{"id":447,"date":"2016-09-20T12:08:53","date_gmt":"2016-09-20T12:08:53","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=447"},"modified":"2016-09-20T12:08:53","modified_gmt":"2016-09-20T12:08:53","slug":"mean-fomhair-29-2013-c-seu-domhnach-fichead-saor-2","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=447","title":{"rendered":"Me\u00e1n Fomhair 25 2016(C) S\u00e9\u00fa Domhnach Fichead Saor"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align: justify; line-height: 12pt;\"><strong><span style=\"color: blue;\">Me&aacute;n Fomhair 25 2016 (C) S&eacute;&uacute; Domhnach Fichead Saor <\/span><\/strong><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; line-height: 12pt;\"><span style=\"font-variant: small-caps;\">Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; line-height: 12pt;\">leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC<\/p>\n<p style=\"text-align: justify; line-height: 12pt;\"><span style=\"color: blue;\">A. L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; line-height: 12pt;\"><span style=\"color: blue;\">B. An B&iacute;obla in agallamh le ceisteanna an lae<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; line-height: 12pt;\"><strong><span style=\"color: blue;\">B. An B&iacute;obla: <em>Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: <\/em><\/span><\/strong><span style=\"color: blue;\">&ldquo;<em>Solas an chreidimh agus ceisteanna &aacute;r linne&rdquo;<\/em><\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; line-height: 12pt;\"><strong><em><span style=\"color: blue;\">A. An B&iacute;obla sa Liot&uacute;irge mar threoir don bheatha (L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh)<\/span><\/em><\/strong><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; text-indent: 0cm; line-height: 12pt;\"><em>C&eacute;ad L&eacute;acht <\/em>(Amos 6:1, 4-<em>7). Iad si&uacute;d a sh&iacute;neann iad f&eacute;in agus na chanann baothamhr&aacute;in, imeoidh siad ar deora&iacute;ocht. <\/em>Ba &oacute;n fh&aacute;idh Am&oacute;s c&eacute;ad l&eacute;acht an Domhnaigh seo caite agus ch&aacute;in an f&aacute;idh go g&eacute;ar sa l&eacute;acht sin muintir R&iacute;ocht an Tuaiscirt, Iosrael, toisc an mh&iacute;&uacute;s&aacute;id a bhain siad as an saibhreas agus an leatrom a rinne siad ar na boicht. Bh&iacute; lucht an rachmais ag baint aoibhnis as an dul chun cinn suntasach a bh&iacute; d&eacute;anta ag an dt&iacute;r i gc&uacute;rsa&iacute; polait&iacute;ochta agus soisialta. T&aacute; cur s&iacute;os cu&iacute;osach mion i l&eacute;acht an lae inniu ar an saghas beatha a bh&iacute; &aacute; caitheamh acu si&uacute;d. Bh&iacute; saol na n-uaisle acu i R&iacute;ocht an Tuaiscirt (ar a dtugtai I&oacute;saef go fileata), faoi mar a bh&iacute; i Si&oacute;n, Iar&uacute;sail&eacute;im, chomh maith. Mhothaigh siad iad f&eacute;in sl&aacute;n sabh&aacute;ilte sa phr&iacute;omhchathair Sam&aacute;ire, gan fhios n&oacute; aird acu ar an mbaol a bh&iacute; &aacute; bhagairt &oacute; fh&oacute;rsa&iacute; na hAsa&iacute;re a bheadh chucu go luath agus a dh&eacute;anfadh an chathair agus an st&aacute;t a threascairt agus an pobal a thabhairt i gc&eacute;in ar deora&iacute;ocht. Cuirtear