{"id":455,"date":"2016-10-19T09:18:51","date_gmt":"2016-10-19T09:18:51","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=455"},"modified":"2016-10-19T09:18:51","modified_gmt":"2016-10-19T09:18:51","slug":"23-deireadh-fomhair-2016-c-triochadu-domhnach-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=455","title":{"rendered":"23 Deireadh F\u00f3mhair 2016 (C) Tr\u00edochad\u00fa Domhnach Saor"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"font-variant: small-caps; color: black;\">23 Deireadh F&oacute;mhair 2016 (C) Tr&iacute;ochad&uacute; Domhnach Saor<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">A. L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">B. An B&iacute;obla in agallamh le ceisteanna an lae<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><strong><span style=\"color: black;\">B. <em>An B&iacute;obla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae<\/em><\/span><\/strong><span style=\"color: black;\">: <em>&ldquo;N&aacute;<strong> b&iacute;g&iacute; ardn&oacute;sach ach d&eacute;anaig&iacute; caidreamh leis na daoine &iacute;sle&rdquo;<\/strong><\/em><\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">A. An B&iacute;obla sa Liot&uacute;irge mar threoir don bheatha (L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh)<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\"> &nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; <\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><em><span style=\"color: black;\">C&eacute;ad L&eacute;acht<\/span><\/em><span style=\"color: black;\"> (S&iacute;rach 35:12-14, 16-19). <em>T&eacute;ann gu&iacute; an duine uir&iacute;sil suas tr&iacute; na n&eacute;alta. <\/em> Baineann leabhar &Iacute;osa Ben S&iacute;ra (Ecclesiasticus) le litr&iacute;ocht eagna an tSeantiomna. D&rsquo;eascair luath-litr&iacute;ocht an traidisi&uacute;in seo as an taith&iacute; dhaonna ar an saol, gan tagairt don chonradh le Dia. T&aacute; roinnt mhaith de seo i leabhar Ben Sira chomh maith, saoi a raibh scoil den l&eacute;ann seo aige in Iar&uacute;sail&eacute;im. Scr&iacute;obh s&eacute; an leabhar seo thart ar an mbliain 180 roimh Chr&iacute;ost, ach nasc s&eacute; an conradh, an deabh&oacute;id agus Dl&iacute; Mhaois leis an eagna. Sa sliocht seo labhra&iacute;onn s&eacute; &oacute;n taith&iacute; dhaonna agus &oacute;na oidhreacht chreidimh. T&aacute; an comhth&eacute;acs lena mbaineann an sliocht ag cur s&iacute;os ar Dhia mar bhreitheamh c&oacute;ir, nach nd&eacute;anann faill&iacute; ar an duine dear&oacute;il. Baineann achain&iacute; an duine dheabh&oacute;idigh agus an duine uir&iacute;sil na n&eacute;alta amach agus t&eacute;ann tr&iacute; na n&eacute;alta go Dia f&eacute;in ar neamh. Leagann an sliocht b&eacute;im ar an umhla&iacute;ocht agus an uir&iacute;sle i l&aacute;thair D&eacute;, agus mar sin t&eacute;ann s&eacute; le Soisc&eacute;al an lae inniu. Mar aon le sin tugann s&eacute; le fios go seasann Dia ceart don duine mac&aacute;nta agus go dtugann s&eacute; freagra gan mhoill.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><em><span style=\"color: black;\">Salm le Freagra<\/span><\/em><span style=\"color: black;\"> (Salm 33[34]). <em>Scread an t-ainniseoir is chuala an Tiarna &eacute;.