{"id":427,"date":"2016-07-13T15:19:47","date_gmt":"2016-07-13T15:19:47","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=427"},"modified":"2016-07-13T15:19:47","modified_gmt":"2016-07-13T15:19:47","slug":"17-iuil-2016-c-seu-domhnach-deag-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=427","title":{"rendered":"17 I\u00fail 2016 (C) S\u00e9\u00fa Domhnach D\u00e9ag Saor"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align: justify;\"><strong><span style=\"color: black;\">17 I&uacute;il 2016 (C) S&eacute;&uacute; Domhnach D&eacute;ag Saor <\/span><\/strong><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"font-variant: small-caps; color: black;\">Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">A. L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">B. An B&iacute;obla in agallamh le ceisteanna an lae<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><strong><em><span style=\"color: black;\">B. An B&iacute;obla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: <\/span><\/em><\/strong><em><span style=\"color: black;\">Ag &eacute;isteacht le r&uacute;ndiamhair Chr&iacute;ost agus na hEaglaise agus beatha d&aacute; r&eacute;ir<\/span><\/em><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><strong><em><span style=\"color: black;\">A. An B&iacute;obla sa Liot&uacute;irge mar threoir don bheatha (L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh)<\/span><\/em><\/strong><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; text-indent: 0cm; line-height: 12pt;\"><em><span style=\"color: black;\">C&eacute;ad L&eacute;acht <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">(Genesis 18:1-10). <em>A Thiarna, m&aacute;s &aacute;il leat &eacute; n&aacute; gabh thar do shearbh&oacute;nta. <\/em>Cuid th&aacute;bhachtach den l&eacute;acht seo an r&aacute;iteas deiridh ina gheallann Dia do Abrah&aacute;m go mbeadh mac ag a bhean ch&eacute;ile S&aacute;ra taobh istigh de bhliain. Ionann sin is a r&aacute; go mbeadh oidhre ag Abrah&aacute;m f&eacute;in. Roghna&iacute;odh an t&eacute;acs &aacute;irithe seo mar chomp&aacute;nach do shoisc&eacute;al an Domhnaigh seo ina bhfuil cuntas ar chuairt &Iacute;osa ar theach Mharta agus Mh&aacute;ire. Bh&iacute; Abr&aacute;h&aacute;m ina shui ag Dair Mamre. L&aacute;thair bheannaithe chian-&aacute;rsa, pas beag &oacute; thuaidh &oacute; Hebron, ab ea Mamre, le crainn darach naofa ann. Chuir Abrah&aacute;m faoi faoi na crainn darach sin (Genesis 13:18). Ag t&uacute;s na l&eacute;achta deirtear linn gur thaispe&aacute;in an Tiarna &eacute; f&eacute;in d&rsquo;Abrah&aacute;m, agus d&iacute;reach ina dhiaidh sin gur tri&uacute;r fear (aingil is d&oacute;cha, Genesis 19:1) a sheas ina ch&oacute;ngar. N&iacute; l&eacute;ir mar a th&eacute;ann an tri&uacute;r seo agus an Tiarna le ch&eacute;ile. B&rsquo;fh&eacute;idir go seasann an tri&uacute;r don Tiarna, mar a dh&eacute;anann aingeal amh&aacute;in go minic sa Bh&iacute;obla (mar shampla Genesis 16:7). N&iacute; luaitear ach duine amh&aacute;in n&iacute;os d&eacute;ana&iacute; sa sliocht seo; d&eacute;antar duine amh&aacute;in den tri&uacute;r. B&rsquo;fh&eacute;idir