{"id":444,"date":"2016-09-19T14:59:00","date_gmt":"2016-09-19T14:59:00","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=444"},"modified":"2016-09-19T14:59:00","modified_gmt":"2016-09-19T14:59:00","slug":"18-mean-fomhair-2016-c-cuigiu-domhnach-fichead-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=444","title":{"rendered":"18 Me\u00e1n F\u00f3mhair 2016 (C) C\u00faigi\u00fa Domhnach Fichead Saor"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align: justify; line-height: 12pt;\"><strong><span style=\"color: black;\">18 Me&aacute;n F&oacute;mhair 2016 (C) C&uacute;igi&uacute; Domhnach Fichead Saor<\/span><\/strong><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; line-height: 12pt;\"><span style=\"font-variant: small-caps; color: black;\">Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; line-height: 12pt;\"><span style=\"color: black;\">leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; line-height: 12pt;\"><span style=\"color: black;\">A. L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; line-height: 12pt;\"><span style=\"color: black;\">B. An B&iacute;obla in agallamh le ceisteanna an lae<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; line-height: 12pt;\"><strong><span style=\"color: black;\">B. An B&iacute;obla: <em>Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: <\/em><\/span><\/strong><em><span style=\"color: black;\">Urna&iacute;, creideamh, baol as and&uacute;il san airgead<\/span><\/em><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; line-height: 12pt;\"><strong><em><span style=\"color: black;\">A. An B&iacute;obla sa Liot&uacute;irge mar threoir don bheatha (L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh)<\/span><\/em><\/strong><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; text-indent: 0cm; line-height: 12pt;\"><em><span style=\"color: black;\">C&eacute;ad L&eacute;acht <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">(Amos 8:4-7). <em>Ina n-aghaidh si&uacute;d a dh&eacute;anann &lsquo;an bocht&aacute;n a cheannach le hairgead&rsquo;.<\/em> Feirmeoir caorach a thug aire do chrainn tortha&iacute; chomh maith ab ea Am&oacute;s i R&iacute;ocht I&uacute;da nuair a ghlaoigh Dia air c&uacute;l a thabhairt d&aacute; thr&eacute;ada agus f&aacute;idhead&oacute;ireacht a dh&eacute;anamh i gcoinne R&iacute;ocht an Tuaiscirt (Iosrael) i sanct&oacute;ir r&iacute;oga Betel. Ba i l&aacute;r an ocht&uacute; haoise &eacute; seo, tr&aacute;th ina raibh borradh thar an ghn&aacute;th tagaithe ar R&iacute;ocht Iosrael, agus &iacute; &eacute;irithe saibhir, ach r&eacute; inar tugadh droch&iacute;de don chosmhuintir, agus cos ar bolg orthu, b&iacute;odh go raibh searmannais liot&uacute;irgeacha saibhre ann, agus lucht an rachmais beag beann ar aitheanta D&eacute;. Bh&iacute;odh troid ar si&uacute;l chomh maith idir na t&iacute;ortha beaga pag&aacute;nacha m&aacute;guaird agus coireanna uaf&aacute;sacha &aacute; gcleachtadh iontu. Ch&aacute;in Am&oacute;s na coireanna st&aacute;it sin go l&aacute;idir in ainm D&eacute; Iosrael, agus ch&aacute;in go neamhbhalb c&eacute;anna coireanna Iosrael. Agr&oacute;dh Dia orthu iad, <\/span><span style=\"color: black;\">rud a tharla luath go leor le treascairt an