s&iacute;os sa l&eacute;acht seo ar an ard-leibh&eacute;al maireacht&aacute;la costasach bh&iacute; acu, ina lu&iacute; ar leapacha eabhair, s&iacute;nte ar tholga, &aacute; mbeath&uacute; f&eacute;in le uaineoil agus laofheoil, ag canadh baothamhr&aacute;n, agus fi&uacute; ag cumadh nuaghl&eacute;asanna ceoil, ceird a luatar le D&aacute;ivi, b&iacute;odh gur baint le salmaireacht seachas d&eacute;ant&uacute;s &uacute;irlis&iacute; ceoil fianaise an Bh&iacute;obla faoi Dh&aacute;iv&iacute;. &Oacute;lann siad neart f&iacute;ona, as coirn. N&iacute; dh&eacute;antar iad a ch&aacute;ineadh faoi seo chomh m&oacute;r agus a dh&eacute;antar faoina neamart ar an mbaol a bh&iacute; ag bagairt ar a dtir dh&uacute;chais Iosrael (&Iacute;osaef), faoin turnamh, an treascairt, a bh&iacute; le teacht go luath. Is iad is t&uacute;isce a bhain &uacute;s&aacute;id, agus m&iacute;-&uacute;s&aacute;id, as an rachmas; is iad an ch&eacute;ad dream a sheolfar ar deora&iacute;ocht, a chuirfidh deireadh lena ragairne. L&eacute;acht chu&iacute; &iacute; seo le dul le parabal an duine shaibhir (dives) agus Lazaras i soisc&eacute;al an Domhnaigh seo.<\/p>\n<p style=\"text-align: justify; text-indent: 0cm; line-height: 12pt;\"><em>Salm le Freagra<\/em> (Salm 145[146]). <em>Tabhair moladh don Tiarna, a anam liom.<\/em><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; text-indent: 0cm; line-height: 12pt;\"><em>An Dara L&eacute;acht<\/em> (1 Tiom&oacute;id 6:11-16). <em>Coime&aacute;d an aithne n&oacute; go nochtfaidh &aacute;r dTiarna &Iacute;osa Cr&iacute;ost chugainn. <\/em>Seo &iacute; an l&eacute;acht dheiridh as C&eacute;ad Litir chuig Tiom&oacute;id, agus tagann si thart ar chr&iacute;och na litreach. Leanann s&iacute; go d&iacute;reach ar shliocht den litir ina thugann P&oacute;l comhairle do Thiom&oacute;id faoi chleachta&iacute; &aacute;irithe a bh&iacute; i measc mhuintir na heaglaise a bheadh le seachaint. Ina measc si&uacute;d luann s&eacute; daoine ar d&oacute;igh leo gurb &uacute;dar saibhris &iacute; an cr&aacute;ifeacht (n&oacute; an creideamh), ar a dtugann s&eacute; a thuairim gur m&oacute;r an t-&uacute;dar saibhris &iacute; an chr&aacute;ifeacht, go deimhin, an t&eacute; a bh&iacute;onn s&aacute;sta lena chuid (1 Tiom&oacute;id 6:3-6). Toisc gur duine tiomnaithe do Dhia, duine gur le Dia (&ldquo;duine le Dia&rdquo;!) &eacute; Tiom&oacute;id n&iacute; m&oacute;r d&oacute; bheith mar fhinn&eacute; beo do luachanna cearta Cr&iacute;osta&iacute;, agus luann P&oacute;l cuid diobh, ag tos&uacute; le creideamh. Iarrtar air cath an chredimh a fhearadh go calma, lena shl&iacute; bheatha agus firinne an chreidimnh a chumhdach. Is fianaise don chreideamh beatha Thiom&oacute;id, agus cheannair&iacute; na heaglaise. Deir P&oacute;l le Tiom&oacute;id gur admhaigh s&eacute; an creideamh go sol&uacute;nta i l&aacute;thair m&oacute;r&aacute;n finn&eacute;ithe. N&iacute; deirtear linn cathain a rinne Tiom&oacute;id an admh&aacute;il sin &ndash; ag a bhaisteadh b&rsquo;fh&eacute;idir seachas nuair a &oacute;irn&iacute;odh mar cheannaire eaglaise &eacute; (f&eacute;ach 2 Tiom&oacute;id 1:6). Leagtar b&eacute;im anseo ar an fhianaise, agus tobar f&iacute;orghlan agus