{"id":425,"date":"2016-07-06T13:04:31","date_gmt":"2016-07-06T13:04:31","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=425"},"modified":"2016-07-06T13:04:31","modified_gmt":"2016-07-06T13:04:31","slug":"10-iul-2016-c-cuigiu-domhnach-deag-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=425","title":{"rendered":"10 I\u00fal 2016 (C) C\u00faigi\u00fa Domhnach D\u00e9ag Saor"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">10 I&uacute;l 2016 (C) C&uacute;igi&uacute; Domhnach D&eacute;ag Saor <\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"font-variant: small-caps; color: black;\">Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">A. L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">B. An B&iacute;obla in agallamh le ceisteanna an lae<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">B. An B&iacute;obla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: Aithne ar &aacute;r n-oidhreacht Chr&iacute;osta&iacute; agus m&oacute;r&aacute;lach aisti<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">A. An B&iacute;obla sa Liot&uacute;irge mar threoir don bheatha (L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh)<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; text-indent: 0cm; line-height: 12pt;\"><span style=\"color: black;\">C&eacute;ad L&eacute;acht (Deotranaim&iacute; 30:10-14). T&aacute; an Briathar an-ghar duit le comhl&iacute;onadh. L&eacute;acht an lae inniu is &iacute; an mh&iacute;r dheiridh &iacute; de aitheasc Mhaois ar Dhl&iacute; D&eacute; do phobal Iosrael. A bhfuil f&aacute;gtha de Leabhar Deotranaim&iacute; tar &eacute;is an aithisc eachtra&iacute; deiridh de shaol Mhaois at&aacute; ann. N&iacute;os luaithe ina aitheasc seo do phobal Iosrael mheabhraigh Maois d&oacute;ibh an on&oacute;ir a bhronn Dia orthu nuair a fhoilsigh s&eacute; &eacute; f&eacute;in d&oacute;ibh agus gur rinne s&eacute; pobal ar leith d&iacute;obh i measc n&aacute;isi&uacute;n an domhain. Is fi&uacute; briathra sin Mhaois a thabhairt anseo (Deotranaim&iacute; 4:5-8):&ldquo;<\/span><span style=\"color: black;\">Seo mise ag teagasc dl&iacute;the agus reachtanna daoibh, mar a d&rsquo;aithin an Tiarna mo Dhia dom, le comhl&iacute;onadh agaibh sa t&iacute;r ina bhfuil sibh ag dul le seilbh a ghabh&aacute;il air. Coime&aacute;daig&iacute; iad agus leanaig&iacute; iad, agus taispe&aacute;nfaidh siad bhur n-eagna agus bhur dtuiscint don saol. Nuair a chluinfidh siad faoi na dl&iacute;the seo go l&eacute;ir, d&eacute;arfaidh siad: &lsquo;Nach eagna&iacute; agus nach tuisceanach an dream an cine m&oacute;r seo!&rsquo; Agus c&eacute;n cine m&oacute;r at&aacute; ann a bhfuil a nd&eacute;ithe chomh gar d&oacute;ibh agus at&aacute; an Tiarna &aacute;r nDia d&uacute;inne ach glaoch air? Agus c&eacute;n cine m&oacute;r a bhfuil comhfh&iacute;r&eacute;an an dl&iacute; go l&eacute;ir, a chuir m&eacute; romhaibh inniu, de dhl&iacute;the agus de reachtanna acu?&rdquo;. Ag deireadh a aithisc filleann Maois ar an dt&eacute;ama c&eacute;anna. Tugann a aitheasc le fios nach raibh an pobal d&iacute;lis don Dl&iacute; agus tugann s&eacute; cuireadh d&oacute;ibh filleadh air. L&aacute;rphointe a bhfuil le r&aacute; aige anseo n&aacute; go bhfuil ar a gcumas an Dl&iacute; a chleachtadh agus go bhfuil an Dl&iacute;, an Briathar, ar eolas acu, go bhfuil teacht acu air. N&iacute; rud i bhfad i gc&eacute;in &eacute;, suas ar neamh n&aacute; thar lear. T&aacute; s&eacute; an-ghar do gach duine acu, ina bh&eacute;al, ina chroi, &ldquo;le comhl&iacute;onadh&rdquo;. Ach rud amh&aacute;in eolas ar an mBriathar, ar Dhl&iacute;, rud eile an neart sin a chur i gcr&iacute;ch. Is eol do Leabhar <\/span><span style=\"color: