{"id":441,"date":"2016-08-31T09:43:44","date_gmt":"2016-08-31T09:43:44","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=441"},"modified":"2016-08-31T09:43:44","modified_gmt":"2016-08-31T09:43:44","slug":"4-mean-fomhair-2016-c-an-triu-domhnach-fichead-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=441","title":{"rendered":"4 Me\u00e1n Fomhair 2016 (C): An Tr\u00ed\u00fa Domhnach Fichead Saor"},"content":{"rendered":"<p><span style=\"font-family: tahoma,arial,helvetica,sans-serif; font-size: 12pt;\"><strong><em><span style=\"color: black;\">4 Me&aacute;n Fomhair 2016 (C): An Tr&iacute;&uacute; Domhnach Fichead Saor<\/span><\/em><\/strong><em><\/em><\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-family: tahoma,arial,helvetica,sans-serif; font-size: 12pt;\"><em><span style=\"color: black;\">Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla<\/span><\/em><\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-family: tahoma,arial,helvetica,sans-serif; font-size: 12pt;\"><em><span style=\"color: black;\">leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC<\/span><\/em><\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-family: tahoma,arial,helvetica,sans-serif; font-size: 12pt;\"><em><span style=\"color: black;\">A. L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/em><\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-family: tahoma,arial,helvetica,sans-serif; font-size: 12pt;\"><em><span style=\"color: black;\">B. An B&iacute;obla in agallamh le ceisteanna an lae:<\/span><\/em><\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-family: tahoma,arial,helvetica,sans-serif; font-size: 12pt;\"><em><span style=\"color: black;\">Gairm chun d&uacute;iseachta ar Chaitlicigh chult&uacute;ir agus eitneacha<\/span><\/em><\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-family: tahoma,arial,helvetica,sans-serif; font-size: 12pt;\"><em><span style=\"color: black;\">A. An B&iacute;obla sa Liot&uacute;irge mar threoir don bheatha (L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh)<\/span><\/em><\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-family: tahoma,arial,helvetica,sans-serif; font-size: 12pt;\"><em><span style=\"color: black;\">C&eacute;ad L&eacute;acht (Leabhar na hEagna 9:13-18). C&eacute;n duine ar f&eacute;idir leis a dh&eacute;anamh amach c&eacute;ard is toil leis an Tiarna? <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">Cumadh Leabhar na hEagna <span style=\"text-decoration: underline;\"><span style=\"color: black;\"> (teideal ioml&aacute;n<\/span><\/span>: Eagna Sholaimh) san &Eacute;igipt thart ar an mbliain 30 roimh Chr&iacute;ost, agus scr&iacute;obhann an t-&uacute;dar amahil is d&aacute; mba &eacute; an R&iacute; Solamh &eacute;, a raibh teist na heagna&iacute;ochta air. T&aacute; cur s&iacute;os sa ch&eacute;ad chuid den leabhar (caibidil 1-9) ar an eagna, agus sa dara cuid (caibidil 10-19) ar an stair naofa &aacute; sti&uacute;ri&uacute; ag eagna D&eacute; &oacute; aimsir &Aacute;dhaimh go dti an imeacht (eacsodus) &oacute;n &Eacute;igipt. Cuireann an B&iacute;obla (1 R&iacute;the 3:3-9) in&aacute;r l&aacute;thair an r&iacute; Solamh ag imp&iacute; ar Dhia i dt&uacute;s a r&eacute;ime eagna a thabhairt d&oacute; (&ldquo;cro&iacute; ciallmhar tuisceanach&rdquo;), achain&iacute; a &eacute;isteann Dia lei. Cr&iacute;ochnaionn c&eacute;ad chuid de leabhar seo na h-Eagna le urna&iacute; fada Sholaimh ar Dhia bua na heagna a thabhairt d&oacute; (a raibh urna&iacute; d&aacute; leith&eacute;id d&eacute;anta ag Solamh cheana sa leabhar; Eagna 7:7-22). Sa Leabhar seo t&aacute; an eagna pearsantaithe; n&iacute; pearsa &iacute; ach pearsant&uacute; de ghn&iacute;omha&iacute;ocht agus de fheidhmeanna Dhia Iosrael.