gurb &eacute; an Tiarna duine den tri&uacute;r, agus an bheirt eile a shearbh&oacute;nta&iacute;. Ar aon chuma n&iacute; aithn&iacute;onn Abrah&aacute;m an tri&uacute;r mar neacha diaga. I gcuntas bre&aacute; de chuirt&eacute;is an Oirthir, fearann Abrah&aacute;m f&aacute;ilte rompu, c&oacute;ir&iacute;onn b&eacute;ile blasta d&oacute;ibh, b&eacute;ile a itheann siad. Th&aacute;nadar i mbrothall an lae, agus molann Abr&aacute;h&aacute;m d&oacute;ibh a sc&iacute;th a ligint roimh imeacht d&oacute;ibh. N&iacute; hiad an tri&uacute;r a ghabhann bu&iacute;ochas le Abr&aacute;h&aacute;m ach an Tiarna, agus sin i bhfoirm ghealltanais go mbeidh oidhreacht ag Abrah&aacute;m. Baineann an Litir chuig na hEabhraigh &uacute;s&aacute;id as an dt&eacute;acs seo ag moladh an fh&eacute;ile a chleachtadh. &Oacute;ir, mar gheall ar a bhf&eacute;ile bh&iacute; daoine &aacute;irithe ann a raibh aingil ar cuairt acu gan fhios d&oacute;ibh (Eabhraigh 13:1).<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; text-indent: 0cm; line-height: 12pt;\"><em><span style=\"color: black;\">Salm le Freagra<\/span><\/em><span style=\"color: black;\"> (Salm 14[15]). <em>A Thiarna, c&eacute; a dh&eacute;anfaidh c&oacute;na&iacute; i do phobal?<\/em><\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; text-indent: 0cm; line-height: 12pt;\"><em><span style=\"color: black;\">An Dara L&eacute;acht<\/span><\/em><span style=\"color: black;\"> (Colosaigh 1:24-28). <em>R&uacute;ndiamhair a bh&iacute; folaithe leis na cianta, nocht Dia d&aacute; naoimh &iacute; anois beag.<\/em> Luann P&oacute;l anseo, mar a dh&eacute;anann in &aacute;iteanna eile, a raibh de thriobl&oacute;idi agus pianta le fulaingt aige ar son na heaglaise. Bh&iacute; sin ar eolas ag a chuid eaglais&iacute;. Deireann s&eacute; gur c&uacute;is l&uacute;ch&aacute;ire d&oacute; iad toisc an bhaint at&aacute; acu le Cr&iacute;ost. T&aacute; deacrachta&iacute; ag baint leis an dtuiscint agus an aistri&uacute; ceart a chur ar an dt&eacute;acs bunaidh Gr&eacute;igise at&aacute; aistrithe mar seo i l&eacute;acht an lae inniu: &ldquo;Cib&eacute; easnamh a bh&iacute; ar thriobl&oacute;idi Chr&iacute;ost t&aacute; siad &aacute; l&iacute;onadh agam ar mo sheal f&eacute;in i mo cholainn ar son a choirp, an Eaglais&rdquo;. Aistri&uacute;ch&aacute;in Ghaeilge eile n&aacute;: &ldquo;l&iacute;onaim suas im&rsquo; fheoil f&eacute;in an m&eacute;id de phiantaibh Chr&iacute;ost at&aacute; i n-easnamh ar son a chuirp&rdquo; (De Si&uacute;nta); &ldquo;cr&iacute;ochna&iacute;m i mo cholainn f&eacute;in an m&eacute;id nach bhfuil fulaingthe de chruatan ag Cr&iacute;ost ar son a choirp f&eacute;in&rdquo; (Cosslett &Oacute; Cuinn). T&aacute; an &eacute;ags&uacute;lacht ch&eacute;anna le braith sna haistri&uacute;ch&aacute;in Bh&eacute;arla. Is soil&eacute;ir nach raibh aon easnamh ar phianta, n&oacute; ar fhulaingt, Cr&iacute;ost. Is fearr a thuiscint gur i bP&oacute;l, seachas i gCr&iacute;ost, at&aacute; an t-easnamh, le aistri&uacute;chan mar seo: &ldquo;Cr&iacute;ochna&iacute;m a bhfuil in easnamh i bhfulaingt-(bhfulaingt&iacute;)-Chr&iacute;ost-i-mo-cholainn&rdquo;. Pianta