{"id":423,"date":"2016-06-30T11:57:31","date_gmt":"2016-06-30T11:57:31","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=423"},"modified":"2016-06-30T11:57:31","modified_gmt":"2016-06-30T11:57:31","slug":"iul-3-2016-c-ceathru-domhnach-deag-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=423","title":{"rendered":"I\u00fal 3 2016 (C) Ceathr\u00fa Domhnach D\u00e9ag Saor"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">I&uacute;l 3 2016 (C) Ceathr&uacute; Domhnach D&eacute;ag Saor <\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"font-variant: small-caps; color: black;\">Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">A. L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">B. An B&iacute;obla in agallamh le ceisteanna an lae<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">B. An B&iacute;obla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: N&iacute; m&oacute;r f&iacute;s, aisling gheal, leis an bheatha chr&iacute;osta&iacute; a choth&uacute;.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">A. An B&iacute;obla sa Liot&uacute;irge mar threoir don bheatha (L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh)<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; text-indent: 0cm; line-height: 12pt;\"><span style=\"color: black;\">C&eacute;ad L&eacute;acht (<\/span><span style=\"color: black;\">&Iacute;se&aacute;ia 66:10-14). Cuirfidh m&eacute; ag trialll uirthi ina habhainn an ts&iacute;ochain. T&oacute;gtar an sliocht seo as chaibideal deiridh agus clabhs&uacute;r leabhair &Iacute;se&aacute;ia. Sa mh&iacute;r seo den leabhar t&aacute; Dia ag tabhairt s&oacute;l&aacute;is agus ag coth&uacute; creidimh agus d&oacute;chais a phobail le f&iacute;s r&eacute; ghl&oacute;rmhaire le teacht, r&eacute; ina mbeidh clabhs&uacute;r lei le sp&eacute;artha nua agus talamh nua &aacute; gcruth&uacute; ag Dia. Sa l&eacute;acht seo t&aacute; clann Iosrael pearsantaithe mar an chathair naofa Iar&uacute;sail&eacute;im. Glaotar ar an bpobal sin l&uacute;ch&aacute;ir a bheith orthu le Iar&uacute;sail&eacute;im agus gairdeas mar gheall uirthi, faoi mar ar chaoineadar a c&aacute;s i laethanta a dubr&oacute;in. An ts&iacute;och&aacute;in agus an s&eacute;an a ghealltar di t&aacute; siad curtha i gcom&oacute;rtas le tuille abhann. Gl&oacute;ir na gcin&iacute;ocha (pag&aacute;nacha) a bheidh inti, n&oacute; b&rsquo;fh&eacute;idir aici le saibhreas na gcin&iacute;ocha ag teacht chuici (f&eacute;ach &Iacute;se&aacute;ia 61:6). Tabharfaidh M&aacute;thair Iar&uacute;sail&eacute;im s&oacute;l&aacute;s d&aacute; clann, n&oacute; ba chirte a r&aacute; tabharfaidh Dia Iosrael at&aacute; taobh thiar de seo go l&eacute;ir, Dia at&aacute; curtha i l&aacute;thair anseo mar mh&aacute;thair. Cr&iacute;ochna&iacute;onn an l&eacute;acht le n&oacute;ta d&oacute;chais: beidh an s&eacute;an agus an sonas ag pobal D&eacute;. Leireofar l&aacute;mh an Tiarna d&aacute; sheirbh&iacute;sigh.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; text-indent: 0cm; line-height: 12pt;\"><span style=\"color: black;\">Salm le Freagra (Salm 65[66]). D&eacute;anaig&iacute; gairdeas do Dhia, a th&iacute;ortha uile.