eiseaml&aacute;ir gach fianaise admh&aacute;il shol&uacute;nta &Iacute;osa Cr&iacute;ost os comhair Phoint Piol&aacute;it, an gobharn&oacute;ir R&oacute;mhanach. B&rsquo;fh&eacute;idir gur bheith i l&aacute;thair do Chr&iacute;ost os comhair Phoint at&aacute; i gceist, fi&uacute; m&aacute;s ina a thost a bh&iacute; s&eacute;. Ach b&rsquo;fh&eacute;idir go bhfuil tagairt ann do briathra &Iacute;osa do Phiol&aacute;it gur th&aacute;inig s&eacute; ar an saol, le fianaise a thabhairt ar an bhf&iacute;rinne (Eoin 18:37). Deir P&oacute;l le Tiom&oacute;id an &ldquo;aithne&rdquo; a choime&aacute;d gan ch&aacute;im, gan locht, agus b&rsquo;fh&eacute;idir gurb &eacute; an aithne ghinear&aacute;lta an soisc&eacute;al a fhogairt at&aacute; i gceist, seachas aithne &eacute;igin faoi leith. Cuirtear cr&iacute;och leis an sliocht le tagairt do theacht, taispe&aacute;nadh, &Iacute;osa Cr&iacute;ost athuair, a bhfuil Dia le taispe&aacute;int in am tr&aacute;th, &ldquo;ina mhithid&iacute; f&eacute;in&rdquo;. Ag deireadh t&aacute; iomann molta D&eacute;, Dia dofheicthe, cos&uacute;il leis an cheann a tugadh cheana in 1:17.<\/p>\n<p style=\"text-align: justify; text-indent: 0cm; line-height: 12pt;\"><em>An Soisc&eacute;al <\/em>(L&uacute;c&aacute;s 16:19-31). <em>Fuair tusa do chuid f&eacute;in de na dea-nithe le linn do bheatha, agus mar an gc&eacute;anna fuair Lazaras na drochnithe. Ach anois t&aacute; seisean &aacute; sh&oacute;l&aacute;s&uacute; abhus, agus tusa do do chr&aacute;. <\/em>Ina chomhth&eacute;acs sa Soisc&eacute;al t&aacute; ceangail idir an parabal iomr&aacute;iteach seo ar an bhfear saibhir (sa Laidin Dives) agus Lazaras agus na t&eacute;acsanna d&iacute;reach roimhe i shoisc&eacute;al L&uacute;c&aacute;is, go m&oacute;r m&oacute;r l&eacute;acht an Domhnaigh seo caite ar an maor m&iacute;mhac&aacute;nta, agus r&aacute;itis &Iacute;osa faoi sin a leanann &eacute;. Ina dhiaidh sin ar&iacute;s t&aacute; r&aacute;itis eile &Iacute;osa, d&iacute;rithe ar na Fairis&iacute;nigh, ar an Dl&iacute; agus na F&aacute;ithe, &Iacute;osa ag meabhr&uacute; gur ann f&oacute;s don Dl&iacute;, ach &eacute; m&iacute;nithe nios radaca&iacute; maidir leis an colscaradh. Ina dhiaidh sin tagann parabal an lae inniu agus an teachtaireacht at&aacute; ann. T&aacute; tr&iacute; roinn, mh&iacute;r, sa pharabal, ar f&eacute;idir iad a iniuchadh ceann ar cheann. I dtosach b&aacute;ire t&aacute; cur s&iacute;os ar bheatha chomp&oacute;rdach an fhir shaibhir agus ar ainnis an duine dhear&oacute;ile. Faigheann an bheirt acu b&aacute;s agus t&oacute;gann an haingil Lazaras go &ldquo;hucht Abrah&aacute;m&rdquo;. Samhla&iacute;otar Abrah&aacute;m ina lu&iacute; ag an F&eacute;asta Meisiasach agus Lazaras ina lu&iacute; ina ucht. Adhhlacadh an fear saibhir in Hades, ifreann, &aacute;it na bpianta s&iacute;ora&iacute;. Sa dara m&iacute;r t&aacute; comhr&aacute; idir an fear saibhir agus Abrah&aacute;m, Abrah&aacute;m ag labhairt anseo thar cheann D&eacute;, b&iacute;odh nach deirtear sin go folasach. Glaonn an fear saibhir ar Abrah&aacute;m, athair an chine Ghi&uacute;daigh, mar &ldquo;A Athair Abrah&aacute;m&rdquo;, ach achain&iacute; in aisce d&oacute; sin. N&iacute;l laghd&uacute; ar