{"id":458,"date":"2016-10-26T10:18:27","date_gmt":"2016-10-26T10:18:27","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=458"},"modified":"2016-10-26T10:18:27","modified_gmt":"2016-10-26T10:18:27","slug":"30-deireadh-fomhair-2016-c-aonu-domhnach-triochad-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=458","title":{"rendered":"30 Deireadh F\u00f3mhair 2016 (C) Aon\u00fa Domhnach Tr\u00edochad Saor"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">30 Deireadh F&oacute;mhair 2016 (C) Aon&uacute; Domhnach Tr&iacute;ochad Saor<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">A. L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><strong><span style=\"color: black;\">B. <em>An B&iacute;obla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae<\/em><\/span><\/strong><span style=\"color: black;\">: <em>Gr&aacute; agus tr&oacute;cauire D&eacute;; Na Cr&iacute;ocha D&eacute;anacha<\/em><\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">A. L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><em><span style=\"color: black;\">An Ch&eacute;ad L&eacute;acht<\/span><\/em><span style=\"color: black;\"> (Eagna 11:22-12:2). <em>T&aacute; trua agat do gach uile n&iacute; &oacute;ir t&aacute; gr&aacute; agat do gach uile n&iacute; at&aacute; ann. <\/em>T&aacute; tagairt i m&oacute;r&aacute;n &aacute;iteanna sa tSean-Tiomna do thr&oacute;caire D&eacute; agus d&aacute; ghr&aacute; don chine daonna agus do gach ar chruthaigh s&eacute;, ach n&iacute;l aon &aacute;it d&iacute;obh i ngar a bheith chomh h&aacute;lainn lena deirtear sa sliocht seo: &ldquo;T&aacute; trua agat do gach uile n&iacute; mar is f&eacute;idir leat gach uile n&iacute; a dh&eacute;anamh; scaoileann t&uacute; tharat peaca&iacute; an domhain le s&uacute;il go nd&eacute;anfaidh siad aithr&iacute; iontu. &Oacute;ir t&aacute; gr&aacute; agat do gach uile n&iacute; at&aacute; ann agus n&iacute; &aacute;bhar d&eacute;istine duit aon n&iacute; d&aacute; ndearna t&uacute;. Mar d&aacute; mba fhuath leat n&iacute; ar bith, n&iacute; bheithe&aacute; tar &eacute;is &eacute; a cruth&uacute;&rdquo;. Seo &eacute; cro&iacute;l&aacute;r a bhfuil le r&aacute; ag an &uacute;dar sa sliocht seo. N&iacute; h&eacute; go ndeireann s&eacute; nach gcuireann Dia pion&oacute;s ar chin&iacute;ocha de bharr an pheaca. Tagann an sliocht seo idir dh&aacute; shliocht in a ndeireann s&eacute; a mhalairt. D&iacute;reach roimnh an l&eacute;acht seo mheabhraigh s&eacute; gur leag Dia pion&oacute;s ar an &Eacute;igipt tr&iacute; na pl&aacute;nna, agus ina dhiaidh tugann s&eacute; cur s&iacute;os ar na peaca&iacute; &eacute;ags&uacute;la a rinne cin&iacute;ocha Can&aacute;n tr&iacute;d na hoiseanna, agus a bhfuil Dia le hagairt orthu ach deir s&eacute; go raibh Dia foighneach leo, ag tabhairt deis d&oacute;ibh chun aithr&iacute; a dh&eacute;anamh. Ag t&uacute;s na l&eacute;achta seo d&eacute;anann s&eacute; frithshu&iacute;omh, codarsnacht, idir an Tiarna agus an domhan go l&eacute;ir nach bhfuil iontu ach mar a bheadh d&uacute;rad&aacute;n deannaigh n&oacute; braon dr&uacute;chta ina l&aacute;thair. Ach i leith na gcr&eacute;at&uacute;ir&iacute; leochaileacha sin, ag an Tiarna