Ph&oacute;il, a fhulaing&iacute;onn s&eacute;, is pianta Chr&iacute;ost iad toisc gur ball de chorp Chr&iacute;ost &eacute; P&oacute;l. T&aacute; gr&aacute;sta D&eacute; i l&aacute;thair, ag feidhmi&uacute;, i bhfulaingt Ph&oacute;il mar a bh&iacute; s&eacute; i bp&aacute;is Chr&iacute;ost. T&aacute; l&uacute;ch&aacute;ir ar Ph&oacute;l faoin m&eacute;id a fhulaing&iacute;onn s&eacute; toisc go bhfuil plean shl&aacute;naithe D&eacute;, r&uacute;ndiamhair an tsl&aacute;naithe, &aacute; nochtadh tr&iacute;othu. Nuair a glaodh ar Ph&oacute;l mar aspal rinneadh timire de chuid na heaglaise de, agus &eacute; de dhualgas air briathar D&eacute;, is &eacute; sin r&uacute;ndiamhair an tsl&aacute;naithe, a chraobhscaoileadh go fada fairsing. An r&uacute;ndiamhair seo is &iacute; plean sl&aacute;naithe D&eacute; &iacute;, folaithe gur nochtadh i gCr&iacute;ost agus san Eaglais &iacute;. D&uacute;irt &Iacute;osa lena dheisceabail go raibh tugtha d&oacute;ibh eolas ar r&uacute;ndiamhra r&iacute;ocht na bhflaitheas a bh&iacute; ceilte ar an m&eacute;id eile (Matha 13:11). Ba mh&eacute;anar d&oacute;ibh. Chonaic siad agus chuala siad nithe ar mhian le m&oacute;r&aacute;n f&aacute;ithe agus f&iacute;r&eacute;an a fheice&aacute;il, ach n&aacute;r fhaca (Matha 13:16-17). Is cro&iacute;l&aacute;r na r&uacute;ndiamhaire sin n&aacute; Cr&iacute;ost f&eacute;in, d&oacute;chas na gl&oacute;ire, i measc na bhf&iacute;r&eacute;an san Eaglais. Is &iacute; is aidhm d&oacute; sin, don eagna&iacute;ocht chr&iacute;osta&iacute;, n&aacute; an uile dhuine a dh&eacute;anamh foirfe, mar is toil le Cr&iacute;ost.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; text-indent: 0cm; line-height: 12pt;\"><em><span style=\"color: black;\">An Soisc&eacute;al <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">(L&uacute;c&aacute;s 10:38-42). <em>Chuir Marta f&aacute;ile roimh &Iacute;osa chun a t&iacute;. Is &iacute; an ph&aacute;irt is fearr ba rogha le M&aacute;ire. <\/em>Cuntas aoibhinn an l&eacute;acht seo faoin fh&aacute;ilte a fhear Marta, deirfi&uacute;ir Mh&aacute;ire, roimh &Iacute;osa. Is m&iacute;r &eacute; de chuntas thuras &Iacute;osa agus a bhu&iacute;ne &oacute; Ch&eacute;asar&aacute;ia Philip go Iar&uacute;sail&eacute;im ina l&eacute;ir&iacute;tear gn&eacute;ithe den dheisceabaileacht Chr&iacute;osta&iacute;, agus an m&eacute;id a eascra&iacute;onn as &Iacute;osa a lean&uacute;int. Ag an claochl&uacute; th&aacute;ining guth an Athar &oacute; neamh gurb &eacute; &Iacute;osa a mhac m&uacute;irneach, leis na briathra &ldquo;&Eacute;istig&iacute; leis&rdquo;.Sa turas seo n&iacute;or fhearadh f&aacute;ilte i gc&oacute;na&iacute; roimh &Iacute;osa n&aacute; a chuid. A mhalairt anois le Marta. Bh&iacute; Marta gafa le b&eacute;ile cu&iacute; a ch&oacute;iri&uacute;. A mhalairt le M&aacute;ire. Bh&iacute; s&iacute; ina su&iacute; ag cosa an Tiarna ag &eacute;isteacht lena bhriathar. N&iacute; deirtear linn cad air a raibh &Iacute;osa ag caint; ar ghn&eacute;ithe de r&iacute;ocht D&eacute; is d&oacute;cha. Nuair a iarann Marta ar &Iacute;osa a r&aacute; lena a deirfi&uacute;ir M&aacute;ire l&aacute;mh