{"id":442,"date":"2016-09-07T12:00:12","date_gmt":"2016-09-07T12:00:12","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=442"},"modified":"2016-09-07T12:00:12","modified_gmt":"2016-09-07T12:00:12","slug":"15-mean-fomhair-2016-c-ceathru-domhnach-fichead-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=442","title":{"rendered":"11 Me\u00e1n Fomhair 2016 (C) Ceathr\u00fa Domhnach Fichead Saor"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align: justify; line-height: 12pt;\"><strong><span style=\"color: black;\">11 Me&aacute;n Fomhair 2016 (C) Ceathr&uacute; Domhnach Fichead Saor <\/span><\/strong><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; line-height: 12pt;\"><span style=\"font-variant: small-caps; color: black;\">Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; line-height: 12pt;\"><span style=\"color: black;\">leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; line-height: 12pt;\"><span style=\"color: black;\">A. L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; line-height: 12pt;\"><span style=\"color: black;\">B. An B&iacute;obla in agallamh le ceisteanna an lae<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; line-height: 12pt;\"><strong><span style=\"color: black;\">B. An B&iacute;obla: <em>Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: <\/em><\/span><\/strong><em><span style=\"color: black;\">Ar t&oacute;ir na caorach caillte agus an mhic drabhl&aacute;saigh inniu.<\/span><\/em><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; line-height: 12pt;\"><strong><em><span style=\"color: black;\">A. An B&iacute;obla sa Liot&uacute;irge mar threoir don bheatha (L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh)<\/span><\/em><\/strong><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; text-indent: 0cm; line-height: 12pt;\"><em><span style=\"color: black;\">C&eacute;ad L&eacute;acht <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">(Exodus 32:7-11, 13-14). <em>Bhog an Tiarna agus n&iacute;or thug s&eacute; ar a phobal an droch&iacute;de a bhagair s&eacute;.<\/em> Roghna&iacute;odh an sliocht seo do liot&uacute;irge an lae inniu le dul leis an l&eacute;acht &oacute;n soisc&eacute;al ina bhfuil na parabail faoi chuardach na caorach at&aacute; caillte agus faoin mhac drabhl&aacute;sach. D&eacute;anann an sliocht cur s&iacute;os ar ch&uacute;ram D&eacute; gan a phobal a dh&iacute;osc&uacute; fi&uacute; tar &eacute;is an &iacute;oladhartha agus an t-s&eacute;anta creidimh ann a rinne siad. Is fi&uacute; an sliocht seo a shu&iacute;omh ina chomhth&eacute;acs sa Bh&iacute;obla. Tar &eacute;is teacht amach d&oacute;ibh &oacute;n &Eacute;igipt rinne Dia conradh le Iosrael agus tr&iacute; Mhaois thug s&eacute; d&oacute;ibh an Dl&iacute; agus na haitheanta. An ch&eacute;ad cheann d&iacute;obh sin n&aacute; cosc ioml&aacute;n ar aon &iacute;omh&aacute; ghreanta n&oacute; cos&uacute;lacht d&eacute; ar bith i gcaoi ar bith. Ansin chaith Maois dachad l&aacute; agus dachad o&iacute;che i bhfochair D&eacute; ar Shliabh Si&oacute;n&aacute;&iacute;, mar aon le d&iacute;orma beag tofa, an fhad agus a bh&iacute; pobal Iosrael ag feitheamh ag bun an t-sl&eacute;ibhe, maraon le &Aacute;r&oacute;n, dearth&aacute;ir Mhaois. I dtr&aacute;th ar bith n&iacute; h&eacute;asca an creideamh &eacute; aondiachas, monad&eacute;achas, adhradh D&eacute; n&aacute; feictear, agus sin gan &iacute;omh&aacute; ar bith de. Bh&iacute; sin i bhfad n&iacute;os deacra i laethanta Mhaois, nuair ab ionann adhradh