<\/span><\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-family: tahoma,arial,helvetica,sans-serif; color: black; font-size: 12pt;\">Meabhara&iacute;tear go raibh an eagna i bhfochair D&eacute; ag cruth&uacute; na cruinne agus go bhfuil eolas aici ar aigne agus ar phleananna D&eacute;. N&iacute; m&oacute;r do dhaoine daonna bheith rannph&aacute;irteach leis an eagna seo m&aacute; t&aacute; said lena a mbeatha a thabhairt as de r&eacute;ir thoil D&eacute;. Gan an eagna seo t&aacute; r&eacute;as&uacute;na&iacute;ocht an duine gan mhaith. De bharr tionchar &oacute; fheals&uacute;nacht na Gr&eacute;ige deir an t-&uacute;dar go bhfuil &ldquo;an corp somhillte ina ualach ar an anam&rdquo;. Ni d&eacute;achachas (d&uacute;&aacute;lachas) at&aacute; anseo, amhail is go mba olc an t-&aacute;bhar, an damhna, ann f&eacute;in ach go bhfuil gach cinneadh a dh&eacute;anaimid lag toisc an c&uacute;ram nach fol&aacute;ir a thabhairt don chorp. Meabhra&iacute;onn &ldquo;Solamh&rdquo; gur deacair don duine daonna c&uacute;rsa&iacute; an tsaoil seo ar talamh a thuiscint, rud a thugann air an cheist a chur: &ldquo;C&eacute; ar f&eacute;idir leis, mar sin, a bhfuil ar neamh a rian&uacute;?&rdquo; Tagann eolas ar ch&uacute;rsa&iacute; neimhe &oacute; bhronntanas na heagna, a thagann &oacute; Dhia, seolta &oacute; na flaithis ag spiorad naofa D&eacute;. Ionann &ldquo;spiorad D&eacute;&rdquo; anseo agus eagna, pearsant&uacute; de ghn&iacute;omha&iacute;ocht agus de fheidhmeanna Dhia Iosrael. Tr&iacute; bhronntanas na heagna seo, tr&iacute; l&aacute;ithreacht D&eacute; sa stair, tr&iacute;thi cuireadh toil D&eacute; in i&uacute;l agus d&iacute;r&iacute;odh conair&iacute; mhuintir an tsaoil seo<em>. <\/em><\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-family: tahoma,arial,helvetica,sans-serif; color: black; font-size: 12pt;\">T&eacute;ann an l&eacute;acht seo leis an sliocht &oacute;n soisc&eacute;al ina l&eacute;ir&iacute;onn &Iacute;osa, Eagna Ionchollaithe, conair nua le bheith mar dheisceabal aige<\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-family: tahoma,arial,helvetica,sans-serif; font-size: 12pt;\"><em><span style=\"color: black;\">Salm le Freagra &lsquo;<\/span><\/em><span style=\"color: black;\">(Salm 89[90]).<em>&nbsp;&nbsp; A Thiarna, is t&uacute; ba thearmann d&uacute;inn, &aacute;r nd&iacute;dean &oacute; ghl&uacute;in go gl&uacute;in.<\/em><\/span><\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-family: tahoma,arial,helvetica,sans-serif; font-size: 12pt;\"><em><span style=\"color: black;\">An Dara L&eacute;acht<\/span><\/em><span style=\"color: black;\"> (Fil&eacute;am&oacute;n 9-10, 12-17). <em>Glac leis, n&iacute; mar scl&aacute;bha&iacute; a thuilleadh, ach mar bhr&aacute;thair ion&uacute;in.