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; text-indent: 0cm; line-height: 12pt;\"><span style=\"color: black;\">An Dara L&eacute;acht (Galataigh 6:14-18). T&aacute; marcanna &aacute;r dTiarna &Iacute;osa Cr&iacute;ost ar iompar agam ar mo chorp. T&aacute; an l&eacute;acht seo t&oacute;gtha as chaibideal deiridh Naomh Ph&oacute;il chuig na Galataigh, litir ina a raibh air aghaidh a thabhairt ar Chr&iacute;ostaithe Gi&uacute;dacha a bh&iacute; ag iarraidh pobal &oacute;g Cr&iacute;osta&iacute; a thiontaigh s&eacute; &oacute;n phag&aacute;nachas a thabhairt orthu f&eacute;in timpeallghearradh agus cleachtadh Dhli Mhaoise, &aacute; mheas go raibh sin riachtanach don sl&aacute;n&uacute;. Ina n-&eacute;adan si&uacute;d lu&iacute;onn P&oacute;l b&eacute;im ar fh&iacute;rinne l&aacute;rnach an chreidimh i gCr&iacute;ost, is &eacute; sin b&aacute;s Chr&iacute;ost ar an gcrois agus a aiseir&iacute;. Tharraing d&iacute;lse Ph&oacute;il don fh&iacute;rinne l&aacute;rnach sin g&eacute;arlean&uacute;int air &oacute; thaobhanna &eacute;ags&uacute;la ar a dtugann s&eacute; &ldquo;an saol&rdquo;. Ionann &ldquo;an saol&rdquo; d&oacute; i sl&iacute; agus laige dhaonna, agus na f&oacute;rsa&iacute;, c&uacute;insa&iacute; agus tosca &eacute;ags&uacute;la a chuireann in aghaidh phlean sl&aacute;naithe D&eacute; tr&iacute; bh&aacute;s Chr&iacute;ost ar an gcrois agus a ais&eacute;ir&iacute;. Sna v&eacute;arsa&iacute; d&iacute;reach roimh an l&eacute;acht seo c&aacute;ineann P&oacute;l go g&eacute;ar an bh&eacute;im a chuireann na Giudaigh ar thimpeallghearradh na colainne, agus an ghl&oacute;ir a fhaigheann siad sa cholainn. Ansin i l&eacute;acht an lae inniu casann P&oacute;l ar an gc&uacute;is cheart mha&iacute;te, is &iacute; sin an chrois ina bhfaigheann Cr&iacute;ost b&aacute;s, agus an r&uacute;ndiamhair in a bhfaightear an bua ar na f&oacute;rsa&iacute; go l&eacute;ir at&aacute; in a naimhde do Chr&iacute;ost (&ldquo;an saol&rdquo; i dt&eacute;arma&iacute; Ph&oacute;il). Ag f&eacute;achtaint ar na cursa&iacute; mar seo do Ph&oacute;l, is cuma ann n&oacute; a don timpeallghearradh. An t-aon rud a bhfuil t&aacute;bhacht leis n&aacute; cruth&uacute; nua i gCr&iacute;ost tr&iacute; r&uacute;ndiamhair na croise agus an ais&eacute;ir&iacute;, gach duine a bheith ina chr&eacute;at&uacute;r &uacute;rnua. C&eacute; nach ndeireann P&oacute;l anseo cad is br&iacute; leis an chruth&uacute; nua seo, bheadh s&eacute; soileir &oacute;na bhfuil scr&iacute;ofa aige faoin bheatha Chr&iacute;osta&iacute; sa litir seo agus ina litreacha eile. Gu&iacute;onn s&eacute; siochain orthu si&uacute;d a ghlacann lena a theagasc agus &ldquo;ar Iosrael D&eacute;&rdquo;, briathra ar chiall leo, is d&oacute;cha, iad si&uacute;d a chreideann i gCriost &oacute; Iosrael agus &oacute; na cin&iacute;ocha (pag&aacute;naigh), pobal nua D&eacute;. Maidir leis na &ldquo;marcanna &aacute;r dTiarna &Iacute;osa Cr&iacute;ost&rdquo; a luann P&oacute;l a bheith ar iompar ar a chorp aige, is docha gurb iad na &ldquo;marcanna&rdquo;, an cruatan, a fhulaing, s&eacute; le linn a sheirbhis don soisc&eacute;al, sin go l&eacute;ir in aontacht le Cr&iacute;ost c&eacute;asta.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; text-indent: 0cm; line-height: 12pt;\"><span style=\"color: black;\">An Soisc&eacute;al (L&uacute;c&aacute;s 10:1-12, 17-20). Fanfaidh bhur s&iacute;och&aacute;in aige. N&iacute; dochar a mheabhr&uacute; gur cuid an sliocht seo den chuntas ar thuras &Iacute;osa &oacute; Chesair&aacute;ia Philip agus an Ghail&iacute;l go Iar&uacute;sail&eacute;im agus a bh&aacute;s, a &ldquo;ard&uacute; &oacute;n saol&rdquo;, a ghl&oacute;iri&uacute;, ar a raibh cur s&iacute;os i Soisc&eacute;al an Domhnaigh seo caite, Turas &eacute; go dt&iacute; a ais&eacute;ir&iacute; agus &oacute;c&aacute;id a dheascabh&aacute;la nuair a d&uacute;irt s&eacute; a bhriathra deiridh lena aspail