d&eacute; ar bith agus ildiachas. D&rsquo;&eacute;irigh muintir Iosrael m&iacute;fhoighneach de bharr Maois bheith as l&aacute;thair chomh fada sin agus d&rsquo;iarradar ar &Aacute;r&oacute;n dia no d&eacute;ithe a dh&eacute;anamh d&oacute;ibh a rachfadh os a gcomhair amach, is &eacute; sin le r&aacute; comhartha sofheichthe de l&aacute;ithreacht D&eacute; ina measc, mar a bh&iacute; ag in &iacute;oladhradh na bpag&aacute;nach a raibh eolas agus taith&iacute; ag pobal Iosrael air. Rinne &Aacute;r&oacute;n d&oacute;ibh lao le&aacute;ite &oacute;rga, n&oacute; le bheith n&iacute;os cruinne lao fireann, tarbh, &oacute;g. a bh&iacute; mar shamhailchomhartha, mar shiombail torth&uacute;lthachta i reiligi&uacute;in an d&uacute;lra sa Neas-Oirthear &Aacute;rsa. N&iacute;os d&eacute;ana&iacute; sa stair chuir R&iacute;ocht Ghi&uacute;dach an Tuaiscirt dh&aacute; dhealbh den Lao (n&oacute; Tarbh) &Oacute;rga suas mar shiombail de Dhia Iosrael i mBetel agus ag Dan (1 R&iacute;the 12:28). Bhagair Dia Iosrael a dhiosc&uacute; de bharr an pheaca sin, ach de dheasca urna&iacute; agus idirghu&iacute; Mhaois bhog s&eacute; &oacute;n bhagairt sin.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; text-indent: 0cm; line-height: 12pt;\"><em><span style=\"color: black;\">Salm le Freagra<\/span><\/em><span style=\"color: black;\"> (Salm 50[51]). <em>Cuirfidh m&eacute; chun b&oacute;thair agus rachaidh m&eacute; chun m&rsquo;athar.<\/em><\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; text-indent: 0cm; line-height: 12pt;\"><em><span style=\"color: black;\">An Dara L&eacute;acht<\/span><\/em><span style=\"color: black;\"> (1 Tim&oacute;teas 1:12-17). <em>Th&aacute;inig &Iacute;osa Cr&iacute;ost ar an saol chun peacaigh a shl&aacute;n&uacute;.<\/em> I rith na seacht nDomhnacha&iacute; seo romhainn t&oacute;gfar an dara l&eacute;acht as an Ch&eacute;ad agus an Dara Litir chuig Tim&oacute;teas. Tugtar na Litreacha Tr&eacute;adacha ar na litreacha seo mar aon leis an Litir chuig T&iacute;teas de bhr&iacute; gur ch&uacute;rsa&iacute; tr&eacute;adacha sna heaglais&iacute; a bh&iacute;onn faoi chaibideal iontu. Sa sl&iacute; seo, agus i sl&iacute;te iomad&uacute;la, eile t&aacute; difr&iacute;ochta&iacute; eatorthu agus na litreacha eile a leagtar ar Ph&oacute;l. T&aacute; difr&iacute;ochta&iacute; iontu &oacute; thaobh focl&oacute;ra, st&iacute;le, diagachta, agus &aacute;bhair a bhaineann le sti&uacute;radh na heaglaise. T&aacute; an dealramh orthu go mbaineann siad le gl&uacute;in at&aacute; n&iacute;os d&eacute;ana&iacute; na r&eacute; na nAspal. Baineann siad le oidhreacht Ph&oacute;il, le lean&uacute;nachas spioraid Ph&oacute;il agus scr&iacute;obhtar iad faoina ainm, amhail is d&aacute; mbeadh P&oacute;l f&eacute;in ag caint iontu agus agus ag tabhairt a theachtaireacht don Eaglais i r&eacute; agus staid nua. Sa v&eacute;arsa d&iacute;reach roimh l&eacute;acht an lae inniu <\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; text-indent: 0cm; line-height: 12pt;\"><span style=\"color: black;\">labhra&iacute;onn P&oacute;l faoin &ldquo;dea-sc&eacute;al gl&oacute;rmhar &uacute;d &oacute;n Dia beannaithe a f&aacute;gadh faoi mo ch&uacute;ramsa&rdquo;. Gabhann s&eacute; bu&iacute;ochas le Dia faoi seo agus faoin neart, faoin gcumas, a tugadh d&oacute; ina shaothar misin&eacute;arachta, agus faoin ghairm a fuair s&eacute; mar aspal, b&iacute;odh gur rinne s&eacute; g&eacute;arlean&uacute;int ar an eaglais n&iacute;os luaithe. L&iacute;on gr&aacute;sta