{"id":449,"date":"2016-09-28T09:16:36","date_gmt":"2016-09-28T09:16:36","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=449"},"modified":"2016-09-28T09:16:36","modified_gmt":"2016-09-28T09:16:36","slug":"deireadh-fomhair-2-2016-c-seachtu-domhnach-fichead-saor-2","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=449","title":{"rendered":"Deireadh Fomhair 2 2016 (C) Seacht\u00fa Domhnach Fichead Saor"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align: justify;\"><strong><span style=\"color: black;\">Deireadh Fomhair 2 2016 (C) Seacht&uacute; Domhnach Fichead Saor <\/span><\/strong><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"font-variant: small-caps; color: black;\">Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">A. L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">B. An B&iacute;obla in agallamh le ceisteanna an lae<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><strong><span style=\"color: black;\">B. An B&iacute;obla: <em>Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: <\/em><\/span><\/strong><em><span style=\"color: black;\">Faoi sc&aacute;th D&eacute; agus ar sc&aacute;th a ch&eacute;ile<\/span><\/em><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><strong><em><span style=\"color: black;\">A. An B&iacute;obla sa Liot&uacute;irge mar threoir don bheatha (L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh)<\/span><\/em><\/strong><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><em><span style=\"color: black;\">C&eacute;ad L&eacute;acht <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">(Habac&uacute;c 1:2-3; 2:2-4).<em> Mairfidh an f&iacute;r&eacute;an de bharr a dh&iacute;lse<\/em>. T&aacute; an l&eacute;acht seo thar a bheith sp&eacute;isi&uacute;il agus t&aacute;bhachtach chomh maith &oacute; thaobh caidrimh D&eacute; leis an chine daonna, agus faoi thuiscint (n&oacute; neamh-thuiscint) na h-aigne daonna ar shl&iacute;te D&eacute;. Cuireann an f&aacute;idh Habac&uacute;c an cheist d&iacute;reach ar Dhia faoi c&aacute; sheasann s&eacute; agus slad agus &eacute;ag&oacute;ir &aacute; nd&eacute;anamh: &ldquo;C&eacute;n f&aacute;th (a Thiarna) a mb&iacute;onn t&uacute; f&eacute;in ag breathn&uacute; ar an ansmacht ar n&oacute;s cuma liom?&rdquo; Sean-cheist &iacute; sin a bh&iacute; ann roimh aimsir Habac&uacute;c agus at&aacute; linn i gc&oacute;na&iacute;. Is f&eacute;idir linn d&aacute;ta a chur le ceist seo Habac&uacute;c agus an ch&uacute;is taobh thiar di. Luaitear na Cald&eacute;igh ann (1:6) agus a bhf&iacute;ochmhaireacht. Iad sin an Impireacht nua-Bhaibeal&oacute;ineach, a bhuaigh ar Impireacht na h-Asa&iacute;re &oacute; 626 roimh Chriost i leith agus a ghabh seal&uacute;s na Pailist&iacute;ne &oacute; 609, faoi cheannaireacht an r&iacute; Nab&uacute;cadnazar, go m&oacute;r m&oacute;r thart ar an bhliain 600. Deir Habac&uacute;c linn gur sheas s&eacute; mar fh&aacute;idh ar a th&uacute;r faire, ar a fhaichill ansin f&eacute;achaint c&eacute;ard a dh&eacute;arfadh Dia leis. Tugann Dia freagra, agus d&uacute;radh le Habac&uacute;c &eacute; a scriobh s&iacute;os go soil&eacute;ir, agus go poibl&iacute; is d&oacute;cha, ionas go mbeadh s&eacute; furasta le l&eacute;amh. S&oacute;rt comhartha b&oacute;thair a bheadh ann, d&oacute;ibh si&uacute;d a bheadh ag gabh&aacute;il thart. N&iacute; deirtear go foscailte c&eacute;rb &iacute; &eacute;irim an fhreagra, ach toisc gur freagra &eacute; ar cheist Habac&uacute;c deimhni&uacute; a bheadh ann gur c&uacute;ram le Dia c&aacute;s na bhf&iacute;r&eacute;an faoi leatrom, agus go mbeidh r&eacute;iteach ar a bhfadhb. A t-oracal seo, an freagra seo, a thug Dia, is s&oacute;rt f&oacute;rsa &eacute; at&aacute; ag br&uacute; ar aghaidh, ag tn&uacute;th lena chomhl&iacute;onadh f&eacute;in. Is