<\/em><\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><em><span style=\"color: black;\">An Dara L&eacute;acht<\/span><\/em><span style=\"color: black;\"> (2 Tiom&oacute;id 4:6-8, 16-18). <em>T&aacute; craobh na f&iacute;r&eacute;antachta r&eacute;idh i mo chomhair feasta. <\/em>Tiomna &aacute;lainn Ph&oacute;il at&aacute; anseo. N&iacute; d&oacute;cha gur &oacute; pheann Ph&oacute;il f&eacute;in na Litreacha Tr&eacute;adacha, ach &oacute; ghl&uacute;in tar &eacute;is a bh&aacute;is, a fh&eacute;achann siar ar shaol agus shaothar an aspail agus an oidhreacht a fh&aacute;g s&eacute; ina dhiaidh. Cuirtear a fheartlaoi f&eacute;in anois i mbeola Ph&oacute;il. Deir s&eacute; le Tiom&oacute;id go bhfuil a r&aacute;s rite, a bh&aacute;s geall le bheith buailte leis. Baineann s&eacute; &uacute;said as dh&aacute; &iacute;omh&aacute; chuige sin. An ch&eacute;ad cheann n&aacute; a bh&aacute;s mar &iacute;obairt, &iacute;omh&aacute; ar bhain s&eacute; &uacute;s&aacute;id cheana aisti ag scriobh chuig na Filipigh d&oacute; (Filipigh 2:17), tr&aacute;th, b&rsquo;fh&eacute;idir a raibh s&eacute; i mbaol b&aacute;is: &ldquo;Fiu amh&aacute;in m&aacute; t&aacute; mo chuid fola le doirteadh agam mar dheoch ofr&aacute;la ar an iobairt a dh&eacute;anann sibh chun D&eacute; le bh&uacute;r gcreideamh, t&aacute; &aacute;thas orm faoi&rdquo;. Amhail mar a dhoirt&iacute;odh mar dheoch ofr&aacute;la de fh&iacute;on, de uisce n&oacute; d&rsquo;ola ar &iacute;obairt&iacute;, mar sin a dhoirtfear fuil Ph&oacute;il ar a &iacute;obairt mar mhairt&iacute;reach. An dara &iacute;omh&aacute; at&aacute; aige faoina bh&aacute;s n&aacute; imeacht: beidh s&eacute; ag scaoileadh seoil. Tugann s&eacute; dh&aacute; &iacute;omh&aacute; eile faoina bheatha: comhrac agus r&aacute;s. Thuigfeadh Tim&oacute;teas agus Cr&iacute;ostaithe eile go maith an comhrac m&oacute;r a throid s&eacute; &oacute;n ch&eacute;ad l&aacute; ar glaoigh Cr&iacute;ost air ar an mbealach go dti an Damaisc le creideamh i gCriost agus an sl&aacute;n&uacute; tr&iacute; chreideamh amh&aacute;in a thabhairt do na pag&aacute;naigh, gan laincis&iacute; an Ghi&uacute;dacais. T&aacute; a chuid litreacha chuig na hEaglais&iacute; l&aacute;n d&rsquo;fhianaise air sin. T&aacute; a r&aacute;s rite anois agus an creideamh come&aacute;dta sl&aacute;n aige. Ag scr&iacute;obh chuig na Coirintigh d&oacute; labhair P&oacute;l faoin chraobh dh&iacute;omuan a bheadh le buachaint ag luathchleasaithe (1 Coirintigh 9:24-25) agus an chraobh thar barr a bheadh le baint amach ag lucht lean&uacute;na d&iacute;lse Chr&iacute;ost. Anois bh&iacute; craobh na f&iacute;r&eacute;antachta ag feithamh leis f&eacute;in agus ag gach duine a bheadh ag tn&uacute;th le teacht Chr&iacute;ost. Sa dara mir de l&eacute;acht an lae inniu cuireann P&oacute;l s&iacute;os ar faoi mar ar thr&eacute;ig gach aoinne &eacute; in am an gh&aacute;tair ina ch&eacute;ad ch&uacute;is ch&uacute;irte. N&iacute; fios d&uacute;inn na c&uacute;ins&iacute; a bhain leis sin; i ng&eacute;arlean&uacute;int faoin Impire Ner&oacute;n sa R&oacute;imh, b&rsquo;fh&eacute;idir. N&iacute; fios d&uacute;inn ach an oiread c&eacute;rb iad na pag&aacute;naigh a &eacute;ist leis an Dea-Sc&eacute;al &oacute; Ph&oacute;l; iad sin a raibh baint acu lena bhraighdeanas b&rsquo;fh&eacute;idir. Seo comhrac deiridh Ph&oacute;il agus &eacute; ag feitheamh le bheith t&oacute;gtha sl&aacute;n chun r&iacute;ocht D&eacute; ar neamh. Is iontach na briathra deiridh seo uaidh ina Thiomna, agus &eacute; ag f&aacute;gaint a oidhreachta linn: &ldquo;Moladh go deo le Dia. Amen&rdquo;.