{"id":431,"date":"2016-07-27T08:44:44","date_gmt":"2016-07-27T08:44:44","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=431"},"modified":"2016-07-27T08:44:44","modified_gmt":"2016-07-27T08:44:44","slug":"31-iuil-2016-c-ochtu-domhnach-deag-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=431","title":{"rendered":"31 I\u00fail 2016 (C) Ocht\u00fa Domhnach D\u00e9ag Saor"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align: justify; line-height: 12pt;\"><strong><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">31 I&uacute;il 2016 (C) Ocht&uacute; Domhnach D&eacute;ag Saor <\/span><\/strong><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; line-height: 12pt;\"><span style=\"font-size: 11pt; font-variant: small-caps; color: black;\">Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; line-height: 12pt;\"><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; line-height: 12pt;\"><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">A. L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; line-height: 12pt;\"><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">B. An B&iacute;obla in agallamh le ceisteanna an lae<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; line-height: 12pt;\"><strong><em><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">B. An B&iacute;obla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: <\/span><\/em><\/strong><em><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">&Oacute; na flaithis leanann Cr&iacute;ost ar aghaidh ag craobhscaoileadh a dhea-sc&eacute;il<\/span><\/em><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; line-height: 12pt;\"><strong><em><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">A. An B&iacute;obla sa Liot&uacute;irge mar threoir don bheatha (L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh)<\/span><\/em><\/strong><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; line-height: 12pt;\"><em><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">C&eacute;ad L&eacute;acht <\/span><\/em><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">(C&oacute;helet 1:2; 2:21-23). <em>C&eacute;n tairbhe a bhaineann duine as a shaothar?<\/em> C&oacute;helet, ar a dtugtar freisin Leabhar Eclesiastes, baineann s&eacute; le roinn den Seantiomna ar a dtugtar &ldquo;Litr&iacute;ocht na hEagna&rdquo;. Bh&iacute; luathlitr&iacute;ocht na heagna bunaithe ar th&aacute;taill a th&aacute;inig &oacute;n aigne dhaonna agus &oacute;n taith&iacute; dhaonna, seachas &oacute; fhoilsi&uacute;, &oacute; chonradh D&eacute; le Iosrael, n&oacute; &oacute; Dhl&iacute; Mhaois. T&aacute; a l&aacute;n eolais agus teagaisc fh&oacute;nta inti ar shaol an duine agus faoin bheatha dhaonna. Ar uairibh, go m&oacute;r m&oacute;r i leabhar I&oacute;b agus i gC&oacute;helet, c&aacute;ineann s&iacute; lochtanna agus laig&iacute; sa mh&oacute;r&aacute;ltacht Ghi&uacute;dach thraidisi&uacute;nta agus a l&eacute;argus ar Dhia agus ar ch&uacute;rsa&iacute; an tsaoil. Machnamh fealsaimh seachas fianaise ar chreideamh Iosrael at&aacute; i gCohelet. Mhair s&eacute; sa r&eacute; Ghr&eacute;igeach is d&oacute;cha (tr&iacute;&uacute; aois roimh Chr&iacute;ost) agus bh&iacute; teacht aige ar smaointeoireacht fheals&uacute;nta na Gr&eacute;ige. T&aacute; l&eacute;argas duairc aige ar an bheatha dhaonna agus an saol. N&iacute;l in aon rud ach seal, baois, an&aacute;il, gan substaint. <\/span><strong><span style=\"font-size: 11pt; color: black; font-weight: normal;\">Curf&aacute; ina scr&iacute;bhinn n&aacute;: &ldquo;Baois na baoise, buaic na baoise! Nil in aon rud ach baois&rdquo;. Mar sin fein is f&eacute;idir leis tuairm&iacute; stuama a thabhairt ar chleachta&iacute; &aacute;irithe, mar at&aacute; faoi th&oacute;ir an tsaibhris sa l&eacute;acht seo. An m&eacute;id adeir s&eacute; faoi seo agus faoi &aacute;bhair eile, d&rsquo;fh&eacute;adfadh s&eacute; &aacute;bhar machnaimh a shol&aacute;thair do dhaoine ar th&oacute;ir an rachmais, saibhreas at&aacute; ina shl&iacute; fein riachtanach do tsocha&iacute; dhaonna. T&eacute;ann l&eacute;acht seo an tSeantiomna go h&aacute;lainn leis an sliocht &oacute;n Soisc&eacute;al inniu, a bhfuil an t&eacute;ama c&eacute;anna ann.