le haghaidh an tr&aacute;th caoi (ion&uacute;) a chomhl&iacute;onta an br&uacute; sin, agus is cinnte go gcomhl&iacute;onfar &eacute;. Ach n&iacute; fol&aacute;ir feitheamh chuige sin le foighne. Creideamh sa ghealtannas agus foighne, buanseasmhacht, dh&aacute; rud at&aacute; riachtanach. Sa dr&aacute;ma seo gur caidreramh idir Dia agus an duine aonair &eacute; maidir le f&iacute;oradh na tairngreachta, beidh freagra&iacute; &eacute;ags&uacute;la ann: an duine gan croi ionraic a chaillfear, agus an f&iacute;r&eacute;an le d&iacute;lseacht, le buanseasmhach, a mhairfidh. Bh&iacute; ar Habac&uacute;c f&eacute;in foighne, agus creideamh, a bheith aige maidir le f&iacute;or&uacute; phlean D&eacute;. L&eacute;ir&iacute;onn an cr&iacute;och at&aacute; ar an Caintic ag deireadh bhaili&uacute;ch&aacute;n a fh&aacute;istin&iacute; an meon a bh&iacute; aige: &ldquo;Fi&uacute; nach dtiocfaidh an crann fig&iacute; i mbl&aacute;th; n&oacute; nach mbeidh caor le f&aacute;il ar na fini&uacute;na; n&oacute; nach rachaidh de thoradh an crann ol&oacute;ige; n&oacute; nach dtabharthaidh na goirt aon bhia; n&oacute; nach bhf&aacute;gfar caora sa chr&oacute;; n&oacute; b&oacute; ar bith sa bhuaile &#8212; l&uacute;ch&aacute;irfidh mise sa Tiarna, d&eacute;anfaidh m&eacute; gairdeas i nDia, mo Shl&aacute;naitheoir&rdquo; (Habac&uacute;c 3:.17-18).<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; text-indent: 0cm;\"><em><span style=\"color: black;\">Salm le Freagra<\/span><\/em><span style=\"color: black;\"> (Salm 94[95]), <em>&Aacute;, d&aacute; n-&eacute;istfeadh sibh lena ghuth inniu: &lsquo;N&aacute; calcaig&iacute; bhur gcro&iacute;&rsquo;<\/em><\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; text-indent: 0cm;\"><em><span style=\"color: black;\">An Dara L&eacute;acht<\/span><\/em><span style=\"color: black;\"> (2 Tiom&oacute;id 1:6-8, 13-14). <em>N&aacute; b&iacute;odh aon n&aacute;ire ort faisn&eacute;is a thabhairt ar an Tiarna. <\/em>Mar a luadh cheana, f&eacute;achann scol&aacute;ir&iacute; &aacute;irithe ar a bhfuil sna Litreacha Tr&eacute;adacha mar Luath-Chaitliceachas, le gn&eacute;ithe de theagasc agus chleachtadh na hEaglaise comhchoiteann a bheadh ann sa dara c&eacute;ad agus n&iacute;os d&eacute;ana&iacute;, mar shampla comharbacht na nAspal agus an &ldquo;taisce&rdquo; le caomhn&uacute;. Cuirtear Tiom&oacute;id in&aacute;r l&aacute;thair mar chomharba ar Ph&oacute;l Aspal, a leag a l&aacute;mha air go sacraiminti&uacute;il, agus as ar th&aacute;inig bronntanas faoi leith &oacute; Dhia chuig Tiom&oacute;id. Iarrtar anois air an grasta sin a athlasadh. B&iacute;odh go bhfuil b&eacute;im sna litreacha seo ar dh&iacute;lse don chreideamh agus don &ldquo;taisce&rdquo; seachas buanna an Spioraid Naoimh, n&iacute; ionann sin agus a r&aacute; go bhfuil an Eaglais seo &eacute;irithe &ldquo;institi&uacute;idi&uacute;il&rdquo;. N&iacute;l s&iacute; faoi sti&uacute;ir spiorad na meatachta, ach faoi sti&uacute;ir Spiorad an ghr&aacute; agus na stuaime, an stuaim le ruda&iacute; a mheas le d&iacute;lseacht don traidisi&uacute;n agus mar a oireanna do ch&uacute;ins&iacute; nua. Cuid de aon r&eacute; san Eaglais n&aacute; bheith r&eacute;idh le fulaingt ar son Cr&iacute;ost, i gc&aacute;s Thiom&oacute;id i gcomhphairt le P&oacute;l at&aacute; ina chime ag feitheamh le pian an bh&aacute;is. Bronntanas &oacute; Dhia bheith r&eacute;idh d&aacute; leith&eacute;id. Go minic sna litreacha seo tugtar rabhadh bheith san airdeall ar theagasca &eacute;ags&uacute;la nach bhfuil ag teacht le f&iacute;rinne an tsoisc&eacute;il, an &ldquo;teagasc foll&aacute;in&rdquo; mar a thugtar air anseo. Ar theagasc chomhchoitean sin na hEaglaise tugtar anseo &ldquo;taisce&rdquo; nach m&oacute;r a chosaint, a mh&iacute;ni&uacute; agus a sheachadah, ach n&iacute; le stuaim dhaonna ach le cabhair an Spioraid Naoimh at&aacute; ina ch&oacute;nai sna creidmhigh agus san Eaglais.