{"id":428,"date":"2016-07-19T13:10:46","date_gmt":"2016-07-19T13:10:46","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=428"},"modified":"2016-07-19T13:10:46","modified_gmt":"2016-07-19T13:10:46","slug":"iul-24-2016-c-seachtu-domhnach-deag-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=428","title":{"rendered":"I\u00fal 24 2016 (C) Seacht\u00fa Domhnach D\u00e9ag Saor"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align: justify;\"><strong><span style=\"color: black;\">I&uacute;l 24 2016 (C) Seacht&uacute; Domhnach D&eacute;ag Saor <\/span><\/strong><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"font-variant: small-caps; color: black;\">Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">A. L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">B. An B&iacute;obla in agallamh le ceisteanna an lae<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><strong><span style=\"color: black;\">B. An B&iacute;obla: <em>Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: Glaoch filleadh ar an urna&iacute; i gcult&uacute;r nua saolta<\/em><\/span><\/strong><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><strong><em><span style=\"color: black;\">A. An B&iacute;obla sa Liot&uacute;irge mar threoir don bheatha (L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh)<\/span><\/em><\/strong><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; text-indent: 0cm; line-height: 12pt;\"><em><span style=\"color: black;\">C&eacute;ad L&eacute;acht <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">(Genesis 18:20-22). <em>N&aacute; b&iacute;odh an Tiarna bhfeirg liom agus labhr&oacute;idh m&eacute; ar&iacute;s. <\/em>Lean&uacute;int den l&eacute;acht a bh&iacute; againn an Domhnach seo caite an sliocht seo, l&eacute;acht in ar fhear Abrah&aacute;m f&aacute;ilte roimh thri&uacute;r fear, arbh ionann agus an Tiarna iad. Bh&iacute; droch-theist ar Sh&oacute;dom agus Ghomor&aacute; de bharr r&aacute;fla&iacute; faoi mh&iacute;-iompar gn&eacute;is. Sa l&eacute;acht seo cuirtear an Tiarna Dia i l&aacute;thair amhail is d&aacute; mba mhian leis cuairt a thabhairt go pearsanta ar an gcathair lena dheimhni&uacute; d&oacute; f&eacute;in arbh fh&iacute;or do na r&aacute;fla&iacute;. I dt&uacute;s na l&eacute;achta t&aacute; an fhadhb ch&eacute;anna againn agus a bh&iacute; an Domhnach seo caite, is &eacute; sin le r&aacute; fir, tri&uacute;r d&iacute;obh, agus an Tiarna agus na fir ag feidhmi&uacute; mar shamhail don Tiarna. Is d&oacute;cha gurb aingil iad na fir, agus i dtraidisi&uacute;n amh&aacute;in sa Bh&iacute;obla modh amh&aacute;in iad leis an Tiarna Dia a chur in i&uacute;l. Luaitear an Tiarna f&eacute;in san uimhir uatha (Tiarna) sa sliocht chomh maith. Mar shampla sa v&eacute;arsa tosaigh is &eacute; an Tiarna a labhra&iacute;onn, ach go gairid ina dhiaidh sin deirtear gur imigh na fir leo i dtreo S&oacute;dom, ach gur fhan Abrah&aacute;m ina sheasamh i l&aacute;thair an Tiarna. Ionann Abrah&aacute;m i l&aacute;thair an Tiarna agus an Tiarna le Abrah&aacute;m agus teist den dl&uacute;thchairdeas