<\/span><\/strong><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; text-indent: 0cm; line-height: 12pt;\"><em><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">Salm le Freagra<\/span><\/em><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\"> (Salm 94[95]). <em>&Aacute;, d&aacute; n-&eacute;istfeadh sibh lena ghuth inniu: &lsquo;Na calcaig&iacute; bhur gcro&iacute;.&rsquo;<\/em><\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; text-indent: 0cm; line-height: 12pt;\"><em><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">An Dara L&eacute;acht<\/span><\/em><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\"> (Colasaigh 3:1-5, 9-11). <em>Lorgaig&iacute; na nithe at&aacute; thuas mar a bhfuil Cr&iacute;ost.<\/em><\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; line-height: 12pt;\"><strong><span style=\"font-size: 11pt; color: black; font-weight: normal;\">An ch&eacute;ad chuid de shliocht an lae inniu (3:1-4) roghna&iacute;odh &iacute; mar l&eacute;acht oiri&uacute;nach do Dhomhnach na C&aacute;sca, an l&aacute; ina dh&eacute;anaimid ceili&uacute;radh ar ais&eacute;ir&iacute; Chr&iacute;ost agus a fhilleadh faoi ghl&oacute;ir ar dheasl&aacute;imh an Athar, &aacute;it a bhfuil s&eacute; de sh&iacute;or ag gu&iacute; ar son na hEaglaise, agus ar &aacute;r son go l&eacute;ir le go mbeadh toradh ar a bh&aacute;s agus a ais&eacute;ir&iacute;. T&aacute; Cr&iacute;ostaithe aontaithe le Cr&iacute;ost sa bhaisteadh, agus mar adeir an l&eacute;acht seo aontaithe leis ar neamh. N&iacute; l&eacute;acht ginear&aacute;lta gan t&eacute;agar at&aacute; anseo. Tamall gearr roimhe seo scr&iacute;obh P&oacute;l (Colasaigh 2:6-7): &ldquo;Mar sin de, &oacute;s rud &eacute; go bhfuil glactha agaibh le h&Iacute;osa mar Thiarna, tugaig&iacute; bh&uacute;r saol i bp&aacute;irt leis. B&iacute;g&iacute; pr&eacute;amhaithe ann agus bunaithe air agus daingean sa chreideamh faoi mar ar m&uacute;ineadh daoibh &eacute;&rdquo;. Cr&iacute;ochnaionn an sliocht do Dhomhnach C&aacute;sca mar seo: &ldquo;Nuair a nochtfar Cr&iacute;ost, &aacute;r mbeatha, ansin nochtfar sibhse freisin mar aon leis faoi ghl&oacute;ir&rdquo;. Beidh seo amhlaidh m&aacute; bh&iacute;onn beatha na bhf&iacute;r&eacute;an ar talamh de r&eacute;ir mar a oireann d&aacute; gcreideamh in &Iacute;osa Cr&iacute;ost ais&eacute;irithe. Is chuige sin a leanann an litir ch&eacute;anna ar aghaidh i l&eacute;acht an lae inniu &aacute; mheabhr&uacute; faoi cad a eascra&iacute;onn as creideamh sa bheatha nua seo i gCr&iacute;ost, is e sin le le r&aacute; <\/span><\/strong><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">ag cur chun b&aacute;is gach rud &ldquo;saolta&rdquo;, nach bhfuil comhoiri&uacute;nach don bheatha nua. Luann s&eacute; ceithre chleachtadh gn&eacute;asacha, agus ina ndiaidh sin an tsaint, gur ionann &iacute; agus adhradh d&eacute;ithe br&eacute;ige. Baineann siad sin go l&eacute;ir leis an &ldquo;sean-n&aacute;d&uacute;r&rdquo;. Bheadh an n&aacute;d&uacute;r nua de r&eacute;ir &iacute;omh&aacute; a &ldquo;Chruthaitheora&rdquo;, &Iacute;osa Cr&iacute;ost ais&eacute;irithe at&aacute; ag s&iacute;or-chraobhscaoileadh a shoisc&eacute;il &oacute; dheis an Athar. Crutha&iacute;odh an duine, an cine daonna, ar &iacute;omh&aacute; D&eacute;, ach rinneadh dochar don &iacute;omh&aacute; sin tr&iacute;d an bpeaca. Is &eacute; sin an &ldquo;sean-n&aacute;d&uacute;r&rdquo;, at&aacute; le athchruth&uacute; i gCr&iacute;ost mar n&aacute;d&uacute;r &uacute;r, ar &iacute;omh&aacute; Chr&iacute;ost, agus mar sin ar &iacute;omh&aacute; an Chruthaitheora Dia f&eacute;in.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; text-indent: 0cm; line-height: 12pt;\"><em><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">An Soisc&eacute;al <\/span><\/em><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">(L&uacute;c&aacute;s 12:13-21). <em>An cnuasach at&aacute; deanta agat, c&eacute; aige a mbeidh s&eacute;?