D&eacute; &eacute; le creideamh agus le gr&aacute; do Dhia agus don eaglais. Bheadh a fhios ar sin go l&eacute;ir ag Tim&oacute;teas agus an luath-eaglais. Ansin le b&eacute;im a chur ar phointe teagaisc baineann P&oacute;l &uacute;s&aacute;id as r&aacute;iteas nach bhfuil le f&aacute;il ach i gceithre &aacute;iteanna eile sna Tr&eacute;adlitreacha (1 Tim&oacute;teas 3:1: 4:9; 2 Tim&oacute;teas 2:11; T&iacute;oteas 3:8): &ldquo;Is bar&aacute;nt&uacute;il agus is iontaofa an focal &eacute;&rdquo;, us&aacute;idte de ghn&aacute;th, ach n&iacute; i gc&oacute;na&iacute;, roimh r&aacute;iteas a bhaineann le teagasc Cr&iacute;osta&iacute;. Sa ch&aacute;s &aacute;irithe seo is faoin fh&iacute;rinne &eacute; gur th&aacute;inig &Iacute;osa Cr&iacute;ost ar an saol chun peacaigh a shl&aacute;n&uacute;. Cuireann P&oacute;l leis seo gurb &eacute; f&eacute;in an duine is m&oacute; de na peacaigh sin. Deir s&eacute; gur f&eacute;idir glacadh leis f&eacute;in sna gl&uacute;nta le teacht mar eiseaml&aacute;ir den pheacach ar thug Dia maithi&uacute;nas d&oacute;, teist de fhoigne gan teora &Iacute;osa Cr&iacute;ost. Cuireann P&oacute;l cr&iacute;och leis an machnamh seo le urna&iacute; de shaghas liot&uacute;irgeach ag tabhairt molta agus gloire do Dhia.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; text-indent: 0cm; line-height: 12pt;\"><em><span style=\"color: black;\">An Soisc&eacute;al <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">(L&uacute;c&aacute;s 15:1-32). <em>Beidh &aacute;thas sna flaithis faoin aon pheacach amh&aacute;in a dh&eacute;anann aithr&iacute;. <\/em>Tugann v&eacute;arsa tosaigh na l&eacute;achta seo su&iacute;omh agus c&uacute;lra an tr&iacute; pharabal sa sliocht seo d&uacute;inn. Bhi iomr&aacute; ar &Iacute;osa toisc a chine&aacute;ltais d&oacute;ibh si&uacute;d ar an imeall, agus d&aacute; bhr&iacute; sin th&aacute;inig bailitheoir&iacute; c&aacute;nach (n&oacute; bailitheoir&iacute; c&aacute;nach tola, c&aacute;nach bealaigh; poibleac&aacute;naigh) agus &ldquo;peacaigh&rdquo; chun &eacute;isteacht leis. Is d&oacute;cha gur Gi&uacute;daigh a thug c&uacute;l le cleachtadh a gcreidimh, n&oacute; ar bheag leo rialacha dochta an chreidimh sin, agus go m&oacute;r m&oacute;r tuiscint chaol na bhFairis&iacute;neach agus scr&iacute;obhaithe &aacute;irithe air, na &ldquo;peacaigh&rdquo; sin. Bh&iacute; na bailitheoir&iacute; c&aacute;nach ar an imeall ar dh&aacute; ch&uacute;is: ainm na m&iacute;mhac&aacute;ntachta orthu agus baili&uacute; c&aacute;nach do &uacute;dar&aacute;s &oacute;n taobh amuigh. Ba fheasach go f&oacute;irleathan go mb&iacute;odh &Iacute;osa ag bord chun b&eacute;ile lena leith&eacute;id&iacute;. Sa chult&uacute;r sin b&rsquo;ionann b&eacute;ile a ghlacadh le duine agus bheith p&aacute;irteach ina mheon aigne, agus mar aon leis sin thug b&eacute;ile n&oacute; f&eacute;asta chun cuimhne an f&eacute;asta meisiasach le teacht, ar r&eacute;amhbhlaiseadh d&oacute; b&eacute;ile ar talamh. Bhain b&eacute;ile i sl&iacute; leis an chonradh le Dia, agus d&rsquo;fh&eacute;ach na Fairis&iacute;nigh (agus roinnt de na scr&iacute;obhaithe) orthu f&eacute;in mar choime&aacute;daithe, caomhn&oacute;ir&iacute;, an chonartha. Is sothuigthe, mar sin, n&aacute;r aonta&iacute;odar le cleachtadh &Iacute;osa, a bheadh ag cur, dar leo, luachanna an chonartha i mbaol. Ba &eacute; sin a l&eacute;argas si&uacute;d. N&iacute;orb amhlaidh do l&eacute;argas an Athar ar neamh, n&aacute; l&eacute;argus &Iacute;osa a dh&eacute;anann soil&eacute;ir