Uilechumhachtach t&aacute; trua agus gr&aacute;. Is eisean a chruthaigh iad; eisean is cionsiocair le hiad a bheith ann, smaoineamh a l&eacute;ir&iacute;onn an t-&uacute;dar le h&iacute;omh&aacute;nna &eacute;ags&uacute;la. Is &oacute; Dhia a fuair siad an ghairm a bheith ann, a bheith beo. Is le Dia iad. Cara na mbeo &eacute; Dia. Spiorad D&eacute; a thugann beatha d&oacute;ibh, beatha do gach uile rud. Is &iacute; is aidhm do gach a rinne Dia n&aacute; cairdeas, muintearas, a bhun&uacute; idir dhaoine daonna agus &eacute; f&eacute;in. Briseann an peaca an muintearas sin, ach t&aacute; Dia cine&aacute;lta agus is de r&eacute;ir a ch&eacute;&iacute;le a chearta&iacute;onn s&eacute; na peacaigh. Tugann s&eacute; rabhadh d&oacute;ibh le hiad a scaradh &oacute;n olc, &oacute;n bpeaca, agus filleadh chuige, agus muin&iacute;n a bheith acu as. Is &aacute;lainn an l&eacute;acht &iacute; seo, roghnaithe go gleoite le dul le soisc&eacute;al an lae inniu ina deireann &Iacute;osa gur th&aacute;inig Mac an Duine chun a raibh caillte a lorg agus a shl&aacute;n&uacute;.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><em><span style=\"color: black;\">Salm le Freagra<\/span><\/em><span style=\"color: black;\"> (Salm 144 [145]). <em>Beann&oacute;idh m&eacute; d&rsquo;ainm de sh&iacute;or, a Dhia liom, is a R&iacute;. <\/em><\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><em><span style=\"color: black;\">An Dara L&eacute;acht<\/span><\/em><span style=\"color: black;\"> (2 Teasal&oacute;inigh 1:11-2:2). <em>Beidh moladh agaibhse ar ainm Chr&iacute;ost agus beidh moladh aigesan oraibh. <\/em>T&aacute; t&eacute;ama l&aacute;rnach den litir seo ag cur s&iacute;os ar Th&eacute;arnamh Chr&iacute;ost &ldquo;agus len&aacute;r mbaili&uacute; le ch&eacute;ile ina airicis&rdquo; (2:1), mar sin ar na Criocha D&eacute;aneacha i sl&iacute;. Is d&aacute; bhr&iacute; sin, is d&oacute;cha, a roghna&iacute;otar l&eacute;achta&iacute; aisti don tr&iacute; Dhomhnach deiridh den bhliain liot&uacute;irgeach, roimh Fh&eacute;ile Chr&iacute;ost R&iacute;. T&aacute; t&eacute;ama eascatal&oacute;igeach sa litir f&eacute;in, ach n&iacute; roghna&iacute;tear ach bl&uacute;ire de cheann diobh sin do l&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh (sliocht an lae inniu). Bheidis r&oacute;-dhoil&eacute;ir. T&aacute; s&eacute; soil&eacute;ir cathain a scr&iacute;obh P&oacute;l an ch&eacute;ad litir chuig na Treasal&oacute;naigh, agus na c&uacute;ins&iacute; a bh&iacute; ag gabh&aacute;il lei. Is &iacute; an p&iacute;osa litr&iacute;ochta cr&iacute;osta&iacute; is sine at&aacute; againn, &oacute;n bhliain 51 iar-Chr&iacute;ost. L&eacute;irionm s&iacute; gr&aacute; Ph&oacute;il don eaglais sin agus t&aacute; de aidhm aici uchtach a thabhairt d&oacute;ibh. T&aacute; cur s&iacute;os innti ar Th&eacute;arnamh an Tiarna &Iacute;osa, ar L&aacute; an Tiarna, agus deir P&oacute;l leo go bhfuil a fhios acu go beacht gur mar a bheadh bithi&uacute;nach, gada&iacute;, san o&iacute;che a thiocfaidh L&aacute; an Tiarna. N&iacute;l s&eacute; chomh h&eacute;asca a aimsi&uacute; c&aacute; h&aacute;it, n&oacute; c&eacute;n am, an Dara Litir chuig na Teasal&oacute;naigh