a phianta le f&aacute;il aige. Sa tr&iacute;&uacute; m&iacute;r t&aacute; achain&iacute; an duine shaibhir ar son a ch&uacute;igear dearth&aacute;ir at&aacute; beo i gc&oacute;na&iacute; le rabhadh a thabairt d&oacute;ibh lena saoradh &oacute; phianta ifrinn. N&iacute; glactar leis an achain&iacute; seo ach oiread. Is leor d&oacute;ibh a bhfuil ina a dtraidisi&uacute;n creidimh, i Dl&iacute; Mhaois agus sna F&aacute;ithe. T&aacute; go leor sna scr&iacute;bhinn&iacute; sin faoi bhaol an tsaibhris agus ch&uacute;ram na mbocht. Muna &eacute;isteann duine le guth D&eacute; ag labhairt sna scr&iacute;bhinn&iacute; sin, n&iacute; thabharfar aird ar ghuth duine a meastar a fhill &oacute;n mb&aacute;s.<\/p>\n<p style=\"text-align: justify; text-indent: 0cm; line-height: 12pt;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;<\/p>\n<p style=\"text-align: justify; line-height: 12pt;\"><strong><span style=\"color: blue;\">B. An B&iacute;obla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae<\/span><\/strong><span style=\"color: blue;\">: <em>&ldquo;Solas an chreidimh agus ceisteanna &aacute;r linne&rdquo;<\/em><\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; line-height: 12pt;\"><span style=\"color: black;\">Spreagann l&eacute;achta&iacute; an lae inniu, an ch&eacute;ad l&eacute;acht agus an soisc&eacute;al ach go h&aacute;irithe, spreagann siad sinn le machnamh a dh&eacute;anamh ar chreideamh i gCr&iacute;ost agus sa saol eile agus &aacute;r misean mar bhaill den chine daonna don saol seo agus gach a bhaineann leis. Is &aacute;bhar &eacute; ina bhfuil saol an lae inniu in agallamh linn, agus guthanna l&aacute;idre ag mao&iacute;mh gur constaic an creideamh agus an traidisi&uacute;n Cr&iacute;osta&iacute; le dul chun cinn an chine daonna agus c&uacute;ram na mbocht. Labhair an P&aacute;pa Proinsias faoi seo ina imlitir <em>Lumen fidei&cedil;&rdquo;Solas an Chreidimh&rdquo;, <\/em>gur &oacute;n iar-Ph&aacute;pa Benedict XVI (Josef Ratzinger) an imlitir d&aacute;ir&iacute;re. B&iacute;odh gur baineadh &uacute;s&aacute;id cheana as a d&uacute;irt s&eacute; san imlitir seo (Machnamh 19&uacute; Domhnach) is fi&uacute; a smaointe a thabhairt anseo ar&iacute;s. Deir an P&aacute;pa (alt 6 den imlitir) gur ionann labhairt ar &ldquo;sholas an chreidimh&rdquo; inniu agus bheith ag feitheamh le ag&oacute;id&iacute;, cur ina choinne, &oacute; roinnt mhaith de lucht &aacute;r gcomhaimsire. Sa saol at&aacute; inniu ann d&rsquo;fh&eacute;adfa&iacute; a mheas go n-oirfeadh an solas sin ceart go leor do dhaoine &oacute; ghl&uacute;in agus socha&iacute; eile at&aacute; thart, ach nach meastar go bhfuil aon tairbhe ann d&aacute;r linn f&eacute;in, don chine daonna at&aacute; in aois, m&oacute;rtasach as chumas a r&eacute;as&uacute;in agus c&iacute;ocrach a thodhcha&iacute; a scr&uacute;d&uacute; i sl&iacute;te nua. F&eacute;achadh ar an gcreideamh ag daoine &aacute;irithe mar sholas mearbhlach, ag cur mearbhaill ar dhaoine, ag cur cosc ar na gcine daonna aghaidh a thabhairt go d&aacute;na ar lorg an eolais, mar dh&uacute;l&eacute;im, l&eacute;im sa dorchadas, le t&oacute;gaint nuair nach raibh solas ar f&aacute;il, &aacute; dtiom&aacute;int ag moth&uacute;ch&aacute;n