ch&uacute;nta a thabhairt di, d&rsquo;fhreagair &Iacute;osa go raibh Marta ag cur an iomad str&oacute; uirthi f&eacute;in, buartha faoi al&aacute;n nithe, agus nach raibh riachtanas ach le haon rud amh&aacute;in. N&iacute; deirtear go follasach c&eacute;rb &eacute; an rud sin, ach is soileir gur &eacute;isteacht le briathar D&eacute; a bh&iacute; i gceist. N&iacute;or th&aacute;inig &Iacute;osa go dt&iacute; a ch&aacute;irde seo chun l&oacute;in, ach mar chuid de fh&oacute;gairt an dea-sc&eacute;ala. &ldquo;Is &iacute; an ph&aacute;irt is fearr ba rogha le M&aacute;ire&rdquo;. T&oacute;gadh an r&aacute;iteas seo faoin &ldquo;bp&aacute;irt is fearr&rdquo; go minic san Eaglais le tuiscint gur fearr agus gur airde beatha an rinnfheithimh n&aacute; an bheatha ghn&iacute;omhach. Ach n&iacute; d&oacute;cha gurb &eacute; sin a bh&iacute; in aigne &Iacute;osa. Bh&iacute; s&eacute; ag cur b&eacute;ime thar aon rud eile ar th&aacute;bhacht bheith ag &eacute;isteacht le briathar D&eacute;, le briathar &Iacute;osa, mar a mhol an tAthair ag an Claochl&uacute;. N&iacute;os d&eacute;ana&iacute; in am pr&aacute;inne deirfidh Peadar: &ldquo;N&iacute; d&oacute;igh liom go mba cheart d&uacute;inne briathar D&eacute; a fhag&aacute;il chun dul ag freastal ag boird&rdquo; (Gn&iacute;omhthartha 6:2). Labhra&iacute;onn briathra &Iacute;osa san eachtra seo do gach r&eacute; san Eaglais: P&eacute; acu gafa le c&uacute;rsa&iacute; an tsaoil th&uacute;, n&oacute; i gci&uacute;nas, n&aacute; d&eacute;an dearmad ar Bhriathar D&eacute;: N&iacute;l riachtanas ach le aon n&iacute; amh&aacute;in.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><em><span style=\"color: black;\">B. An B&iacute;obla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae<strong>: <\/strong>Ag &eacute;isteacht le r&uacute;ndiamhair Chr&iacute;ost agus na hEaglaise agus beatha d&aacute; r&eacute;ir<\/span><\/em><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">Tugann l&eacute;achta&iacute; an lae inniu cuireadh d&uacute;inn machnamh a dh&eacute;anamh ar an d&iacute;nit at&aacute; againn toisc go bhfuilimid in&aacute;r mbeatha sa r&eacute; seo ina bhfuil na gealltanais comhl&iacute;onta, agus gur c&oacute;ir d&uacute;inn l&uacute;ch&aacute;ir a bheith orainn d&aacute; bharr, l&uacute;ch&aacute;ir fi&uacute; i measc na dtriobl&oacute;id&iacute; a ghabhann le gn&aacute;thch&uacute;rsa&iacute; na beatha Cr&iacute;osta&iacute;. Bh&iacute; &aacute;thas ar Ph&oacute;l bheith mar thimire leis an dea-sc&eacute;ala, dea-sc&eacute;ala an Bhriathair, a fh&oacute;gairt, an dea-sc&eacute;ala go raibh an r&uacute;ndiamhair foilsithe, nochtaithe. Bh&iacute; l&uacute;ch&aacute;ir ar &Iacute;osa go raibh an tsicr&eacute;id, na r&uacute;ndiamhra a bh&iacute; folaithe leis na cianta, foilsithe ag an Athair anois tr&iacute; &Iacute;osa do na &ldquo;na&iacute;on&aacute;in&rdquo;, seachas do lucht na heagna agus na tuisceana (Matha 11:25-30). Mar gheall air seo rinne &Iacute;osa gairdeas sa Spiorad Naomh (L&uacute;c&aacute;s 10:21-22), faoi mar a dh&eacute;anfaidh P&oacute;l n&iacute;os d&eacute;ana&iacute;. Ba &iacute; an r&uacute;ndiamhair i gceist