idir Dia agus daoine daonna. Maidir leis an agallamh a leanann idir Abrah&aacute;m agus an Tiarna sa sliocht seo, baineann s&eacute; le fadhb dhomhain dhiagachta, is &eacute; sin le r&aacute; d&iacute;oltas D&eacute; a imirt ar na f&iacute;r&eacute;in agus na peacaigh le ch&eacute;ile, ceist a bhain le c&oacute;ir agus ceartas D&eacute;. Bh&iacute; taith&iacute; ag Iosrael ar a leith&eacute;id de dh&iacute;oltas comhchoiteann i threarscairt Iar&uacute;sail&eacute;im le arm na Baibeal&oacute;ine. B&rsquo;fh&eacute;idir nach bhfuil r&eacute;iteach ar an fhadhb seo, ach d&eacute;antar an cheist a ch&iacute;oradh in Eizic&eacute;il 14:12-23 agus i Leabhar I&oacute;b, agus sa l&eacute;acht &aacute;irithe seo. Ach p&eacute; ar bith ba bhun&uacute;s leis an l&eacute;acht i Leabhar Genesis, i liot&uacute;irge an lae inniu roghna&iacute;tear &iacute; le dul le l&eacute;acht an tSoisc&eacute;il faoin urna&iacute;. Sa ch&eacute;ad l&eacute;acht seo feictear an Tiarna Dia in agallamh le Abrah&aacute;m, duine daonna, agus r&eacute;idh ligint do Abrah&aacute;m margadh a dh&eacute;anamh leis. N&iacute; leasc le Dia na hiarratais dhaonna. A mhalairt ar fad: fearann s&eacute; f&aacute;ilte rompu, mar a l&eacute;ireoidh &Iacute;osa sa sliocht &oacute;n Soisc&eacute;al inniu.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; text-indent: 0cm; line-height: 12pt;\"><em><span style=\"color: black;\">Salm le Freagra<\/span><\/em><span style=\"color: black;\"> (Salm 137[138]), <em>Nuair a ghlaoigh m&eacute; ort d&rsquo;eist t&uacute; liom, a Thiarna.<\/em><\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; text-indent: 0cm; line-height: 12pt;\"><em><span style=\"color: black;\">An Dara L&eacute;acht<\/span><\/em><span style=\"color: black;\"> (Colosaigh 2:12-14). <em>Bheoigh Dia sibh mar aon le Cr&iacute;ost, agus mhaith s&eacute; d&uacute;inn &aacute;r gcionta.<\/em> Ar an gc&eacute;ad amharc n&iacute; h&eacute;asca br&iacute; bheacht na l&eacute;achta seo a fh&aacute;il. S&oacute;rt gearrscr&iacute;obh &eacute; de mh&iacute;reanna de chreideamh Cr&iacute;osta&iacute; na luatheaglaise, a bheadh soil&eacute;ir don t&eacute; a scr&iacute;obh agus do na l&eacute;itheoir&iacute; (n&oacute; &eacute;isteoir&iacute;) tosaigh. Mar aon leis sin bheadh na m&iacute;reanna &eacute;ags&uacute;la den chreideamh m&iacute;nithe do na Cr&iacute;ostaithe roimh a mbaisteadh n&oacute; ina dhiaidh. Rud eile gur fi&uacute; a chur san &aacute;ireamh n&aacute; go gceapann roinnt scol&aacute;ir&iacute; go bhfuil foirml&iacute; liot&uacute;irgeacha no iomannacha taobh thiar den sliocht seo. Ni dochar a mheabhru go nduirt P&oacute;l n&iacute;os luaithe sa litir seo (sliocht l&eacute;ite mar dhara leacht i Dhomhnach 15 thuas), gurb ghnaoi le Dia an n&aacute;d&uacute;r diaga (ioml&aacute;ine D&eacute;) a bheith in a chona&iacute; in &Iacute;osa go hioml&aacute;n. L&aacute;rphointe an chreidimh Chr&iacute;osta&iacute; ais&eacute;ir&iacute; Chr&iacute;ost. Rinne cumhacht &eacute;achtach D&eacute; Cr&iacute;ost a th&oacute;gaint &oacute; mhairbh, agus