{"id":435,"date":"2016-08-10T07:42:55","date_gmt":"2016-08-10T07:42:55","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=435"},"modified":"2016-08-10T07:42:55","modified_gmt":"2016-08-10T07:42:55","slug":"lunasa-14-2016-c-fichiu-domhnach-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=435","title":{"rendered":"L\u00fanasa 14 2016 (C) Fichi\u00fa Domhnach Saor"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align: justify;\"><strong><span style=\"color: black;\">L&uacute;nasa 14 2016 (C) Fichi&uacute; Domhnach Saor <\/span><\/strong><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"font-variant: small-caps; color: black;\">Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">A. L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">B. An B&iacute;obla in agallamh le ceisteanna an lae<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><strong><em><span style=\"color: black;\">B. An B&iacute;obla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: <\/span><\/em><\/strong><em><span style=\"color: black;\">An Eaglais in agallamh le heasaontas<\/span><\/em><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><strong><em><span style=\"color: black;\">A. An B&iacute;obla sa Liot&uacute;irge mar threoir don bheatha (L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh)<\/span><\/em><\/strong><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; text-indent: 0cm; line-height: 12pt;\"><em><span style=\"color: black;\">C&eacute;ad L&eacute;acht <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">(Irimia 38:4-6, 8-10). <em>Rug t&uacute; m&eacute; i m&rsquo;fhear achrannach don t&iacute;r ar fad. <\/em>Roghna&iacute;odh an l&eacute;acht seo le gabh&aacute;il leis an sliocht &oacute;n soisc&eacute;al ina labhra&iacute;onn &Iacute;osa faoi f&eacute;in agus an consp&oacute;id a bheadh mar thoradh lena theacht. Fear achrannach bh&iacute; san fh&aacute;idh Irimia, ag f&oacute;gairt bhriathar D&eacute; gan sc&aacute;th, &aacute;bhar consp&oacute;ide agus ag tarraingt gh&eacute;arlean&uacute;na air f&eacute;in. Samhail de ghairm an fh&aacute;idh agus &Iacute;osa f&eacute;in a bh&iacute; ann. Bh&iacute; saol fada mar fh&aacute;idh ag Irimia i mblianta deiridh r&iacute;ocht I&uacute;da. Bh&iacute; forl&aacute;mhas glactha ag impireacht na Baibeal&oacute;ine ar an dt&iacute;r agus cathair Iar&uacute;sail&eacute;im f&eacute;in i mbaol. Ba &iacute; teachtaireacht bhuan Irimia n&aacute; g&eacute;illeadh do fh&oacute;rsa&iacute; na Baibeal&oacute;ine, nach mbeadh aici ach r&eacute;imeas gairid. Ach bh&iacute; an &Eacute;igipt ag s&eacute;ideadh arm I&uacute;da chun ceannairce agus bh&iacute; an t-arm r&eacute;idh chuige sin, gan aon cumhacht ar chursa&iacute; ag an r&iacute; lag Sedecia. Bh&iacute; s&eacute; soil&eacute;ir gurb ionann ceannairc agus treascairt na cathrach agus deireadh le I&uacute;da mar st&aacute;t. Ba shoil&eacute;ir go mbeadh f&oacute;rsa&iacute; na Baibeal&oacute;ine ag ionsa&iacute; na cathrach go luath. Sin &eacute; c&uacute;lra an tsleachta &aacute;irithe seo. Bh&iacute; ar an arm f&aacute;il r&eacute;idh le Irimia, agus n&iacute; raibh ar chumas an r&iacute; cur in a choinne. Is &eacute; a bhi in aigne ag fir cheannas an airm n&aacute; gan Irimia a mhar&uacute; go d&iacute;reach ach ligint d&oacute; b&aacute;s a fh&aacute;il sa tobar. N&iacute; raibh uisce, ach l&aacute;ib sa tobar. M&iacute; I&uacute;il n&oacute; L&uacute;nasa (587-86 roimh Chr&iacute;ost) a bh&iacute; ann, go gairid sular shrois arm na Baibeal&oacute;ine an chathair. Saoradh Irimia ag an Eiti&oacute;pach Ebed-melch, oifigeach i bpal&aacute;s an r&iacute;.