black;\">Deotranaim&iacute; gur theip ar Iosrael an Dl&iacute;, an conradh, a chomhl&iacute;onadh agus gur th&aacute;inig d&iacute;bheirg D&eacute; orthu d&aacute; bharr le scrios na cathrach naofa agus an deora&iacute;ocht. Ach t&aacute; s&uacute;il ag an leabhar le aithr&iacute; &oacute; thaobh Iosrael agus filleadh uaithi ar Dhl&iacute; D&eacute;. Ba &iacute; bunch&uacute;is na faidhbe n&aacute; laige an chro&iacute; dhaonna. Rinneadh machnamh ar an fhadbh seo i r&eacute; na deora&iacute;ochta agus iardheora&iacute;ochta i leabhair Irimia (Irimia 31:31-34) agus Ezic&eacute;il (Ezic&eacute;il 6:25-27), mar a fheictear ar leigheas na ceiste i gcro&iacute; nua agus i spiorad nua, Dl&iacute; D&eacute; a bheith scr&iacute;ofa sa chro&iacute; istigh. I dt&eacute;acs l&eacute;acht an lae inniu deir Maois go bhfuil an Dl&iacute;, an Briathar, an-ghar, sa bh&eacute;al agus sa chro&iacute; lena chomhl&iacute;onadh. T&aacute; s&eacute; sa bh&eacute;al mar bheadh s&eacute; le haithris. &Aacute; r&aacute; go raibh s&eacute; sa chro&iacute; b&rsquo;fh&eacute;idir go bhfuil an t&eacute;acs ag smaoineamh ar fh&aacute;istine de leith&eacute;id at&aacute; le fail i leabhar Irimia. I R&oacute;mh&aacute;naigh 10:5-8 luann P&oacute;l t&eacute;acs seo Deotranaim&iacute; faoin Bhriathar a bheith i ngar, sa bh&eacute;al agus sa chr&oacute;i, agus deir gurb ionann &eacute; agus briathar an chreidimh at&aacute; &aacute; fh&oacute;gairt aige, ach f&aacute;gann s&eacute; ar l&aacute;r na focail &ldquo;le comhl&iacute;onadh&rdquo;: n&iacute; thagann comhl&iacute;onadh agus gn&iacute;omh &oacute;n n&aacute;d&uacute;r fein; n&iacute; m&oacute;r gr&aacute;sta D&eacute;. <\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; text-indent: 0cm; line-height: 12pt;\"><span style=\"color: black;\">Salm le Freagra (Salm 68[69]). Cuardaigh an Tiarna, a dhaoine &iacute;sle, agus athbheofar bh&uacute;r gcro&iacute;.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; text-indent: 0cm; line-height: 12pt;\"><span style=\"color: black;\">An Dara L&eacute;acht (Colosaigh 1:15-20). Is tr&iacute; &Iacute;osa agus is d&oacute; a crutha&iacute;odh gach aon n&iacute;. Iomann &aacute;lainn &eacute; seo ar ghradam, ar ardcheannas Chr&iacute;ost, n&oacute; ar r&uacute;ndiamhair ardcheannas Chr&iacute;ost. Tosa&iacute;onn P&oacute;l lena bhfuil le r&aacute; aige faoi seo le urna&iacute; (Colosaigh 1:9-14) ina iarann s&eacute; ar Dhia go dtabharfadh s&eacute; do na Colosaigh eolas ar a thoil le barr eagna agus tuisceana spiorad&aacute;lta, ionas go mbeadh for&aacute;s ar a gcuid ndea-oibreacha agus m&eacute;ad&uacute; ar a n&shy;-eolas ar Dhia. D&rsquo;aistrigh Dia na creidmhigh &oacute;n dorchadas isteach i r&iacute;ocht a mhic mhuirnigh, ina bhfuil fuascailt le f&aacute;il, maithi&uacute;nas na bpeaca&iacute;. Ansin leanann an t-iomann ar aghaidh ar ghradam Chr&iacute;ost sa saol cruthaithe agus san eaglais, iomann a bhaineann &uacute;s&aacute;id as &iacute;omh&aacute;nna na heagna pearsantaithe sa Seantiomna (go h&aacute;irithe Seanfhocail caibideal 8). Mar &iacute;omh&aacute; de Dhia, foils&iacute;onn Cr&iacute;ost an Dia dofheicthe d&uacute;inn go foirfe. Mar ch&eacute;adghin, t&aacute; t&uacute;s &aacute;ite agus ardcheannas aige ar gach d&uacute;il chruthaithe. Is tr&iacute;d agus is d&oacute; a crutha&iacute;odh gach rud cruthaithe, ar neamh agus ar talamh (na gr&aacute;danna &eacute;ags&uacute;la de na haingil san &aacute;ireamh, Tr&oacute;in agus eile). Mar a deirtear in &aacute;it eile sa Tiomna Nua (Eabhraigh 1:3), is tr&iacute; Chr&iacute;ost a choinn&iacute;otar gach n&iacute; dl&uacute;ite le ch&eacute;ile, coincheap de chuid fheals&uacute;nacht na