<\/em> Seo &iacute; an ceann is giorra de litreacha Ph&oacute;il, gan inti ach c&uacute;ig v&eacute;arsa agus fiche. Scr&iacute;obh P&oacute;l &iacute; le linn d&oacute; bheith I bprios&uacute;n, in Eifeasas de r&eacute;ir dealraimh, b&iacute;odh go measann scol&aacute;ir&iacute; &aacute;irithe gurb i C&eacute;asar&aacute;ia n&oacute; sa R&oacute;imh a scr&iacute;obh. Scriobhadh &eacute; go Fil&eacute;am&oacute;n &aacute;iritithe, Cr&iacute;osta&iacute; gustalach as Colosae. Seo &eacute; c&uacute;lra na litreach seo: Bh&iacute; scl&aacute;bha&iacute; ag Fil&eacute;am&oacute;n darb ainm Onesimus, a &eacute;iligh uaidh, agus a shrois P&oacute;l sa phrios&uacute;n. B&rsquo;fh&eacute;idir gur chuala Onesimus a mh&aacute;istir ag moladh chine&aacute;ltais Ph&oacute;il. D&rsquo;&eacute;irigh cairdeas idir Onesimus agus P&oacute;l agus d&rsquo;iompaigh P&oacute;l &eacute; &oacute;n phag&aacute;ntacht go creideamh Chr&iacute;ost, agus chabhraigh s&eacute; le P&oacute;l ag craobhscaoileadh an tsoisc&eacute;il. C&eacute; gur chabhair mh&oacute;r do Ph&oacute;l na seirbhis&iacute; a thug Onesimus d&oacute;, thuig s&eacute; go maith gur coir tromch&uacute;iseach a bh&iacute; ann do scl&aacute;bha&iacute; teitheadh &oacute;na mh&aacute;istir, agus go bhf&eacute;adfa&iacute; pion&oacute;s trom a ghearradh air d&aacute; bharr. Mar sin cinneann P&oacute;l Onesimus a chur thar nais go dt&iacute; a mh&aacute;istir Fil&eacute;am&oacute;n, ach anois mar Chr&iacute;osta&iacute;. Seolann P&oacute;l an litir seo go Fil&eacute;am&oacute;n ag lua inti gur br&aacute;ithre i gCr&iacute;ost an tri&uacute;r acu, P&oacute;l, Fil&eacute;am&oacute;n agus Onesimus, agus mar sin ar chomhch&eacute;im i<em> <\/em> I&aacute;thair D&eacute;. Imp&iacute;onn P&oacute;l ar Fil&eacute;am&oacute;n bheith cine&aacute;lta lena chara d&iacute;lis Onesimus, br&aacute;thair anois i gCr&iacute;ost le Fil&eacute;am&oacute;n f&eacute;in. Ba mhaith le P&oacute;l go mbeadh Onesimus thar nais leis ar&iacute;s, ach go mbraitheann s&eacute; sin ar dhea-thoil a mh&aacute;istir Fil&eacute;am&oacute;n. B&iacute;odh go nd&eacute;anann P&oacute;l c&uacute;ram de scr&iacute;obh chuig Fil&eacute;am&oacute;n mar chara, seachas mar aspal le &uacute;dar&aacute;s, cuireann s&eacute; cr&iacute;och leis an litir ghearr seo leis na briathra seo (nach bhfuil i sliocht an lae inniu): &ldquo;Agus m&eacute; ag scr&iacute;obh seo t&aacute;im cinnte go nd&eacute;anfaidh t&uacute; rud orm; n&iacute; hea, ach t&aacute; a fhios agam go nd&eacute;anfaidh t&uacute; thar mar a deirim&rdquo;. Is &eacute; at&aacute; intuigthe &oacute;n m&eacute;id seo, measaim, nach amh&aacute;in go n-iarann P&oacute;l ar Fil&eacute;am&oacute;n bheith cine&aacute;lta le Onesimus, agus gan pion&oacute;s a ghearradh air mar schl&aacute;bha&iacute; teitheach, mar bh&iacute; de cheart aige a dh&eacute;anamh, ach go dtabharfadh s&eacute; saoirse ioml&aacute;n d&aacute; scl&aacute;bha&iacute; Onesimus.<\/span><\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-family: tahoma,arial,helvetica,sans-serif; color: black; font-size: 12pt;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; T&aacute; impleachta&iacute; t&aacute;bhachtacha ag an litir ghearr seo maidir le dearcadh Ph&oacute;il I leith na scl&aacute;bha&iacute;ochta. Ba chuid l&aacute;rnach de schocha&iacute; na Gr&eacute;ige agus na R&oacute;imhe an scl&aacute;bha&iacute;ocht. N&iacute; labhra&iacute;onn P&oacute;l go d&iacute;reach ina choinne ina litreacha. Deireann s&eacute; nach