{"id":459,"date":"2016-11-09T09:44:46","date_gmt":"2016-11-09T09:44:46","guid":{"rendered":"http:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=459"},"modified":"2016-11-09T09:44:46","modified_gmt":"2016-11-09T09:44:46","slug":"6-samhain-2016-c-dara-domhnach-triochad-saor","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/?p=459","title":{"rendered":"6 Samhain 2016 (C) Dara Domhnach Tr\u00edochad Saor"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">6 Samhain 2016 (C) Dara Domhnach Tr&iacute;ochad Saor<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">A. L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute;<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">B. An B&iacute;obla in agallamh le ceisteanna an lae<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><strong><span style=\"color: black;\">B. <em>An B&iacute;obla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae<\/em><\/span><\/strong><span style=\"color: black;\">: <em>T&aacute;imid ag s&uacute;il le hais&eacute;ir&iacute; na colainne agus beatha an tsaoil at&aacute; le teacht.<\/em><\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><em><span style=\"color: black;\">An Ch&eacute;ad L&eacute;acht<\/span><\/em><span style=\"color: black;\"> (2 Macabaech 7:1-2, 9-14). <em>T&oacute;gfaidh R&iacute; an Domhain chun na beatha s&iacute;ora&iacute; sinn. <\/em>Is cuid de chaibideal fada an l&eacute;acht seo ar mhairt&iacute;reacht <\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">seachtar mac agus a m&aacute;thar a tharla le linn na g&eacute;arlean&uacute;na f&iacute;ochmhaire a chuir an r&iacute; Gr&eacute;igeach Antiocas IV (167-164 roimh Chr&iacute;ost) ar bun le iarracht a dh&eacute;anamh creideamh na nGi&uacute;dach a scrios ar fad agus adhradh d&eacute;ithe br&eacute;ige a chur ina &aacute;it. D&rsquo;fheidhmigh p&aacute;is agus b&aacute;s na mairt&iacute;reach sin mar eiseaml&aacute;ir do chreidmhigh faoi gh&eacute;arlean&uacute;int, idir Ghi&uacute;daigh agus Chr&iacute;osta&iacute;the, trid na haoiseanna agus tugadh om&oacute;s d&oacute;ibh mar naoimh san Eaglais. Bh&iacute; an creideamh in ais&eacute;ir&iacute; na colainne tagtha chun cinn i measc roinnt mhaith Ghi&uacute;dach sa r&eacute; sin agus thug s&eacute; uchtach m&oacute;r d&oacute;ibh si&uacute;d a bh&iacute; r&eacute;idh b&aacute;s a fh&aacute;il seachas c&uacute;l a thabhairt le creideamh a sinsear. T&aacute; admh&aacute;il fholasach in ais&eacute;iri na colainne le feiscint sa m&eacute;id a d&uacute;irt an dara, an tr&iacute;u agus an ceathr&uacute; dearth&aacute;ir i l&eacute;acht an lae inniu. T&oacute;gfaidh R&iacute; an Domhain chun na beatha s&iacute;ora&iacute; iad; tabharfaidh s&eacute; ais&eacute;ir&iacute; d&oacute;ibh. T&eacute;ann an sliocht seo go deas le Soisc&eacute;al an lae inniu, mar a dh&eacute;anann &Iacute;osa an creideamh in ais&eacute;ir&iacute; na colainne a chosaint in &eacute;adan na Sad&uacute;is&iacute;neach a sh&eacute;anann &eacute;.<em>&nbsp;&nbsp;&nbsp; <\/em><\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><em><span style=\"color: black;\">Salm le Freagra<\/span><\/em><span style=\"color: black;\"> (Salm 16[17]). <em>Ag d&uacute;iseacht dom beidh m&eacute; s&aacute;sta le radharc do ghn&uacute;ise, a Thiarna.