n&aacute;rb fhol&aacute;ir aithr&iacute; agus maithi&uacute;nas na bpeaca&iacute; a fh&oacute;gairt ina ainm do na n&aacute;isi&uacute;in uile, ag tos&uacute; &oacute; Iar&uacute;sail&eacute;im. T&aacute; cuntas ag Matha, Marcas agus L&uacute;c&aacute;s ar mhisean an D&aacute;r&eacute;ag ag &Iacute;osa, an D&aacute;r&eacute;ag seolta amach le &uacute;dar&aacute;s &Iacute;osa fein leis an dea-sc&eacute;al a fhogairt, spioraid mh&iacute;ghlana a chaitheamh amach agus na heasl&aacute;in a leigheas. Is ag L&uacute;c&aacute;s amh&aacute;in at&aacute; an cuntas faoin &ldquo;seacht&oacute; d&oacute; (n&oacute; seacht&oacute;) eile&rdquo;, seachas an D&aacute;r&eacute;ag, lena bheag n&oacute; a mh&oacute;r an t-&uacute;dar&aacute;s agus an misean c&eacute;anna acu agus a bh&iacute; ag an D&aacute;r&eacute;ag. T&aacute; an uimhir seacht&oacute; d&oacute; (n&oacute; seacht&oacute;) roghnaithe d&rsquo;aon ghn&oacute;: sin l&iacute;on na gcin&iacute;ocha (na n&aacute;isi&uacute;n neamh-Ghi&uacute;dacha) de r&eacute;ir traidisi&uacute;n an Bh&iacute;obla. Beidh bun&uacute;s ag misean na hEaglaise ar a rinne &Iacute;osa f&eacute;in. Tugann an misean chun cuimhne a dheacair is at&aacute; an misean agus teirce na misin&eacute;ir&iacute;, agus a riachtana&iacute; is at&aacute; ata urna&iacute; lena l&iacute;on a mh&eacute;ad&uacute;. Meabhra&iacute;otar d&oacute;ibh na deacrachta&iacute; a bheidh rompu, iad mar uain i meacs faolchon, ag f&oacute;gairt dea-sc&eacute;ala na s&iacute;och&aacute;na agus an athmhuintearais. N&iacute; m&oacute;r d&oacute;ibh a gcuid &eacute;ada&iacute; agus modh beatha a bheith simpl&iacute;, a bheith s&aacute;sta leis an bia a thugtar d&oacute;ibh sna t&iacute;the a chuirtear f&aacute;ilte rompu iontu, agus gan a bheith ag dul go teach eile ar t&oacute;ir bia n&iacute;os fearr. Bh&iacute; an teachtaireacht ch&eacute;anna le bheith acu d&oacute;ibh si&uacute;d a chuir agus n&aacute;r chuir f&aacute;ilte rompu: b&rsquo;sin: T&aacute; r&iacute;ocht D&eacute; in achmaireacht (achomaireacht), druidte libh, i ndiaidh teacht i bhfogas daoibh. Bh&iacute; r&iacute;ocht D&eacute; ag feidhmi&uacute; cheana f&eacute;in in &Iacute;osa agus a bhua ar na hainspioraid agus sa leigheas a rinne s&eacute;. Seo &iacute; an uair dheiridh a dheanfaidh L&uacute;c&aacute;s tagairt do r&iacute;ocht D&eacute; a bheith in achmaireacht (achomaireacht) ina Shoisc&eacute;al. Bh&iacute; a fhios ag L&uacute;c&aacute;s agus ag a l&eacute;itheoir&iacute; go raibh r&eacute; nua tagaithe faoi r&iacute;ocht D&eacute; le gl&oacute;iri&uacute; &Iacute;osa agus teacht an Spioraid Naoimh ar an eaglais.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; text-indent: 0cm; line-height: 12pt;\"><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Tagann an seacht&oacute; d&oacute; (n&oacute; seacht&oacute;) thar nais agus tugann tuarasc&aacute;il d&rsquo;Iosa faoi mar ar &eacute;irigh leo, le bua ar an hainspioraid ina ainm. Nuair a deir &Iacute;osa gur fhaca s&eacute; S&aacute;tan ag titim &oacute; na flaithis, n&iacute; f&iacute;s faoi leith air sin at&aacute; i gceist aige de r&eacute;ir dealraimh, ach gurb ionann bua na misin&eacute;ir&iacute; ar na hainspioraid agus bua ar Sh&aacute;tan. Ionann bua mar sin agus teacht r&iacute;ocht D&eacute;, cumhacht agus bua ar constaic&iacute; &eacute;ags&uacute;la (curtha go meafarach mar nathracha nimhe agus scairpe) a leanfaidh ar aghaidh i saothar chraobhscaoileadh an tsoisceil san eaglais. Cuid de th&eacute;arma&iacute;ocht de litr&iacute;ocht apacailipteach an Bh&iacute;obla (Leabhar Dain&eacute;il, Apacailiptis Eoin) na h-ainmeacha a bheith scr&iacute;ofa sna flaithis.