bhfuil saor n&oacute; daor I gCr&iacute;ost, go bhfuil gach aon duine ar chomhch&eacute;im i gCr&iacute;ost, scl&aacute;bhaithe agus a m&aacute;istri san &aacute;ireamh, gur daoine saora na scl&aacute;bhaithe i gCr&iacute;ost Ba ch&oacute;ir go nd&eacute;anfadh dearcadh Ph&oacute;il i leith na scl&aacute;bha&iacute;ochta sa litir chuig Fil&eacute;am&oacute;n bun&uacute;s le deireadh a chur leis an scl&aacute;bha&iacute;ocht, cleachtadh, faraoir, a lean ar aghaidh ar feadh na gc&eacute;adta fi&uacute; i dt&iacute;ortha Cr&iacute;osta&iacute;, agus i measc Cr&iacute;ostaithe.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-family: tahoma,arial,helvetica,sans-serif; font-size: 12pt;\"><em><span style=\"color: black;\">An Soisc&eacute;al<\/span><\/em><span style=\"color: black;\"> (L&uacute;c&aacute;s 14:25-33). <em>Gach duine agaibh nach dtr&eacute;igeaonn a mhaoin uile, n&iacute; f&eacute;idir d&oacute; bheith ina dheisceabal agam.<\/em> L&eacute;acht th&aacute;bhachtach &iacute; seo le tuiscint a fh&aacute;il ar cad is g&aacute; le bheith ina dheiscaeabal do Chr&iacute;ost, sin le r&aacute; creideamh in &Iacute;osa agus beatha de r&eacute;ir mar a iarann sin. T&aacute; deacrachta&iacute; friotail sa sliocht seo a thagann idir an leitheoir agus a bhfuil r&aacute;ite ann. Chun teacht ar theachtaireacht l&aacute;rnach na l&eacute;achta is cabhair d&uacute;inn c&uacute;pla focal a r&aacute; faoin stair at&aacute; taobh thiar de na soisc&eacute;il faoi mar at&aacute; siad anois againn. Den chuid is m&oacute; de rinne &Iacute;osa an chuid is m&oacute; d&aacute; chuid seanm&oacute;ireachta as Ghail&iacute;l, agus ba &iacute; an Airimis a theanga. Tar &eacute;is an ais&eacute;ir&iacute;, is in Iar&uacute;sail&eacute;im a bh&iacute; an luath-eaglais ag feidhmi&uacute;, agus &uacute;s&aacute;id &aacute; baint as Airimis agus Gr&eacute;igis. In am &aacute;irithe cuireadh baili&uacute;chan de r&aacute;ite &Iacute;osa le ch&eacute;ile as Gr&eacute;igis ach go raibh an Airimis taobh thiar de. Bhain Matha agus L&uacute;c&aacute;s &uacute;s&aacute;id as an doicoim&eacute;ad seo, agus go minic clo&iacute;onn L&uacute;c&aacute;s n&iacute;os dl&uacute;ithe leis n&aacute; mar a dh&eacute;anann Matha, a dh&eacute;anann athscr&iacute;obh air m&aacute; fh&eacute;achann s&eacute; gur fearr sin. Mar shampla san Eabhrais, agus san Airimis f&eacute;in, i gcomhth&eacute;acsanna &aacute;irithe is f&eacute;idir leis na focail &ldquo;fuath a bheith ag duine do&rdquo; a chiall&uacute; &ldquo;gr&aacute; n&oacute; meas n&iacute;os l&uacute; a bheith ag duine do&rdquo;, mar shampla i Genesis 29:30-31; Deotarainim&iacute; 21:15-16, agus R&oacute;mh&aacute;naigh 9:13: &ldquo;Thugas gr&aacute; do Iac&oacute;b, agus fuath do &Eacute;asau&rdquo;. Mar sin, nuair a labhra&iacute;onn &Iacute;osa faoi fuath a thabhairt do athair agus m&aacute;thair is &eacute; is br&iacute; leis n&aacute;: gr&aacute; d&oacute;ibh, agus meas orthu, n&iacute;os m&oacute; n&aacute; mar a thugtar d&rsquo;&Iacute;osa f&eacute;in. Thuig Matha an fhadhb agus scr&iacute;obhann s&eacute; (Matha 10:37): &ldquo;An t&eacute; arb ansa leis athair n&oacute; m&aacute;thair n&aacute; m&eacute;, n&iacute;l s&eacute; d&iacute;ongbh&aacute;la dom&rdquo;. Focal eile gur diol sontais d&oacute; anseo n&aacute; &ldquo;deisceabal&rdquo;. Bh&iacute; deisceabail