<\/em> Sa t&eacute;acs d&iacute;rach roimh an ceann seo bh&iacute; &Iacute;osa ag m&uacute;ineadh a chuid dheisceabal. Sa l&eacute;acht seo iarrann duine as an slua, nach deisceabal &eacute;, ar &Iacute;osa p&aacute;irt a ghlacadh i roinnt oidhreacht a chlainne. Mar is iontuigthe, di&uacute;lta&iacute;onn &Iacute;osa don iarratas. N&iacute; d&aacute; leith&eacute;id misean &Iacute;osa. Ansin deir an t&eacute;acs gur labhair &Iacute;osa &ldquo;leo&rdquo;, lena dheiseabail is d&oacute;cha, agus b&rsquo;fh&eacute;idir go bhfuil an slua i gceist chomh maith. Tugann s&eacute; rabhadh faoin tsaint, agus an dochar a dh&eacute;anann s&iacute; don t&eacute; a chleachtann &iacute;. N&iacute; ionann raidhse agus sonas. M&iacute;n&iacute;onn &Iacute;osa cad t&aacute; i gceist aige le parabal a labhra&iacute;onn s&eacute; &ldquo;leo&rdquo; &ndash; ar&iacute;s leis na deisceabail, agus b&rsquo;fh&eacute;idir leis an slua chomh maith. T&aacute; an parabal seo i dtraidisi&uacute;n eagna&iacute;ocht Iosrael, mar at&aacute; t&eacute;acs Cohelet sa ch&eacute;ad l&eacute;acht. An duine santach amh&aacute;in at&aacute; mar chro&iacute;l&aacute;r an pharabail, an chead phearsa uatha, &ldquo;m&eacute;&rdquo;, go minic ann. Mar fhoircean ar an bparabal t&aacute; &aacute;bhar machnaimh ar thoradh na sainte agus faoi bhr&iacute; na beatha daonna. Is &eacute; freagra L&uacute;c&aacute;is n&aacute; saibhreas a thaisceadh i lathair D&eacute; seachas saint sa saol seo.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; line-height: 12pt;\"><strong><em><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">B. An B&iacute;obla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae:<\/span><\/em><\/strong><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\"> <em>&Oacute; na flaithis leanann Cr&iacute;ost ar aghaidh ag craobhscaoileadh a dhea-sc&eacute;il<\/em><\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; line-height: 12pt;\"><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">I gceisteanna maidir le m&iacute;ni&uacute; an Bh&iacute;obla i gcomhtheacs eaglais an lae inniu, t&aacute; dh&aacute; phrionsabal nach m&oacute;r a chur san &aacute;ireamh: achar fada agus achar gar (n&oacute; neamh-mhe&aacute;nach). Ionann achar fada agus a thuiscint c&eacute; chomh fada sin uainn a cumadh scr&iacute;bhinn&iacute; an Tiomna Nua &ndash; dh&aacute; mh&iacute;le bliain idir sinn agus iad. Cumadh iad i dtosca, agus do thosca, soisialta agus meonta aigne &eacute;ags&uacute;la agus ar uairibh contr&aacute;rtha do ghn&aacute;th-mheon &aacute;r linne f&eacute;in. Is cuma sin do dhaonnachtaithe, lucht an mh&iacute;chreidimh, &aacute;r linne f&eacute;in. Glacann siad san leo mar dhoicim&eacute;id staire amh&aacute;in. Roinnt chreidmheach, fi&uacute;, measann siad go bhfuil na bunscr&iacute;bhinn&iacute; sin chomh fada sin uainn nach bhfuil teachtaireacht ag an Tiomna Nua do shaol an lae inniu a thuilleadh. N&iacute; mar sin a fh&eacute;achann an Eaglais Chaitliceach, n&oacute; Cr&iacute;ostaithe de ghn&aacute;th, ar an sc&eacute;al. T&aacute; Dia agus Cr&iacute;ost ag labhairt linn i gc&oacute;na&iacute; tr&iacute;d an Tiomna Nua. Agus an cheist seo &aacute; c&iacute;oradh, n&iacute; m&oacute;r dh&aacute; &aacute;bhar a dheighilt &oacute; cheile. I gc&uacute;rsa&iacute; teagaisc de, bh&iacute; scr&iacute;bhinn&iacute; an Tiomna Nua l&aacute;rnach nuair a bh&iacute; an diagacht faoi Chr&iacute;ost agus an Tr&iacute;on&oacute;id Naofa &aacute; shoil&eacute;iri&uacute;. I gc&uacute;rsa&iacute; eile, mar shampla teagasc agus cleachtadh a bhaineann le n&oacute;sanna soisialta, amhail sl&aacute;bha&iacute;ocht agus seasamh na mban sa tsocha&iacute;, is f&eacute;idir ceist a chur an tosca staire seachas teagasc ann f&eacute;in is bun leis. Maidir le teagasc faoi ch&uacute;rsa&iacute; gn&eacute;is b&iacute;onn seo &aacute; phl&eacute; go minic.