caoch, n&oacute; mar sholas subiacht&uacute;il, a bh&iacute; in ann b&rsquo;fh&eacute;idir ola a chur ar an gcro&iacute; agus s&oacute;l&aacute;s pearsanta a thabhairt, ach nach rud &eacute; a fh&eacute;adfa&iacute; a thairiscint do dhaoine eile mar sholas obiacht&uacute;il a thabharfadh treoir don r&oacute;d seo romhainn. Sin r&aacute;ite aige, deir an P&aacute;pa go bhfuil g&aacute; ann ar&iacute;s f&eacute;achaint ar an gcreideamh mar sholas, mar uair amh&aacute;in go m&uacute;chtar lasair an chreidimh, tosa&iacute;onn gach solas eile ag dul i l&eacute;ig. <\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; line-height: 12pt;\"><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; N&iacute; solas mearbhlach n&oacute; ola don chr&oacute;i teachtaireacht na bhF&aacute;ithe n&oacute; &Iacute;osa. Is soil&eacute;ir sin &oacute; th&eacute;acs Am&oacute;s agus &oacute; pharabal Dives (an duine saibhir) agus Lazaras. Agus n&iacute; haon t&eacute;acs n&oacute; parabal ar leith &eacute; sin. T&aacute; s&eacute; ag teacht le briathra Mhac an Duine ag an breithi&uacute;nas deireanach L&aacute; an Luain nuair a bheidh d&aacute;n s&iacute;ora&iacute; an duine aonair ag braith ar faoi mar ar chaith s&eacute; lena chomh-mhuintir l&aacute; a ng&aacute;tair, iad le hocras, tart, nocht, mar strains&eacute;ir, tinn, i bprios&uacute;n. L&aacute;r-phointe mhor&aacute;ltacht creidimh i nDia agus i gCr&iacute;ost n&aacute; an d&aacute; aithne gr&aacute; D&eacute; agus gr&aacute; an chomharsa, agus, mar a mheabhraigh &Iacute;osa sa pharabal &ldquo;An Sam&aacute;ireach F&oacute;nta&rdquo; don t&eacute; a chuir ceist air faoin &aacute;bhar, d&rsquo;fh&eacute;adfadh aithne ghr&aacute; an chomharsa cur ar dhuine gn&iacute;omh nach &eacute;asca a dh&eacute;anamh le bheith d&iacute;lis don aithne sin.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; line-height: 12pt;\"><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Is iad an d&aacute; aithne sin a thug ar an Eaglais tr&iacute;d an stair s&iacute;os &#8212; an eaglais mar institi&uacute;id, idir chl&eacute;ir agus oird rialta, eagrais tuata agus creidmhigh aonair &#8212; f&oacute;namh ar &aacute;r gcomhmhuintir, sul a raibh eagrais st&aacute;it ann le sin a dh&eacute;anamh, agus a leanfaidh s&iacute; ar aghaidh leis faoi mar is g&aacute;. N&iacute; cosc ach cabhair solas an chreidimh le aghaidh a thabhairt ar shaol &aacute;r linne f&eacute;in, n&oacute; r&eacute; ar bith le teacht.<\/span><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Me&aacute;n Fomhair 25 2016 (C) S&eacute;&uacute; Domhnach Fichead Saor Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC A. L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir don Bheatha &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-447","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/447","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=447"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/447\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=447"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=447"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=447"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}