<\/em><\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><em><span style=\"color: black;\">An Dara L&eacute;acht<\/span><\/em><span style=\"color: black;\"> (2 Teasal&oacute;inigh 2:16-3:3). <em>Go dtreis&iacute; an Tiarna libh i ngach gn&iacute;omh agus briathar d&aacute; fheabhas. <\/em>M&iacute;r dheiridh &iacute; seo den litir ina thugann P&oacute;l spreagadh d&aacute; lucht l&eacute;ite bheith buanseasamhach sa chreideamh (2 Teasal&oacute;naigh 2:13-3:5). Agus an sliocht sin f&eacute;in, tagann s&eacute; tar &eacute;is roinn den litir at&aacute; ag cur s&iacute;os ar th&eacute;arnamh, ateacht, Chr&iacute;ost agus na comharthai a bheidh ann roimhe (2 Teasal&oacute;naigh 2:1-12), ar l&eacute;adh cuid de sa dara l&eacute;acht an Domhnach seo caite. Is d&oacute;cha go bhfuil L&aacute; an Tiarna, ateacht Chriost, taobh thiar d&aacute; bhfuil i l&eacute;acht an lae inniu chomh maith. T&aacute; cur s&iacute;os ann ar faoi mar is c&oacute;ir do dhuine ullmh&uacute; agus bheith r&eacute;idh do. Is dual do Ph&oacute;l aspal bheith ag gabh&aacute;il buiochais do Dhia ar son na gcreidmheach de bharr go bhfuil siad tofa, roghnaithe ag Dia le bheith sl&aacute;naithe tr&iacute; naomh&uacute; an Spioraid Naoimh agus tr&iacute; chreidi&uacute;int san fh&iacute;rinne, le go mbainfeadh siad amach gl&oacute;ir an Tiarna, an ghl&oacute;ir at&aacute; ag &Iacute;osa f&eacute;in (2:13-14). As sin go l&eacute;ir deirtear leo bheith d&iacute;lis do fh&iacute;rinn&iacute; an chreidimh, agus an teagasc, na traidisi&uacute;in, a fhoghlaim siad &oacute; Ph&oacute;l tr&iacute; bhtiathra b&eacute;il n&oacute; i litreacha a choinne&aacute;il. Is iad na traidisi&uacute;in at&aacute; i ghceist, is d&oacute;cha, na f&iacute;rinn&iacute;, an teagasc, a fuair P&oacute;l f&eacute;in &oacute;n dTiarna, n&oacute; &oacute;n luath-eaglais, teagasc agus traidisi&uacute;in a thug P&oacute;l don eaglais tr&iacute; insint bheil n&oacute; i litreacha.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp; Ina dhiaidh sin leanann l&eacute;acht an lae inniu, at&aacute; i dtosach b&aacute;ire ag cur s&iacute;os ar chreideamh beo &#8212; beo tr&iacute; chaidreamh le Dia san urna&iacute;. Meabhra&iacute;onn P&oacute;l na bronntanais mh&oacute;ra at&aacute; faighte ag creidmhigh &oacute; Dhia &ndash; gr&aacute; agus d&oacute;chas daingean, agus gu&iacute;onn s&eacute; go gcuire na bronntanais sin s&oacute;l&aacute;s orthu agus neart i ngach dea-ghn&iacute;omh, i ngach rud a dh&eacute;anann siad agus a deireann siad. D&eacute;anann P&oacute;l urna&iacute; agus achain&iacute; ar son an gcreidmheach, agus ansin iarann s&eacute; orthu gu&iacute; a dh&eacute;anamh ar &aacute;bhair &eacute;ags&uacute;la, i dtosach b&aacute;ire ar son lucht f&oacute;gartha an tsoisc&eacute;il, go leathadh dea-sc&eacute;ala an Tiarna agus go mbeadh dea-mheas air, faoi mar a bh&iacute; i measc lucht l&eacute;ite na litreach seo, agus gu&iacute; go saorfar P&oacute;l f&eacute;in &oacute;na naimhde, daoine a bh&iacute; ag cur isteach go mail&iacute;seach ar a chuid soisc&eacute;ala&iacute;ochta. Is d&oacute;cha go bhfuil P&oacute;l ag tagairt do naimhde pag&aacute;nacha don soisc&eacute;al, daoine