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><em><span style=\"color: black;\">An Soisc&eacute;al<\/span><\/em><span style=\"color: black;\"> (L&uacute;c&aacute;s 18:9-14) <em>Chuaigh an poibleac&aacute;nach s&iacute;os abhaile f&iacute;r&eacute;anaithe, n&iacute; ionann is an Fairis&iacute;neach. <\/em>Ag t&uacute;s an t&eacute;acs deirtear linn go bhfuil an parabal seo d&iacute;rithe ar dhaoine a bh&iacute; cinnte go rabhadar f&eacute;in f&iacute;r&eacute;anta, i gcaidreamh c&oacute;ir le Dia, agus d&iacute;mheas acu ar ch&aacute;ch eile. Le ceacht a thabhairt faoi seo roghna&iacute;tear duine mar eiseaml&aacute;ir do gach gr&uacute;pa d&iacute;obh faoi leith &ndash; Fairis&iacute;neach agus poibleac&aacute;nach, sin le r&aacute; bailitheoir c&aacute;nach. Bh&iacute; iomr&aacute; ar na Fairis&iacute;nigh mar ghr&uacute;pa a bh&iacute; tugtha do chomhl&iacute;onadh beacht dl&iacute;the an Bh&iacute;obla agus a sain-dl&iacute;the f&eacute;in &ndash; ina sl&iacute; f&eacute;in daoine naofa. Bh&iacute; droch-theist ar na bailitheoir&iacute; c&aacute;nach, de bhr&iacute; go ndeachadar thar an ch&aacute;in a bh&iacute; dlite le airgead d&oacute;ibh f&eacute;in a bhaili&uacute;, agus f&oacute;s go rabhadar f&aacute;bharach do ch&aacute;nacha do impireacht na R&oacute;imhe. N&iacute; h&eacute; go raibh &Iacute;osa naimhdeach do na Fairis&iacute;nigh mar ghr&uacute;pa, ar a laghad de r&eacute;ir L&uacute;c&aacute;s. Bh&iacute;odh b&eacute;il&iacute; aige leo. Sa pharabal seo seasann gach duine den bheirt sin don ghr&uacute;pa de r&eacute;ir an &iacute;omh&aacute; a bh&iacute; ann d&iacute;obh. Bh&iacute; a leith&eacute;id&iacute; le f&aacute;il i bPailist&iacute;n in aimsir &Iacute;osa, ach bh&iacute; a macasamhail le f&aacute;il i m&oacute;r&aacute;n creideamh i rith na staire, agus t&aacute; siad linn i gc&oacute;na&iacute;. Mheas an Fairis&iacute;neach gur leor a ghn&iacute;omhartha deabh&oacute;ide (troscadh dh&aacute; uair sa tseachtain; deach&uacute;na a &iacute;oc) le bheith f&iacute;r&eacute;anta i l&aacute;thair D&eacute;. Bh&iacute; s&eacute; ag cur in i&uacute;l do Dhia c&eacute; chomh maith agus a bh&iacute; s&eacute;. N&iacute; raibh aon cheist faoi maith&iacute;unas a iarraidh. A mhalairt ar fad leis an bhailitheoir c&aacute;nach. Mheas an Fairis&iacute;neach go raibh caidreamh ceart le Dia gn&oacute;thaithe aige de bharr a &ldquo;dhea&rdquo;-oibreacha; go raibh fir&eacute;antacht gn&oacute;thaithe aige d&aacute; mbarr. Brontannas &oacute; Dhia an fh&iacute;r&eacute;antacht, a bronnadh ar an bhailiteoir c&aacute;nach, a chuaigh abhaile f&iacute;r&eacute;anaithe. An ceacht &oacute;n bparabal n&aacute; umhla&iacute;ocht agus uir&iacute;sle i l&aacute;thair D&eacute;.