a shu&iacute;omh. Is soil&eacute;ir go raibh g&eacute;arch&eacute;im san eaglais sin ag an am, daoine &aacute; mheas go raibh L&aacute; an Tiarna tagaithe cheana f&eacute;in. Tugann an litir (2:1-12) aghaidh ar sin. agus deireann go folasach nach bhfuil bun&uacute;s leis na r&aacute;fla&iacute; faoi Ateacht sin Chriost. Deir s&eacute; nach go tobann a thiocfaidh an L&aacute; sin, ach go mbeadh comhartha&iacute; ann roimhe. Nuair a chuireann scol&aacute;ir&iacute; an Bh&iacute;obla an fhianaise go l&eacute;ir san &aacute;ireamh, is &iacute; tuairim chuid acu gur scr&iacute;obhadh an Dara Lara ag P&oacute;l go luath tar &eacute;is an ch&eacute;ad cheann. Dar le scol&aacute;ir&iacute; eile n&iacute; chomh luath sin don Dara litir, agus b&rsquo;fh&eacute;idir nach &oacute; pheann Ph&oacute;il &iacute;, ach &oacute; dhuine eile faoi thionchar agus inspioraid Ph&oacute;il, thart on mblian 68 i. Ch. b&rsquo;fh&eacute;idir, nuair a bh&iacute; Iar&uacute;sail&eacute;im agus an Teampall i mbaol a dtreascartha &oacute; arm na R&oacute;imhe.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Maidir le sliocht an lae inniu, deir P&oacute;l leis an eaglais sin go bhfuil s&eacute; de sh&iacute;or ag gu&iacute; go mbeadh an creideamh beo ina measc, agus Dia gn&iacute;omhach iontu ag tabhairt chun cr&iacute;che gach dea-r&uacute;n a gcr&oacute;ithe, dea-r&uacute;n a spreagann Dia agus a thugann chun cr&iacute;che &eacute;. Le foirfeacht sin na gCr&iacute;osta&iacute;the d&eacute;anfar ainm &aacute;r dTiarna &Iacute;osa Cr&iacute;ost a ghl&oacute;iri&uacute; sna f&iacute;r&eacute;in sin agus na f&iacute;r&eacute;in f&eacute;in sa Tiarna &Iacute;osa Cr&iacute;ost, sin go l&eacute;ir tr&iacute; ghr&aacute;sta D&eacute; agus an Tiarna &Iacute;osa Cr&iacute;ost &ndash; iad araon t&oacute;gtha mar aonad. Leis an ghl&oacute;ir sin le f&aacute;il ag &Iacute;osa agus an f&iacute;r&eacute;in in aonacht, is d&oacute;cha go bhfuil P&oacute;l ag smaoineamh ar L&aacute; an Tiarna. Tugann sin P&oacute;l go dti an cheist a bh&iacute; ag cur as do mhuintir eaglais na dTeasal&oacute;nach maidir le Ateacht (T&eacute;arnamh) &Iacute;osa Cr&iacute;ost, agus an m&eacute;id a bh&iacute; curtha i leith Ph&oacute;il go raibh an L&aacute; sin tagaithe cheana f&eacute;in. Deir P&oacute;l leo gan aird a thabhairt ar r&aacute;fla&iacute; n&oacute; na litreacha br&eacute;ige ar an &aacute;bhar a cuireadh ina leith faoi Theacht an Tiarna. T&eacute;ann s&eacute; n&iacute;os doimhne isteach sa sc&eacute;al sin n&iacute;os faide amach sa litir ch&eacute;anna.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><em><span style=\"color: black;\">An Soisc&eacute;al<\/span><\/em><span style=\"color: black;\"> (L&uacute;c&aacute;s 19:1-10). <em>Th&aacute;inig Mac an Duine chun a raibh caillte a lorg agus a shl&aacute;n&uacute;. <\/em>Labhair &Iacute;osa parabal faoi dhul ar th&oacute;ir na gcaorach a bh&iacute; caillte. Sa l&eacute;acht seo n&iacute; parabal ach eachtra at&aacute; i gceist, ach an t&eacute;ama c&eacute;anna leis: lena raibh caillte a chuardach agus a shl&aacute;n&uacute;. Tugtar &ldquo;ceannphoibleac&aacute;nach&rdquo; ar Zach&aacute;ias, ina