{"id":454,"date":"2016-10-12T08:15:06","date_gmt":"2016-10-12T08:15:06","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=454"},"modified":"2016-10-12T08:15:06","modified_gmt":"2016-10-12T08:15:06","slug":"16-deireadh-fomhair-2016-c-naou-domhnach-fichead-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=454","title":{"rendered":"16 Deireadh F\u00f3mhair 2016 (C) Nao\u00fa Domhnach Fichead Saor"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">16 Deireadh F&oacute;mhair 2016 (C) Nao&uacute; Domhnach Fichead Saor<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">A. L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">B. An B&iacute;obla in agallamh le ceisteanna an lae<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">B. <strong><em>An B&iacute;obla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae<\/em><\/strong>: <em>Urna&iacute; gan staonadh. L&eacute;amh an Scriopt&uacute;ir.<\/em><\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">A. An B&iacute;obla sa Liot&uacute;irge mar threoir don bheatha (L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh)<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><em><span style=\"color: black;\">C&eacute;ad L&eacute;acht<\/span><\/em><span style=\"color: black;\"> (Exodus 17:8-13). <em>Fad a choinnigh Maois a l&aacute;mh in airde, bh&iacute; an l&aacute; le Iosrael.<\/em> Sa ch&uacute;lra sa Bh&iacute;obla t&aacute; Iosrael ar an dturas &oacute;n &Eacute;igipt chuig an talamh Naofa, T&iacute;r Tairngire. Treibh fh&iacute;ochmar san fh&aacute;sach ab ea Am&aacute;l&eacute;c. Naimhde d&rsquo;Iosrael a bh&iacute; iontu, agus lean cogadh eatorthu ar feadh c&eacute;adta bliain. &lsquo;Cogadh Naofa&rsquo; a bh&iacute; ann agus de r&eacute;ir gh&aacute;sanna Seim&iacute;techa bh&iacute; Iosrael le h-iad a dh&iacute;oth&uacute;, a dh&iacute;sci&uacute;, a chur de dhroim tal&uacute;n ar fad. Seo &eacute; an ch&eacute;ad chath eatorthu. N&oacute;s na haimsire a bh&iacute; ann, barbarach go leor, ach mar ionstraim f&eacute;inchosanta. Ach n&iacute; air sin a dh&iacute;r&iacute;onn liot&uacute;irge an lae inniu &aacute;r n-aire, ach ar urna&iacute; Mhaois agus a h&eacute;ifeacht. Luaitear an laoch &oacute;g I&oacute;sua don ch&eacute;ad uair anseo, mar cheannaire arm Iosrael. N&iacute; luaitear Hur ach uair amh&aacute;in eile (Exodus 24:14) mar a bhfuil s&eacute; ar chomhch&eacute;im ar&iacute;s le &Aacute;r&oacute;n, dearth&aacute;ir Mhaois<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><em><span style=\"color: black;\">Salm le Freagra<\/span><\/em><span style=\"color: black;\"> (Salm 120[121]). <em>Is &oacute;n Tiarna f&eacute;in at&aacute; mo ch&uacute;namh &ndash; eisean a rinne neamh agus talamh.