{"id":436,"date":"2016-08-16T14:45:05","date_gmt":"2016-08-16T14:45:05","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=436"},"modified":"2016-08-16T14:45:05","modified_gmt":"2016-08-16T14:45:05","slug":"21-lunasa-2016-c-aonu-domhnach-fichead-domhnach-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=436","title":{"rendered":"21 L\u00fanasa 2016 (C) Aon\u00fa Domhnach Fichead Domhnach Saor"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align: center;\"><strong><span style=\"color: blue;\">21 L&uacute;nasa 2016 (C) Aon&uacute; Domhnach Fichead Domhnach Saor <\/span><\/strong><\/p>\n<p style=\"text-align: center;\"><span style=\"font-variant: small-caps;\">Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: center;\">leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC<\/p>\n<p style=\"text-align: center;\"><span style=\"color: blue;\">A. L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: center;\"><span style=\"color: blue;\">B. An B&iacute;obla in agallamh le ceisteanna an lae<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><strong><span style=\"color: blue;\">B. An B&iacute;obla: <em>Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: <\/em><\/span><\/strong><em><span style=\"color: blue;\">Do R&iacute;ocht D&eacute; n&iacute; leor an traidisi&uacute;n; n&iacute; m&oacute;r freagra cu&iacute; do ghairm &Iacute;osa.<\/span><\/em><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><strong><em><span style=\"color: blue;\">A. An B&iacute;obla sa Liot&uacute;irge mar threoir don bheatha (L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh)<\/span><\/em><\/strong><\/p>\n<p style=\"text-indent: 0cm; line-height: 12pt;\"><em>C&eacute;ad L&eacute;acht <\/em>(&Iacute;se&aacute;ia 66:18-21). <em>Bh&eacute;arfaidh siad leo bhur mbr&aacute;ithre go l&eacute;ir ar ais as na n&aacute;isi&uacute;in uile. <\/em>Sliocht thar a bheith t&aacute;bhactach at&aacute; i l&eacute;acht seo an lae inniu. As an mh&iacute;r deiridh de leabhar Ise&aacute;ia &eacute;, as an chuid ar a dtugtar go minic &ldquo;An Tr&iacute;&uacute; Is&aacute;ia&rdquo;. N&iacute; fios go beacht cathain a cumadh an mh&iacute;r &aacute;irithe seo, uair &eacute;igin n&aacute;rb fhada roimh an r&eacute; Ghr&eacute;igeach (312 r. Ch.) b&rsquo;fh&eacute;idir. Th&aacute;inig s&eacute; tar &eacute;is m&oacute;r&aacute;n machnaimh &oacute; thaobh Iosrael ar &aacute;it na n&aacute;isi&uacute;n, na bpag&aacute;nach, i bplean sl&aacute;naithe D&eacute;. T&eacute;ann an sliocht ar aghaidh le tr&aacute;cht ar na sp&eacute;artha nua agus an talamh nua at&aacute; &aacute; gcruth&uacute; ag Dia. Aitheasc <span style=\"color: black;\">eascateola&iacute;och<\/span> ar an nua-aois at&aacute; anseo, sliocht an lae inniu i bpr&oacute;s; codanne eile den mh&iacute;r i bhfil&iacute;ocht. F&iacute;s iontach at&aacute; anseo. T&aacute; Dia le cin&iacute;ocha (neamh-Ghi&uacute;dacha) uile a thabhairt le ch&eacute;ile agus feicfidh siad a ghl&oacute;ir &ndash; in Iar&uacute;seil&eacute;m. N&iacute; shonra&iacute;tear an comhartha at&aacute; Dia le tabhairt d&oacute;ibh ach is d&oacute;cha gurb &eacute; gur ann do Iar&uacute;sail&eacute;im agus an Teampall mar l&aacute;rionad a bhfuil le d&eacute;anamh aige. N&iacute; shonra&iacute;tear