{"id":452,"date":"2016-10-06T07:47:27","date_gmt":"2016-10-06T07:47:27","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=452"},"modified":"2016-10-06T07:47:27","modified_gmt":"2016-10-06T07:47:27","slug":"9-deireadh-fomhair-2016-c-ochtu-domhnach-fichead-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=452","title":{"rendered":"9 Deireadh Fomhair 2016 (C) Ocht\u00fa Domhnach Fichead Saor"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">9 Deireadh Fomhair 2016 (C) Ocht&uacute; Domhnach Fichead Saor<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">A. L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">B. <strong><em>An B&iacute;obla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae<\/em><\/strong>: <em>N&iacute; f&eacute;idir laincis a chur ar bhriathar D&eacute;. Fanann s&eacute; go deo. Bheith bu&iacute;och i gc&oacute;nai<strong>.<\/strong><\/em><\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">A. An B&iacute;obla sa Liot&uacute;irge mar threoir don bheatha (L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh)&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; <\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><em><span style=\"color: black;\">C&eacute;ad L&eacute;acht<\/span><\/em><span style=\"color: black;\"> (1 R&iacute;the 5:14-17). <em>D&rsquo;fhill N&aacute;man ar Elisea agus rinne a chreideamh i nDia a fh&oacute;gairt. <\/em>Roghna&iacute;odh an tseoid de l&eacute;acht seo le dul le Soisc&eacute;al an lae inniu. Tuigtear n&iacute;os fearr i m&aacute; dh&eacute;antar &eacute; a shu&iacute;omh ina comhth&eacute;acs n&iacute;os leithne sa Bh&iacute;obla (2 R&iacute;the 5:1-19). Duine uasal a bh&iacute; i N&aacute;man, ceannfort arm r&iacute; Aram (an tSiria), a raibh ardmheas ag a mh&aacute;istir air. Ach bh&iacute; s&eacute; ina lobhar. I gceann dena ruathair a rinne Aram (an tSiria) ar Iosrael th&oacute;gadar ina prios&uacute;nach cail&iacute;n beag agus bh&iacute; s&iacute; ag freastal ar bhean ch&eacute;ile N&aacute;man. Ach n&iacute;or thr&eacute;ig s&iacute; a creideamh i nDia Iosrael. D&uacute;irt s&iacute; len m&aacute;istre&aacute;s go bhf&eacute;adfadh an f&aacute;idh Eilisea N&aacute;man a leigheas &oacute;na lobhra. Chuaidh N&aacute;man chuig an r&iacute; a chuir toscaireacht chuig r&iacute; Iosrael le litir fhoirmi&uacute;il, agus lear m&oacute;r airgid, le N&aacute;man a leigheas d&aacute; lobhra. Scanraigh an r&iacute; &aacute; mheas gur cleas a bh&iacute; ann le ruathar &oacute;n tSiria a thabhairt ar Iosrael. D&eacute;anann Eilisea idirghabh&aacute;il &aacute; r&aacute; go dtiocfadh N&aacute;man chuige f&eacute;in, rud a dh&eacute;anann N&aacute;man agus th&aacute;inig go Eilisea lena chapaill agus a charbad. D&uacute;irt Eilisea leis &eacute; f&eacute;in a n&iacute; seacht n-uaire sa Iord&aacute;in, rud a chuireann olc ar N&aacute;man, agus a iompa&iacute;onn le filleadh agus &eacute; ar buille. Ach cuireann a shearbh&oacute;nta&iacute; ina lu&iacute; air rud a dh&eacute;anamh ar Eilisea, rud a dh&eacute;anann s&eacute; agus leigheastar &eacute;. Tugann seo chun creidimh &eacute; i nDia Iosrael mar an t-Aon Dia amh&aacute;in. N&iacute; thabharfadh s&eacute; adhradh feasta do Hadad Rimmon, dia Aram (Siria). Ach an uair &uacute;d bh&iacute; adhradh d&eacute; ceangailte le ithir, le cr&eacute;, t&iacute;re faoi leith. In ithir na Siria n&iacute; fh&eacute;adfai ach Hadad a adhradh, faoi mar a adhradh Dia Iosrael in ithir Iosrael. Dhi&uacute;ltaigh Eilisea glacadh le aon luach saothair as an mhior&uacute;ilt, agus iarann N&aacute;man air ualach dh&aacute; mhi&uacute;il de chre, ithir, as Iosrael a bheith aige ionas go bhf&eacute;adfhadh s&eacute; Dia Iosrael a adhradh ar chr&eacute; sin Iosrael in a th&iacute;r dh&uacute;chais Siria.