sna tr&iacute; pharabal seo go dt&eacute;ann gr&aacute; ollmh&oacute;r agus tuiscint an Athar ar neamh i bhfad thar a l&eacute;argas teoranta si&uacute;d. N&iacute; h&eacute; gur ionann gr&aacute; thar chuimse an Athar don duine caillte agus don mhac drabhl&aacute;sach agus &ldquo;D&eacute;an do rogha rud anois&rdquo;. Is &iacute; is aidhm d&oacute; n&aacute; iad sin at&aacute; ar strae a thabhairt thar nais do mhuintearas leis f&eacute;in, san aithr&iacute;. Ionann bheith faighte, filleadh, iontu f&eacute;in agus aithr&iacute;. <\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; text-indent: 0cm; line-height: 12pt;\"><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; T&aacute; tr&iacute; pharabal ann: an chead cheann, f&aacute;il caora amh&aacute;in as c&eacute;ad; an dara ceann, f&aacute;il drachma amh&aacute;in as deich; an tr&iacute;&uacute; ceann filleadh (f&aacute;il) duine amh&aacute;in as beirt. Den chuid is m&oacute; de t&aacute; na parabail intuigthe uathu f&eacute;in gan mini&uacute;. Ionann drachma agus denarius, luach saothair oibr&iacute; i gc&oacute;ir lae. Maidir le parabal an bheirt mhac, an ceann caillte (drabhl&aacute;sach) agus an duine eile urramach, &iacute;omh&aacute;nna sc&aacute;th&aacute;nacha iad d&iacute;obh si&uacute;d ar a bhfuil an parabal d&iacute;rithe, faoi seach na &ldquo;peacaigh&rdquo; gur beag leo dl&iacute; na nGi&uacute;dachh agus l&eacute;argas caol na bhFairis&iacute;neach agus na scr&iacute;obaithe, agus an mac urramach a bh&iacute; umhal i gc&oacute;na&iacute; d&aacute; athair, sc&aacute;th&aacute;n de na Fairis&iacute;nigh agus na scr&iacute;obaithe ina n-urraim don Dl&iacute;. Gh&eacute;ill an t-athair tuisceanach d&rsquo;iarratas n&oacute; &eacute;ileamh a mhic a chaith a sheal&uacute;chas go drabhl&aacute;sach, agus b&rsquo;fh&eacute;idir ag tabhairt c&uacute;l lena chreideamh, mar chr&iacute;ochnaigh s&eacute; i dtalamh phag&aacute;nach ag aoireacht mhuc, ainmhithe nach raibh ceadaithe do Gh&iacute;&uacute;daigh. Is ansin a th&aacute;inig athr&uacute; intinne air, agus r&uacute;n filleadh ar a oidhreacht. Cuirtear an bh&eacute;im ar faoi mar a ghlac an t-athair leis, gan bacadh le gn&aacute;sanna a bheadh oiri&uacute;nach d&rsquo;&oacute;c&aacute;id&iacute; eile. Tuigimid do fhreagra an mhic ba shine. M&iacute;n&iacute;onn an t-athair na prionsabail at&aacute; i gceist, ag l&eacute;iri&uacute; meon agus l&eacute;argas an Athar gr&aacute;mhair ar neamh. <\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; line-height: 12pt;\"><span style=\"color: black;\">B. An B&iacute;obla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: <em>Ar t&oacute;ir na caorach caillte agus an mhic drabhl&aacute;saigh inniu.<\/em><\/span><\/p>\n<p><span style=\"font-size: 12pt; font-family: 'Times New Roman',serif; color: black;\">Uair d&aacute; raibh bh&iacute; s&eacute; &eacute;asca na &ldquo;caoirigh cailllte&rdquo; a aithint agus frioth&aacute;il orthu. Ba iad Caitlicigh a thug c&uacute;l le cleachtadh a gcreidimh. Ba gn&aacute;thach le baill &aacute;irithe de chumainn chr&aacute;ifeacha dul ar a dt&oacute;ir agus iarracht a dh&eacute;anamh iad a thabhairt thar nais do chleachtadh an chreidimh. D&rsquo;fh&eacute;adfadh misin&eacute;ir&iacute; le linn mhisean par&oacute;iste cuairt a thabhairt orthu. N&iacute; ionann an sc&eacute;al inniu. T&aacute; roinnt Caitliceach &oacute;ga ann anois a thr&eacute;igeann cleachtadh an chreidimh luath go leor ina saol. N&iacute; dh&eacute;anann roinnt d&iacute;obh