t&aacute; an chumhacht ch&eacute;anna sin D&eacute; ag feidhmi&uacute; sa bhaisteadh agus sa bheatha Chr&iacute;osta&iacute;. Mar a chuirtear go deas sa litir chuig na hEifisigh (1:19-21): is eol don d&oacute;chas Cr&iacute;osta&iacute; &ldquo;ollmhaitheas na cumhachta a chuir Di i bhfeidhm ar &aacute;r son-na, creidmhigh &ndash; an chumhacht &eacute;achtach &uacute;d a chuir s&eacute; ag obair i gCriost nuair a th&oacute;g s&eacute; &oacute; mhairbh &eacute; agus chuir ina shu&iacute; ar a dheis sna flaithis&rdquo;. Tr&iacute; thumadh a rinneadh an luathbhaisteadh Cr&iacute;osta&iacute;, tumadh ar shamhail &eacute; ar adhlacadh Chr&iacute;ost. Go misti&uacute;il, adhlacadh iad si&uacute;d sa bhaisteadh le Cr&iacute;ost agus ag &eacute;ir&iacute; d&oacute;ibh &oacute;n umar baiste bh&iacute;odar aontaithe le cumhacht sin &eacute;achtach D&eacute; a th&oacute;g &Iacute;osa &oacute; na mairbh. Ba de bhunadh pag&aacute;nach, den chuid is m&oacute; ar a laghad, Cr&iacute;ostaithe chathair Cholosae. Bh&iacute;odar marbh de dheasca a gcionta agus cheal thimpeallghearradh na colainne. Thug an baisteadh beatha nua d&oacute;ibh i gCr&iacute;ost. Bh&iacute; a bpeaca&iacute; go l&eacute;ir maite ag Dia (peaca&iacute; Ph&oacute;il f&eacute;in san &aacute;ireamh (&ldquo;&aacute;r gcionta uile&rdquo;). Cr&iacute;ochna&iacute;onn an t&eacute;acs le picti&uacute;r gleoite: Na cionta go l&eacute;ir a bheadh ann i gcoinne Cr&iacute;ostaithe, liosta d&iacute;obh i gc&aacute;ip&eacute;is l&aacute;mhscr&iacute;ofa, th&oacute;g Cr&iacute;ost an ch&aacute;ip&eacute;is sin agus chuir ar cheal &eacute; &aacute; t&aacute;irne&aacute;il (go meafarach) don chrois. Fuair Cr&iacute;ost b&aacute;s do mhaithi&uacute;nas na bpeaca&iacute;. T&aacute; a bh&aacute;s agus a ais&eacute;ir&iacute; ag feidhmi&uacute; sa bheatha Chr&iacute;osta&iacute; i gc&oacute;nai.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; text-indent: 0cm; line-height: 12pt;\"><em><span style=\"color: black;\">An Soisc&eacute;al <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">(L&uacute;c&aacute;s 11:1-13). <em>Iarraig&iacute;, agus bh&eacute;arfar daoibh. <\/em>Is faoin urna&iacute; an l&eacute;acht seo ina hioml&aacute;ine, agus Paidir an Tiarna mar eiseaml&aacute;ir d&oacute;. I ndiaidh Phaidir an Tiarna t&aacute; aitheasc againn bheith ag gu&iacute; an Athar gan staonadh. Ar dt&uacute;s meabhra&iacute;tear d&uacute;inn go raibh &Iacute;osa ag gu&iacute; nuair a chuir na deisceabail an cheist air gu&iacute; a mh&uacute;ineadh d&oacute;ibh. Leagann L&uacute;c&aacute;s b&eacute;im ar an urna&iacute; i mbeatha phearsanta agus i ministreacht &Iacute;osa. (F&eacute;ach na n&oacute;ta&iacute; ar an Soisc&eacute;al don 12&uacute; Domhnach den bhliain seo.) Luaigh L&uacute;c&aacute;s cheana (5:33) urna&iacute; dheisceabail Eoin Baiste. T&aacute; eags&uacute;lachta&iacute; &aacute;irithe idir fhoirm Phaidir an Tiarna ag L&uacute;c&aacute;s agus ag Matha (6:5-15). A fhoirm si&uacute;d at&aacute; de ghlanmheabhair againn. N&iacute; haon rud as an ghn&aacute;th dh&aacute; fhoirm