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><strong><em><span style=\"color: black;\">B. An B&iacute;obla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: <\/span><\/em><\/strong><em><span style=\"color: black;\">&ldquo;N&aacute;<strong> b&iacute;g&iacute; ardn&oacute;sach ach d&eacute;anaig&iacute; caidreamh leis na daoine &iacute;sle&rdquo;<\/strong><\/span><\/em><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">Bh&iacute; &Iacute;osa an-dian ar an mb&eacute;alchraifeacht, ar dhaoine a bh&iacute; ag iarraidh aire a tharraingt orthu f&eacute;in tr&iacute; na cleachta&iacute; creidimh traidisi&uacute;nta, amhail urna&iacute;, troscadh agus d&eacute;irc. Ch&aacute;in s&eacute; chomh maith Fairis&iacute;nigh agus scr&iacute;obhaithe den traidisi&uacute;n c&eacute;anna de bharr a mb&eacute;ime i ghlaine sheachtrach maidir le soithigh, agus ag d&eacute;anamh neamaird ar ghlaine inmhe&aacute;nach. Ruda&iacute; a bhain le c&uacute;rsa&iacute; Gi&uacute;dacha iad sin. Sa pharabal inniu, b&iacute;odh gur Gi&uacute;daigh at&aacute; i gceist, baineann tr&eacute;ithe an Fhairisinigh agus c&aacute;s an bhailitheoir c&aacute;nach le gl&uacute;in ar bith tr&iacute;d an stair agus len&aacute;r laethanta f&eacute;in. Is dual don, agus dlite den, duine daonna bheith umhail agus uir&iacute;seal i l&aacute;thair D&eacute; agus a laige agus peac&uacute;ileacht an n&aacute;d&uacute;ir dhaonna a aithint, chomh maith le uile-naofacht agus tuiscint D&eacute; do ch&aacute;s gach aoinne, peacach agus eile. Is &eacute;asca do dhuine sa chomhluadar daonna beag is fi&uacute; a dh&eacute;anamh de dhuine n&oacute; de ghr&uacute;pa eile. D&iacute;r&iacute;onn parabal an lae inniu &aacute;r n-aird ar sin. <\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Ag scr&iacute;obh chuig na R&oacute;mh&aacute;naigh cuireann P&oacute;l &eacute;irim an pharabail i mbeag&aacute;n focal: &ldquo;B&iacute;g&iacute; b&aacute;&uacute;il le c&aacute;ch agus in ionad a bheith ardn&oacute;sach deanaigi caidreamh leis na daoine &iacute;sle&rdquo; (R&oacute;mh&aacute;naigh 12:16). T&aacute; an teagasc c&eacute;anna sin tugtha go han-mhinic ag P&oacute;l agus i scr&iacute;bhinn&iacute; an Tiomna Nua. Th&oacute;gfadh s&eacute; tr&aacute;chtas ioml&aacute;n leis an fhianaise go l&eacute;ir a thabhairt; gr&aacute; an chomharsa; leas an duine eile seachas do leas f&eacute;in a chuardach. L&aacute;r-fh&iacute;rinne den teagasc sin n&aacute; gur ar sc&aacute;th a ch&eacute;ile a mhaireann na daoine. Sa mh&eacute;id seo t&aacute; teagasc an Tiomna Nua an-soisialach. Is fi&uacute; d&uacute;inn eolas n&iacute;os fearr a chur ar an dteagasc saibhir sin.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">i<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\"><\/span><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>23 Deireadh F&oacute;mhair 2016 (C) Tr&iacute;ochad&uacute; Domhnach Saor Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC A. L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute; &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-455","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/455","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=455"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/455\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=455"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=455"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=455"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}