gan creideamh. Cuireann P&oacute;l cr&iacute;och leis an chuid seo d&aacute; litir le dearbh&uacute; creidimh sa Tiarna at&aacute; d&iacute;lis agus a chosn&oacute;idh a phobal d&iacute;lis &oacute;n olc. Gu&iacute;onn s&eacute; go stiura Dia a gcro&iacute; ar ghr&aacute; D&eacute; agus ar an bhuanseasmhacht a thagann &oacute; Chr&iacute;ost. Briathra iad sin a thug uchtach d&aacute; ch&eacute;ad l&eacute;itheoir&iacute; agus do l&eacute;itheoiri na litreach tr&iacute;d na haoiseanna.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><em><span style=\"color: black;\">An Soisc&eacute;al<\/span><\/em><span style=\"color: black;\"> (L&uacute;c&aacute;s 20:27-388). <em>N&iacute; h&eacute; Dia na marbh &eacute;, ach na mbeo. <\/em>Is in Iar&uacute;sail&eacute;im, agus is d&oacute;cha&iacute; sa Teampall, su&iacute;omh na heachtra seo i mbeatha &Iacute;osa. T&aacute;imid in I&uacute;d&aacute;ia, faoi riail dh&iacute;reach na R&oacute;imhe, ag &iacute;ocadh c&aacute;nach d&iacute;reach don R&oacute;imh. L&eacute;acht an lae inniu i Soisc&eacute;al L&uacute;c&aacute;s is ceann amh&aacute;in de dh&aacute; cheist &iacute; a cuirtear ar &Iacute;osa. Baineann an chead cheann d&iacute;obh le c&uacute;rsa&iacute; c&aacute;nach. Cuirtear an cheist &oacute; bhrathad&oacute;ir&iacute; &oacute; scr&iacute;obhaithe agus &oacute; uachtar&aacute;in na sagart sa Teampall. An cheist a chuireadar n&aacute; arb dleathach n&oacute; m&iacute;dhleathach c&aacute;in (c&iacute;os) a &iacute;oc le C&eacute;asar, Impire na R&oacute;imhe. Thug &Iacute;osa an freagra iomr&aacute;iteach: &ldquo;&rsquo;Iocaig&iacute; le C&eacute;asar na nithe is le C&eacute;asar agus le Dia na nithe is le Dia&rdquo;. Na Sad&uacute;is&iacute;nigh a chuir an dara ceist. Is soil&eacute;ir &oacute; na Soisc&eacute;il, &oacute; Gn&iacute;omhartha na nAspal agus &oacute;n stara&iacute; comhaimseartha Iosefas n&aacute; gur l&aacute;r-phointe creidimh d&oacute;ibh s&eacute;anadh go raibh aon ais&eacute;ir&iacute; na colainne ann ag deireadh an tsaoil. Teagasc cu&iacute;osach nua ag Gi&uacute;daigh an t-am sin an creideamh in ais&eacute;ir&iacute; na colainne. B&iacute;odh gur mhothaigh na G&iacute;&uacute;daigh go domhain ina gcro&iacute; istigh go raibh Dia i l&aacute;thair sa Teampall agus in am an gh&aacute;tair, agus gur thug, n&oacute; go dtabharfadh, s&eacute; luach saothair don mhaith agus pion&oacute;s don olc, n&iacute; raibh aon choincheap beacht acu do bheatha, n&oacute; do bheith ann, tar &eacute;is bh&aacute;is. N&iacute;orb &eacute; gur cr&iacute;och do gach rud d&oacute;ibh an b&aacute;s. D&rsquo;fhan sc&aacute;il den duine beo tar &eacute;is bh&aacute;is, agus bh&iacute; na sc&aacute;ileanna go l&eacute;ir de dhaoine maithe agus dona le ch&eacute;ile sa domhan thios, in Gehenna, gan idirdheal&uacute; eatorthu, gan luach saothair n&aacute; gan pion&oacute;s. D&rsquo;fh&aacute;g sin dh&aacute; cheist gan r&eacute;iteach. Ar dt&uacute;s, maidir le Dia na c&oacute;ra agus easpa ch&uacute;itimh ar an olc agus an mhaith. Ansin an cheist an bhf&eacute;adfadh an caidreamh caoin sin le Dia a bh&iacute; ag creidmhigh ar an saol seo bheith curtha ar ceal ar fad leis an mb&aacute;s. Bh&iacute; tagairt&iacute; dona fadhbanna