse smaoinimh agus gn&iacute;mh taobh istigh de phrionsabal a chreidimh, agus faoi mar a bh&iacute;onn air an tsaoirse sin a chosaint i saol an lae inniu. S&oacute;l&aacute;s d&uacute;inn go bhfuil an cheist c&iacute;ortha i sl&iacute; ag Eoin agus P&oacute;l. Ach t&aacute; s&eacute; &eacute;irithe i bhfad n&iacute;os g&eacute;ire tar &eacute;is ghluaiseacht fheals&uacute;nachta agus chult&uacute;rtha an ocht&uacute; ch&eacute;id d&eacute;ag ar a dtugtar de ghn&aacute;th an &ldquo;Eagna&iacute;ocht&rdquo;, <em>Die Erkl&auml;rung, the Elightenment. <\/em>Leis seo th&aacute;inig an d&uacute;il agus an ghluaiseacht gan aon tionchar a bheith ar an ghn&iacute;omh agus an smaoineamh daonna seachas a thagann &oacute; mheon agus ch&eacute;adfa&iacute; an duine dhaonna f&eacute;in, gan aird a thabhairt ar chreideamh n&aacute; reiligi&uacute;n ar bith. D&rsquo;&eacute;irigh an sc&eacute;al n&iacute;os pr&aacute;inn&iacute; in&aacute;r laethanta f&eacute;in nuar a &eacute;irigh an ghluaiseacht seo ceangailte le aindiachas, gan creideamh in aon dia. T&aacute; an sc&eacute;al ioml&aacute;n c&iacute;oraithe go mion ag Comhairle Vatic&aacute;n II ina Dhoicim&eacute;ad Tr&eacute;adach &ldquo;An Eaglais i Saol and Lae inniu&rdquo; (as Laidin <em>Gaudium et Spes, <\/em>L&uacute;ch&aacute;ir agus D&oacute;chas), alt.19-21, ar fi&uacute; a l&eacute;amh. T&aacute; giota&iacute; de in <em>Caiticiosma na hEaglaise Caitlic&iacute;<strong>, <\/strong><\/em>alt<\/span><span style=\"color: black;\">2124. &ldquo;Measann an daonnachas aindiach, agus gan an ceart aige, gurb &eacute; an duine &lsquo;ann fein is cr&iacute;och d&oacute; f&eacute;in, aonchearda&iacute; agus aonchruthaitheoir a chinni&uacute;na&rsquo; (GS 20,&sect;1). Leagan eile d&rsquo;aindiachas na linne, b&iacute;onn s&eacute; ag dr&eacute;im le saoradh an duine tr&iacute; shaoirse eacnama&iacute;och agus shoisialta a mbeadh &lsquo;an reiligi&uacute;n i gcodarsnacht l&eacute;i &oacute;na n&aacute;d&uacute;r, sa mh&eacute;id is go mbuna&iacute;onn s&eacute; d&oacute;chas an duine ar bhriongl&oacute;id na beatha s&iacute;orai, &aacute; chasadh i leataobh &oacute;na chathair ch&oacute;naithe a th&oacute;g&aacute;il ar talamh.&rsquo;&rdquo; (GS 20, &sect;2).<\/span><\/p>\n<p>&nbsp;<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>26 Meitheamh 2016 (C) Tr&iacute;&uacute; Domhnach D&eacute;ag Saor Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC A. L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute; &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-420","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/420","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=420"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/420\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=420"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=420"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=420"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}