{"id":438,"date":"2016-08-24T09:02:51","date_gmt":"2016-08-24T09:02:51","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=438"},"modified":"2016-08-24T09:02:51","modified_gmt":"2016-08-24T09:02:51","slug":"28-lunasa-2016-c-dara-domhnach-fichead-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=438","title":{"rendered":"28 L\u00fanasa 2016 (C) Dara Domhnach Fichead Saor"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align: justify;\"><strong><span style=\"color: black;\">28 L&uacute;nasa 2016 (C) Dara Domhnach Fichead Saor <\/span><\/strong><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"font-variant: small-caps; color: black;\">Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">A. L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">B. An B&iacute;obla in agallamh le ceisteanna an lae<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><strong><span style=\"color: black;\">B. An B&iacute;obla: <em>Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: <\/em><\/span><\/strong><em><span style=\"color: black;\">Luachanna na R&iacute;ochta<\/span><\/em><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><strong><em><span style=\"color: black;\">A. An B&iacute;obla sa Liot&uacute;irge mar threoir don bheatha (L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh)<\/span><\/em><\/strong><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; text-indent: 0cm; line-height: 12pt;\"><em><span style=\"color: black;\">C&eacute;ad L&eacute;acht <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">(S&iacute;rach 3:17-20, 28-29). <em>&Iacute;sligh th&uacute; f&eacute;in agus beidh gnaoi an Tiarna ort. <\/em>T&aacute; a fhios againn c&eacute; chum an leabhar as ar t&oacute;gadh sliocht an lae inniu. Ba &eacute; Iesus Ben Sira &eacute;, a scr&iacute;obh an leabhar seo as Eabhrais thart ar an mbliain 180 r. Ch. T&aacute; cur s&iacute;os ar Ben Sira ag a gharmhac sa bhrollach a chuir s&eacute; lena aistri&uacute;ch&aacute;n ar an leabhar go Gr&eacute;igis. Bh&iacute; domhainmhachnamh d&eacute;anta ag Ben Sira ar an Dl&iacute;, na F&aacute;ithe agus leabhair eile an chan&oacute;in agus chinn s&eacute; a chuid smaointe a roinnt ar a l&eacute;itheoir&iacute; agus eile. Bhain Ben Sira leis an aos eagna&iacute;ochta. Bh&iacute; scoil aige in Iar&uacute;sail&eacute;im do chlann mhac an uasalaicme, n&oacute; ar a laghad an mhion-uasalaicme in a roinneadh s&eacute; a chuid l&eacute;inn agus eagna&iacute;ochta ar na mic l&eacute;inn, &aacute; mealladh chun machnaimh. Is soil&eacute;ir &oacute; fhoirceann na l&eacute;achta seo gur mar sin a bh&iacute;: &ldquo;D&eacute;anann cro&iacute; an tsaoi dianmhachnamh ar pharabail, agus is bre&aacute; leis an eagna&iacute; cluas aireach&rdquo;. Sa mhir seo d&aacute; leabhar d&eacute;anann an t-eagnai sin machnamh ar an umhla&iacute;ocht, an an uabhar agus an &eacute;ir&iacute; in airde, agus deireann linn conas a fh&eacute;achann Dia agus &eacute; f&eacute;in mar eagna&iacute; orthu.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; text-indent: 0cm; line-height: 12pt;\"><em><span style=\"color: black;\">Salm le Freagra<\/span><\/em><span style=\"color: black;\"> (Salm 67[68]). <em>De bharr do chine&aacute;ltais, a Dhia, rinne t&uacute; sol&aacute;thar do lucht an gh&aacute;tair.