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; text-indent: 0cm; line-height: 12pt;\"><em><span style=\"color: black;\">Salm le Freagra<\/span><\/em><span style=\"color: black;\"> (Salm 39[40]). <em>Tar i gcabhair orm, a Thiarna.<\/em><\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; text-indent: 0cm; line-height: 12pt;\"><em><span style=\"color: black;\">An Dara L&eacute;acht<\/span><\/em><span style=\"color: black;\"> (Eabhraigh 12:1-4). <em>Rithimis go buanseasmhach an r&aacute;s at&aacute; leagtha amach d&uacute;inn.<\/em> Tar &eacute;is don &uacute;dar crioch a chur le &aacute;ireamh n&eacute;al na bhfinn&eacute;ithe, slua m&oacute;r na bhfinn&eacute;ithe mar scamall, &oacute; &Aacute;ibil go dti na f&aacute;ithe agus daoine eile, a thug fianaisie gan an sprioc, na gealltanais, a bhaint amach, tagann s&eacute; go dt&iacute; an ceacht at&aacute; le baint as sin ag a l&eacute;itheoir&iacute; a bhfuil cleachtadh a gcreidimh i gCr&iacute;ost faoi bhr&uacute;. Baineann s&eacute; &uacute;said as an r&aacute;s mar &iacute;omh&aacute;. Is r&aacute;s le rith an bheatha Chr&iacute;osta&iacute;. Sa r&aacute;s seo n&iacute; m&oacute;r ualach an pheaca a chaitheamh d&iacute;nn agus an c&uacute;rsa a chr&iacute;ochn&uacute;. Ionann sin agus bheith buanseasmhach, s&uacute;il ar an gceann sprice. Sa r&aacute;s seo t&aacute; ceannr&oacute;da&iacute; againn, an finn&eacute; is fearr, &Iacute;osa f&eacute;in a bhfuil an sprioc bainte amach aige, agus at&aacute; foirfe mar sin, ach ceannr&oacute;dai chomh maith a thabharfaidh &aacute;r gcreideamh chun foirfeachta. Leagann an t-&shy;&uacute;dar b&eacute;im ar an m&eacute;id a fhulaing an eiseaml&aacute;ir agus an ceannr&oacute;dai seo le linn a bheatha agus a ph&aacute;ise. Sa r&aacute;s seo is cabhair i gcoinne tuirse agus lagmhisnigh machnamh ar an m&eacute;id a fhulaing &Iacute;osa. Ag deireadh a aithisc, aithr&iacute;onn an t-&uacute;dar an &iacute;omh&aacute; &oacute;n r&aacute;s go dt&iacute; an choimhlint sa dorn&aacute;la&iacute;ocht. Coimhlint in aghaidh an pheaca beatha an Chr&iacute;osta&iacute;.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; text-indent: 0cm; line-height: 12pt;\"><em><span style=\"color: black;\">An Soisc&eacute;al <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">(L&uacute;c&aacute;s 12:49-53. <em>N&iacute; chun s&iacute;och&aacute;in a thabhairt a th&aacute;inig m&eacute;, ach easaontas<\/em>. T&aacute; deacrachta&iacute; ann le br&iacute; bheacht an ch&eacute;ad d&aacute; r&aacute;iteas sa sliocht seo a aimsi&uacute;, toisc an chaint mheafarach iontu. Ach is soil&eacute;ir go bhfuil &Iacute;osa ag caint iontu ar an gc&uacute;is gur th&aacute;inig s&eacute; ar talamh, ar &aacute;it l&aacute;rnach a phearsa i bplean an Athar agus an t-easaontas at&aacute; le teacht de bharr na d&iacute;lseachta is dual d&oacute;, agus a &eacute;ileann s&eacute;. Thainig s&eacute; chun tine a chaitheamh ar an talamh. Meafar do bhreithi&uacute;nas n&oacute; ghlanadh is ea tine. T&aacute; &Iacute;osa c&iacute;ocrach go mbeadh sin tagaithe cheana f&eacute;in. Tiocfaidh