st&aacute;it, a phr&iacute;omhchathrach agus a scr&iacute;nte naofa sa bhliain 722-721. Tugann l&eacute;acht an lae inniu l&eacute;argus d&uacute;inn ar shaint lucht an rachmais agus a gc&iacute;ocras chun brab&uacute;s a dh&eacute;anamh, d&aacute; mba fh&eacute;idir f&eacute;in gan stad n&aacute; staonadh &oacute; na laethanta (gealach nua, sin t&uacute;s na m&iacute;osa, agus an tsab&oacute;id) nuair n&aacute;r ceadmhach an tracht&aacute;il de r&eacute;ir an dl&iacute; naofa. Bh&iacute;odar calaoiseach i gc&uacute;rsai gn&oacute; maidir le me&aacute;chain. praghasanna (secel, efa) agus na sc&aacute;la&iacute;. Ba chuma ann n&oacute; as do na bocht&aacute;in, agus droch&iacute;de a thabhairt d&oacute;ibh ar mhaithe le lucht an rachmais. Rinne an Tiarna mionn &ldquo;dar uaillmhian I&aacute;cob&rdquo;, sin le r&aacute; is d&oacute;cha tr&iacute;d f&eacute;in, n&oacute; b&rsquo;fh&eacute;idir tr&iacute; shotal, dh&iacute;omas, Iosrael, n&oacute; fi&uacute; tr&iacute;d an Talamh Naofa, agus ba &eacute; a mhionn n&aacute; go nd&eacute;anfadh s&eacute; ceart na mbocht&aacute;n a chosaint. N&iacute; dhearmadfadh s&eacute; an chos ar bolg a imr&iacute;odh orthu. T&aacute; macalla&iacute; bhriathra sin Am&oacute;s le sonr&uacute; trid an stair s&iacute;os. <\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; text-indent: 0cm; line-height: 12pt;\"><em><span style=\"color: black;\">Salm le Freagra<\/span><\/em><span style=\"color: black;\"> (Salm 112[113]). <em>Molaig&iacute; an Tiarna a arda&iacute;onn an duine dealbh.<\/em><\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; text-indent: 0cm; line-height: 12pt;\"><em><span style=\"color: black;\">An Dara L&eacute;acht<\/span><\/em><span style=\"color: black;\"> (1 Tim&oacute;teas 2:1-8). <em>Ba cheart go nd&eacute;anfa&iacute; urna&iacute; ar son an uile dhuine chun D&eacute; arb &aacute;il leis go sl&aacute;n&oacute;fa&iacute; an uile dhuine.<\/em> Leis an l&eacute;acht seo a thuiscint n&iacute;os fearr, is fi&uacute; aire a tabhairt don ch&uacute;lra stairi&uacute;il inar cumadh an litir as air t&oacute;gadh &iacute;. Scr&iacute;obhadh na Litreacha Tr&eacute;adacha, gur ceann d&iacute;obh an litir seo, do eaglais&iacute; taobh istigh den Impireacht R&oacute;mh&aacute;nach a raibh eagar maith uirthi, agus Impire a measadh bheith ina dhia os a cionn. N&iacute;or mh&oacute;r don eaglais aird athabhairt ar na c&uacute;ins&iacute; sin. San am c&eacute;anna bh&iacute; uirthi bheith eolgasach ar a hoidhreacht fein agus an r&uacute;ndiamhair as ar sh&iacute;olraigh s&iacute; agus an misean a bh&iacute; aici, t&uacute;s aici in &Iacute;osa Cr&iacute;ost an t-aon idirghabh&aacute;la&iacute; amh&aacute;in idir Dia agus an cine daonna, agus an misean aici dea-sc&eacute;ala an tSoisc&eacute;il a craobhscaoileadh do gach uile phobal. Bh&iacute; uirthi bheith d&iacute;lis don oidhreacht sin agus di f&eacute;in mar phobal D&eacute; ach anois bheith feasach go raibh s&iacute; ag feidhmi&uacute; mar mhionlach beag taobh istigh de shocha&iacute; pholati&uacute;il leathan agus l&aacute;idir. Tugann l&eacute;acht an lae inniu treoracha ar na ceisteanna seo, ag cur b&eacute;ime anseo agus sna litreacha seo trid sios i bhfriotal at&aacute; uil&iacute;och