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">B. An B&iacute;obla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: N&iacute; m&oacute;r f&iacute;s, aisling gheal, leis an bheatha chr&iacute;osta&iacute; a choth&uacute;.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">Is m&oacute;r an chabhair agus an inspior&aacute;id chun gnimh do naisi&uacute;n n&oacute; don duine aonar f&iacute;s faoin r&eacute; at&aacute; thart n&oacute; f&oacute;s le teacht. Chum impearachtai de aoiseanna i bhfad &oacute; shoin, n&oacute; n&iacute;os gaire d&aacute;r linn f&eacute;in, sean-stair f&uacute;thu f&eacute;in, gur ard-litr&iacute;ocht ar uairibh &eacute;, stair n&oacute; f&iacute;seanna a chabhraigh leo a gceart chun concais a bhr&uacute; ar dhaoine. Ach n&iacute; dul thar &aacute;r stair agus &aacute;r litr&iacute;ocht f&eacute;in le t&aacute;bhacht na f&iacute;se n&oacute; na haislinge a thuiscint. Thug an sp&eacute;irbhean uchtach do phobal faoi bhroid agus d&oacute;chas don r&eacute; le teacht. Bhain f&iacute;seanna agus aisling&iacute; den samhail seo le r&eacute;imse an tsaoil seo, agus tig linn casadh uaidh sin go stair an Bh&iacute;obla agus stair an tsl&aacute;naithe mar a thugann f&iacute;s &oacute; Dhia na gl&oacute;ire uchtach don saol casta at&aacute; linn agus d&oacute;chas faoi r&eacute; nua le teacht. &Oacute;n ch&eacute;ad l&eacute;acht inniu is f&eacute;idir linn a fheiscint faoi mar ar thug f&iacute;s dhiaga, &oacute; Dhia f&eacute;in, ar r&eacute; ghl&oacute;rmhar le teacht, uchtach do Iosrael i gcora crua an tsaoil. D&rsquo;fh&oacute;gair &Iacute;osa, agus d&uacute;irt s&eacute; leis na misin&eacute;ir&iacute; a sheol s&eacute; amach a fh&oacute;gairt, go raibh r&iacute;ocht D&eacute; in achmaireacht, in aice linn. D&uacute;irt &Iacute;osa go raibh an r&iacute;ocht sin ann cheana f&eacute;in ina phearsa, cumhacht D&eacute; ag feidhmiu tr&iacute;d. T&aacute; r&iacute;ocht D&eacute; ann cheana i sl&iacute; i gCr&iacute;ost agus san Eaglais, le f&iacute;s D&eacute; i leith an chine dhaonna, agus leis an gr&aacute;sta, an chumhacht, an fh&iacute;s sin a thabhairt i gcr&iacute;ch ach aird a bheith tugtha ar a deir &Iacute;osa agus an eaglais. Is sacraimint, r&uacute;ndiamhair, &iacute; an eaglais. Ba ch&oacute;ir d&uacute;inn inniu f&iacute;s seo na hEaglaise a athmh&uacute;scailt, agus gan r&oacute;-aird a thabhairt ar na guthanna iomad&uacute;la nach bhfeiceann ach ar a laig&iacute;. Is sacraimint uil&iacute; an tsl&aacute;naithe &iacute; an eaglais, Ba choir go mbeadh l&eacute;argas ag an domhan tr&iacute;thi ar Dhia Dia agus ar Chr&iacute;ost ag f&oacute;gairt dea-sc&eacute;ala an tsl&aacute;naithe do shaol &aacute;r linne f&eacute;in.<\/span><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>I&uacute;l 3 2016 (C) Ceathr&uacute; Domhnach D&eacute;ag Saor Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC A. L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute; &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-423","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/423","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=423"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/423\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=423"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=423"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=423"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}