<\/em><\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; text-indent: 0cm; line-height: 12pt;\"><em><span style=\"color: black;\">An Dara L&eacute;acht<\/span><\/em><span style=\"color: black;\"> (Eabhraigh 12:18-19, 22-24). <em>T&aacute; sibh tagtha go dti Sliabh S&iacute;&oacute;n agus cathair D&eacute; bhi<\/em>. Ag teacht leis an aidhm a bh&iacute; ag an &uacute;dar tr&iacute;d an litir seo go l&eacute;ir, is &eacute; sin cur ina lu&iacute; ar lucht a l&eacute;ite agus a &eacute;isteachta gan filleadh &oacute; chreideamh Chr&iacute;ost ar an Ghi&uacute;dachas agus a liot&uacute;irge, t&aacute; b&eacute;im aige ar seo nach bhfuil i liot&uacute;irge phobal Iosrael ach sc&aacute;th den fh&iacute;or-liot&uacute;irge ar neamh, mar a bhfuil an tArdsagart &Iacute;osa. N&iacute;l cathair bhuan ag pobal D&eacute; anseo ar talamh ach iad ar t&oacute;ir an Iar&uacute;sail&eacute;im neamha&iacute;. Sa sliocht seo inniu, a thagann ag cr&iacute;och na litreach (s&oacute;rt aguis&iacute;n le comhairl&iacute; tr&eacute;adacha at&aacute; sa chaibideal deiridh) d&eacute;anann s&eacute; codarsnacht idir bh&uacute;n&uacute; an tSeantiomnna faoi Mhaois agus an Tiomna Nua. &Oacute;c&aacute;id chreathnach, uaimhneach, a bh&iacute; i gcaidreamh phobal Iosrael le Dia ag bun&uacute; an ch&eacute;ad chonartha. Cuireann an t-&uacute;dar cur s&iacute;os ar an uaf&aacute;s a bhain leis mar at&aacute; sin r&iacute;omhtha i leabhair Eacsadas (19:16, 18) agus Deotrainim&iacute; (4:11). T&aacute; an t-&uacute;dar ag caint le creidmhigh f&oacute;s ar talamh, ach i sl&iacute; is feidir leo iad f&eacute;in a mheas bheith ar neamh, i gcomaoin na naomh. Mar ba ghean le traidisi&uacute;n na h&Eacute;ireann a lua, bh&iacute; &ldquo;coinne mhuintir neimhe agus tal&uacute;n&rdquo; ann ina bhfuil na creidmhigh ar talamh go spiorad&aacute;lta ar neamh; mar adeirtear sa l&eacute;acht seo, mar aon leis na haingil, &ldquo;comhthion&oacute;l na gc&eacute;adghinte&rdquo;, sin le r&aacute; Cr&iacute;ostaithe, comhoidhr&iacute; le h&Iacute;osa c&eacute;adghin &oacute;na mairbh, agus &ldquo;spioraid na bhf&iacute;r&eacute;an a tugadh chun foirfeachta&rdquo;, is &eacute; sin naoimh an tSeantiomna, is d&oacute;cha, agus Dia f&eacute;in agus &Iacute;osa, idirghabh&aacute;la&iacute; an Chonartha nua. Is chuig an sprioc sin, an Iar&uacute;sail&eacute;im neamha&iacute;, a bh&iacute; gach a d&uacute;radh sa litir d&iacute;rithe; deireadh an r&aacute;sa agus gach coimhlinte ar talamh do lucht lean&uacute;na Chr&iacute;ost ar talamh &eacute;. Ba ch&oacute;ir go dtabharfadh rinnfheitheamh na radhairce neamha&iacute; sin &aacute;thas agus uchtach d&oacute;ibh.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; text-indent: 0cm; line-height: 12pt;\"><em><span style=\"color: black;\">An Soisc&eacute;al <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">(L&uacute;c&aacute;s 14:1, 7-24). <em>Gach aon duine a arda&iacute;onn f&eacute;in, &iacute;sleofar &eacute;, agus an t&eacute; a &iacute;sl&iacute;onn &eacute; f&eacute;in, ard&oacute;far &eacute;. <\/em>Sa sliocht seo, fi&uacute; an giota a f&aacute;gadh ar l&aacute;r (v&eacute;arsa&iacute; 2-6), t&aacute; na Fairis&iacute;nigh l&aacute;rnach ann. Sa ghiota sin t&aacute; cur s&iacute;os ar leigheas a rinne &Iacute;osa l&aacute; na Sab&oacute;ide inar chuir s&eacute; ceist ar