ach oiread c&eacute;n f&aacute;th a luaitear an t-iarmhar, iad si&uacute;d (de na cin&iacute;ocha) a f&aacute;gadh sl&aacute;n, ach seolann Dia cuid diobh seo amach mar mhisin&eacute;ir&iacute; do na n&aacute;isi&uacute;in in imig&eacute;in &oacute; Iosrael (faoi na hainmeacha f&eacute;ach Eizic&eacute;il 27:10-13; leis an ionann&uacute; dealraitheach): Tarsis &ndash; an Sp&aacute;inn; P&uacute;t &ndash; Libia; L&uacute;d &ndash; Lidia; M&oacute;isec (Eabhrais. NRSV: &ldquo;a tharraing&iacute;onn an bogha&rdquo; = boghd&oacute;ir&iacute;; &ldquo;noch thairngios an b&oacute;gha&rdquo;, Bedell) &#8211; Frigia; (n&iacute; cinnte gur cuid den t&eacute;acs i gceart R&oacute;is); T&uacute;bal &ndash; Cilicia; Iav&aacute;n &ndash; muintir Ionia n&oacute; na Gr&eacute;igigh. Is soil&eacute;ir go bhfuil an chuid den iarmhar seo iompaithe go creideamh i nDia Iosrael. An misean at&aacute; acu n&aacute; gl&oacute;ir D&eacute; a fh&oacute;gairt d&oacute;ibh si&uacute;d n&aacute;r chuala tr&aacute;cht air agus n&aacute;r fhaca a ghl&oacute;ir. Agus deireann Dia le muintir Iosrael nach bhfuilid f&aring;gtha as an &aacute;ireamh. Ag filleadh &oacute;n misean sin don iarmhar beidh bronntanas acu: bh&eacute;arfaidh siad na Gi&uacute;daigh (&ldquo;bhur mbr&aacute;ithre&rdquo;) at&aacute; ar deora&iacute;ocht thar nais, ar na modhanna &eacute;ags&uacute;la iompair at&aacute; luaite, go dt&iacute; an Teampall (sliabh beannaithe) in Iar&uacute;sail&eacute;im, agus sin mar bhronntanas don Teampall mar a dh&eacute;anfadh na Gi&uacute;daigh f&eacute;in. Agus mar chr&iacute;och ar sin go l&eacute;ir t&aacute; an r&aacute;iteas beagnach dochreidte seo: d&eacute;anfaidh Dia d&oacute; f&eacute;in sagairt agus Leiv&iacute;tigh de chuid de iarmhar na gcin&iacute;ocha sin &ndash; gan aon cheist faoi bhaint le clann Leiv&iacute; n&oacute; &Aacute;r&oacute;n.<\/p>\n<p style=\"text-indent: 0cm; line-height: 12pt;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; F&iacute;s d&aacute; cuid f&eacute;in &iacute; seo, a bheadh le f&iacute;oradh i gCr&iacute;ost, sa Tiomna Nua agus san luatheaglais. Is l&eacute;acht thar a bheith feili&uacute;nach &eacute; le dul le soisc&eacute;al an lae inniu.<\/p>\n<p style=\"text-indent: 0cm; line-height: 12pt;\"><em>Salm le Freagra<\/em> (Salm 116[117]). <em>Im&iacute;g&iacute; faoin domhan uile; f&oacute;gra&iacute;gi an De&shy;a-Sc&eacute;al.<\/em><\/p>\n<p style=\"text-indent: 0cm; line-height: 12pt;\"><em>An Dara L&eacute;acht<\/em> (Eabhraigh 12:5-7, 11-13). <em>Is ar an duine a bhfuil gr&aacute; aige air a chuireann Dia smacht. <\/em>Is lean&uacute;int de l&eacute;acht an Domhnaigh seo caite an sliocht seo. Sa l&eacute;acht sin thug an t-&uacute;dar mar shampla&iacute; &ldquo;n&eacute;al, slua m&oacute;r mar scamall, de fhinn&eacute;ithe&rdquo; a bh&iacute; mar eiseaml&aacute;ir acu. Sa sliocht seo meabhra&iacute;onn s&eacute; d&oacute;ibh go bhfuil Dia ag feidhmi&uacute; mar athair sna deacrachta&iacute; at&aacute; acu, agus gur c&oacute;ir f&eacute;achaint orthu mar sin. De r&eacute;ir teagasc an tSeantiomna (tugann s&eacute; athfhriotal as Leabhar na Seanfhocal, 3:11-12, an Bh&iacute;obla), cuid de dhualgas athar n&aacute; smacht a chur ar a chlann mhac. (&ldquo;N&iacute; bh&iacute;onn an rath ach mar a bh&iacute;onn an smacht&rdquo;.) M&aacute; glactar le deacrachta&iacute; sa spiorad ceart is oili&uacute;int iad; gineann siad buanseasmhacht, su&aacute;ilce ar a leagann an t-&uacute;dar b&eacute;im tr&iacute;d a aitheasc go l&eacute;ir.