agus cuimsitheach. I dtosach b&aacute;ire, sa ch&eacute;ad &aacute;it, tagann urna&iacute;, agus de shaghasanna eags&uacute;la, ar son an uile dhuine, ach go h&aacute;irithe ar a son si&uacute;d at&aacute; i gceannas, ina measc si&uacute;d an tImpire f&eacute;in, go mbfh&eacute;idir gurb &eacute; N&eacute;ar&oacute; an tr&aacute;th sin &eacute;. Bh&iacute;odar le gu&iacute; go ligfeadh na h&uacute;dar&aacute;is shibhi&aacute;lta do na creidmhigh a mbeatha Chr&iacute;osta&iacute; a chaitheamh gan c&uacute;iseanna coiri&uacute;la a chur ina n-aghaidh. Cuireann an t&eacute;acs b&eacute;im ar alt bun&uacute;sach an chreidimh, gurbh &eacute; &Iacute;osa Cr&iacute;ost an t-aon idirghabh&aacute;la&iacute; idir Dia agus ab cine daonna. D&uacute;irt &Iacute;osa (Marcas 10:45; Matha 20:28) gur th&aacute;inig s&eacute; fein, Mac an Duine, lena anam a thabhairt mar cheannach (&eacute;iric) ar mh&oacute;r&aacute;n. Ag teacht lena shain-l&eacute;argus agus a st&iacute;l sna Litreacha Tr&eacute;adacha seo, baineann an t-&uacute;dar feidhm as friotal uil&iacute;och: thug Cr&iacute;ost &eacute; f&eacute;in in &eacute;iric (mar cheannach) ar an uile dhuine. Thug Dia fianaise don r&uacute;ndiamhair seo ina am tr&aacute;th f&eacute;in (&ldquo;ina mhithid&iacute; f&eacute;in&rdquo;) in &Iacute;osa Cr&iacute;ost. Finn&eacute; ab ea Cr&iacute;ost tr&iacute;na bh&aacute;s don &eacute;iric, cheannach, do shl&aacute;n&uacute; an uile dhuine, agus cheap &Iacute;osa P&oacute;l mar bholscaire agus mar aspal le f&iacute;rinne an tsoisc&eacute;il a mh&uacute;ineadh do na pag&aacute;naigh. Cuirtear clabhs&uacute;r leis an l&eacute;acht mar ar thosaigh s&iacute;, ag iarraidh gu&iacute; a dh&eacute;anamh go h&oacute;m&oacute;sach chun D&eacute;, gan olc, gan aighneas.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; text-indent: 0cm; line-height: 12pt;\"><em><span style=\"color: black;\">An Soisc&eacute;al <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">(L&uacute;c&aacute;s 16:1-13). <em>N&iacute; f&eacute;idir daoibh Dia a riaradh agus an t-airgead.<\/em> Ar uairibh ba mhaith le duine nach mbeadh i liot&uacute;irge an Domhnaigh sna Soisc&eacute;il ach l&eacute;achta&iacute; a bheadh &eacute;asca le tuiscint. Sa leicsean&aacute;ir at&aacute; againn faoi l&aacute;thair t&aacute; roinnt l&eacute;achta&iacute; nach m&oacute;r machnamh a dh&eacute;anamh orthu maraon le m&iacute;ni&uacute; le hiad a thuiscint. Ceann d&aacute; leith&eacute;id l&eacute;acht an lae inniu. Dar le scolair&iacute; &aacute;irithe t&aacute; iomr&aacute; ar an bparabal tosaigh ann toisc a dhoil&eacute;ireacht. T&aacute; an l&eacute;acht pas beag deacair toisc go bhfuil mar aguis&iacute;n leis roinnt r&aacute;iteas &Iacute;osa nach bhfuilid go l&eacute;ir ar an dul c&eacute;anna. Mar th&uacute;s t&aacute; an parabal againn, a chr&iacute;ochna&iacute;onn leis an r&aacute;iteas: &ldquo;Agus mhol an m&aacute;istir an maor m&iacute;mhac&aacute;nta mar go ndearna s&eacute; go g&eacute;arch&uacute;iseach &eacute;&rdquo;. L&aacute;rphointe sa pharabal n&aacute; mian an mhaoir mh&iacute;mhac&aacute;nta go mbeadh f&aacute;il isteach aige i dt&iacute;the nuair a bheadh s&eacute; bhriste as a phost. Leis sin in a intinn aige laighda&iacute;onn