n&aacute; beartas shl&aacute;naithe D&eacute; tr&iacute; Chr&iacute;ost, r&uacute;ndiamhair a fh&eacute;adfa&iacute; a chur i bhfocail &eacute;ags&uacute;la. Sa litir chuig na hEifisigh b&rsquo;ionann an r&uacute;n agus seo: nuair a bheadh an t-am cu&iacute; tagaithe, beartas D&eacute; gach a bhfuil ar neamh agus ar talamh a thabhairt le ch&eacute;ile faoi cheannas Chr&iacute;ost (Eifisigh 1:9-10). Do Ph&oacute;l sa litir seo chuig na Colosaigh is &eacute; at&aacute; ann &ldquo;Cr&iacute;ost ionaibh, in bh&uacute;r measc, d&oacute;chas na gl&oacute;ire&rdquo;. Le nochtadh, le foilsdi&uacute;, seo na r&uacute;ndiamhaire t&aacute; Cr&iacute;ost, d&oacute;chas na gl&oacute;ire, san Eaglais agus i gcro&iacute; gach f&iacute;r&eacute;in, tuar d&oacute;chais d&uacute;inn abhus agus sa ts&iacute;ora&iacute;ocht.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Leanann an Eaglais ar aghaidh ag baint &uacute;s&aacute;ide as an dt&eacute;arma seo &ldquo;r&uacute;ndiamhir&rdquo; agus an saibhreas br&iacute; a bhaineann leis lena a creideamh ina n&aacute;d&uacute;r f&eacute;in agus sna sacrainint&iacute; a chur in i&uacute;l. Is &eacute; an teideal at&aacute; ag an gc&eacute;ad chaibideal de Bhunreacht Vatac&aacute;in II ar an Eaglais n&aacute; &ldquo;R&uacute;ndiamhair na hEaglaise&rdquo;. Mar a mh&iacute;n&iacute;onn an P&aacute;pa P&oacute;l VI ina aitheasc ag oscailt an dara seisi&uacute;n de Chomhairle na Vatac&aacute;ine (1961): &ldquo;Is r&uacute;ndiamhair &iacute; an Eaglais. Is r&eacute;altacht &iacute; ina bhfuil l&aacute;ithreacaht D&eacute; folaithe istigh inti. Baineann s&eacute; le n&aacute;d&uacute;r d&iacute;lis na hEaglaise, mar sin, bheith oscailte don rud nua agus ag sior cuardach beala&iacute; nua&rdquo;. Is f&eacute;idir r&uacute;ndiamhra a thabhairt ar na sacraimint&iacute; chomh maith, de bhr&iacute; go bhfuil cumhacht D&eacute; i l&aacute;thair iontu, ag tabhairt lean&uacute;nachta don r&uacute;ndiamhair tosaigh a bh&iacute; ann le Cr&iacute;ost agus bun&uacute; na hEaglaise. Is &iacute; an Eocairist an r&uacute;ndiamhair <em>par excellence<\/em>, agus is ioma&iacute; tagairt i liot&uacute;irge an Aifrinn do r&uacute;ndiamhair n&oacute; r&uacute;ndiamhra. Is &iacute; is aidmh d&oacute; sin go l&eacute;ir n&aacute; an Eaglais agus gach f&iacute;r&eacute;an a thabhairt chun foirfeachta, chun beatha de r&eacute;ir na r&uacute;ndiamhaire, gur d&oacute;chas na gl&oacute;ire &iacute;.<\/span><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>17 I&uacute;il 2016 (C) S&eacute;&uacute; Domhnach D&eacute;ag Saor Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC A. L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute; &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-427","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/427","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=427"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/427\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=427"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=427"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=427"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}