bhailitheoir c&aacute;nach de ghradam faoi leith. T&aacute;imid i gcathair Ierich&oacute;, ina mbeadh crainnte. Ceann d&iacute;obh sin n&aacute; an seiceamar, sin le r&aacute; seiceamar na Pailistine, crann f&iacute;ge n&oacute; crann maoildeirge. Crainnte arda a bheadh iontu, le brainsi arda, ach na cinn is &iacute;sle &iacute;seal go leor go bhf&eacute;adfadh le duine dreapadh anairde orthu. Fear saibhir a bh&iacute; i Zach&aacute;ias, go nd&uacute;irt &Iacute;osa faoina leith&eacute;id gur deacair d&oacute;ibh r&iacute;ocht na bhflaitheas a bhaint amach. N&iacute;orb mar sin do Zach&aacute;ias. T&oacute;gann &Iacute;osa an ch&eacute;im thosaigh. Cuireann s&eacute; forr&aacute;n ar Zach&aacute;ias agus tugann cuireadh d&oacute; f&eacute;in ina theach si&uacute;d. Ghlac Zach&aacute;ias go fonnmhar leis sin. Bh&iacute; an eachtra seo go l&eacute;ir os comhair an phobail. De r&eacute;ir thuiscint na nGi&uacute;dach b&rsquo;ionann muintearas le peacaigh (agus glacadh leis gurb pheacaigh bailitheoir&iacute; c&aacute;nach) agus neamh-ghlaine dheasghn&aacute;thach. Tugadh an fhreagairt a tugadh go minic cheana d&rsquo;&Iacute;osa ina leith&eacute;id de ch&aacute;s. Ba l&eacute;ir &oacute;na d&uacute;irt Zach&aacute;ias go raibh aithr&iacute; air, ag tabhairt uaidh leath a mhaoine do na boicht agus ag &iacute;oc faoi cheathar ar aon gn&iacute;omh &eacute;ag&oacute;rach uaidh i gc&uacute;rsa&iacute; c&aacute;nach, ag dul thar ghn&aacute;th-&eacute;ileamh an Bh&iacute;obla agus de r&eacute;ir dl&iacute; na R&oacute;imhe faoi ghoid fholasach. Tugann freagra &Iacute;osa br&iacute; agus &eacute;irim na heachtra: b&iacute;odh gur fh&eacute;acadh ar Zach&aacute;ias mar pheacach ba mhac d&rsquo;Abr&aacute;h&aacute;m &eacute;. Th&aacute;inig &Iacute;osa, Mac an Duine, le teacht ar an t&eacute; a bh&iacute; caillte agus beatha De, sl&aacute;n&uacute;, a thabhairt d&oacute;.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><strong><em><span style=\"color: black;\">B. An B&iacute;obla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: <\/span><\/em><\/strong><em><span style=\"color: black;\">Gr&aacute; agus tr&oacute;cauire D&eacute;; Na Cr&iacute;ocha D&eacute;anacha<\/span><\/em><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">I l&eacute;achta&iacute; an lae inniu t&aacute; againn idir &aacute;bhar machnaimh agus &aacute;bhar agallaimh linn f&eacute;in agus le saol an lae inniu, san Eaglais agus taobh amuigh di.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><em><span style=\"color: black;\">Machnamh. Gr&aacute; agus tr&oacute;caire D&eacute;<\/span><\/em><span style=\"color: black;\">. N&iacute;orb fhada mar chomharba Pheadair d&oacute; nuair a mheabharigh an P&aacute;pa Proinsias don Eaglais gur c&oacute;ir bheith ag machnamh agus ag cainnt i bhfad nios m&oacute; ar ghr&aacute; agus ar throcaire D&eacute; n&aacute; ar &aacute;bhair &aacute;irithe consp&oacute;ideacha eile. Deireann an ch&eacute;ad l&eacute;acht agus soisc&eacute;al an lae inniu an rud c&eacute;anna linn. Tugann siad cuireadh machnamh a dh&eacute;anamh ar sin. Is gr&aacute; &eacute; Dia agus tugann s&eacute; gr&aacute; do gach ar chruthaigh s&eacute; agus