<\/em><\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><em><span style=\"color: black;\">An Dara L&eacute;acht<\/span><\/em><span style=\"color: black;\"> (2 Tiom&oacute;id 3:14-4:2). <em>T&aacute; fear oibre D&eacute; l&aacute;noilte ar a cheird agus ullamh i gcomhair gach cine&aacute;l dea-&shy;oibreacha. <\/em>D&iacute;reach roimh sliocht an lae inniu (2 Tiom&oacute;id 3:19) tugann P&oacute;l rabhadh do Thiom&oacute;id bheith san airdeal ar bhr&eacute;agchreideamh agus na br&eacute;agthuairm&iacute; a bheidh le teacht. T&aacute; eiseaml&aacute;ir an fh&iacute;orchreidimh agus dea-iompair le f&aacute;il ag Tiom&oacute;id i bP&oacute;l f&eacute;in agus sa mh&eacute;id a fhulaing s&eacute;. I l&eacute;acht an lae inniu deirann s&eacute; le Tiom&oacute;id bheith deimhin ina chreideamh agus d&iacute;lis don teagasc a fuair s&eacute; &oacute;na a mhuintir f&eacute;in (2 Tiom&oacute;id 1:5) agus &oacute; Ph&oacute;l f&eacute;in. Ansin luann s&eacute; an fhoinse &oacute;nar ch&oacute;ir teagasc Cr&iacute;osta&iacute; agus cinnteacht teacht, is &eacute; sin le r&aacute; &ldquo;na scr&iacute;bhinn&iacute; naofa a bhfuil ar a gcumas th&uacute; a dh&eacute;anamh eagna&iacute; agus th&uacute; a sheoladh chun sl&aacute;naithe tr&iacute; chreideamh in &Iacute;osa Cr&iacute;ost&rdquo;. Scr&iacute;bhinn&iacute; an Seantiomna at&aacute; i gceist, ar nd&oacute;igh. N&iacute;orb ann f&oacute;s don Tiomna Nua. Ansin tugann P&oacute;l an bun&uacute;s at&aacute; leis sin go l&eacute;ir. T&aacute; cumhacht faoi leith ag baint leis na scr&iacute;bhinn&iacute; sin. T&aacute; inspior&aacute;id, tinfeadh, D&eacute; i ngach cuid den scriopt&uacute;r. T&aacute; teagasc agus cumhacht D&eacute; faoi leith iontu a dh&eacute;anann f&oacute;nta iad le go mbeadh lucht teasgaisc, fear oibre D&eacute; (focal ar fhocal: &ldquo;duine le Dia&rdquo;, &ldquo;duine is le Dia&rdquo;) amhail Tiom&oacute;id oilte ar a cheird. Agus n&iacute; ceannair&iacute; na hEaglaise amh&aacute;in, ach gach creidmheach chomh maith, a bhainfeadh an tairbhe sin &oacute;n Scriopt&uacute;r. Leagann Eaglais an lae inniu b&eacute;im l&aacute;idir ar &aacute;it an Scriopt&uacute;ir sa beatha Chr&iacute;osta&iacute;, agus molann s&iacute; da baill eolas agus aithne a chur ar an mB&iacute;obla, agus &eacute; a leamh agus m&iacute;ni&uacute; air a f&aacute;il faoi l&eacute;as an Spioraid Naoimh, an Spiorad sin ar scr&iacute;obhadh faoin an&aacute;il, faoina inspioraid, &eacute;. Cuireann P&oacute;l cr&iacute;och leis an aitheasc seo chuig Tiom&oacute;id ag imp&iacute; air an Dea-Sc&eacute;al a fh&oacute;gairt i dtr&aacute;th agus in antr&aacute;th, &ldquo;ag &aacute;iteamh, ag casaoid, ag spreagadh agus ag teagasc gan staonadh le barrr foighne&rdquo;. Sin mar a bh&iacute; i dt&uacute;s na hEaglaise, agus is mar sin at&aacute; i gc&oacute;na&iacute;, ach inniu n&iacute; f&eacute;idir an dualgas, an tasc, sin a fh&aacute;gaint ar cheannair&iacute; na hEaglaise amh&aacute;in. Finn&eacute;ithe don Dea-Sc&eacute;al gach creidmheach, gach duine mar a oireann d&oacute;ibh.