s&eacute; an m&eacute;ad a bh&iacute; dlite d&aacute; mh&aacute;istir, &oacute; ch&eacute;ad bairille ola go caoga; &oacute; ch&eacute;ad ceathr&uacute; arbhair go h-ocht&oacute;. Molann an &ldquo;m&aacute;istir&rdquo; &eacute; as a gh&eacute;arch&uacute;iseacht. M&aacute;s &eacute; an m&aacute;istir a bh&iacute; leis an maor a bhriseadh as a phost an m&aacute;istir i gceist, is ait mar a rinne s&eacute;. Ach b&rsquo;fh&eacute;idir gurb &eacute; &Iacute;osa an m&aacute;istir i gceist. Ar aon dul s&iacute;os nil &Iacute;osa ag maitheamh n&oacute; ag moladh ghn&iacute;mh den leith&eacute;id seo a rinne na maor m&iacute;mhac&aacute;nta. L&aacute;rphointe sa pharabal, mar a d&uacute;radh ar ball beag, n&aacute; mian an mhaoir &uacute;s&aacute;id a bhaint as maoin an tsaoil seo le bheith istigh a bheith aige i dt&iacute;the n&iacute;os d&eacute;ana&iacute;. D&eacute;anann &Iacute;osa tagairt d&oacute; seo, ag d&eacute;anamh compar&aacute;ide idir gh&eacute;arch&uacute;iseacht daoine i gn&oacute;tha&iacute; saolta (&ldquo;clann an tsaoil seo&rdquo;) maidir le r&eacute; le teacht agus iad si&uacute;d le solas an chreidimh (&ldquo;clann an tsolais&rdquo;, &ldquo;clannmhac an tsolais&rdquo; mar a thug baill chomhthion&oacute;il Qumran orthu f&eacute;in, i gompar&aacute;id le &ldquo;clannmhac an dorchadais&rdquo; ar a naimhde). T&eacute;ann t&eacute;acs na l&eacute;achta ar aghaidh le r&aacute;itis &Iacute;osa a thabhairt d&uacute;inn faoi conas &uacute;s&aacute;id a bhaint as airgead (<em>mamon<\/em>), maoin shaolta, le tagairt&iacute; do phointi sa pharabal. Ba ch&oacute;ir &uacute;s&aacute;id a bhaint as airgead, a deirtear bheith m&iacute;mhac&aacute;nta, le c&aacute;irde a bhaint amach sna &ldquo;bothanna s&iacute;ora&iacute;&rdquo;, sin le r&aacute; saibhreas a bheith ag duine ar neamh tr&iacute; dh&eacute;irc. &Oacute; mh&iacute;mhac&aacute;ntacht an mhaoir sa pharabal leanann r&aacute;iteas faoi iontaofacht, agus rabhadh gur baol m&oacute;r do luachanna spiorad&aacute;lta easba iontaofachta maidir le airgead agus maoin shaolta. Cuirtear cr&iacute;och le r&aacute;itis seo &Iacute;osa leis an cheann iomr&aacute;iteach faoin d&aacute; mh&aacute;istir: n&iacute; f&eacute;idir seirbh&iacute;s ioml&aacute;n a thabhairt do Dhia agus d&rsquo;airgead (<em>mamon<\/em>).<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; line-height: 12pt;\"><span style=\"color: black;\">B. An B&iacute;obla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: <em>Urna&iacute;, creideamh, baol and&uacute;il san airgead<\/em><\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; line-height: 12pt;\"><em><span style=\"color: black;\">Machnamh. Urna&iacute; agus creideamh. <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">Tugann l&eacute;achta&iacute; an lae inniu deis iontach d&uacute;inn an machnamh agus agallamh le saol an lae inniu a nascadh le ch&eacute;ile. Staid na heaglaise mar at&aacute; s&iacute; at&aacute; le feiscint &oacute; na Litreacha Tr&eacute;adacha, gur ceann d&iacute;obh 1 Tim&oacute;teas, n&aacute; go bhfuil an ghluaiseacht Chr&iacute;ostai imithe thar na heaglais&iacute; faoi leith, amhail Coirint, Teasaloinic&eacute;, Filipi agus eile go heaglais f&oacute;irleathan ina bhfuil