de phaidir, fi&uacute; de cheann bun&uacute;sach. Ni raibh foirmle docht ag urnaithe Gi&uacute;dacha. Tosa&iacute;onn an Phaidir ag L&uacute;c&aacute;s le &ldquo;A Athair&rdquo;; ag Matha le &ldquo; &Aacute;r nAthair at&aacute; ar neamh&rdquo;, foirmle Gi&uacute;dach ag tagairt do Dhia. &ldquo;A Athair&rdquo;, as Airimis<em> Abba, <\/em>leagan &Iacute;osa in Getsemane &eacute; (L&uacute;c&aacute;s 22:42), leagan a spreagann an Spiorad Naomh Cr&iacute;osta&iacute;the, deirfi&uacute;racha agus dearth&aacute;ireacha &Iacute;osa &uacute;said a bhaint as ag gu&iacute; chun D&eacute; (R&oacute;mh&aacute;naigh 8:15; Galataigh 4:6). San achain&iacute; faoin &ldquo;&aacute;r n-ar&aacute;n laeth&uacute;il&rdquo;, n&iacute;l &ldquo;laeth&uacute;il&rdquo; mar aistri&uacute; cinnte ar fad. D&rsquo;fheadfadh br&iacute; eile a bheith leis an bhfocal Gr&eacute;igise, mar shampla &ldquo;riachtanach&rdquo;. Ar&aacute;n, bia, an tsaoil seo at&aacute; i gceist go bun&uacute;saach, ach d&rsquo;fh&eacute;adfadh tagairt a bheith ann do ar&aacute;n na beatha chomh maith. Is &eacute; an focal Airimise at&aacute; taobh thiar den bhfocal &ldquo;peaca&rdquo; n&aacute; &ldquo;fiach, fiacha&rdquo;, mar at&aacute; ag Matha (&ldquo;maith d&uacute;inn &aacute;r bhfiacha&rdquo;). An tagairt do &ldquo;cath&uacute;&rdquo; ag an deireadh, is &eacute; a bheadh i gceist n&aacute; gaiste Sh&aacute;tan, agus s&eacute;anadh Chr&iacute;ost agus an chreidimh d&aacute; bharr. Feach L&uacute;c&aacute;s 22:39-40.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; text-indent: 0cm; line-height: 12pt;\"><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Tar &eacute;is Phaidir an Tiarna tugann &Iacute;osa parabal &eacute;ifachtach ag moladh buanseasmhacht san urna&iacute;, sna hachain&iacute;ocha ar Dhia. N&iacute; chuireann a leith&eacute;id as do Dhia. A mhalairt ar fad. L&eacute;ir&iacute;onn &Iacute;osa c&uacute;ram an Athar ar neamh le sampla&iacute; &oacute;na ruda&iacute; a dh&eacute;anfadh, n&oacute; nach dh&eacute;anfadh, athracha daonna d&aacute; bp&aacute;ist&iacute;: cloch nuair a iarrtar ar&aacute;n; in ionad &eacute;isc nathair nimhe (a bheadh cos&uacute;il leis), in ionad uibhe scairp (a bheadh cos&uacute;il leis). Maidir leis an nath &ldquo;sibhse at&aacute; go holc&rdquo;, modh Seim&iacute;teach &eacute; le r&aacute; &ldquo;sibhse, easpach is at&aacute; sibh&rdquo;. Gluaiseann &Iacute;osa go n&eacute;ata &oacute; ch&uacute;rsa&iacute; saolta go f&iacute;rinn&iacute; n&iacute;os airde. M&aacute;s eol d&rsquo;athracha neamhfhoirfe ar talamh c&uacute;ram a dh&eacute;anamh d&rsquo;achainiocha a gclainne, nach m&oacute;ide go dtabharfaidh an tAthair &oacute; neamh an Spiorad Naomh d&oacute;ibh si&uacute;d a iarann &eacute;. Do L&uacute;c&aacute;s ionann an Spiorad Naomh agus cumhacht &oacute; Dhia fianaise a thabhairt d&aacute; r&iacute;ocht (Cinc&iacute;s), ballraiocht ar phobal nua D&eacute; (Gn&iacute;omhartha 10; Cornelius). D&eacute;anann an Spiorad Naomh an Eaglais a sti&uacute;radh tr&iacute;d an