s&iacute; le teacht agus saothar, feidhmi&uacute;, an Spioraid Naoimh. An baisteadh at&aacute; i gceist n&iacute; h&iacute; an tsaicrimint &iacute;, ach meafar do thubaiste, tumadh i dtubaiste na p&aacute;ise agus na croise; an baisteadh sin a thagair &Iacute;osa cheana do na deisceabail S&eacute;amus agus Eoin (Marcas 10:38-39). San eaglais &oacute;g bh&iacute; ceangal idir bhaisteadh sin &Iacute;osa sa bh&aacute;s agus an tsaicrimint Chr&iacute;osta&iacute;, inar tumadh na nuachreidmhigh i r&uacute;ndiamhair bhas\/bhaiste Chr&iacute;ost. Ionann an &ldquo;c&uacute;ngach&rdquo; a mhotha&iacute;onn &Iacute;osa a bheith air faoin bhaisteadh agus an d&uacute;il mh&oacute;r a bh&iacute; air an tine bheith ar lasadh. Bh&iacute; s&eacute; c&iacute;ocrach faoin r&eacute; nua a thiocfadh lena bh&aacute;s f&eacute;in agus a leanfadh as. Is prionsa na s&iacute;och&aacute;na &eacute; &Iacute;osa. Gn&aacute;th-bheann&uacute; aige n&aacute; &ldquo;Sioch&aacute;in daoibh&rdquo;. D&rsquo;fh&aacute;g s&eacute; a shioch&aacute;in mar oidhreacht ag a lucht lean&uacute;na. Mar sin f&eacute;in b&rsquo;ionann a theacht ar talamh agus easaontas eathorthu s&iacute;ud a leanfadh &eacute; agus iad s&iacute;&uacute;d a bh&iacute; ina choinne, fi&uacute; taobh istigh den teaghlach c&eacute;anna. Sa teampall cheana, mheabhraigh Simeon d&aacute; mh&aacute;thair Muire gur mar sin a bheadh. Ba dh&aacute;n d&rsquo;&Iacute;osa bheith ina thr&uacute;ig leagtha agus &eacute;irithe d&aacute; l&aacute;n in Iosrael (L&uacute;c&aacute;s 2:34).<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><strong><em><span style=\"color: black;\">B. An B&iacute;obla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae<\/span><\/em><\/strong><span style=\"color: black;\">: <em>An Eaglais in agallamh le heasaontas<\/em><\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><em><span style=\"color: black;\">Machnamh<\/span><\/em><span style=\"color: black;\">. Tugann l&eacute;achta&iacute; an lae inniu &aacute;bhar saibhir machnaimh d&uacute;inn. Sinne, Cr&iacute;ostaithe an lae inniu, is oidhr&iacute; sinn ar n&eacute;al finn&eacute;ithe, slua m&oacute;r finn&eacute;ithe mar scamall. &Oacute; th&uacute;s a staire bh&iacute; aithne ag lucht lean&uacute;na Chr&iacute;ost ar gh&eacute;arlean&uacute;int de shaghas amh&aacute;in n&oacute; de shaghas eile. Go luath ina shaol misin&eacute;ireachta bh&iacute; P&oacute;l agus a chomhaspal ag cur misnigh ar na deisceabail agus &aacute; spreagadh chun bheith d&iacute;lis don chreideamh, mar, ar s&eacute;, &ldquo;n&iacute; fol&aacute;ir d&uacute;inn m&oacute;r&aacute;n a fhulaingt chun dul isteach i r&iacute;ocht D&eacute;&rdquo; (Gn&iacute;omhartha 14:22). B&eacute;im l&aacute;idir sa litir chuig na hEabhraigh a l&eacute;adh inniu n&aacute; an bhuanseasmhacht. Is mar sin at&aacute; in&aacute;r laethanta f&eacute;in.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><em><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Agallamh.