scr&iacute;obhaithe (dl&iacute;od&oacute;ir&iacute;) agus Fairis&iacute;nigh an raibh sin ceadaithe. D&rsquo;fhanadar ina dtost &ndash; ag aont&uacute; leis b&rsquo;fh&eacute;idir. De ghn&aacute;th b&iacute;onn seasamh frith-Fhairis&iacute;neach sna soisc&eacute;il, rud nach f&iacute;or i gc&oacute;na&iacute; faoi L&uacute;cas. (Feach L&uacute;cas 7:16 agus an n&oacute;ta air don 11&uacute; Domhnach saor.) De r&eacute;ir dealraimh fuair &Iacute;osa cuireadh chun b&eacute;ile &oacute;n bhFairis&iacute;neach, agus t&aacute; b&eacute;ile mar ch&uacute;lra d&aacute; bhfuil sa l&eacute;acht seo, agus an t&eacute;acs a leanann &iacute;. Sa bh&eacute;ile at&aacute; i gceist anseo dealra&iacute;onn s&eacute; gur th&oacute;gadar si&uacute;d a fuair cuireadh &aacute;it a thaitin leo, ach cead ag fear an t&iacute; &aacute;it n&iacute;os airde a roghn&uacute; d&oacute;ibh. Agus taobh thiar de gach b&eacute;ile, l&oacute;n, n&oacute; f&eacute;asta bheadh an f&eacute;asta meisiasach in aigne Ghi&uacute;daigh chr&aacute;ifigh, Fairis&iacute;neach agus eile, mar is l&eacute;ir &oacute; chr&iacute;och na m&iacute;re seo agus th&uacute;s na m&iacute;re a leanann &eacute;, nuair a d&uacute;irt duine ar chloiste&aacute;il an m&eacute;id a duirt &Iacute;osa: &ldquo;Is m&eacute;anar don t&eacute; a chaitheann a chuid i r&iacute;ocht D&eacute;!&rdquo;. An &ldquo;parabal&rdquo;, an teagasc eagna&iacute;ochta, a labhair &Iacute;osa i l&eacute;acht an lae inniu bheadh baint aige le r&iacute;ocht D&eacute;, &aacute;it a bhfuil Dia f&eacute;in mar fhear an t&iacute;.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; text-indent: 0cm; line-height: 12pt;\"><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Tagra&iacute;onn &Iacute;osa don chuireadh a fuair s&eacute;. I gcult&uacute;r na haimsire sin (agus gach aon aimsir is f&eacute;idir a r&aacute;) freagra ar chuireadh d&aacute; leith&eacute;id n&aacute; cuireadh do bh&eacute;ile den leibh&eacute;al c&eacute;anna; an comhar a &iacute;oc. A mhalairt a mhol &Iacute;osa nuair a bheadh fle&aacute; n&oacute; f&eacute;asta &aacute; ullmh&uacute;. Bheadh an cuireadh le tabhairt do na boicht, de shaghasanna &eacute;ags&uacute;la, d&oacute;ibh si&uacute;d ar an imeall &ndash; t&eacute;ama ar gheal le h&Iacute;osa, agus a chuireann L&uacute;c&aacute;s b&eacute;im air ina shoisc&eacute;al. Bheadh c&uacute;iteamh le f&aacute;il air sin &ldquo;in ais&eacute;ir&iacute; na bhf&iacute;r&eacute;an&rdquo; &ndash; bh&iacute; an t-ais&eacute;ir&iacute; mar alt creidimh ag na Fairis&iacute;nigh.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; text-indent: 0cm; line-height: 12pt;\"><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Pointe l&aacute;rnach de theachtaireacht an tSoisc&eacute;il a bh&iacute; ag &Iacute;osa ina d&uacute;irt s&eacute; anseo.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><strong><em><span style=\"color: black;\">B. An B&iacute;obla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae<\/span><\/em><\/strong><span style=\"color: black;\">: <em>Luachanna na R&iacute;ochta<\/em><\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">Go minic leagtar ar Shainsail&eacute;ir na Gearm&aacute;ine Otto von Bismarck (19&uacute; c&eacute;ad) an r&aacute;iteas nach f&eacute;idir le n&aacute;isi&uacute;n ar bith a