t&aacute; tr&oacute;caire aige ar an gcine daonna agus na daoine aonair. T&aacute; &Iacute;osa i gc&oacute;nai ar th&oacute;ir an t&eacute; at&aacute; caillte, tr&iacute;d f&eacute;in, tr&iacute;d an Spiorad Naomh agus tr&iacute;na lucht lean&uacute;na. N&iacute; g&aacute; ach l&eacute;achta&iacute; an lae inniu a l&eacute;amh agus a athl&eacute;amh le bheith deimhin de sin. Ceist d&uacute;inn go l&eacute;ir n&aacute; conas an teachtaireacht sin a fh&oacute;gairt do shaol an lae inniu.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><em><span style=\"color: black;\">Agallamh le baill na hEaglaise agus leo sin taobh amuigh di: Na Cr&iacute;ocha D&eacute;anacha &ndash; B&aacute;s, breithi&uacute;nas, ifreann, neamh. <\/span><\/em><span style=\"color: black;\">Meabhra&iacute;onn an dara l&eacute;acht as an Dara litir chuig na Teasal&oacute;naigh d&uacute;inn go bhfuilimid ag teannadh le deireadh na bliana liot&uacute;irg&iacute;, tr&eacute;imhse at&aacute; oiri&uacute;nach do chl&eacute;ir agus tuath machnamh a dh&eacute;anamh ar na Cr&iacute;ocha D&eacute;anacha. I dtraidisi&uacute;n na hEaglaise is iad na ceithre cr&iacute;ocha d&eacute;anacha n&aacute; b&aacute;s, breithi&uacute;nas, ifreann agus neamh. T&aacute; drogall ar a l&aacute;n daoine inniu machnamh ar na t&eacute;ama&iacute; sin, go m&oacute;r m&oacute;r ar an mb&aacute;s at&aacute; in nd&aacute;n do gach aoinne, is cuma an creidmheach n&oacute; d&iacute;chreidmheach &eacute;. Do chreidmhigh is cuid de Chr&eacute; na nAspal na f&iacute;rinn&iacute; sin, agus t&aacute; cur s&iacute;os orthu mar chuid den Chr&eacute; i<em> Caiticiosama na hEaglaise Caitlic&iacute; <\/em>(ailt 1006-1065).<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><em><span style=\"color: black;\">An B&aacute;s.<\/span><\/em><span style=\"color: black;\"> Sa <em>Bhuntreacht Tr&eacute;adach ar an Eaglais is Saol an Lae inniu<\/em> de chuid na Comhairle Vatic&aacute;ine II (alt 18) t&aacute; machnamh domhain, sp&eacute;isi&uacute;il, ar &ldquo;r&uacute;ndiamhair an bh&aacute;is&rdquo;. &ldquo;Is i l&aacute;thair an bh&aacute;is a shroiseann d&uacute;cheist na staide daonna (staid an duine agus an chine dhaonna) a buaicphointe&rdquo;. Is &aacute;bhar machnaimh agus agallaimh na cr&iacute;ocha sin d&uacute;inn sna seachtain&iacute; amach romhainn, mar ullmh&uacute;ch&aacute;n do Fh&eacute;ile Chriost R&iacute; ag cur cr&iacute;och leis an bliain liot&uacute;irgeach.<\/span><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>30 Deireadh F&oacute;mhair 2016 (C) Aon&uacute; Domhnach Tr&iacute;ochad Saor Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC A. L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir don Bheatha &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-458","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/458","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=458"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/458\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=458"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=458"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=458"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}