ach an cleachtadh a threigean gan dul n&iacute;os faide, ach a fhanann d&iacute;lis don chreideamh a bheag n&oacute; a mh&oacute;r. Ach mar aon leo si&uacute;d t&aacute; a thuilleadh ann, a bhfuil a l&iacute;on ag dul i m&eacute;id, a sh&eacute;anann creideamh i nDia, agus a bhfuil claonadh ann le deireannas &eacute; sin a fh&oacute;gairt go poibl&iacute;, amhail is go mba bac &eacute; an creideamh ar bheatha agus saol ceart daonna. Agus leis seo t&eacute;ann s&eacute;anadh aon saoil eile, aon saoil le teacht, tar &eacute;is bh&aacute;is. An s&eacute;anadh follasach seo t&aacute;rla&iacute;onn s&eacute; n&iacute;os minic&iacute; i measc an aos d&aacute;na agus an aos l&eacute;annta. N&iacute; rud nua ar fad &eacute;. Sa stair is gn&aacute;th amhras, d&iacute;chreideamh agus sceipteachas dul le tr&eacute;imhs&iacute; ardl&eacute;inn sa litr&iacute;ocht, sa fisic agus i l&eacute;ann an d&uacute;lra. T&aacute; sampla maith againn de i <em>Leabhar na hEagna<\/em> (2:2-3) an Bh&iacute;obla, cumtha thart ar an bhliain 30 r. Chr. i gc&uacute;ins&iacute; d&aacute; leith&eacute;id, &aacute;it a chuirtear na briathra seo i mbeola daoine aindiaga: &ldquo;&Oacute;ir is de thaisme a rugadh sinn, agus san am at&aacute; le teacht beimid amhail is nach rabhamar ann riamh. Puth deataigh is ea an an&aacute;il in&aacute;r bpoll&aacute;ir&iacute; agus n&iacute;l in&aacute;r r&eacute;as&uacute;n ach spr&eacute;ach a ghineann bualadh &aacute;r gcro&iacute;. Nuair a mh&uacute;chfar &iacute;, deanfar luaith d&aacute;r gcorp agus scaipfear an&aacute;il na beatha ar n&oacute;s an aeir neamhsheasmhigh&rdquo;. Don t&eacute; a chreideann, leanann an tAthair gr&aacute;mhar ar neamh ag f&oacute;gairt teachtaireacht na beatha &ndash; beatha abhus agus ar neamh d&oacute;ibh seo uile, agus is do lucht lean&uacute;na Chr&iacute;ost an dea-sc&eacute;ala seo a chraobhscaoileadh, cosaint a dh&eacute;anamh ar fh&iacute;rinn&iacute; an chreidimh agus freagra a thabhairt de r&eacute;ir mar a oireann do &oacute;c&aacute;id&iacute; ar leith. Maidir le di&uacute;lt&uacute; do chreideamh i measc na n-&oacute;g, d&rsquo;fh&eacute;adfa&iacute; go bhfuil c&uacute;iseanna &eacute;ags&uacute;la ag baint leis, cuid de m&iacute;thuiscint ar phoint&iacute; teagaisc, amhail l&aacute;ithreacht Chr&iacute;ost san Eocairist, san habhlainn&iacute;. Is fi&uacute; s&uacute;il a choime&aacute;d ar na suirbh&eacute;anna a dh&eacute;antar ar an chreideamh a measc na n-&oacute;g san &aacute;bhar seo. N&iacute; h&eacute;asca teachtaireacht &Iacute;osa agus na hEaglaise faoi ghr&aacute; D&eacute; d&oacute;ibh si&uacute;d a thr&eacute;igeann a fh&oacute;gairt inniu, ach n&iacute;or ch&oacute;ir go mbeadh lagmhisneach ar dhuine. T&aacute; Dia f&eacute;in agus &Iacute;osa p&aacute;irteach san fheachtas.<\/span><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>11 Me&aacute;n Fomhair 2016 (C) Ceathr&uacute; Domhnach Fichead Saor Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC A. L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir don Bheatha &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-442","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/442","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=442"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/442\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=442"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=442"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=442"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}