pholasa&iacute; eachtrannch a rith de reir na Seanm&oacute;ra an an Sliabh. Ar an dtaobh eile de, leagtar ar st&aacute;taire eile m&oacute;r le r&aacute; gur ch&oacute;ir tos&uacute; leis an domhan a chur ina cheart tar &eacute;is phraiseach an dara chogaidh dhomhanda leis an Seanm&oacute;ir ar an Sliabh. T&aacute; macalla&iacute; na Seanm&oacute;ra sin, agus luachanna an tsoisc&eacute;il, le moth&uacute; s&iacute;os tr&iacute;d an stair le dha mh&iacute;le bliain. Tugann soisc&eacute;al an lae inniu deis agus spreagadh d&uacute;inn machnamh a dh&eacute;anamh ar sin.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Is soil&eacute;ir, measaim, nach f&eacute;idir le st&aacute;t, n&oacute; fi&uacute; le hOrd Rialta, an m&eacute;id a deir &Iacute;osa sa dara cuid den l&eacute;acht sin a chur i bhfeidhm maidir leo si&uacute;d ar ch&oacute;ir cuireadh chun b&eacute;ile a thabhairt d&oacute;ibh. Ach maireann ceacht na l&eacute;achta linn i gc&oacute;na&iacute;. Is do na boicht sin, de gach saghas, r&iacute;ocht na bhflaitheas. Is m&eacute;anar d&oacute;ibh. M&aacute;s cairde le Dia iad, cuid l&aacute;rnach den soisc&eacute;al c&uacute;ram a dh&eacute;anamh d&iacute;obh. I rith na staire spreagann an Spiorad Naomh daoine faoi leith aird a thabhairt d&aacute; nd&uacute;irt &Iacute;osa faoi na boicht agus faoin bhochtanas, amhail Naomh Proinsias agus P&aacute;pa&iacute; d&aacute;r linne fein.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Agus maidir le umhla&iacute;ocht agus simpl&iacute;ocht an tsoisc&eacute;il de, t&aacute; luachanna na r&iacute;ochta dulta i bhfeidhm go m&oacute;r ar theagasc an Tiomna Nua agus na hEaglaise. Spreagann luach na r&iacute;ochta comhionnanas soisialta. Mar adeir P&oacute;l le Cr&iacute;ostaithe na R&oacute;imhe (R&oacute;mh&aacute;naigh 12:16): &ldquo;B&iacute;g&iacute; b&aacute;&uacute;il le c&aacute;ch agus in ionad a bheith ardn&oacute;sach d&eacute;anaig&iacute; caidreamh leis na daoine &iacute;sle&rdquo;. T&aacute; litreacha Ph&oacute;il, agus scr&iacute;bhinn&iacute; eile an Tiomna Nua, l&aacute;n den a leith&eacute;id de theagasc, le &Iacute;osa f&eacute;in mar eiseaml&aacute;ir agus muinteoir taobh thiar de. <\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Bh&iacute; tionchar m&oacute;r ag na luachanna sin ar mheon an Iarthair. Is cuid den teagasc Cr&iacute;osta&iacute; iad, agus anois nuair nach mian len al&aacute;n inniu aird a thabhairt ar aon oidhreacht Chr&iacute;osta&iacute; is cuid den eitic iad, fi&uacute; ag daonnachtaithe agus lucht an d&iacute;chreidimh, aindiachaithe.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">.<\/span><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>28 L&uacute;nasa 2016 (C) Dara Domhnach Fichead Saor Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC A. L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute; &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-438","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/438","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=438"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/438\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=438"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=438"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=438"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}