sin le sonr&uacute; i litr&iacute;ocht an Bh&iacute;obla tr&iacute;d na haoiseanna. Th&aacute;inig na ceisteanna sin chun tosaigh le linn gh&eacute;arlean&uacute;na f&iacute;ochmhar, gan trua gan taise, an r&iacute; Antiocus Epipfanes IV sna blianta 167-164 r. Ch. agus an iarracht a rinne s&eacute; cr&iacute;och ar fad a chur le creideamh Dhia Iosrael agus adhradh d&eacute;ithe br&eacute;ige a chur ina &aacute;it. Fuair roinnt mhaith mhairt&iacute;reach b&aacute;s ar son chreideamh a sinsear agus thug an creideamh san ais&eacute;ir&iacute; uchtach m&oacute;r do na mairt&iacute;righ (mar is l&eacute;ir &oacute; ch&eacute;ad l&eacute;acht an lae inniu). Ba sa gh&eacute;arlean&uacute;int sin a th&aacute;inig an creideamh in ais&eacute;ir&iacute; na colainne ag deireadh an tsaoil chun tosaigh. Thaobhaigh na Fairis&iacute;nigh go tr&eacute;an leis an teagasc nua ach chuir na Sad&uacute;is&iacute;nigh go l&aacute;idir ina choinne. In iarracht le taisbe&aacute;int c&eacute; chomh seaf&oacute;ideach is a bh&iacute; an teagasc nua seo roghnaigh siad sampla as dl&iacute; Mhaois faoin dl&iacute; ar a dtugtar an p&oacute;sadh lev&iacute;reatach (&oacute;n Laidin <em>levir, <\/em>dearth&aacute;ir c&eacute;ile), le f&aacute;il i leabhar Deotranaim&iacute; 25:5-6. L&eacute;ir&iacute;onn &Iacute;osa d&oacute;ibh faoi mar at&aacute; dul am&uacute; orthu: n&iacute; lean&uacute;int n&oacute; macasamhail den saol seo an saol eile, le giniuint agus b&aacute;s. An bheatha ansin is cos&uacute;il &iacute; le beatha na n-aingeal. Mar aon leis sin meabhra&iacute;onn &Iacute;osa go bhfuil n&iacute;os m&oacute; i dt&eacute;acs an Bh&iacute;obla n&aacute; na briathra amh&aacute;in. T&aacute; cumhacht D&eacute; Bheo taobh thiar de. Tugann an l&eacute;acht seo sampla maith d&uacute;inn ar fhorbairt agus fhor&aacute;s an teagaisc faoi chinni&uacute;int an duine tar &eacute;is bh&aacute;is d&oacute; le ais&eacute;ir&iacute; na colainne ag an breithi&uacute;nas d&eacute;anach. Th&aacute;ining forbairt n&iacute;os doimhne air sin le ais&eacute;ir&iacute; Chr&iacute;ost. T&aacute; &aacute;r gcreideamh sa bheatha sh&iacute;ora&iacute; agis in ais&eacute;ir&iacute; &aacute;r gcolainne chomh cinnte agus at&aacute; &aacute;r gcreideamh in aiseir&iacute; Chr&iacute;ost. T&eacute;ann creideamh sa d&aacute; ais&eacute;ir&iacute; sin le ch&eacute;ile. T&eacute;ann l&uacute;ch&aacute;ir na beatha s&iacute;ora&iacute; thar mar at&aacute; ar chumas na haigne daonna a shamhl&uacute;.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><strong><em><span style=\"color: black;\">B. An B&iacute;obla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: <\/span><\/em><\/strong><em><span style=\"color: black;\">T&aacute;imid ag s&uacute;il le hais&eacute;ir&iacute; na colainne agus beatha an tsaoil at&aacute; le teacht.<\/span><\/em><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\">Oireann an tr&aacute;th seo bliana le machnamh a dh&eacute;anamh ar dh&aacute; bhun-fh&iacute;rinn&iacute; den Chr&eacute; &ndash; ais&eacute;ir&iacute; na colainne agus an bheatha sh&iacute;ora&iacute;. <\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; text-indent: 36pt;\"><span style=\"color: black;\">N&iacute; g&aacute; cur s&iacute;os anseo ar ais&eacute;ir&iacute; na colainne. T&aacute; al&aacute;n ann cheana faoi i l&eacute;achtai an lae inniu.