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><em><span style=\"color: black;\">Salm le Freagra<\/span><\/em><span style=\"color: black;\"> (Salm 97[98]).<em> D&rsquo;fhoilsigh an Tiarna a shl&aacute;n&uacute; dona n&aacute;isi&uacute;in<\/em>.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><em><span style=\"color: black;\">An Dara L&eacute;acht<\/span><\/em><span style=\"color: black;\"> (2 Tiom&oacute;id 2:8-13). <em>M&aacute; sheasaimid an f&oacute;d, rial&oacute;imid le Cr&iacute;ost<\/em>. Sa sliocht seo, mar a dh&eacute;anann s&eacute; in &aacute;iteanna eile, tugann P&oacute;l chun cuimhne do Tiom&oacute;id ceannteidil &aacute;irithe den chreideamh Cr&iacute;osta&iacute; a mheasann s&eacute; bheith t&aacute;bhachtach d&oacute;, agus b&rsquo;fh&eacute;idir go rabhadh iad do Thiom&oacute;id bheith san airdeall faoi dhaoine aonair n&oacute; ghr&uacute;pa&iacute; a bh&eacute;adh ag s&eacute;anadh na bhf&iacute;rinn&iacute; sin n&oacute; ag caitheamh amhrais orthu. I dtosach b&aacute;ire tagann ais&eacute;ir&iacute; Chr&iacute;ost agus a fh&iacute;ordhaonnacht: rugadh &eacute; de shliocht Dh&aacute;iv&iacute;. C&uacute;is gh&eacute;arlean&uacute;na do Ph&oacute;l f&oacute;gairt an Dea-Sc&eacute;il. T&aacute; s&eacute; i ng&eacute;ibheann ar n&oacute;s an choirpigh. Ach n&iacute;l aon gh&eacute;ibheann ar bhriathar D&eacute;. Prionsabal bun&uacute;sach &eacute; sin do Ph&oacute;l, agus c&uacute;is d&oacute;chais d&oacute;, agus do Thiom&oacute;id chomh maith. Rinne P&oacute;l tagairt d&aacute; leitheid de phriobansal ag scr&iacute;obh chuig na Filipigh d&oacute; (Filipigh 1:12-14). B&rsquo;fh&eacute;idir go raibh P&oacute;l ag smaoineamh ar a scr&iacute;obadh in &Iacute;sea&iacute;a 55:11 ar &eacute;ifeacht Bhriathar D&eacute;, ina deireann Dia: &ldquo;An briathar a th&eacute;ann as mo bh&eacute;al, n&iacute; fhilleann s&eacute; orm gan toradh, gan an rud a b&rsquo;&aacute;il liom a dh&eacute;anamh agus mo bheart a chur i gcr&iacute;ch&rdquo;. De bharr a chreidimh sin in &eacute;ifeacht bhriathar D&eacute;, cuireann P&oacute;l suas le gach s&oacute;rt triobl&oacute;ide a bhaineann lena mhisean, gur aidhm d&oacute; an sl&aacute;n&uacute; in &Iacute;osa Cr&iacute;ost agus an ghl&oacute;ir a bhaineann leis a chur ar f&aacute;il. Faoin dteideal a luadh cheana (1 Tiom&oacute;id 1:15, san l&eacute;acht don cheathr&uacute; Domhnach fichead) &ldquo;Is f&iacute;or an r&aacute;iteas &eacute;&rdquo;, ag deireadh an tsleachta tagann c&uacute;ig l&iacute;ne meadracha, go m&rsquo;fh&eacute;idir gur cuid iad de luath-iomann Cr&iacute;ostai. Cuireann siad s&iacute;os ar bhuanseasmhacht D&eacute; agus sinne i bp&aacute;irt le Cr&iacute;ost.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><em><span style=\"color: black;\">An Soisc&eacute;al<\/span><\/em><span style=\"color: black;\"> (L&uacute;c&aacute;s 17:11-19). <em>N&iacute; raibh aon duine le f&aacute;il a thiocfadh ar ais ag tabhairt gl&oacute;ire do Dhia ach an coimhth&iacute;och seo amh&aacute;in<\/em>. Tuigfear a bhfuil le r&aacute; sa l&eacute;acht seo n&iacute;os fearr m&aacute; thugtar faoi deara tr&iacute; phointe ann, is &eacute; sin le r&aacute; a &aacute;it taobh istigh den phlean at&aacute; i shoisc&eacute;al Luc&aacute;s, go luaitear lobhair ann, agus an tagairt ann don teorann idir an tSam&aacute;ir agus an Ghail&iacute;l. T&aacute; an l&eacute;acht suite sa chuid sin den soisc&eacute;al i L&uacute;cas 9:51-18:14 ar a dtugtar &ldquo;Turas &Iacute;osa go hIar&uacute;sail&eacute;im&rdquo;: &ldquo;Nuair a bh&iacute; an t-am ag teacht go dt&oacute;gfa&iacute; as an saol &eacute;, bhuail s&eacute; (&Iacute;osa) roimhe go d&aacute;na ag