de shaghasanna &eacute;ags&uacute;la ag &Iacute;osa. Bh&iacute; dream a thr&eacute;ig gach rud agus a lean &eacute; ina thaisteal, gan &aacute;it ch&oacute;naithe. Ina measc si&uacute;d bh&iacute; an Dar&eacute;ag Aspal. Mar aon leo si&uacute;d bh&iacute; bhu&iacute;on n&iacute;os fairsinge a chreid ann, agus a thug taca&iacute;ocht agus cabhair d&oacute; ina mhisean, ach n&aacute;r &ldquo;leanadar&rdquo; go l&eacute;ir &eacute; ina a thaisteal, mar shampla teaghlach na B&eacute;at&aacute;ine, M&aacute;ire, Marta agus Lasarus. N&iacute; g&aacute; a r&aacute; gurb m&oacute;r le h&Iacute;osa luachanna agus t&aacute;bhacht an teaghlaigh agus an t-&oacute;m&oacute;s is dual do thuismitheoir&iacute; (L&uacute;cas 18:20 agus eile), b&iacute;odh go nd&uacute;irt s&eacute; go nd&eacute;anfadh a theacht agus a ghairm deighilt i measc baill teaghlaigh. Is f&eacute;idir linn anois filleadh ar Shoisc&eacute;al an lae inniu. Leagann &Iacute;osa b&eacute;im ar seo: nach m&oacute;r d&iacute;lseacht ioml&aacute;n a thabhairt d&oacute; f&eacute;in, d&aacute; phearsa agus d&aacute; mhisean &oacute;n Athair. Mar a luadh cheana ag L&uacute;c&aacute;s (9:23, a l&eacute;adh ar an 12&uacute; Domhnach) n&iacute; m&oacute;r don deisceabal a chrois f&eacute;in a iompair (deacrachta&iacute; na beatha Cr&iacute;osta&iacute;). Gr&aacute;sta &oacute; Dhia, gan aon tuilteannas daonna (glaoite &oacute; shr&aacute;ideanna agus &oacute; chabhsa&iacute; na cathrach, L&uacute;c&aacute;s14:21-24) an ghairm bheith mar dheisceabail ag &Iacute;osa, ach t&aacute; &eacute;ilimh ag gabh&aacute;il leis. N&iacute; m&oacute;r do Chr&iacute;ostaithe, do Chaitlicigh, machnamh a dh&eacute;anamh ar cad t&aacute; riachtanach le beatha Chr&iacute;osta&iacute; a chaitheamh, mar is l&eacute;ir &oacute; na sampla&iacute; faoin dt&uacute;r gan bheith cr&iacute;ochnaithe agus an c&oacute;iri&uacute; chun cogaidh. Iarradh ar na deisceabail a lean &Iacute;osa ina chuid taisteal gach rud a thr&eacute;igint; iarrtar sin ar na deisceabail eile m&aacute;s g&aacute; a leith&eacute;id.<\/span><\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-family: tahoma,arial,helvetica,sans-serif; font-size: 12pt;\"><strong><em><span style=\"color: black;\">B. An B&iacute;obla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: Gairm chun d&uacute;iseachta ar Chaitlicigh chult&uacute;ir agus eitneacha <\/span><\/em><\/strong><\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-family: tahoma,arial,helvetica,sans-serif; color: black; font-size: 12pt;\">Nuair a thagann m&eacute;ad&uacute; ar l&iacute;on na gcreidmheach i dt&iacute;r n&oacute; i bpobal, agus <span style=\"color: black;\">an<\/span> eaglais ann gan freas&uacute;ra n&oacute; g&eacute;arlean&uacute;int, n&oacute; fi&uacute; meas an phobail a bheith uirthi, t&aacute; an baol ann go n-&eacute;ir&iacute;onn baill na heaglaise bheith ina gCaitlicigh in ainm amh&aacute;in, Caitlicigh de r&eacute;ir cult&uacute;ir n&oacute; cine (eitneacha), gan teagmh&aacute;il d&aacute;ir&iacute;re le Cr&iacute;ost n&oacute; leis an eaglais tr&iacute; fhreastal ar Aifreann n&oacute; na sacraimint&iacute;. Sa deireadh n&iacute; bh&iacute;onn sa chaidreamh seo leis an Eaglais ach sa bhaisteadh, sa ph&oacute;sadh agus san adhlacadh, an bhaint sa ph&oacute;sadh ag dul i laghad de r&eacute;ir a ch&eacute;ile sna saolta seo.