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; text-indent: 36pt;\"><span style=\"color: black;\">Maidir leis an mbeatha sh&iacute;ora&iacute;, is minic a cuirtear an cheist faoi cad is eol d&uacute;inn faoi, gan g&eacute;illeadh don tsamhla&iacute;ocht ach cloi le foins&iacute; inchreidte. Ta briathra Ph&oacute;il againn (1 Coirintigh 2:9): &ldquo;Mar at&aacute; scr&iacute;ofa: Nithe n&aacute;r bhfaca s&uacute;il agus n&aacute;r chuala cluas iad, nithe n&aacute;r smaoinigh an duine orthu ina aigne, is iad at&aacute; ullamh ag Dia d&oacute;ibh si&uacute;d a bheir gr&aacute; d&oacute;&rdquo;. N&iacute; m&oacute;r a thuiscint nach beatha dhaonna a bheidh ann, mar ad&uacute;irt &Iacute;osa leis na Sad&uacute;is&iacute;nigh, ach i sl&iacute; mar aingil D&eacute;. Ach t&aacute; a fhios againn go nd&eacute;antar gu&iacute; chuig na f&iacute;r&eacute;in ar neamh, agus go nd&eacute;anann siad idirghabh&aacute;il ar son na mbeo. Mar sin t&aacute; cursa&iacute; an tsaoil seo ar eolas acu. Sean-abairt ag Gaeil leis na c&eacute;adta anall n&aacute; &ldquo;muintir neimhe agus tal&uacute;n&rdquo;, comaoin na naomh agus an chine dhaonna. D&rsquo;fh&eacute;adfa&iacute; cur leis seo, ach n&iacute; g&aacute; anseo.<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify; text-indent: 36pt;\"><span style=\"color: black;\">Smaoineamh eile don tr&aacute;th seo n&aacute; nach gcuireann &aacute;r gcreideamh sa bheatha sh&iacute;ora&iacute; isteach ar an dualgas at&aacute; orainn saothr&uacute; ar son an tsaoil abhus, ach a mhalairt i sl&iacute;: g&eacute;ara&iacute;onn s&eacute; aidhm feabhas a chur ar shaol &aacute;r linne, ag baint &uacute;s&aacute;ide as an d&oacute;chas at&aacute; ionainn, ag s&uacute;il le sp&eacute;artha (neamha) nua agus le domhan nua, mar a lonn&oacute;idh an fh&iacute;r&eacute;antacht (2 Peadar 3:13).<\/span><\/p>\n<p style=\"text-align: justify;\"><span style=\"color: black;\"><\/span><\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>6 Samhain 2016 (C) Dara Domhnach Tr&iacute;ochad Saor Freagra don Chreideamh leis an mB&iacute;obla leis an Ath. M&aacute;irt&iacute;n Mac Conmara, MSC A. L&eacute;achta&iacute; an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chr&iacute;osta&iacute; &hellip; <\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":0,"comment_status":"open","ping_status":"closed","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"footnotes":""},"categories":[3],"tags":[],"class_list":["post-459","post","type-post","status-publish","format-standard","hentry","category-sunday-readings"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/459","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcomments&post=459"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=\/wp\/v2\/posts\/459\/revisions"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fmedia&parent=459"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Fcategories&post=459"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/sundayscriptureonline.com\/index.php?rest_route=%2Fwp%2Fv2%2Ftags&post=459"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}