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; text-indent: 0cm;\"><em><span style=\"color: black;\">An Soisc&eacute;al <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">(L&uacute;c&aacute;s 17:5-10) <em>D&aacute; mbeadh creideamh agaibh! <\/em>Is fearr an l&eacute;acht seo a mheas ina chomhth&eacute;acs i Shoisc&eacute;al L&uacute;c&aacute;s. T&aacute;imid sa chuid sin den soisc&eacute;al ar a dtugtar &ldquo;An Turas go hIar&uacute;sail&eacute;im&rdquo;. D&iacute;reach roimh an caibideal seo bh&iacute; tr&aacute;cht ar agallaimh idir &Iacute;osa agus gr&uacute;pa&iacute; n&oacute; daoine &eacute;ags&uacute;la. T&aacute; a bhfuil le r&aacute; ag &Iacute;osa anois d&iacute;rithe ar na deisceabail at&aacute; leis, agus a bheidh san eaglais n&iacute;os d&eacute;ana&iacute;. D&iacute;reach roimh an sliocht seo t&aacute; cur s&iacute;os ar scannail agus maithi&uacute;nas i measc na deisceabal san eaglais. Ionann scannal anseo agus ceap tuisle, rud, gn&iacute;omh n&oacute; r&aacute;iteas a bhaineann tuisle as duine. Is mairg don t&eacute; a dheanann a leith&eacute;id do &ldquo;dhuine beag&rdquo; amh&aacute;in de lucht lean&uacute;na Iosa. N&iacute; leana&iacute; at&aacute; i gceist leis na &ldquo;daoine beaga&rdquo;; n&iacute; raibh aon leana&iacute; i measc na ch&eacute;ad deisceabail. Deisceabail leochaileacha iad ar fuirist a mhealadh n&oacute; a iompar &oacute; chreideamh i gCr&iacute;ost n&oacute; &oacute;na chleachtadh. Dara rud a luaitear n&aacute; maithi&uacute;nas ar&iacute;s agus ar&iacute;s eile i measc na ndeisceabal. <\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; text-indent: 0cm;\"><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Leanann d&iacute;reach ina dhiaidh sin sa l&eacute;acht seo iarratas na ndeisceabal a gcreideamh a mh&eacute;adu, creideamh in &Iacute;osa agus sa soisc&eacute;al is d&oacute;cha. Is ar th&aacute;bhacht agus chumhacht an chreidimh freagra &Iacute;osa, agus l&eacute;ir&iacute;onn s&eacute; le sampla crainn cu&iacute;osach m&oacute;r a bhfuil fr&eacute;amhacha tr&eacute;ana aige. N&iacute; m&oacute;r do dheisceabal bheith san airdeal faoi scannal, tugtha do mhaithi&uacute;nas agus le creideamh l&aacute;idir. Ach n&iacute;l bun&uacute;s do &eacute;ir&iacute; in airde d&oacute; ansin. N&iacute;l d&eacute;anta aige ach an m&eacute;id is g&aacute; do aon duine de lucht lean&uacute;na &Iacute;osa. Sin is br&iacute; le parabal seo &Iacute;osa.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><strong><span style=\"color: black;\">B. An B&iacute;obla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae<\/span><\/strong><span style=\"color: black;\">: <em>Faoi sc&aacute;th D&eacute; agus ar sc&aacute;th a ch&eacute;ile<\/em><\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">Tugann l&eacute;achta&iacute; an lae inniu cuireadh d&uacute;inn agallamh a dh&eacute;anamh leis an saol comhaimsire faoi thr&iacute; theideal, ceann do gach l&eacute;acht, agus baineann siad go l&eacute;ir le gn&eacute;ithe den chreideamh.<\/span><\/p>\n<ol>\n<li><em><span style=\"color: black;\">D&iacute;lseacht, buanseasmhacht le moille D&eacute; agus na hEaglaise. <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">Mairimid i r&eacute; ina mb&iacute;onn an saol agus an<em> <\/em>tsocha&iacute; ag athr&uacute; go tobann, agus ina mb&iacute;onn freagra&iacute; tobanna ag teast&aacute;il, r&eacute;iteach ar fhadhbanna teoirici&uacute;la agus m&oacute;r&aacute;ltachta. Is fada siar a th&eacute;ann na ceisteanna ar Dhia faoi riar an domhain agus ch&uacute;rsa&iacute; eile. Bh&iacute; leabhar fianaise curtha le cheile ag I&oacute;b le freagra&iacute; a fh&aacute;il &oacute; Dhia. D&rsquo;fhreagair Dia I&oacute;b ach n&iacute;or thug s&eacute; freagra ar a cheisteanna. N&iacute;or thug do Habac&uacute;c ach an oiread. Inniu, mar a bh&iacute; i laethanta I&oacute;b agus Habac&uacute;c, n&iacute; m&oacute;r do creidmhigh maireacht&aacute;il lena gcreideamh i nDia, p&eacute; ar bith ceisteanna a bhionn acu. Is su&aacute;ilce dhiaga &eacute; an creideamh a nascann le Dia. Tagann cinnteacht an chreidimh &oacute; Dhia. N&iacute; chuireann ceisteanna n&aacute; a bhaineann leo as don chinnteacht sin.