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; line-height: 12pt;\"><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Na ceisteanna sin a luamar faoi achar fada an Tiomna Nua uainn, c&uacute;rsa&iacute; na haigne, agus cu&iacute;osach teib&iacute;, iad. Mar aon leo si&uacute;d t&aacute; gn&eacute; eile a bhaineann leis an Tiomna Nua, is sin a &aacute;it san Eaglais agus sa bheatha Chr&iacute;osta&iacute;. Anseo t&aacute; achar gar, n&oacute; neamh-mhe&aacute;nach, i gceist. Thug Comhairle na Vatac&aacute;ine aird air seo sa Bhunreacht ar an liot&uacute;irge naofa (alt 7). Faoi mar ar seoladh &Iacute;osa Cr&iacute;ost &oacute;n Athair, is mar sin a sheol Cr&iacute;ost na haspail, l&aacute;n den Spiorad Naomh, amach. Rinne s&eacute; &eacute; seo ionas go bhf&oacute;gr&oacute;idis gur shaor &Iacute;osa Cr&iacute;ost sinn lena bh&aacute;s agus a ais&eacute;ir&iacute; &oacute; chumhacht Sh&aacute;tan (alt 6). Le feidhm a thabhairt don r&uacute;ndiamhair seo, t&aacute; &Iacute;osa i l&aacute;thair i gc&oacute;na&iacute; ina Eaglais, go m&oacute;r m&oacute;r ina chuid ceili&uacute;rtha liot&uacute;irgeacha. I measc sl&iacute;te eile &ldquo;t&aacute; s&eacute; i l&aacute;thair ina bhriathar, mar is &eacute; fein a labhra&iacute;onn nuair a l&eacute;itear na scriopt&uacute;ir naofa san Eaglais&rdquo;.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; line-height: 12pt;\"><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Is c&uacute;lra &aacute;lainn do theagasc seo na hEaglaise dara l&eacute;acht an lae inniu. Cr&iacute;ost ais&eacute;irithe, ar dheis an Athar, mheabhraigh s&eacute; tr&iacute;na a chuid aspal (P&oacute;l agus eile) &oacute; th&uacute;s n&aacute;r mh&oacute;r d&oacute;ibh an &ldquo;n&aacute;d&uacute;r &uacute;r&rdquo; a mhaireacht&aacute;il agus a l&eacute;iri&uacute;, de r&eacute;ir a theagaisc f&eacute;in agus teagasc na hEaglaise. Tugann P&oacute;l sampla&iacute; le seachaint, nach raibh ag teacht leis an n&aacute;d&uacute;r sin, agus gn&aacute;sa eile a bh&iacute; le cleachtadh. Leanann an Eaglais ar aghaidh leis seo. T&aacute; Cr&iacute;ost ag f&oacute;gairt a shoisc&eacute;il gach uair a l&eacute;itear na scriopt&uacute;ir sa liot&uacute;irge. D&eacute;antar an soisc&eacute;al a fh&oacute;gairt i sl&iacute;te eile chomh maith, mar shampla ag daoine carasmatacha amhail Naomh Proins&eacute;as i gc&uacute;rsa&iacute; bochtanais agus eile, ag an bP&aacute;pa ag meabhr&uacute; do eaglaisigh gan a bheith sa t&oacute;ir ar ard&uacute; c&eacute;ime agus maireacht&aacute;il de r&eacute;ir shimpl&iacute;ocht na soisc&eacute;al, ag meabhr&uacute; nach tosca staire point&iacute; &aacute;irithe den Tiomna Nua at&aacute; faoi chonsp&oacute;id, ach gur teagasc buan, fi&uacute; cinnteathach, iad. N&iacute; cumad&oacute;ireacht dhaonna &eacute; teagasc na hEaglaise, ach deimhni&uacute; agus lean&uacute;int ar theachtaireacht Chr&iacute;ost. Ach faoi mar ar leag P&oacute;l b&eacute;im air sa dara l&eacute;acht inniu, is &eacute; Cr&iacute;ost ais&eacute;irithe ar dheis an Athar cro&iacute;lar na hEaglaise agus na beatha Cr&iacute;osta&iacute;.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; line-height: 12pt;\"><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; <\/span><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>31 I&uacute;il 2016 (C) Ocht&uacute; Domhnach D&eacute;ag Saor Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC A. L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute; &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-431","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/431","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=431"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/431\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=431"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=431"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=431"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}