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><em><span style=\"color: black;\">An Soisc&eacute;al<\/span><\/em><span style=\"color: black;\"> (L&uacute;c&aacute;s 18:1-8). <em>D&eacute;anfaidh Dia ceart d&aacute; mhuintir thofa f&eacute;in a bh&iacute;onn<\/em> <em>ag &eacute;amh air. <\/em>Go minic is cabhair d&uacute;inn tuiscint n&iacute;os doimhne a fh&aacute;il ar shliocht Domhnaigh an tSoisc&eacute;il ach &eacute; a shu&iacute;omh ina chomhth&eacute;acs sa Bh&iacute;obla. T&aacute; an t&eacute;acs d&iacute;reach roimh an cheann seo ag cur s&iacute;os ar th&eacute;arnamh, ateacht, &Iacute;osa, Mac an Duine. Fiafra&iacute;onn na Fairis&iacute;nigh d&rsquo;&Iacute;osa c&eacute;n uair a bheadh r&iacute;ocht D&eacute; ag teacht. D&rsquo;fhreagair &Iacute;osa nach amhlaidh a bhraitear ag teacht &iacute;, agus go raibh r&iacute;ocht D&eacute; ina l&aacute;r si&uacute;d cheana. Ansin labhair &Iacute;osa lena dheisceabail faoi th&eacute;arnamh, ateacht, Mhac an Duine. Bh&iacute; moill ateacht &Iacute;osa ag cur imn&iacute; ar bhu&iacute;onta &aacute;irithe san Eaglais &oacute;g. N&iacute;or mh&oacute;r creideamh agus d&iacute;lse, cothaithe le hurna&iacute;, ina a leith&eacute;id de atmaisf&eacute;ir. T&aacute; an parabal i Shoisc&eacute;al an lae inniu ag cur s&iacute;os ar riachtanas na urna&iacute;. Mar a d&uacute;irt &Iacute;osa: n&iacute;orbh fhol&aacute;ir bheith ag gu&iacute; de ghn&aacute;th gan bheith cortha de cho&iacute;che. Labhra&iacute;onn an parabal uaidh f&eacute;in. Cuireann &Iacute;osa Dia i gcompar&aacute;id leis an bhreitheamh &eacute;agc&oacute;rach. Is m&oacute; go m&oacute;r a dh&eacute;anfaidh Dia ceart d&aacute; mhuintir thofa a bh&iacute;onn ag &eacute;amh air de l&oacute; is d&rsquo;o&iacute;che n&aacute; an breitheamh &uacute;d. Sa leagan Gaeilge leanann air sin an r&aacute;iteas d&eacute;bhr&iacute;och seo: &ldquo;agus eisean ag d&eacute;anamh foighne ina gc&aacute;s&rdquo;. N&iacute;ltear ar aon aigne faoi conas an Ghr&eacute;igis taobh thiar den t&eacute;acs seo a chiall&uacute; n&oacute; a aistri&uacute;; mar shampla&iacute;: &ldquo;D&eacute;anfaidh s&eacute; &eacute; gan mhoill&rdquo;; &ldquo;An nd&eacute;anfaidh s&eacute; moill &eacute; a dh&eacute;anamh?&rdquo;, n&oacute; b&rsquo;fh&eacute;idir: &ldquo;Fi&uacute; m&aacute; dh&eacute;anann s&eacute; moill &eacute; a dh&eacute;anamh&rdquo;, ciall a rachadh leis an moill in ateacht Chriost. Ach is &eacute; &eacute;irim an pharabail, agus a mh&iacute;niu ag &Iacute;osa, go gcloiseann Dia guth an ainniseora agus go nd&eacute;anann s&eacute; rud air, freagra cinnte. Sa r&aacute;iteas deiridh &ldquo;Ach nuair a thiocfaidh Mac an Duine, an bhfaighidh s&eacute; creideamh ar an talamh?&rdquo;, filleann &Iacute;osa ar th&eacute;ama Ateacht, T&eacute;arnamh, Mhac an Duine. An creideamh at&aacute; i gceist n&iacute; creideamh i nDia &eacute;, ach an d&iacute;lse is dual le linn feithimh le teacht Mhac an Duine mar a gealladh. &ldquo;Maireann an f&iacute;r&eacute;an tr&iacute;na chreideamh, a dh&iacute;lse&rdquo;.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><strong><em><span style=\"color: black;\">B. An B&iacute;obla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: <\/span><\/em><\/strong><em><span style=\"color: black;\">Urna&iacute; gan staonadh. L&eacute;amh an Scriopt&uacute;ir.