stair. <\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><strong><em><span style=\"color: black;\">B. An B&iacute;obla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: <\/span><\/em><\/strong><em><span style=\"color: black;\">Glaoch filleadh ar an urna&iacute; i gcult&uacute;r nua saolta<\/span><\/em><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">Tugann an l&eacute;acht &oacute;n Soisc&eacute;al inniu cuireadh d&uacute;inn machnamh a dh&eacute;anamh ar &aacute;it an urna&iacute; in&aacute;r saol f&eacute;in inniu, i dtimpeallacht at&aacute; &eacute;irithe saolta. N&iacute; &oacute; mheon saolta amh&aacute;in a eascair roinnt de na hathraithe i gc&uacute;rsa&iacute; paidreoireachta. N&iacute;l aon bhaint ag cuid de ns hathraithe le c&uacute;rsa&iacute; creidimh. N&iacute; r&oacute;-fhada &oacute; shoin &oacute; bh&iacute; paidir &eacute;igin ann do mh&oacute;r&aacute;n c&uacute;rsa&iacute; an lae, amhail &ldquo;Bail &oacute; Dhia ar an obair&rdquo;, &ldquo;Bail &oacute; Dhia anseo&rdquo;, at&aacute; imithe i ndearmad le fada. D&rsquo;fhan alt&uacute; roimh bia, agus tar &eacute;is bia i bhfad nios faide, agus i sl&iacute; is ann i gc&oacute;nai d&oacute;ibh. Chuir eolas ar chursai aimsire cr&iacute;och le paidreacha poibl&iacute; do fhearthainn n&oacute; do dhea-aimsir agus soineann. Uaireanta measann creidmhigh l&eacute;annta n&aacute;r ch&oacute;ir ghu&iacute; do thoradh f&oacute;nta ar agallamh do phost, toisc sin a bheith i gcoinne seans iarrath&oacute;ir&iacute; eile don phost. Laige lena leith&eacute;id de thuairim d&aacute; leith&eacute;id n&aacute; nach dra&iacute;ocht an urnai ach iarratas ar Dhia, Dia a thuigeann c&aacute;s gach aoinne.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Ach le filleadh ar an meon saolta: t&aacute; m&oacute;r&aacute;n c&uacute;iseanna a th&oacute;gann &aacute;r n-aire &oacute;n urna&iacute; na laethanta seo nach f&eacute;idir dul go mion isteach iontu anseo: fuarch&uacute;is i leith cleachtadh an chreidimh, ceisteanna faoi bheith ann do Dhia agus na harag&oacute;int&iacute; a bhaineann leis, n&oacute; deacracht &ldquo;teagmh&aacute;il&rdquo;, &ldquo;ceangailteacht&rdquo; a dh&eacute;anamh le Dia, neach nach feictear. Ach fanann an cuireadh machnamh a dh&eacute;anamh ar an urna&iacute;. Feach freisin an &ldquo;Machnamh&rdquo; don 12&uacute; Domhnach don bhliain seo ar an &aacute;bhar c&eacute;anna.<\/span><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>I&uacute;l 24 2016 (C) Seacht&uacute; Domhnach D&eacute;ag Saor Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC A. L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute; &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-428","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/428","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=428"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/428\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=428"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=428"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=428"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}