<\/p>\n<p style=\"text-indent: 0cm; line-height: 12pt;\"><em>An Soisc&eacute;al <\/em>(L&uacute;c&aacute;s 13:22-30). <em>Tiocfaidh siad anoir is aniar ann, agus beidh siad ina su&iacute; chun boird i r&iacute;ocht D&eacute;.<\/em> Leabhar de thraidisi&uacute;n na nGi&uacute;dach, ach nach cui den Bh&iacute;obla &eacute;, an ceann ar a dtugtar <em>Tiomna Abrah&aacute;m, <\/em>is d&oacute;cha go raibh a &aacute;bhar ar eolas i laethanta Chr&iacute;ost. De r&eacute;ir an leabhair seo sheol Dia an t-aingeal Miche&aacute;l go Abrah&aacute;m lena r&aacute; leis go raibh s&eacute; in am d&oacute; an saol a fh&aacute;gaint agus teacht go Dia ar neamh. Rinne Miche&aacute;l amhlaidh, ach d&rsquo;&eacute;iligh Abr&aacute;h&aacute;m go dtabharfa&iacute; radharc d&oacute; ar dt&uacute;s ar an domhan uile. Rinneadh amhlaidh &oacute; scamall, ach ar fheice&aacute;il peacaigh d&oacute; d&rsquo;iarr Abrah&aacute;m go gcuirf&iacute; chun b&aacute;is iad. Le tuiscint do pheacaigh agus do aithr&iacute; d&uacute;irt Dia le Miche&aacute;l Abrah&aacute;m a th&oacute;gaint go neamh l&aacute;ithreach. Ar a shl&iacute; ann d&oacute; chonaic Abrah&aacute;m dh&aacute; gheata, ceann c&uacute;ng a raibh beag&aacute;n ag dul tr&iacute;d agus ceann leathan do na sluaite. Le c&uacute;lra mar sin t&aacute; s&eacute; &eacute;asca a thuiscint conas a chuireann an fear an cheist seo ar &Iacute;osa. Is ar an slua, agus n&iacute; ar an duine aonair sin, a thugann &Iacute;osa freagra. Is ar Iosrael fr&iacute; ch&eacute;ile at&aacute; &Iacute;osa ag caint. N&iacute; thugann &Iacute;osa freagra faoi uimhreacha ach cuireann s&eacute; b&eacute;im ar&iacute;s ar aithr&iacute;, le bheith r&eacute;idh dul tr&iacute;d an doras c&uacute;ng. Is ar Iosrael at&aacute; an t&eacute;acs a leanann seo d&iacute;rithe, ceangailte leis an ch&eacute;ad chuid leis an t&eacute;arma &ldquo;doras&rdquo;. S&oacute;rt parabail n&oacute; samhlaoide at&aacute; i gceist. Doras iata, seachas doras c&uacute;ng, at&aacute; i gceist anois. N&iacute; leor d&rsquo;Iosrael a r&aacute; gur duine d&iacute;obh f&eacute;in &eacute; &Iacute;osa, a shi&uacute;l, a ith, a rinne teagasc ina measc. Is &eacute; &Iacute;osa fear an t&iacute;. Deir s&eacute; leo gur rinneadar uile an &eacute;ag&oacute;ir, ach n&iacute; thugann sonra&iacute; faoin &eacute;ag&oacute;ir i gceist. Is soil&eacute;ir gur easba chreidimh in &Iacute;osa, ina phearsa, agus d&aacute; sheasann s&eacute; an ch&uacute;is. Breithi&uacute;nas ar Iosrael f&eacute;in at&aacute; ann, agus gairm na gcin&iacute;ocha ina ionad, mar at&aacute; in &aacute;iteana eile sna soisc&eacute;il. T&aacute; tagairt ann don fh&eacute;asta meisiasach sa r&eacute; le teacht, ag bord leis na patrarca&iacute;, na f&aacute;ithe agus na gealltanais comhl&iacute;onta. Tugann &Iacute;osa anseo &ldquo;r&iacute;ocht D&eacute;&rdquo; ar an bhf&eacute;asta sin, mar a dh&eacute;anann s&eacute; in &aacute;iteanna eile (L&uacute;cas 14:15, 16-24; 22:16,18,30). In ionad Iosrael, a bheidh tiom&aacute;inte amach, t&aacute; na cin&iacute;ocha as gach ceard den domhan; t&aacute; Iosrael a bh&iacute; ar dt&uacute;s, anois ag deireadh.