Gr&eacute;ige, at&aacute; le f&aacute;il chomh maith sa Seantiomna (Eagna 1:3; Leabhar Sh&iacute;orach 43:26). Mar a luaitear in &aacute;it eile (Eifisigh 1:22-23; 4:15) is ceann na hEaglaise &eacute; Cr&iacute;ost, is &iacute; an Eaglais a chorp. Is &eacute; an t&uacute;s &eacute; Cr&iacute;ost, agus lena ais&eacute;ir&iacute; is &eacute; an ch&eacute;adghin &oacute; na mairbh &eacute;, ag tabhairt r&eacute; nua isteach agus ag neart&uacute; an chreidimh in ais&eacute;ir&iacute; &aacute;r gcolainne. Ansin leanann v&eacute;arsa a bheadh le tiont&uacute; de r&eacute;ir na litre mar seo: &ldquo;&Oacute;ir ba thoil leis (is &eacute; sin &ldquo;le Dia&rdquo;) an ioml&aacute;ine (sa Gr&eacute;igis: pleroma) ar fad c&oacute;na&iacute; ann&rdquo;. (Aistri&uacute; eile: &ldquo;&Oacute;ir. ba ghnaoi le Dia an n&aacute;d&uacute;r diaga a dhul a ch&oacute;na&iacute; ann ina ioml&aacute;n&rdquo;.) Is f&eacute;idir an t&eacute;acs a thuiscint tr&iacute; Colosaigh 2:9: &ldquo;Mar is ann (is &eacute; sin i gCr&iacute;ost) at&aacute; ioml&aacute;ine D&eacute; ina ch&oacute;na&iacute; go corportha&rdquo;, is sin le r&aacute; is d&oacute;cha, is &eacute; is ioml&aacute;ine D&eacute; ann n&aacute; gach rud is mian le Dia a l&eacute;iri&uacute; faoi f&eacute;in i gCr&iacute;ost, le go gcuirfimis aithne ar Chr&iacute;ost agus go nd&eacute;anfa&iacute; foirfe sinn ann. De r&eacute;ir daoine &aacute;irithe t&aacute; seo an-chongarach do ghn&iacute;omha&iacute;ocht an Spioraid Naoimh. Is &iacute; is aidhm do l&aacute;ithreacht seo uilechumhachtach D&eacute; i gCr&iacute;ost n&aacute; athmhuintearas agus s&iacute;och&aacute;in a bhun&uacute; agus a shnaidhmadh idir gach d&uacute;il ar neamh agus ar talamh, muintearas agus s&iacute;och&aacute;in at&aacute; bunaithe ar fhuil, ar bh&aacute;s, Chriost ar an gCrois.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; text-indent: 0cm; line-height: 12pt;\"><span style=\"color: black;\">An Soisc&eacute;al (L&uacute;c&aacute;s 10:25-37). C&eacute; h&eacute; mo chomharsa? Cuireann dl&iacute;od&oacute;ir ceist ar &Iacute;osa. I gcomht&eacute;acs na haimsire sin saineola&iacute; an dl&iacute;od&oacute;ir ar dhl&iacute; Mhaois, ar dhl&iacute; na nGiudach, agus b&rsquo;fh&eacute;idir ar an dl&iacute; sibhialta a bheadh ann. De ghn&aacute;th bh&iacute; na dl&iacute;odoir&iacute; sin f&aacute;bharach do na Fairis&iacute;nigh agus a sain-traidisi&uacute;n. Bh&iacute; an dl&iacute;od&oacute;ir ag promhadh &Iacute;osa, b&rsquo;fh&eacute;idir nach le droch-thoil ach le seasamh &Iacute;osa ar an gceist &aacute;irithe seo a fh&aacute;il amach: Cad t&aacute; le d&eacute;anamh le bheith p&aacute;irtech sa bheatha sh&iacute;ora&iacute;, ceist a bh&iacute; &aacute; pl&eacute;, b&rsquo;fh&eacute;idir i measc na ndl&iacute;od&oacute;ir&iacute;. Tugann &Iacute;osa air a fhreagra f&eacute;in a thabhairt as Dl&iacute; Mhaois, an Peintiteoch. Tugann an dl&iacute;od&oacute;ir an d&aacute; dhl&iacute; bhun&uacute;sacha: Gr&aacute; D&eacute; agus gr&aacute; an chomharsa. Aonta&iacute;onn &Iacute;osa leis. Ach n&iacute; admh&aacute;il theib&iacute; phrionsabail ann f&eacute;in an tsl&iacute; chun na beatha, ach d&eacute;anamh d&aacute; r&eacute;ir. Bheadh s&eacute; soil&eacute;ir c&eacute; h&eacute; Dia. Rud nach raibh chomh soil&eacute;ir sin n&aacute;: C&eacute; h&eacute; mo chomharsa. Bheadh an freagra soil&eacute;ir go leor do Ghi&uacute;daigh: a gcomh-Ghi&uacute;daigh, ag f&aacute;gaint Sam&aacute;irigh (leath-Ghi&uacute;daigh) agus gintlithe (pag&aacute;naigh) as an &aacute;ireamh. Tugann parabal &Iacute;osa freagra soil&eacute;ir air sin. Achar do rob&aacute;laithe, an f&aacute;sach ch&uacute;ig m&iacute;le d&eacute;ag (25 cilim&eacute;adar) idir