<\/span><\/em><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">T&aacute; dh&aacute; &aacute;bhar machnaimh soil&eacute;ir d&uacute;inn i liot&uacute;irge an lae inniu, agus t&aacute; baint acu eatorthu f&eacute;in. Is iad sin gairm &Iacute;osa chun na hurna&iacute; agus b&eacute;im Ph&oacute;il ar an mB&iacute;obla mar threoir don bheatha Chr&iacute;osta&iacute;, a bhfuil b&eacute;im air chomh maith againn sa su&iacute;omh idirl&iacute;n seo. <\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">Maidir leis an urna&iacute;, t&aacute; s&iacute; riachtanach, mar n&iacute; thuigtear creideamh Chr&iacute;ost gan caidreamh pearsanta le Dia sa ghu&iacute;, sa phaidreoireacht. Is r&uacute;ndiamhair &iacute; an Chr&iacute;osta&iacute;ocht, r&uacute;ndiamhair a &eacute;il&iacute;onn an caidreamh sin. N&iacute; beo don chreideamh ina h&eacute;agmais. Is ioma&iacute; sin sl&iacute;te at&aacute; ann le urna&iacute; a dh&eacute;anamh, go poibl&iacute; n&oacute; go pr&iacute;obh&aacute;ideach, ach n&iacute; m&oacute;r do gach saghas d&iacute;obh a bheith pearsanta, duine i gcaidreamh le Dia agus don Chr&iacute;ostai caidreamh faoi sti&uacute;ir an Spioraid Naoimh.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">Sa mh&eacute;id a bhaineann le l&eacute;amh agus staid&eacute;ar an Bh&iacute;obla de, n&iacute; fearr &aacute;it le tos&uacute; ar a dt&aacute;bhacht n&aacute; an t&eacute;acs as an litir chuig Tiom&oacute;id a l&eacute;amh inniu. N&iacute; dochar a mheabhr&uacute; f&oacute;s an bh&eacute;im a leag an Eaglais i Vatacain II ar &aacute;it an Bh&iacute;obla sa Liot&uacute;irge Nua, go m&oacute;r m&oacute;r in Aifreann an Domhnaigh. Ach chomh maith c&eacute;anna sa doicim&eacute;ad ar Bhriathar D&eacute; (<em>Dei Verbum<\/em>) t&aacute; caibideal ioml&aacute;n ann ar an Scriopt&uacute;r Naofa i mbeatha na hEaglaise, agus i ngach gn&eacute; di. Sa chaibideal seo meabhra&iacute;tear don chl&eacute;ir &ndash; sagairt, d&eacute;ag&aacute;naigh, caiticeasm&oacute;ir&iacute; &ndash; iad sin a bhfuil baint dh&iacute;reach acu le ministreacht an Bhriathair, iad f&eacute;in a thumadh go hioml&aacute;n sna Scrioptuir le l&eacute;amh deabh&oacute;ideach agus taighde d&iacute;ochra. I doicim&eacute;id eile den Chomhairle cheanna, i bhfor&oacute;gra ar mhinistreacht agus bheatha na sagart, t&eacute;itear i bhfad n&iacute;os doimhne isteach sa cheist, go h&aacute;irithe faoin cheangal ar ch&oacute;ir a dh&eacute;anamh idir mh&iacute;n&iacute;u na l&eacute;achta&iacute; agus ceisteanna comhaimsire, ceist a dh&eacute;antar iarracht freastal a dh&eacute;anamh uirthi sa togra seo.<\/span><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>16 Deireadh F&oacute;mhair 2016 (C) Nao&uacute; Domhnach Fichead Saor Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC A. L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir don Bheatha &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-454","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/454","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=454"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/454\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=454"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=454"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=454"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}