<\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: blue;\">B. An B&iacute;obla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: <em>Do R&iacute;ocht D&eacute; n&iacute; leor an traidisi&uacute;n; n&iacute; m&oacute;r freagra cu&iacute; do ghairm &Iacute;osa.<\/em><\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: blue;\">I soisc&eacute;al an lae inniu, agus i m&oacute;r&aacute;n &aacute;iteanna eile sna soisc&eacute;il, bh&iacute; teachtaireacht shoil&eacute;ir ag &Iacute;osa d&aacute; chomhaimsirigh agus d&aacute; mhuintir f&eacute;in. Ba mh&oacute;r an rud na gealltanais do na patrarca&iacute;, agus d&rsquo;fh&eacute;adfadh fi&uacute; Gi&uacute;dach deabh&oacute;ideach a mheas go raibh Iosrael sl&aacute;n, go raibh Dia ceangailte d&aacute; ghealltanais, ba chuma freagra Iosrael ar theachtaireacht D&eacute; chucu tr&iacute; &Iacute;osa. Thug &Iacute;osa rabhadh d&oacute;ibh n&aacute;rbh amhlaidh a bh&iacute;. Agus f&iacute;oradh an rabhadh sin ag a bh&aacute;s, a ais&eacute;ir&iacute; agus teacht an Spioraid Naoimh.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: blue;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Ceacht t&aacute;bhachtach d&uacute;inn as seo n&aacute; nach leor traidisi&uacute;n i gc&uacute;rsai creidimh in &Iacute;osa n&aacute; san Eaglais. T&aacute; a fhios againn faoi mar ar chaill m&oacute;ran den tsean-domhan an creideamh. Gluaiseann an Eaglais ar aghaidh go t&iacute;ortha nua. Is &eacute;asca a r&aacute; go mbaineann seo le &ldquo;teacht in aois&rdquo; agus piseoga agus sc&eacute;alta s&iacute; a fh&aacute;gaint in&aacute;r ndiaidh. Leithsc&eacute;al at&aacute; anseo. Baineann an creideamh le buntomhas eile: cinnteacht gur ann do nithe nach bhfeicimid. N&iacute; m&oacute;r an creideamh a choth&uacute;, san anam, sa chro&iacute; agus eolas faoi san intinn. N&iacute; leor a mheas gur sl&aacute;n sinn toisc gur mhaireamar sa creideamh agus gur fhulaing&iacute;omar ar a shon. N&iacute; m&oacute;r creideamh beo, i nDia beo, ag &eacute;isteacht le h&Iacute;osa ag labhairt linn in gc&oacute;nai.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: blue;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; T&aacute; &aacute;bhar saibhir machnaimh d&uacute;inn anseo, agus &aacute;bhar agallaimh eadrainn f&eacute;in faoin fhreagra le tabhairt don staid ina bhfuilimid.<\/span><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>21 L&uacute;nasa 2016 (C) Aon&uacute; Domhnach Fichead Domhnach Saor Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC A. L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir don Bheatha &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-436","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/436","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=436"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/436\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=436"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=436"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=436"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}