<\/span><\/li>\n<li><em><span style=\"color: black;\">An &ldquo;taisce&rdquo; a chaomhn&uacute;. <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">Is m&oacute;r an cur agus an c&uacute;iteamh san eaglais faoi l&aacute;thair, agus le tamall anuas, ar &aacute;bhair mar oirni&uacute; ban agus mor&aacute;ltacht maidir le c&uacute;rsa&iacute; gn&eacute;is, daoine &aacute; ma&iacute;omh gur c&oacute;ir don Eaglais teacht de r&eacute;ir meon na haoise agus athraithe cu&iacute; a dh&eacute;anamh. D&eacute;anann <em>Caiticiosma na hEaglaise Caitlic&iacute; <\/em>tr&aacute;cht ar an taisce (oidhreacht) seo in &aacute;iteanna &eacute;ags&uacute;la, mar shampla uimhir 97: &ldquo;D&eacute;anann an Traidisi&uacute;n Beannaithe agus an Scriopt&uacute;r Naofa le ch&eacute;ile taisce s&aacute;cr&aacute;ilte &eacute;agsamhalta (<em>singular<\/em>) de bhriathar D&eacute; mar a bheadh sc&aacute;than a mbaineann an Eaglais abhus l&aacute;n a s&uacute;l as Dia ann, an T&eacute; is &uacute;dar lena cuid saibhris ar fad&rdquo; (agus freisin in uimhir 84). T&eacute;ann an bh&eacute;im seo ar dh&iacute;lseacht don &ldquo;taisce&rdquo; siar go t&uacute;s na hEaglaise, mar is l&eacute;ir &oacute;na Litreacha Tr&eacute;adacha (Tiom&oacute;id, T&iacute;otas). Ceist a bheadh, agus at&aacute;, &aacute; c&iacute;oradh n&aacute; an mbaineann pointe &aacute;irithe teagaisc le cro&iacute;l&aacute;r an &ldquo;taisce&rdquo; n&oacute; an ann d&oacute; de bharr coinn&iacute;olacha staire. N&iacute; m&oacute;r an machnamh agus an pl&eacute; ar &aacute;bhair seo r&uacute;ndiamhair an chreidimh a dh&eacute;anamh sa chomhth&eacute;acs a thuileann siad, faoi sti&uacute;ir an Spioraid.<\/span><\/li>\n<\/ol>\n<p style=\"text-align: justify;\"><em><span style=\"color: black;\">3. An creideamh a dh&eacute;anann mior&uacute;ilt&iacute;.<\/span><\/em><span style=\"color: black;\"> D&rsquo;iarr na hAspail ar &Iacute;osa a gcreideamh a mh&eacute;ad&uacute;, creideamh in &Iacute;osa mar theachtaire an Athar agus a leanann as sin, agus neart a bheith d&iacute;lis d&oacute;. Is ar na h-&eacute;achta&iacute; a leanann as creideamh l&aacute;idir a bhi an freagra a thug &Iacute;osa. Sin an creideamh a bh&iacute; ag na hAspail nuair a chuireadar f&uacute;thu an domhan go l&eacute;ir a thabhairt isteach i gcr&oacute; Chriost. T&aacute; an neart c&eacute;anna le sonr&uacute; i gcreideamh na gn&aacute;thmhuintire a thuigeann gur treise cumhacht D&eacute; ina gcro&iacute;the n&aacute; deacracht d&aacute; mh&eacute;id &iacute;.<\/span><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Deireadh Fomhair 2 2016 (C) Seacht&uacute; Domhnach Fichead Saor Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC A. L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir don Bheatha &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-449","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/449","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=449"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/449\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=449"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=449"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=449"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}