<\/span><\/em><span style=\"color: black;\"> Cuireadh chun agallaimh an m&eacute;id a d&uacute;irt &Iacute;osa i soisc&eacute;al an lae inniu faoin bhaint idir &eacute; f&eacute;in agus easaontas, fi&uacute; easba s&iacute;och&aacute;na. Prionsa na s&iacute;och&aacute;na le gairm chun na haontachta &eacute; &Iacute;osa. Is eol go maith a bhriathra gurb &eacute; an s&aacute;raoire, agus go raibh caoirigh eile ann nach d&aacute; chr&oacute; iad agus narbh fhol&aacute;ir iad sin a thabhairt isteach chomh maith le go mbeadh aon tr&eacute;ad amh&aacute;in agus aon aoire amh&aacute;in ann (Eoin 10:14-16). Luaitear go minic na briathra sin. Ach n&iacute;l dul thar an easaontas a bhaineann le pearsa &Iacute;osa de bharr na h&eacute;ilimh a dh&eacute;anann s&eacute; agus an r&uacute;ndiamhair a bhaineann leis agus leis an Eaglais. F&iacute;u d&iacute;reach i ndiaidh na briathra sin uaidh faoi eisean mar sh&aacute;raoire, d&rsquo;&eacute;irigh aighneas idir na Gi&uacute;daigh mar gheall ar a bhriathra. Th&aacute;inig &Iacute;osa chuig a mhuintir fein agus n&iacute;or ghlac a mhuintir leis. Mh&eacute;adaigh ar an easaontas idir Cr&iacute;ostaithe Gi&uacute;dacha agus eile le f&aacute;s na hEaglaise. Idir Chr&iacute;ostaithe f&eacute;in d&rsquo;&eacute;irigh easaontas agus scoilteanna de r&eacute;ir mar ar mh&eacute;adaigh eolas ar r&uacute;ndiamhair Chr&iacute;ost agus a ghaol leis an Athair. T&aacute; iarsmai scoilteanna an Reifirm&eacute;isin linn go f&oacute;&iacute;ll.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Baineann na sampla&iacute; sin le diosp&oacute;ireachta&iacute; idir Chr&iacute;osta&iacute;the. An l&aacute; at&aacute; inniu ann t&aacute; easaontas i bhfad n&iacute;os doimhne idir Chr&iacute;ost agus d&aacute; sheasann s&eacute; agus cuid mhaith den saol comhaimsireach, mar shampla aindiachas, daonnachas agus liobr&aacute;lachas, saol gur mhian leis c&uacute;rsa&iacute; an domhain, agus c&uacute;rsa&iacute; pearsanta, a riaradh gan aird ar ghuth D&eacute; n&aacute; &Iacute;osa. N&iacute; m&oacute;r dul in agallamh, m&aacute;s f&eacute;idir, leis an saol seo.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"font-size: 11pt; color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Agallamh at&aacute; i gceist, n&iacute; c&aacute;ineadh. T&aacute; l&eacute;argas, f&iacute;s, ioml&aacute;n, cu&iacute;osach absal&oacute;ideach ag Cr&iacute;ost agus an daonnachas ar an saol agus na c&uacute;rsa&iacute; a ghabhann leis. Bac ar dhul chun cinn an creideamh de r&eacute;ir daonnachais fhealsanta. Cr&iacute;ost sl&aacute;naitheoir an domhain dar le Cr&iacute;ost f&eacute;in agus a lucht lean&uacute;na. N&iacute; m&oacute;r na h-arag&oacute;int&iacute; at&aacute; ag lucht an d&iacute;chreidimh a th&oacute;gaint ina cheann agus ina cheann agus freagra cu&iacute; a thabhairt orthu. N&iacute;or ch&oacute;ir go mbeadh eagla ar chreidmhigh faoin a leith&eacute;id d&rsquo;agallamh. I sl&iacute; is d&iacute;lseacht do Chr&iacute;ost agus d&aacute; oidhreacht &eacute;.<\/span><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>L&uacute;nasa 14 2016 (C) Fichi&uacute; Domhnach Saor Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC A. L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute; B. &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-435","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/435","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=435"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/435\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=435"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=435"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=435"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}