d&eacute;anamh ar Iar&uacute;sail&eacute;im&rdquo; (9:51), ar Iar&uacute;sail&eacute;im &aacute;it ina dheanfar &eacute; a chur chun b&aacute;is agus a gl&oacute;iri&uacute;, agus an &aacute;it a dtiocfadh an Spiorad Naomh ar a lucht lean&uacute;na chun t&uacute;s a chur le f&oacute;gairt an tSoisc&eacute;il go cr&iacute;ocha an domhain. Mar aon leis seo sa l&eacute;acht t&aacute; an caidreamh idir Ghi&uacute;daigh agus Sam&aacute;irigh. Bh&iacute; na Sam&aacute;irigh ag cur f&uacute;thu i gcr&iacute;ch idir an Ghail&iacute;l agus an I&uacute;d&aacute;ia. N&iacute;or ghlac na Gi&uacute;daigh leo mar fh&iacute;or-Ghi&uacute;daigh agus bh&iacute; naimhdeas domhain eatorthu. Mhothaigh &Iacute;osa agus a dheisceabail &eacute; sin ag t&uacute;s an turais seo ar a sl&iacute; go hIar&uacute;sail&eacute;im (L&uacute;c&aacute;s 9:51-56; sliocht san Aifreann don 13&uacute; Domhnach). Thug &Iacute;osa a aghaidh i gcoinne aon r&eacute;amhchlaonadh cin&iacute;och ina pharabal ar an Sam&aacute;ireach F&oacute;nta (L&uacute;c&aacute;s 10:22-37; a l&eacute;adh san Aifreann don 15&uacute; Domhnach). Ba eisean, seachas an sagart Gi&uacute;dach n&oacute; an Leiv&iacute;teach Giudach, a thuig br&iacute; na haithne gr&aacute; a thabhairt don chomharsa. Ansin sa l&eacute;acht tagann an cheist faoi na lobhair agus an lobhra. N&iacute; h&eacute; an galar is eol d&uacute;inn inniu an lobhra a bhfuil cur s&iacute;os uirthi sa Seantiomna n&oacute; sa Tiomna Nua. Galar craicinn t&oacute;g&aacute;lach de sh&oacute;rt &eacute;igin, n&oacute; de shaghasanna &eacute;igin, a bh&iacute; ann. Cuireadh cosc ar an t&eacute; a bhi &aacute; fhulaingt bheith pairteach i sheirbhisi liot&uacute;irgeacha. n&oacute; sa saol sibhialta, go dt&iacute; go bhf&oacute;gr&oacute;fa&iacute; leigheasta (&ldquo;glan&rdquo;) &eacute; ag sagart sa Teampall. An m&eacute;id sin r&aacute;ite, is feidir linn filleadh ar l&eacute;acht an lae inniu. Suitear an eachtra &ldquo;feadh na teorann idir an tSam&aacute;ir agud an Ghail&iacute;l&rdquo;. N&iacute;l sp&eacute;is ag L&uacute;c&aacute;s sa t&iacute;reola&iacute;ocht agus n&iacute; deir s&eacute; linn ar c&eacute;n taobh den teorann a tharla an eachtra. N&iacute; dh&eacute;anann galar na lothra aon rogha idir chin&iacute;ocha, Gi&uacute;dach n&oacute; Sam&aacute;ireach. Toisc gur lobhair iad n&iacute; thagann siad congarach do &Iacute;osa. Deireann &Iacute;osa leo iad f&eacute;in a thaispe&aacute;int do na sagairt, a bhfuil geall&uacute;int leighis intuigthe ann. Tharla an leigheas ar an mbealach d&oacute;ibh. An t-aon duine d&iacute;obh a chas le bu&iacute;ochas a ghabh&aacute;il le h&Iacute;osa n&aacute; Sam&aacute;ireach. Ionann bu&iacute;ochas a ghabh&aacute;il le h&Iacute;osa agus gl&oacute;ir a thabhairt do Dhia faoina rinne s&eacute; tr&iacute; &Iacute;osa. An athuair t&eacute;ann &Iacute;osa an Gi&uacute;dach thar c&uacute;rsa cin&iacute;ochais leis an Sam&aacute;ireach agus an creidreamh a bh&iacute; aige a mholadh. Tar &eacute;is an ais&eacute;iri agus le teacht an Spioraid Naoimh n&iacute; ann a thuilleadh an teorann idir an tSam&aacute;ire agu an Ghail&iacute;l, n&oacute; idir Gi&uacute;dach agus Gr&eacute;igeach, pag&aacute;nach. Beidh na deisceabail anois ina bhfinn&eacute;ithe ar &Iacute;osa in Iar&uacute;sail&eacute;im agus ar f&uacute;d I&uacute;d&aacute;ia go l&eacute;ir agus na Sam&aacute;ire agus a fhad le himeall an domhain (Gn&iacute;omhartha 1:8). Rud eile sa l&eacute;ir&iacute;onn an l&eacute;acht seo n&aacute; chomh t&aacute;bhachtach is at&aacute; s&eacute; bu&iacute;ochas ghabh&aacute;il le Dia agus lena ch&eacute;ile. Mar a deirimid le Dia i Preaf&aacute;id Choiteann IV den Aifreann: &ldquo;&Oacute;ir n&iacute;l t&uacute; ag brath ar &aacute;r moladh ach mar sin f&eacute;in is t&iacute;olachadh de do chuid &eacute; a ch&uacute;itimid leat le bu&iacute;ochas. Mar n&iacute; m&eacute;ad&uacute; ort &aacute;r mbearta molta, ach t&eacute;ann siad i dtairbhe sl&aacute;naithe d&uacute;inn f&eacute;in, tr&iacute; Chriost &Aacute;r dTiarna&rdquo;.