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-family: tahoma,arial,helvetica,sans-serif; color: black; font-size: 12pt;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Ach mar sin f&eacute;in f&eacute;achann daoine d&aacute; leith&eacute;id orthu fein mar Chaitlicigh, agus &aacute;ir&iacute;onn siad iad f&eacute;in mar Chaitlicigh sa daon&aacute;ireamh. F&eacute;achann scr&iacute;bhneoir&iacute; &aacute;irithe ar dhaoine mar seo mar Chaitlicigh eitneacha, n&oacute; Caitlicigh de r&eacute;ir chult&uacute;ir amh&aacute;in. De bhr&iacute; gur bronntanas &oacute; Dhia an creideamh, n&iacute; f&eacute;idir le haoinne a mheas an bhfuil an creideamh acu si&uacute;d n&oacute; nach bhfuil. Ag Dia amh&aacute;in is fios sin. Mar sin f&eacute;in toisc gur ghlaoigh &Iacute;osa ar gach creidmheach bheith ina fhinn&eacute; don domhan, bheith mar shalann na tal&uacute;n agus mar sholas an domhain, is fada i gc&eacute;in &oacute; ghairm Chr&iacute;ost an &ldquo;Chr&iacute;osta&iacute;ocht&rdquo; chultuir, eitneach, neodrach, seo. Mairimid i saol at&aacute; ag &eacute;ir&iacute; d&iacute;-eaglaisithe, tuathaithe in aghaidh na bliana n&oacute; a bhfuil claonadh, agus b&rsquo;fh&eacute;idir plean, an creideamh, an reiligiun, agus a bhaineann leis, a sheoladh amach go dt&iacute; na himill, gan &aacute;it n&oacute; guth sa saol poibl&iacute;. Is f&eacute;idir f&eacute;achaint, fi&uacute;, ar chinnteacht n&oacute; &aacute;iti&uacute;s creidimh mar bhaol do phost poibl&iacute;, n&oacute; fi&uacute; contr&aacute;rtha d&oacute;. I diosc&uacute;rsa &aacute;irithe polait&iacute;ochta n&iacute; inghlactha do dhuine a r&aacute; gur Cr&iacute;osta&iacute;, n&oacute; Caitliceach, &eacute;\/&iacute; i dtosach, agus ina dhiaidh sin ball de ph&aacute;irt&iacute; polaitiochta, b&iacute;odh nach bhfuil siad contr&aacute;rtha d&aacute; cheile. D&aacute; mbeadh guth Chr&iacute;ost le cloisint inniu cuirfeadh s&eacute; &ldquo;t&iacute;r dh&uacute;chais n&oacute; p&aacute;irt&iacute; polait&iacute;ochta&rdquo; leis an m&eacute;id a d&uacute;irt s&eacute; maidir le d&iacute;lseacht d&oacute; f&eacute;in.<\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-family: tahoma,arial,helvetica,sans-serif; color: black; font-size: 12pt;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Is don choinsias aonair agus do mheon an phobail a mheas conas d&iacute;lseacht do Chr&iacute;ost thar aon rud eile a r&eacute;iteach le tosca an lae inniu. D&eacute;antar d&iacute;lseacht a chothu leis an deabh&oacute;id, deabh&oacute;id do Chr&iacute;ost agus don Eaglais, agus &oacute; chleactadh an chreidimh.<\/span><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>4 Me&aacute;n Fomhair 2016 (C): An Tr&iacute;&uacute; Domhnach Fichead Saor Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC A. L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir don &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-441","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/441","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=441"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/441\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=441"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=441"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=441"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}