Iar&uacute;sail&eacute;rim agus Iarach&oacute;. Gi&uacute;dach a thit idir na rob&aacute;laithe. Ghabh sagart Gi&uacute;dach agus tuata c&uacute;nta Lev&iacute;teach thairis ar an dtaobh eile. An t&eacute; a chabraigh leis n&aacute; Sam&aacute;ireach, uathu si&uacute;d ar ghr&aacute;in le Gi&uacute;daigh iad. Chuir an Sam&aacute;ireach c&oacute;ir leighis air de r&eacute;ir ghn&aacute;sanna na r&eacute; sin: ola leis an phian a laghdu agus fion mar dh&iacute;ghalr&aacute;n. N&iacute; raibh ach freagra amh&aacute;in le tabhairt ar an gceist: C&eacute; acu ba chomharsa don duine m&iacute;fhort&uacute;nach: an &oacute;c&aacute;id &aacute;irithe sin an Sam&aacute;ireach. In aigne &Iacute;osa don eaglais agus don chine daonna is comharsa gach duine daonna, is cuma faoi naimhdeas stairi&uacute;il, creideamh, easaontas i gcursa creidimh, polait&iacute;ochta n&oacute; c&uacute;inse ar bith eile. Rud eile a eascra&iacute;onn &oacute;n l&eacute;acht seo n&aacute; gur f&eacute;idir go bhfuil impleachta&iacute; thar mar a mheastar de ghn&aacute;th le prionsabail theib&iacute; creidimh, nuair at&aacute; ceannair&iacute; n&oacute; tosca ann (mar a bh&iacute; in &Iacute;osa) leis na himpleachta&iacute; sin a thabhairt chun solais &ndash; mar a rinne &Iacute;osa i nios m&oacute; n&aacute; c&aacute;s amh&aacute;in.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">B. An B&iacute;obla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: Aithne ar &aacute;r n-oidhreacht Chr&iacute;osta&iacute; agus m&oacute;r&aacute;lach aisti<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">Tugann l&eacute;achta&iacute; an lae inniu cuireadh d&uacute;inn machnamh a dh&eacute;anamh ar &aacute;r n-oidhreacht Chr&iacute;osta&iacute; agus a bheith m&oacute;r&aacute;lach aisti. Sa ch&eacute;ad l&eacute;acht ghlaoigh Maois ar phobal Iosrael machnamh a dh&eacute;anamh ar bhronntanas m&oacute;r an chreidimh a thug Dia d&oacute;ibh, Dia pearsanta a raibh a ghuth de sh&iacute;or ag labhairt leo. Bh&iacute; gairm acu bheith mar fhinn&eacute;ithe D&eacute; don domhan. Cuireann an dara l&eacute;acht s&iacute;os ar ghradam agus ardcheannas &Iacute;osa, ceann na heaglaise, le misean &oacute; Dhia athmhuintearas idir Dhia agus an domhan a choth&uacute;.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Is m&oacute;r idir an fh&iacute;s seo agus saol an lae inniu ina bhfuil f&oacute;rsa&iacute; l&aacute;idre ag iarraidh cosc a chur ar ghuth na heaglaise, agus ar ghuth gach creidimh Chriostai agus gach reiligi&uacute;n, a dh&iacute;birt &oacute;n saol poibl&iacute;. Mar aon leis sin t&aacute; m&oacute;r&aacute;n den aos &oacute;g fuarch&uacute;iseach i leith chleachtadh an chreidimh. Mar a d&uacute;radh sa mh&iacute;r ar &ldquo;machnamh&rdquo; an Domhnaigh seo caite: &ldquo;N&iacute; m&oacute;r f&iacute;s, aisling gheal, leis an bheatha Chr&iacute;osta&iacute; a choth&uacute;i&rdquo;. N&iacute; dochar an mhir seo a l&eacute;amh ar&iacute;s an Domhnach seo.<\/span><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>10 I&uacute;l 2016 (C) C&uacute;igi&uacute; Domhnach D&eacute;ag Saor Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC A. L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute; &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-425","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/425","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=425"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/425\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=425"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=425"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=425"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}