l&iacute;on a ball m&eacute;adaithe agus gur eol do na heaglais&iacute; faoi leith gur baill iad de chomhluadar Cr&iacute;osta&iacute; domhanda. N&iacute; m&oacute;r d&oacute;ibh machnamh a dh&eacute;anamh conas feidhmi&uacute; taobh istigh de shocha&iacute; shibhialta eagartha agus san am c&eacute;anna bheith d&iacute;lis do r&uacute;ndiamhair bhunaidh agus do mhisean na heaglaise. An ch&eacute;ad rud n&aacute; gairm chun urna&iacute;, urna&iacute; an phobail go l&eacute;ir, ach urna&iacute; nach bhfuil teoranta don eaglais amh&aacute;in, ach don socha&iacute; go l&eacute;ir; urna&iacute; de shaghasana &eacute;ags&uacute;la, achain&iacute;, imp&iacute; agus alt&uacute; ar son an uile dhuine, gan olc, gan aighneas. Mar aon leis seo, n&oacute; mar fhoinse d&oacute; seo, t&eacute;ann creideamh d&iacute;ongbh&aacute;lta in &Iacute;osa, ina bh&aacute;s in &eacute;iric na bpeaca&iacute;, agus misean na heaglaise mar fhinn&eacute; do gach cine faoin ghr&eacute;in<em>.<\/em><\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; line-height: 12pt;\"><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Leagann an l&eacute;acht &oacute;n soisc&eacute;al b&eacute;im ar an mbaol at&aacute; ann ligint don airgead, n&oacute; do mhaoin shaolta, bheith mar mh&aacute;istir orainn. &Oacute;n l&eacute;acht seo is &eacute;asca agallamh a dh&eacute;anamh le saol an lae inniu. Is eol d&uacute;inn go r&oacute;-mhaith faoi mar ar mhill t&oacute;ir an tsaibhris daoine aonair c&aacute;ili&uacute;la agus pobail ioml&aacute;na. Is f&eacute;idir le dearg-&aacute;bharachas &eacute;ir&iacute; as, le meon at&aacute; beag beann ar luachanna spiorad&aacute;lta, n&oacute; fi&uacute; a sh&eacute;anann ar fad iad. Dh&iacute;righ an P&aacute;pa &aacute;r n-aird ar seo agus mhol s&eacute; do shagairt agus gr&uacute;pa&iacute; eile filleadh ar shimpl&iacute;ocht na Soisc&eacute;al. T&aacute; ceannair&iacute; poilit&iacute;ochta ann, ar uairibh gan m&oacute;r&aacute;n sp&eacute;ise i gc&uacute;rsa&iacute; creidimh n&oacute; reiligi&uacute;in, a thugann rabhadh ar bhaol an &aacute;bharchais. Ar nd&oacute;igh, ar an dtaobh eile de, t&aacute; rachmas&oacute;ir&iacute; agus milli&uacute;naithe ann a thugann go fial do ghluaiseachta&iacute; deonacha agus do dhaoine faoi mh&iacute;chaoi. T&aacute; s&uacute;il againn go dtabharfar aird ar bhriathra &Iacute;osa gan ligint do <em>mamon&cedil;<\/em>don mhaoin shaolta, bheith mar mh&aacute;istir orainn, &aacute;r dtarraingt chun scl&aacute;bha&iacute;ochta.<\/span><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>18 Me&aacute;n F&oacute;mhair 2016 (C) C&uacute;igi&uacute; Domhnach Fichead Saor Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC A. L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir don Bheatha &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-444","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/444","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=444"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/444\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=444"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=444"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=444"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}