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><strong><em><span style=\"color: black;\">B. An B&iacute;obla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: N&iacute; f&eacute;idir laincis a chur ar bhriathar D&eacute;. Fanann s&eacute; go deo. Bheith bu&iacute;och i gc&oacute;nai.<\/span><\/em><\/strong><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">Ina litir chuig na R&oacute;mh&aacute;nagh (15:4) deir P&oacute;l: &ldquo;Gach ar scr&iacute;obhadh fad&oacute; is d&aacute;r dteagascna a scr&iacute;obhadh &eacute; chun go mbeadh an fhoighne agus an s&oacute;l&aacute;s at&aacute; ar f&aacute;il sa scriopt&uacute;r ina n-&aacute;bhar d&oacute;chais d&uacute;inn&rdquo;. Tugann na briathra sin cuireadh d&uacute;inn machnamh a dh&eacute;anamh go rialta ar l&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh, le misneach agus s&oacute;l&aacute;s a bhaint astu. N&iacute; g&aacute; d&uacute;inn dul go r&oacute;-dhomhain isteach iontu anseo, mar t&aacute; cuid den mhachnamh d&eacute;anta cheana f&eacute;in ag cur s&iacute;os ar na l&eacute;achta&iacute;.<\/span><\/p>\n<ol start=\"1\" style=\"margin-top: 0cm;\">\n<li style=\"color: black; text-align: justify;\"><em>Maireann Briathar D&eacute; go deo.<\/em>T&aacute; sampla de seo againn sa ch&eacute;ad l&eacute;acht. Bh&iacute; an f&aacute;idh Eilisea gn&iacute;omhach thart ar an mbliain 850 roimh Chr&iacute;ost. Tugaann an l&eacute;acht sampla d&uacute;inn ar fh&aacute;idh &oacute; Iosrael ag taispe&aacute;int cine&aacute;ltais agus ag tabhairt leighis do choimhth&iacute;och, do cheannaire arm tire a bh&iacute; naimhdeach d&aacute; th&iacute;r. Comhartha a bh&iacute; ann don Dea-Sc&eacute;al a bh&iacute; le fogairt do na pag&aacute;naigh na c&eacute;adta bliain n&iacute;os d&eacute;ana&iacute;. Tugann &Iacute;osa sin le fios d&aacute; mhuintir f&eacute;in sa Nasair, nuair a luiagh s&eacute; sampla Eilisea mar chomhartha go raibh an Dea-Sc&eacute;al le f&oacute;gairt thar an chine tofa amach (L&uacute;c&aacute;s 5:27). N&iacute; f&eacute;idir laincis, g&eacute;ibheann, a chur ar bhriathar D&eacute;, mar a mheabhraidh P&oacute;l do Thiom&oacute;id. T&aacute; cumhacht d&aacute; chuid f&eacute;in i mBriathar D&eacute;. Ba ch&oacute;ir go dtabharfadh an smaoineamh seo r&uacute;ndaingne sa chreideamh agus uchtach d&uacute;inn inniu. T&aacute; stair, agus r&eacute;amh-stair, fhada ag caidreamh D&eacute; leis an cine daonna roimh &aacute;r linn f&eacute;in, agus beidh a thuilleadh f&oacute;s ann.<\/li>\n<li style=\"color: black; text-align: justify;\"><em>Gabh&aacute;il bu&iacute;ochais. <\/em>Tugadh aird d&oacute; seo sa cur s&iacute;os ar an l&eacute;acht &oacute;n Soisc&eacute;al d&uacute;inn.<\/li>\n<\/ol>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>9 Deireadh Fomhair 2016 (C) Ocht&uacute; Domhnach Fichead Saor Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC A. L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir don Bheatha &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-452","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/452","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=452"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/452\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=452"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=452"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=452"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}